Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D00400

Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Samhain 2025 lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais ceartúchán ar thábla leithdháileacháin náisiúnta na Gearmáine a chur isteach i gClárlann an Aontais

C/2025/7715

IO C, C/2026/400, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/C/2026/400/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/C/2026/400/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/400

27.1.2026

CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Samhain 2025

lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais ceartúchán ar thábla leithdháileacháin náisiúnta na Gearmáine a chur isteach i gClárlann an Aontais

(C/2026/400)

TÁ COIMISIÚN AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Aibreán 2011 ghlac an Coimisiún Cinneadh 2011/278/AE (2) lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De bhun Airteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (4), leanann Cinneadh 2011/278/AE d’fheidhm a bheith aige maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021. Baineann gach leithdháileadh faoina dtugtar fógra agus dá dtagraítear sa chinneadh seo le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020.

(2)

An 5 Meán Fómhair 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2013/448/AE (5) maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce idirthréimhseach le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020, de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE.

(3)

Le Cinneadh 2014/9/AE (6), rinne an Coimisiún Cinneadh 2010/2/AE (7) agus Cinneadh 2011/278/AE a leasú a mhéid a bhaineann leis an liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin (‘liosta sceite carbóin’).

(4)

Le Cinntí C(2013) 9281 (8), C(2014) 123 (9), C(2014) 674 (10) agus C(2014) 1167 (11), thug an Coimisiún treoir don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta agus táblaí leithdháileacháin náisiúnta athbhreithnithe na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(5)

Thug an Ghearmáin fógra faoi cheartúchán ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta de chéim 3 de CTA AE, le litir dar dháta an 3 Iúil 2025. Ceartaíodh stádas an ghineadóra leictreachais le haghaidh shuiteáil DE-1255.

(6)

Na hathruithe faoina dtugtar fógra ar thábla leithdháileacháin náisiúnta na Gearmáine, tá siad i gcomhréir le Cinneadh 2011/278/AE. Dá bhrí sin, ba cheart treoir a thabhairt don riarthóir lárnach na hathruithe sin a chur isteach i gClárlann an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal Aonair

Leis seo tugtar treoir do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais na hathruithe ar thábla leithdháileacháin náisiúnta na Gearmáine a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur isteach i gClárlann an Aontais.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Wopke HOEKSTRA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 122, 3.5.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(5)  Cinneadh 2013/448/AE ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2013 maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce idirthréimhseach i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 240, 7.9.2013, lch. 27).

(6)  Cinneadh 2014/9/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2010/2/AE agus Cinneadh 2011/278/AE a mhéid a bhaineann leis na hearnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol mór sceite carbóin (IO L 9, 14.1.2014, lch. 9).

(7)  Cinneadh 2010/2/AE ón gCoimisiún an 24 Nollaig 2009 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin (IO L 1, 5.1.2010, lch. 10).

(8)  Cinneadh C(2013) 9281 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na hOstaire, na Gréige, na hÉireann, na Laitvia, na hÍsiltíre, na Portaingéile, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(9)  Cinneadh C(2014) 123 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na Fraince, na Liotuáine, na hUngáire agus na Slóvaice a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(10)  Cinneadh C(2014) 674 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na Beilge, na Gearmáine, na hEastóine, Lucsamburg, na Slóivéine agus na Fionlainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(11)  Cinneadh C(2014) 1167 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na Bulgáire, na Spáinne, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Polainne, na Rómáine agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN I

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh ón gcúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

DE000000000001255

1255

EVH GmbH

Heizwerk Dieselstraße (HW Dieselstraße)

17 750

15 885

14 073

12 318

10 617

8 973

7 381

5 847

92 844


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/C/2026/400/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top