This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0082
Commission Implementing Decision (EU) 2026/82 of 13 January 2026 amending Implementing Decision (EU) 2022/1668 as regards harmonised standard on general purpose offshore cranes
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/82 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a mhéid a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe maidir le craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/82 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a mhéid a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe maidir le craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta
C/2026/32
IO L, 2026/82, 14.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/82/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32022D1668 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 22a | 14/01/2026 | |
| Modifies | 32022D1668 | Scriosadh | iarscríbhinn I pointe 22 | 14/07/2027 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/82 |
14.1.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/82 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a mhéid a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe maidir le craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur táirgí iad atá i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ar ceanglais fhíor-riachtanacha iad a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna díobh. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 4798 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir (AE) 2014/34 (an ‘iarraidh’). Na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh, bhí siad chun aghaidh a thabhairt ar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/34/AE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN athbhreithniú ar an gcaighdeán comhchuibhithe seo a leanas, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 ón gCoimisiún (4): EN 13852-1:2013 – Craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 13852-1:2025 – Craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann caighdeán EN 13852-1:2025 an iarraidh. |
|
(5) |
Comhlíonann caighdeán EN 13852-1:2025 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Cuirtear ar fáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/34/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostófar na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 13852-1:2025 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
|
(7) |
Is gá an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 13852-1:2013 a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur athbhreithníodh é. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668. |
|
(8) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú le haghaidh caighdeán EN 13852-1:2025 a chur i bhfeidhm, is gá tarraingt siar na tagartha do chaighdeán EN 13852-1:2013 a chur siar. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo ón 14 Iúil 2027.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá beartaithe le húsáid in atmaisféar a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/34/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 4798 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá beartaithe le húsáid in atmaisféar a d’fhéadfadh a bheith pléascach, ar caighdeáin iad a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus le córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 251, 29.9.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1668/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar ró 22; |
|
(2) |
cuirtear isteach an ró 22a seo a leanas;
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/82/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)