Kies de experimentele functies die u wilt uitproberen

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 32025R2619

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2619 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis chustaim

C/2025/8550

IO L, 2025/2619, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2619/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Juridische status van het document Van kracht

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2619/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2619

22.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2619 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis chustaim

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (1), agus go háirithe Airteagal 25(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/956 leagtar síos oibleagáidí ar údaráis chustaim faisnéis shonrach a chur in iúl don Choimisiún maidir le hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú.

(2)

Tá an fhaisnéis a fhaigheann na húdaráis chustaim le stóráil i gclárlann SCCT arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2023/956 agus le húsáid chun cros-seiceáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na dearbhóirí SCCT údaraithe, na hallmhaireoirí agus na hionadaithe custaim indíreacha i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le comhlíontacht raon feidhme na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin agus leis na nósanna imeachta custaim gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Rialachán sin, mar atá i gcás nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2023/956 a áirithiú, is gá an fhaisnéis atá le cur in iúl ag na húdaráis chustaim don Choimisiún a leagan amach, ar faisnéis í atá le háireamh ag na dearbhóirí SCCT údaraithe, na hallmhaireoirí agus na hionadaithe custaim indíreacha, agus an dearbhú custaim á thaisceadh chun an fhaisnéis atá ábhartha maidir le SCCT a fhíorú le haghaidh allmhairí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin léiriú ar uimhir chuntais SCCT nó faisnéis eile atá ábhartha do SCCT agus atá i ndearbhuithe custaim, i ndearbhuithe ath-onnmhairiúcháin, sa bhille urscaoilte, sa dearbhú fála nó in aon doiciméad ábhartha eile a chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim.

(4)

Chun cruinneas sonraí agus fíorú tráthúil dearbhóirí SCCT údaraithe a áirithiú, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh modhanna cumarsáide agus cros-seiceála faisnéise idir dearbhóirí SCCT údaraithe, údaráis chustaim, údaráis inniúla, agus an Coimisiún, agus úsáid á baint as córais chustaim atá ann cheana agus as clárlann SCCT. I gcás nach ndéantar foráil sna córais chustaim atá ann cheana maidir le cumarsáid uathoibrithe, ba cheart modhanna malartacha cumarsáide a úsáid. Ba cheart nósanna imeachta atá bunaithe cheana féin ag údaráis chustaim a chur san áireamh sa Rialachán seo, agus dá bhrí sin ba cheart cead a bheith ag údaráis chustaim faisnéis a chomhroinnt san fhormáid atá ar fáil dóibh, agus a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil agus a mhéid is féidir leis na húdaráis chustaim rochtain a fháil uirthi. I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil, ba cheart do na húdaráis chustaim an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill.

(5)

Chun faisnéis mhionsonraithe a áirithiú maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a allmhairiú, ba cheart do na húdaráis chustaim na sonraí sna dearbhuithe custaim ábhartha SCCT a chur in iúl don Choimisiún trí bhíthin an tsásra faireachais a bhunaítear de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(6)

Ba cheart a chur san áireamh san fhaisnéis chustaim agus sna sonraí custaim uile na cóid nós imeachta custaim ábhartha uile a bhaineann le SCCT a taisceadh sa dearbhú custaim, lena n-áirítear faisnéis maidir le próiseáil isteach i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2023/956 agus próiseáil amach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán sin.

(7)

Chun críoch rialaithe agus chun na cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla nó don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis chustaim bailíochtú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir na dearbhóirí SCCT údaraithe, na hallmhaireoirí, na hionadaithe custaim indíreacha nó na húdaráis chustaim ar fáil.

(8)

Féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún doiciméad nó sonraí ábhartha ar bith eile a chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim a iarraidh ar na húdaráis chustaim chun críche imscrúdú sonrach ar chomhlíonadh.

(9)

Leis an Rialachán seo, ba cheart teorainn a chur le tréimhsiúlacht na hiarrata ar fhaisnéis, i gcás ina bhfuil iarraidh den sórt sin bunaithe ar mheasúnú riosca nó i gcás ina dtugann an Coimisiún údar cuí leis.

(10)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus, i gcás inarb ábhartha, ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(11)

Baineann na forálacha sa Rialachán seo le faisnéis chustaim a bhaineann le hearraí allmhairithe ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 20 Samhain 2025.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste SCCT,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bille urscaoilte’ an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 175 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (5);

(2)

Ciallaíonn ‘uimhir chuntais SCCT’ an uimhir a shanntar don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/956;

(3)

ciallaíonn ‘dearbhú custaim’ an gníomh dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(4)

ciallaíonn ‘dearbhú fála’ an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2210 ón gCoimisiún (6);

(5)

ciallaíonn ‘modhanna cumarsáide malartacha’ aon mhodh cumarsáide seachas na córais atá idir-inoibritheach le clárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3210 ón gCoimisiún (7).

Airteagal 2

Faisnéis atá le cur in iúl ag na hÚdaráis Chustaim

Ar bhonn tréimhsiúil, agus uair sa tseachtain ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (8), cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do chlárlann SCCT an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956:

(a)

an uimhir EORI;

(b)

i gcás nach bhfuil aon uimhir EORI ann, foirm aitheantais an allmhaireora a dhearbhaítear i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

(c)

uimhir chuntais SCCT an allmhaireora nó an ionadaí custaim indírigh, mura ndéanann an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí indíreach custaim an méid seo a leanas:

(1)

gur agair sé an díolúine faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2023/956 chun údar a thabhairt gan uimhir chuntais SCCT a dhearbhú, nó

(2)

gur thug sé le fios go bhfuil iarratas ar an údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(7a) de Rialachán (AE) 2023/956 ar feitheamh mar údar le gan uimhir chuntais SCCT a dhearbhú;

(d)

cód AC ocht ndigit na n-earraí a dhearbhaítear mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956;

(e)

cainníocht na n-earraí;

(f)

an tír thionscnaimh;

(g)

dáta glactha an dearbhaithe custaim;

(h)

an nós imeachta custaim ar dearbhaíodh na hearraí ina leith.

Airteagal 3

Modhanna cumarsáide

1.   Chun críoch an Rialacháin seo, cuirfidh na húdaráis chustaim na heilimintí sonraí a liostaítear in Airteagal 2 in iúl do chlárlann SCCT trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   I gcás ina mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis agus ar na heilimintí sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/512 ón gCoimisiún (9), measfar an fhaisnéis agus na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a bheith fíoraithe agus curtha in iúl don Choimisiún chun críoch an Rialacháin seo.

3.   I gcás nach tarchur uathoibrithe a bheidh i dtarchur na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, nó i gcás nach mbeidh an fhaisnéis ar fáil tríd an sásra faireachais, déanfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla nó don Choimisiún, an fhaisnéis a tharchur trí mhodhanna malartacha cumarsáide.

4.   Féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún a iarraidh ar na húdaráis chustaim an fhaisnéis arna tarchur chuig clárlann SCCT a bhailíochtú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Luafar san iarraidh na cúiseanna ar a bhfuil sí bunaithe agus áireofar inti an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach.

Airteagal 4

Tráthchlár chun faisnéis a chur in iúl arna iarraidh sin

1.   Chun críoch an Rialacháin seo, cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis a iarrfaidh an Coimisiún nó na húdaráis inniúla in iúl do chlárlann SCCT nó trí mhodhanna malartacha cumarsáide laistigh faoi dheireadh na míosa tar éis na hiarrata sin.

Féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh a iarraidh ar an teorainn ama a leagtar síos san fhomhír roimhe seo, i gcás ina n-áirítear san iarraidh tacar casta faisnéise. Ní rachaidh an síneadh sin thar 3 mhí ó dháta na hiarrata ar shíneadh ó na húdaráis chustaim.

2.   De mhaolú ar mhír 1, cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis in iúl, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, laistigh de 30 lá oibre ó dháta na hiarrata, i gcás ina n-iarrtar an fhaisnéis chun faireachán a dhéanamh ar an tairseach mhaisbhunaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 5

Raon feidhme na faisnéise agus na modhanna cumarsáide le haghaidh próiseáil isteach

1.   Maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a chuirtear faoi phróiseáil isteach agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht ina dhiaidh sin, bíodh sé sin ina gcáil mar na hearraí céanna nó mar tháirgí próiseáilte a fhaightear ó na hearraí sin, agus maidir le táirgí próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, cuirfidh na húdaráis chustaim na doiciméid nó na sonraí seo a leanas in iúl don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil agus inar féidir leis na húdaráis chustaim rochtain a fháil uirthi:

(a)

na dearbhuithe custaim dá dtagraítear in Airteagal 2 lena gcumhdaítear na hearraí a cuireadh faoi phróiseáil isteach nó a cuireadh faoi phróiseáil isteach roimhe sin, a mhéid a scaoiltear na hearraí sin nó na táirgí próiseáilte sin a fuarthas uathu i saorchúrsaíocht ina dhiaidh sin;

(b)

na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(c)

an bille urscaoilte i gcomhréir le hIarscríbhinn 71-06 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 trí mhodhanna malartacha cumarsáide ar choinníoll go bhfuil an simpliú a leagtar síos in Airteagal 170(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 infheidhme maidir leis na hearraí lena mbaineann.

2.   I gcás ina n-áiríonn an dearbhóir SCCT údaraithe sa dearbhú SCCT dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/956 faisnéis faoin mbille urscaoilte, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún a iarraidh ar na húdaráis chustaim an bille urscaoilte a cuireadh isteach a bhailíochtú sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil bonn réasúnach ann lena mheas go bhféadfadh an fhaisnéis a bheith mícheart, nó;

(b)

ar bhonn an mheasúnaithe riosca.

3.   An iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1, beidh sí bunaithe ar mheasúnú riosca, luafar inti na cúiseanna ar a bhfuil sí bunaithe, agus áireofar inti faisnéis ábhartha agus riachtanach nó an bhfuil tásca ann a thugann údar le hiarraidh den sórt sin. Cuirfear na cúiseanna sin in iúl do na húdaráis chustaim. Is ar bhonn ráithiúil a dhéanfar an iarraidh.

Airteagal 6

Raon feidhme na faisnéise agus na modhanna cumarsáide le haghaidh EORI

1.   I gcás ina léireoidh an dearbhóir SCCT údaraithe, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí custaim indíreach a uimhir EORI sa dearbhú custaim, nó sa bhille urscaoilte nó in aon doiciméad ábhartha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956, agus earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le haghaidh allmhairiú á ndearbhú aige, cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 12-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 in iúl do chlárlann SCCT.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina gcuirtear iarraidh isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), Airteagal 5(2), nó Airteagal 7, cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis a iarradh in iúl do chlárlann SCCT.

3.   I gcás nach sealbhóir uimhir EORI é an t-allmhaireoir, cuirfidh na húdaráis chustaim an uimhir aitheantais seachas uimhir EORI chomh maith le hainm, seoladh agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis teagmhála an allmhaireora in iúl don Choimisiún trí chlárlann SCCT, i gcás ina n-allmhairíonn an t-allmhaireoir earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

4.   I gcás ina mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis agus ar na heilimintí sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tríd an gcóras EORI dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/512, measfar an fhaisnéis agus na heilimintí sonraí sin a bheith curtha in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 21(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3210.

Airteagal 7

Raon feidhme na faisnéise agus na modhanna cumarsáide le haghaidh earraí nó táirgí próiseáilte a thugtar chuig an scairbh ilchríochach agus chuig limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit

1.   Maidir le hearraí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956, i gcás ina dtaisctear an dearbhú fála i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2210, cuirfidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann leis an Rialachán sin in iúl, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla nó don Choimisiún, trí mhodhanna malartacha cumarsáide, sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá bonn réasúnach ann lena mheas go bhféadfadh an fhaisnéis a bheith mícheart;

(b)

measann an Coimisiún nár chomhlíon dearbhóir SCCT údaraithe an oibleagáid an dearbhú fála a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2210, nó;

(c)

ar bhonn an mheasúnaithe riosca.

2.   Maidir le táirgí próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956, i gcás ina dtaisctear an dearbhú ath-onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2210, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhú ath-onnmhairiúcháin in iúl don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, trí mhodhanna malartacha cumarsáide.

Airteagal 8

Iarraidh ar fhaisnéis bhreise

Gan dochar d’Airteagail 2 agus 3, agus i gcásanna nach leor na sonraí atá ar fáil tríd an sásra faireachais agus sna cásanna sin amháin, ar iarraidh a fháil ó na húdaráis inniúla nó ón gCoimisiún, ar iarraidh í atá sainithe go soiléir agus a bhfuil údar cuí léi, i gcás imscrúdú comhlíontachta SCCT, déanfaidh na húdaráis chustaim doiciméid chustaim ábhartha eile a cuireadh faoina mbráid agus a bhaineann leis na hearraí a dearbhaíodh le haghaidh allmhairiú a chur in iúl.

Airteagal 9

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Déanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa Rialachán seo agus atá cláraithe i gclárlann SCCT a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3210.

2.   Aon chatagóir speisialta sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní dhéanfar í a phróiseáil chun críche an mhalartaithe faisnéise idir údaráis chustaim, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Déanfar é a athbhreithniú in 2027 ar a dhéanaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2210 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2025, lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hearraí agus táirgí próiseáilte a thugtar chuig scairbh ilchríochach nó chuig limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstát (IO L, 2025/2210, 3.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2210/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3210 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clárlann SCCT (IO L, 2024/3210, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3210/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/512 ón gCoimisiún an 13 Márta 2025 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/512, 20.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/512/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2619/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Naar boven