Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2589

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2589 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

C/2025/8639

IO L, 2025/2589, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2589/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2589/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2589

19.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2589 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 31 Deireadh Fómhair 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Balchem Italia Srl (‘Balchem’) agus Taminco BV (‘Taminco’) (‘na gearánaigh’) isteach an 17 Meán Fómhair 2024. Ba é tionscal clóiríde coilín an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárú

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/92 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.

1.3.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 2 Meitheamh 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre.

(5)

Cé gur teoranta do chruinneas na ríomhanna (4) a bhí an cuireadh chun barúlacha a thabhairt, chuir trí tháirgeoir onnmhairiúcháin, Jinan Pharmaceuticals (‘Jinan’), Shandong Aocter Feed Additives Co. Ltd. (‘Aocter’), Shandong FY Feed Technology Co., Ltd. (‘FY Feed’) agus a chuideachta chomhlachaithe, Shandong Yinfeng Biological Technology Co., Ltd. (‘YB’), agus allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin, Kirsch Pharma GmbH (‘Kirsch’), roinnt barúlacha isteach maidir le substaint. Rinneadh na barúlacha sin arís ina dhiaidh sin tar éis an nochta shealadaigh agus tugtar aghaidh orthu thíos i Ranna 1.4 agus 2.2 thíos.

(6)

An 30 Meitheamh 2025, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1288 ón gCoimisiún (5) (‘an Rialachán sealadach’).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(7)

Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin, Kirsch, agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin, Jinan, FY Feed agus Aocter, agus Comhlachas Allmhairithe/Onnmhairithe Earraí Bia, Táirgí Dúchasacha agus Fotháirgí Ainmhithe na Síne (‘CFNA’) (6) aighneachtaí i scríbhinn isteach inar cuireadh a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(8)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí leis na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe Van Eeghen NV (dá ngairtear ‘Van Eeghen’ anseo feasta) agus Kirsch.

(9)

D’áitigh CFNA ina bharúlacha maidir leis na bearta sealadacha nár nocht an Coimisiún a chinneadh maidir le raon feidhme thionscal an Aontais go leordhóthanach, nár nocht sé aon phríomhshonraí maidir le hacmhainneacht táirgeachta, aschur, díolacháin, onnmhairí agus tomhaltas thionscal an Aontais i leith foirmeacha éagsúla clóiríde coilín, agus nár nocht sé an mhodheolaíocht shonrach a úsáideadh chun an corrlach dumpála a ríomh (gan ach an corrlach brabúis agus costais chomhshaoil agus saothair a nochtadh). Chinn sé agus cháin sé go raibh an fhaisnéis nochta teoranta do na conclúidí críochnaitheacha gan an bunphróiseas réasúnaíochta nó ríofa a nochtadh agus mheas sé gur lochtanna nós imeachta é sin maidir le nochtadh nach raibh leordhóthanach, rud a d’fhág go raibh an nós imeachta athbhreithnithe gan bhrí go substaintiúil, go ndearnadh páirtithe leasmhara a eisiamh ó rochtain ar fhaisnéis lenar cuireadh cosc orthu réamhchinneadh an Choimisiúin a scrúdú agus a fhíorú, agus dúshláin nach beag nó frithfhianaise a tharraingt anuas, rud a rinne damáiste tromchúiseach do chumas na bpáirtithe leasmhara lena n-áirítear CFNA a gcearta cosanta a fheidhmiú go réasúnta, agus a bhain an bonn den cheartas nós imeachta. Tar éis an nochta deiridh, rinneadh roinnt de na barúlacha sin arís.

(10)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Shoiléirigh sé go mbaineann na ríomhanna dumpála agus díobhála go sonrach leis an gcuideachta agus go bhfuil mionsonraí rúnda iontu, agus dá bhrí sin, ní nochtar na mionsonraí rúnda ach do na páirtithe lena mbaineann. Mínítear na modheolaíochtaí is bun leis na ríomhanna sin agus na leibhéil dleachta a bhíonn mar thoradh orthu sin, go hiomlán, áfach, i Ranna 3.5 agus 6.1 den Rialachán sealadach, maidir leis na corrlaigh dhumpála agus dhíobhála faoi seach. Mhínigh an Coimisiún freisin, sa Rialachán sealadach, cinneadh thionscal an Aontais.

(11)

Sholáthair an Coimisiún príomhshonraí thionscal an Aontais freisin agus rinne sé measúnú orthu, ar príomhshonraí iad a chuir CFNA isteach agus ar chinn sé nach raibh sonraí leordhóthanacha ina leith agus mhínigh sé foinsí na sonraí sin.

(12)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(13)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht freisin.

(14)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Aocter, CFNA, FY Feed, Kirsch agus YB barúlacha isteach. Reáchtáladh éisteacht le Kirsch.

1.5.   Maímh maidir leis an tionscnamh

(15)

In éagmais aon bharúil maidir leis an tionscnamh, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 6 go 12 den Rialachán sealadach.

1.6.   Sampláil

(16)

In éagmais aon bharúil maidir le sampláil, deimhníodh na conclúidí in aithrisí 13 go 17 den Rialachán sealadach.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(17)

Cheartaigh an Coimisiún earráid chléireachais in aithris 20 den Rialachán sealadach. Ní hé gur chuir aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin agus aon úsáideoir amháin freagra ceistneora isteach, ach is amhlaidh a chuir dhá allmhaireoir an táirge atá faoi imscrúdú (Kirsch agus Van Eeghen) freagra ceistneora isteach.

(18)

Leis an athrú sin, agus in éagmais aon bharúil, deimhníodh aithrisí 18 go 21 den Rialachán sealadach.

1.8.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(19)

Meabhraítear go maireann an tréimhse imscrúdúcháin ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 agus go maireann an tréimhse faoi bhreathnú ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin. In éagmais aon bharúil, deimhníodh aithris 22 den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi imscrúdú, an táirge lena mbaineann agus an táirge comhchosúil

(20)

In éagmais aon bharúil, deimhníodh aithrisí 23 go 30 den Rialachán sealadach.

2.2.   Maímh maidir le raon feidhme an táirge

(21)

Tar éis an réamhnochta agus fhrchur na mbeart sealadach, chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin Jinan, na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe Kirsch agus Van Eeghen, CFNA, na gearánaigh agus Algry Química barúlacha maidir leis an raon táirge isteach i scríbhinn agus/nó cuireadh i láthair in éisteacht iad.

2.2.1.   Éilimh maidir le clóiríd choilín atá beartaithe le haghaidh feidhmeanna bia a chur as an áireamh

2.2.1.1.   Maímh agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na héilimh sin

(22)

D’athdhearbhaigh Jinan, Kirsch agus Van Eeghen an maíomh a rinneadh cheana ag an gcéim shealadach gur cheart clóiríd choilín de ghrád bia agus de ghrád beatha a mheas mar tháirgí ar leith i bhfianaise na ndifríochtaí atá ann cheana i dtéarmaí an phróisis táirgthe, íonachta agus iompraíocht mhargaidh éagsúil, lena n-áirítear praghsanna. I bhfianaise na ndifríochtaí sin, d’áitigh siad gur cheart clóiríd choilín de ghrád bia a eisiamh ó na bearta. Thacaigh na gearánaigh agus Algry Química le cinneadh sealadach an Choimisiúin gan clóiríd choilín de ghrád bia a eisiamh ón raon táirge san imscrúdú.

(23)

Maidir leis an bpróiseas táirgthe, in aithris 34 den Rialachán sealadach, fuair an Coimisiún amach go monaraítear clóiríd choilín le haghaidh bia don duine agus clóiríd choilín le haghaidh feidhmeanna beatha ar an mbealach céanna, ach go bhfuil caighdeáin tástála níos airde ag clóiríd choilín a dhíoltar le tionscal an bhia agus go bhfuil deimhnithe tástála de dhíth orthu. Chuir Van Eeghen i dtábhacht ina bharúlacha maidir leis na bearta sealadacha go bhfuil próiseas táirgthe clóiríde coilín de ghrád bia níos struchtúrtha agus go dtugtar le tuiscint leis go bhfuil infheistíochtaí agus costais táirgthe níos airde ann, go bhfuil sé faoi réir rialú cáilíochta níos déine agus go bhfuil gnéithe teicniúla ag a phacáistíocht nach bhfuil ann i bpacáistíocht clóiríde coilín de ghrád beatha. Mhaígh Kirsch freisin go bhfuil costais táirgthe clóiríde coilín de ghrád bia níos airde go bunúsach ná na costais a bhaineann leis an ngrád beatha.

(24)

D’áitigh na gearánaigh go dtagann clóiríd choilín, is cuma cén fhoirm ina bhfuil sí, íonacht agus tiúchan, ó na hamhábhair chéanna agus go bhfaightear tríd an bpróiseas ceimiceach céanna í, rud a fhágann go mbíonn an t-aschur ceimiceach céanna ann sa deireadh. Dá bhrí sin, mheas sé gur dhá chineál den táirge céanna iad clóiríd choilín le haghaidh feidhmeanna beatha agus clóiríd choilín le haghaidh feidhmeanna bia. Dhearbhaigh Algry Química, an t-aon táirgeoir amháin de chuid an Aontais a rinne freastal ar an dá mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gur tháirg sé clóiríd choilín leachtach le haghaidh feidhmeanna beatha agus feidhmeanna bia, agus go n-eascraíonn an dá fheidhm as an bpróiseas táirgthe céanna. Thug sé dá aire, áfach, go bhfaigheann an grád bia próiseáil bhreise le haghaidh lártheifneoiriú agus criostalú, rud a fhágann go mbíonn costais táirgthe bhreise i gceist.

(25)

Maidir le híonacht, mhaígh Jinan, Van Eeghen agus Kirsch gur substaint íon í clóiríd choilín de ghrád bia i bhfoirm criostail nó púdar criostalta, ag a bhfuil leibhéal íonachta os cionn 98 %, agus go bhfuil leibhéal íonachta níos ísle ag clóiríd choilín de ghrád beatha, faoi bhun 90 % de ghnáth. Chuir na gearánaigh in aghaidh an mhaímh sin (7), agus d’áitigh siad go bhfuil na critéir íonachta le haghaidh clóiríd choilín de ghrád bia mar an gcéanna go bunúsach leis na critéir a leagtar síos maidir le clóiríd choilín le haghaidh feidhmeanna beatha. Bunaíodh an chonclúid sin ar chomparáid idir na ceanglais íonachta maidir le clóiríd choilín de ghrád beatha mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 795/2013 ón gCoimisiún (8) maidir le clóiríd choilín a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna, in Airteagal 4(4) de Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna agus in Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le bia atá beartaithe do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta leighis, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.

(26)

Mhaígh Van Eeghen agus Kirsch freisin, agus tagairt á déanamh do Codex na dTáirgí Ceimiceacha Bia (FCC) (12), go bhfuil caighdeáin níos airde ag clóiríd choilín de ghrád bia i dtéarmaí tástála agus rialuithe cáilíochta chun an leibhéal íonachta a cheanglaítear leis na rialacháin is infheidhme le haghaidh bia don duine a dheimhniú. Chuir na gearánaigh i gcoinne go mbeadh costais i bhfad níos airde mar thoradh ar na caighdeáin tástála éagsúla le haghaidh clóiríde coilín de ghrád bia.

(27)

I bhfianaise na ndifríochtaí sa leibhéal íonachta, sa phróiseas táirgthe agus sna húsáidí deiridh éagsúla, mhaígh Jinan, Van Eeghen agus Kirsch go bhfuil difríocht nach beag idir leibhéal praghsanna agus iompraíocht mhargadh na clóiríde coilín de ghrád bia agus leibhéal praghsanna agus iompraíocht mhargadh na clóiríde coilín de ghrád beatha. Mhaígh Jinan agus Kirsch ina n-aighneachtaí, go bhfuil praghas clóiríde coilín de ghrád bia 5 go 8 n-uaire níos airde ná praghas clóiríde coilín de ghrád beatha. Bheadh an difríocht sa phraghsáil mar gheall ar cheanglais níos airde maidir le leibhéal íonachta agus céimeanna breise sa phróiseas táirgthe.

(28)

D’áitigh na gearánaigh nach le húsáid na clóiríde coilín (le haghaidh beatha nó bia) a bhfuil na costais is mó ag baint, ós rud é go n-úsáidtear na hamhábhair chéanna agus an próiseas ceimiceach céanna chun an dá chineál clóiríde coilín a fháil. De réir na ngearánach, is iad na príomhthosca costais a mbíonn tionchar acu ar an bpraghas aonaid ná an fhoirm (e.g. púdar criostalta, clóiríd choilín ar iompróir) agus an toirt.

(29)

D’áitigh Algry Química go bhfuil praghas díola na clóiríde coilín de ghrád bia níos airde go deimhin ná clóiríd choilín de ghrád beatha, rud a léiríonn na costais phróiseála bhreise agus iompraíocht shonrach mhargaidh na gcustaiméirí de ghrád bia. Mar sin féin, níor chainníochtaigh Algry Química na costais bhreise, ná an difríocht sa phraghas idir an dá chineál éagsúla táirge.

(30)

D’áitigh Kirsch freisin nach leor acmhainneacht táirgeachta an Aontais chun freastal ar éileamh mhargadh an Aontais maidir le clóiríd choilín de ghrád bia. Ní raibh fianaise mar bhunús leis an maíomh sin, áfach. Maidir leis an tsaincheist sin, chuir na gearánaigh in iúl don Choimisiún gur féidir leo clóiríd choilín a tháirgeadh don mhargadh bia agus infheistíochtaí breise an-íseal á ndéanamh acu agus i mbeagán ama. D’áitigh siad go mbeidís réidh chun é sin a dhéanamh má tá an t-éileamh ann agus má tá dálaí an mhargaidh cothrom. Chomh maith leis sin, d’áitigh Algry Química go méadódh sé a aschur, dá mbeadh dálaí an mhargaidh cothrom, i gcás éilimh.

(31)

Mhaígh Van Eeghen freisin gur cheart an cur chuige céanna a glacadh le Cinneadh 2012/343/AE ón gCoimisiún (13) a bheith i gceist leis an imscrúdú maidir le hallmhairí próitéine soighe ón tSín, ina ndearna an Coimisiún idirdhealú idir úsáid bia agus beatha agus inar laghdaíodh raon feidhme an táirge tar éis iarraidh a fháil ón ngearánach. Rinne Van Eeghen tagairt freisin do chásdlí socair, lenar tarraingíodh ar an mBreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, an 28 Feabhra 2017,Yingli Energy, Cás T160/14, ECLI:EU:T:2017:125, mír 111 (14), Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, an 25 Eanáir 2017, Rusal Armenal ZAO, Cás T-512/09 RENV, ECLI:EU:T:2017:26, mír 151 (15) agus Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, an 21 Meitheamh 2023, Guangdong Haomei New Materials agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology, Cás T-326/21, ECLI:EU:T:2023:347, mír 66 (16).

(32)

In aithris 35 den Rialachán sealadach, rinneadh tagairt d’aighneacht Algry Quimica inar léiríodh riosca imchéimniúcháin na mbearta maidir le clóiríd choilín de ghrád beatha dá n-eisiafaí clóiríd choilín de ghrád bia ó na bearta. Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, mheas Van Eeghen gur diomaibheaseach atá riosca imchéimniúcháin na mbearta sin, ós rud é gur mheas sé go bhfágfadh na difríochtaí i leith foirme, praghsála agus pacáistíochta idir an dá chineál iarratas go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh go héasca ag na seiceálacha custaim idir an dá chineál táirge lena mbaineann. D’áitigh Kirsch nach mbeadh sé áisiúil ó thaobh an gheilleagair de clóiríd choilín de ghrád bia a atreorú chuig clóiríd choilín de ghrád beatha agus nach mbeadh sé inmharthana go praiticiúil mar gheall ar na ceanglais rialála is infheidhme maidir leis na cineálacha táirgí de ghrád bia. Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Kirsch gur diomaibhseach atá riosca imchéimniúcháin na mbearta i gcás clóiríd choilín de ghrád bia a eisiamh toisc gur féidir imchéimniú a chosc go héasca.

(33)

D’easaontaigh na gearánaigh agus mheas siad go raibh an riosca imchéimniúcháin fíor agus ann. Bheadh sé sin go bunúsach mar gheall ar (i) íonacht an-chosúil idir an dá tháirge; (ii) gur féidir le gach táirgeoir atá gníomhach ar mhargadh an Aontais é a tháirgeadh; agus (iii) go bhféadfaí clóiríd choilín leachtach a allmhairiú isteach san Aontas i bhfoirm leachtach a líomhnaítear a bheadh le haghaidh criostalú, i.e. le haghaidh an mhargaidh bia saor ó dhleacht dá bhrí sin, ach a luaithe a bheadh imréiteach custaim déanta, d’fhéadfaí í a dhíol leis an margadh beatha.

2.2.1.2.   Anailís ar bharúlacha ón gCoimisiúin

(34)

Mar réamhbharúil, mheabhraigh an Coimisiún gur riail thábhachtach í chun a chinneadh cé acu an táirge aonair iad cineálacha táirgí nó nach iad ná go bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus/nó ceimiceacha céanna acu. Is é sin le rá, níl próisis táirgthe éagsúla, más ann dóibh, ábhartha per se chun a chinneadh cé acu an táirge ar leith é cineál táirge nó nach ea, ar choinníoll go bhfuil na cineálacha táirgí a fhaightear ó na próisis sin mar an gcéanna i dtéarmaí na mbuntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé nach toisc chinntitheach í úsáid deiridh dhifriúil más ionann na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha agus mura dtugann difríochtaí idir costais agus praghsanna údar per se leis an gconclúid gur cheart grúpa táirgí áirithe a mheas mar tháirge difriúil, fad agus atá na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag an gcineál sin agus atá ag an táirge lena mbaineann.

(35)

Maidir le substaint, d’aithin an Coimisiún go n-aontaíonn an dá thaobh go bhfuil an chéad chéim den phróiseas táirgthe cosúil nó comhionann le haghaidh clóiríde coilín de ghrád bia agus de ghrád beatha araon, agus go bhfuil ceanglais níos déine i gceist le clóiríd choilín de ghrád bia a tháirgeadh ina dhiaidh sin ná atá i gceist le clóiríd choilín de ghrád beatha i dtéarmaí tástála agus rialuithe cáilíochta. Ar an gcaoi chéanna, is ionann na próisis lártheifneoiriúcháin agus criostalúcháin agus céim phróiseála eile ó leacht go solad tar éis próisis íonúcháin na clóiríde coilín le haghaidh grád bia. D’ainneoin go bhféadfaí íonú sonrach agus próiseas triomúcháin ina dhiaidh sin a dhéanamh ar chlóiríd choilín de ghrád bia, ní marc sainiúil idir an dá chineál táirge é an leibhéal íonachta (17). I bhfianaise na mbreithnithe sin, mheas an Coimisiún nach raibh difríocht bhunúsach idir an próiseas táirgthe don dá chineál táirge.

(36)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil praghsanna díola éagsúla ag clóiríd choilín de ghrád bia agus de ghrád beatha, agus go bhfuil grúpaí éagsúla custaiméirí ag baint leo mar aon le céimeanna breise tairgthe, tástála agus deimhniúcháin le haghaidh na gcineálacha táirgí de ghrád bia. Is cosúil, áfach, go bhfuil na céimeanna breise sin teoranta agus níor chuir aon pháirtí leasmhar figiúirí infhíoraithe isteach ina léirítear an difríocht sna costais táirgthe. In aon chás, mar a mhínítear in aithris 34 thuas, ní gné é fiú praghas díola atá an-difriúil chun údar a thabhairt le cineál táirge a eisiamh ó raon feidhme an táirge.

(37)

Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil an margadh de ghrád bia sách beag agus meastar go bhfuil 5 % de mhargadh an Aontais i gceist leis ar a mhéad. Dá bhrí sin, agus ós rud é gur chuir na trí tháirgeoir uile de chuid an Aontais in iúl go bhfuil an acmhainneacht agus an toilteanas acu freastal ar an margadh bia a luaithe a bhunófar cothrom iomaíochta, mheas an Coimisiún nach bhfuil slándáil an tsoláthair le haghaidh clóiríde coilín de ghrád bia i mbaol.

(38)

Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh an riosca imchéimniúcháin teacht chun cinn ar bhealaí éagsúla, agus thug sé dá aire go bhféadfaí foirm, praghas agus pacáistiú a oiriúnú chun na críche sin dá n-eiseofar clóiríd choilín de ghrád bia ón raon táirge.

(39)

Maidir le maíomh Van Eeghen a ndéantar achoimre air in aithris 31 thuas, thug an Coimisiún dá aire gur glacadh le hiarraidh an ghearánaigh i gCinneadh 2012/343/AE tiúcháin shimplí próitéine soighe de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe a eisiamh ón raon táirge i bhfianaise sonraí neamhréireacha a bhaineann le tionscal an Aontais, agus na difríochtaí soiléire teicniúla, ceimiceacha agus margaidh idir an dá chineál próitéine soighe á gcur san áireamh. Mheas an Coimisiún go raibh neamhréireacht na sonraí ina toisc ábhartha lenar spreag an laghdú ar an raon táirge i gCinneadh 2012/343/AE. Sa chás sin, tar éis raon feidhme an táirge a theorannú, measadh nach raibh an t-aon chuideachta amháin, a tháirg an cineál táirge a eisíodh ó raon feidhme an táirge, ina cuid de thionscal an Aontais a thuilleadh toisc nár tháirg sí ach an cineál táirge eisiata. Mheas an Coimisiún nach bhfuil feidhm ag na himthosca as a n-eascraíonn teorannú raon feidhme an táirge agus an t-athbhreithniú ar thionscal an Aontais sa chás próitéine soighe sin san imeacht seo, ós rud é go dtáirgeann Algry Quimica, táirgeoir clóiríde coilín de chuid an Aontais, clóiríd choilín de ghrád bia agus clóiríd choilín de ghrád beatha araon agus gur thug na gearánaigh le fios gur féidir leo agus go dtáirgfidh siad í a luaithe a bheidh sí inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaíomh Van Eeghen gur cheart glacadh leis an iarraidh reatha ar eisiamh táirge i bhfianaise ghníomhaíocht an Choimisiúin mar a achoimrítear i gCinneadh 2012/343/AE.

2.2.1.3.   Conclúid

(40)

Mar a mhínítear in aithris 26 den Rialachán sealadach, táirgtear clóiríd choilín i dtrí phróiseas imoibriúcháin ina dhiaidh sin. Ar an gcéad dul síos, imoibríonn meatánól agus amóinia chun trímheitiolaimín (‘TMA’) a dhéanamh. Imoibrítear TMA ansin le haigéad hidreaclórach (‘HCl’) chun hidreaclóiríd trímheitiolaimín a dhéanamh. Ar an tríú dul síos, imoibríonn hidreaclóiríd trímheitiolaimín le hocsaíd eitiléine chun clóiríd choilín leachtach a dhéanamh. Is é seo go ceimiceach an t-aon bhealach chun clóiríd choilín a tháirgeadh agus socraíonn sé na buntréithe ceimiceacha, is cuma an grád, an fhoirm nó an úsáid. Úsáidtear na hamhábhair chéanna agus an cheimic imoibriúcháin chéanna chun clóiríd choilín a tháirgeadh - cé acu atá sí nó nach bhfuil sí ina fhoirm dheiridh le haghaidh beatha nó le húsáid ag an duine. Nuair a dhéantar clóiríd choilín leachtach amhlaidh, is féidir í a úsáid le haghaidh feidhmeanna beatha agus feidhmeanna bia araon.

(41)

Rinne an Coimisiún anailís ar na hargóintí a cuireadh isteach chun tacú leis an maíomh maidir le clóiríd choilín de ghrád bia a eisiamh ó raon feidhme an táirge in aithrisí 34 – 37 thuas. Dheimhnigh sé aonchineálacht raon feidhme an táirge san imscrúdú seo. Ina theannta sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh srianadh na mbeart chun clóiríd choilín de ghrád beatha ach an bonn a bhaint d’éifeachtacht na mbeart chun dochair do thionscal an Aontais trí riosca imchéimniúcháin a chruthú.

2.2.2.   Maímh eile maidir le raon feidhme an táirge

(42)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, mhaígh CFNA nár cheart don Choimisiún raon feidhme an táirge a theorannú ach do cheann amháin den dá chineál táirge atá faoi imscrúdú, i.e. clóiríd choilín phríomhúil nó clóiríd choilín phróiseáilte, nó de rogha air sin measúnuithe neamhspleácha a dhéanamh. D’áitigh CFNA go bhfuil dinimic mhargaidh éagsúil ag clóiríd choilín phríomhúil (nach bhfuil measctha le hiompróirí) agus clóiríd choilín phróiseáilte, toisc go dtugtar le clóiríd choilín phríomhúil éagsúlú sa slabhra soláthair agus iomaíochas praghsanna do mhargadh an Aontais, agus go dtéann an chlóiríd choilín phróiseáilte in iomaíocht dhíreach le táirgeoirí an Aontais.

(43)

San fhógra tionscnaimh, d’fhógair an Coimisiún gurb í clóiríd choilín an táirge faoi imscrúdú, i ngach foirm agus íonacht, bíodh sí ar iompróir nó ná bíodh, ina bhfuil íoschion clóiríde coilín 30 % de réir meáchain, gan teitrihiodráit clóiríde coilín fosfairile cailciam a áireamh. Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas gur cheart barúlacha maidir le raon feidhme an táirge a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an fhógra tionscnaimh. Níor chuir CFNA aon bharúil ar fáil go dtí go ndearnadh an aighneacht dá dtagraítear san aithris roimhe seo. Thairis sin, ní raibh bunús lena mhaíomh maidir le dinimicí éagsúla sa mhargadh. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaíomh CFNA.

2.2.3.   Conclúid maidir le raon feidhme an táirge

(44)

Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníodh aithrisí 31 go 36 den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

(45)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Aocter, FY Feed, YB agus CFNA agus an t-allmhaireoir neamhchomhlachaithe Van Eeghen barúil ar na torthaí sealadacha dumpála.

(46)

Chuir Van Eeghen lena n-iarraidh ar eisiamh táirgí (féach roinn 2.2.1 thuas) nach raibh aon fhianaise ar dhumpáil maidir le clóiríd choilín de ghrád bia.

(47)

Thug an Coimisiún dá aire nár thug Van Eeghen bunús lena iarraidh. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún, i gcás ina ndiúltaítear don iarraidh ar eisiamh táirge maidir le clóiríd choilín de ghrád bia (aithris 41), go bhfuil an cheist i ndáil le corrlach dumpála ar leithligh a ríomh le haghaidh clóiríde coilín de ghrád bia gan bhunús.

3.1.   An Gnáthluach

(48)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí 45 go 141 den Rialachán sealadach.

3.1.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(49)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug CFNA barúil maidir le saobhadh nach beag a bheith ann sa tSín.

(50)

D’áitigh CFNA nach bhfuil bunús leis an saobhadh margaidh, mar a thugtar air, agus nach gcruthaíonn na doiciméid a luaitear sa ghearán gurb ann do shaobhadh, mar a thugtar air, a dhéanann difear do thionscal clóiríde coilín na Síne. D’athdhearbhaigh siad (i) go bhfuil tionscal clóiríde coilín na Síne faoi úinéireacht phríobháideach den chuid is mó; (ii) nach nglacann an rialtas páirt sa tionscal clóiríde choilín ná nach dtacaíonn sé leis; agus (iii) fiú más ann do scaireanna faoi úinéireacht stáit, tá siad teoranta do chearta infheistíochta (amhail cearta díbhinne) agus ní bhaineann siad le hoibríochtaí fiontair.

(51)

Maidir leis na maímh sin, meabhraíonn an Coimisiún gur scrúdaigh sé as féin in aithrisí 54 go 77 den Rialachán sealadach cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil clóiríde choilín sa tSín faoi réir saobhadh nach beag de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne i gcoitinne, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann.

(52)

Go deimhin, scrúdaigh an Coimisiún na saincheisteanna dá dtagraítear i maímh (i) agus (iii) CFNA in aithrisí 55 go 64 den Rialachán sealadach, ina ndearnadh measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil freastal nach beag á dhéanamh ar an earnáil clóiríde choilín sa tSín ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi rialú nó faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi threoir údaráis na Síne, de réir bhrí na chéad fhleisce d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Suíodh ann, go raibh táirgeoir clóiríde coilín amháin ar a laghad, i.e. Tianli Energy, faoi rialú fiontair faoi úinéireacht stáit (‘SOE’) agus go dtáirgeann Sinochem Group agus Sinopec Group, ar dhá chuideachta lárnacha faoi úinéireacht stáit iad, ocsaíd eitiléine is gá chun clóiríd choilín a tháirgeadh. Ina theannta sin, is é an táirgeoir eile Shandong Hualu Huasheng Chemical Co., Ltd., a bhfuil 32,08 % dá scaireanna faoi úinéireacht stáit, an táirgeoir intíre is mó sa tSín de thrímheitiolaimín, ionchur eile chun clóiríd choilín a tháirgeadh.

(53)

Maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i maíomh (ii) de CFNA, scrúdaigh an Coimisiún iad sin in aithrisí 65 go 77 den Rialachán sealadach i gcomhthéacs an dara agus an tríú fleasc d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil bearta i bhfeidhm ag rialtas na Síne (‘Rialtas na Síne’) chun oibreoirí a spreagadh chun comhlíonadh a dhéanamh ar chuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail atáthar a spreagadh. Bíonn tionchar ag bearta den sórt sin ar an tionscal ceimiceach sa tSín, rud a chuimsíonn an tionscal clóiríde coilín sa tSín agus a théann i bhfeidhm air. Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac.

(54)

Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do mhaímh CFNA. In éagmais aon bharúil eile, deimhníodh aithrisí 45 go 103 den Rialachán sealadach.

3.1.2.   Tír ionadaíoch

(55)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le rogha na tíre ionadaíche iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 104 go 114 den Rialachán sealadach.

3.1.3.   Tosca táirgeachta

(56)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Aocter go raibh ítimí costais áirithe á gcomhaireamh faoi dhó ag an gCoimisiún ar mhaithe le forchostais mhonaraíochta a chinneadh. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Bhí mionsonraí bunúsacha an mhaímh sin íogair agus, dá bhrí sin, thug an Coimisiún aghaidh orthu i bhfreagra íogair ar Aocter.

(57)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Aocter go raibh costais áirithe taighde agus forbartha fós á gcomhaireamh faoi dhó ag an gCoimisiún, costais a léiríodh faoi fhorchostais mhonaraíochta sa ríomh dumpála.

(58)

Dheimhnigh an Coimisiún nár comhaireadh costais taighde agus forbartha faoi dhó agus an gnáthrud is infheidhme maidir le Aocter á ríomh, mar a cuireadh in iúl cheana sa nochtadh deiridh.

3.1.3.1.   Púdar arbhair déise

(59)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh FY Feed agus YB nach raibh na sonraí a nochtadh ar leibhéal cóid tráchtearra 8 ndigit ina mbonn leordhóthanach chun tagarmharc ionadaíoch a fháil le haghaidh púdar arbhair déise. Thairis sin, de réir FY Feed agus YB, d’fhéadfaí praghas allmhairiúcháin agus praghas onnmhairiúcháin arbhair dias a shaobhadh toisc gur bhain tionscal arbhair na Brasaíle agus Mheicsiceo tairbhe as fóirdheontais agus as tacaíocht rialtais eile. Mar thoradh air sin, d’iarr FY Feed agus YB breithniú a dhéanamh ar phraghas allmhairiúcháin púdair arbhair déise ón Malaeisia a úsáid mar thagarmharc níos iomchuí, ós rud é gurbh é méid allmhairiúcháin na Malaeisia an méid ab airde i measc na gceithre thír ionadaíocha a moladh ar dtús, arbh iad Meicsiceo, an Téalainn, an Bhrasaíl agus an Mhalaeisia iad.

(60)

Mheas an Coimisiún go raibh na maímh a rinne FY Feed agus YB neamhréireach. Bhí na méideanna is bun le praghsanna onnmhairiúcháin na Brasaíle d’ábhair lena n-áirítear púdar arbhair déise i bhfad níos mó (níos mó ná 487 000 tona) ná méideanna allmhairí na Malaeisia ó fhoinsí neamhshaofa (faoi bhun 20 000 tona), a mheas FY Feed agus YB a bheith ina mbonn níos iomchuí chun tagarmharc a chinneadh i ndáil le púdar arbhair déise. Thairis sin, theip ar FY Feed agus YB aon anailís a sholáthar lena dtugtar bunús lena mhéid a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag na fóirdheontais líomhnaithe ar phraghsanna allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin púdair arbhair déise na Brasaíle. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh agus deimhníodh an tagarmharc a luaitear sa Rialachán sealadach dá réir sin. Measadh nach raibh an maíomh maidir le haon fhóirdheonú do thionscal arbhair Mheicsiceo ábhartha, toisc nár mhol an Coimisiún sonraí Mheicsiceo a úsáid.

3.1.3.2.   Clóiríd choilín, 50 % leachtach

(61)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh FY Feed agus YB nach raibh an praghas tagarmhairc le haghaidh clóiríd choilín atá 50 % leachtach (‘CC50’) réasúnta ná ionadaíoch. Níor sholáthair FY Feed ná YB aon achoimre neamhrúnda ar an maíomh sin. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún, mar a cuireadh in iúl sa dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, gur de thionscnamh na Síne cion nach beag d’allmhairí iomlána CC50 isteach sa Bhrasaíl, sa Mhalaeisia, i Meicsiceo nó sa Téalainn. Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, is cosúil go bhfuil praghsanna allmhairiúcháin CC50 isteach sna tíortha sin saofa mar gheall ar mhéideanna nach beag na n-allmhairí ón tSín, agus ar an taobh eile, neamhiontaofa mar gheall ar na méideanna beaga ó thríú tíortha eile. Ar an gcúis sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an méid idirbheart is leithne is féidir a úsáid chun bonn iontaofa neamhshaofa a bhunú le haghaidh tagarmhairc. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún gur tagarmharc idirnáisiúnta í úsáid phraghas na n-allmhairí ó gach tír isteach i ngach tír (gan an tSín ná na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a áireamh). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(62)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh FY Feed agus YB a maíomh, iad ag rá go raibh praghas aonaid CC50 a mhol an Coimisiún míréasúnta ard. Thagair na páirtithe sin don aicmiú custaim maidir le clóiríd choilín chríochnaithe, lenar cuimsíodh grád beatha ainmhithe agus grád úsáide bia araon, a raibh éagsúlacht nach beag sna praghsanna ina leith, agus maidir le clóiríd choilín leachtach 50 %, arbh é an táirge idirmheánach a úsáideadh chun clóiríd choilín chríochnaithe a tháirgeadh. Aicmíodh an dá tháirge faoin gcód CC céanna 2923 10 . Mar gheall ar an aicmiú forluiteach sin, níorbh fhéidir idirdhealú a dhéanamh idir na sonraí féin le haghaidh an dá chineál táirge thuasluaite, rud a shaobhann na sonraí allmhairiúcháin go sonrach le haghaidh CC50 agus a chuireann leis na praghsanna tagarmhairc boilscithe atá ann faoi láthair.

(63)

Rinne an Coimisiún tagairt don aithris 61 roimhe seo agus d’athdhearbhaigh sé, i gcásanna áirithe, ar mhaithe le tagarmharcanna a chinneadh, gur gá brath ar an méid idirbheart is leithne is féidir chun bonn iontaofa neamhshaofa a bhunú le haghaidh tagarmhairc. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh athnuaite.

(64)

Thairis sin, tar éis an nochta deiridh, mhol FY Feed agus YB gur cheart costas agus tomhaltas CC50 a athbhunú chun costais agus tomhaltas amhábhar réamhtheachtach a léiriú bunaithe ar shonraí fíoraithe YB.

(65)

Tugann an Coimisiún dá aire, agus gnáthluach á ríomh bunaithe ar chostas táirgthe lena léirítear tagarmharcanna i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, gur gá na tosca táirgeachta sin a úsáideann an táirgeoir onnmhairiúcháin a léiriú. Sa chás i dtrácht, ba é FY Feed an t-eintiteas dlítheanach arbh é an táirgeoir onnmhairiúcháin é, a d’úsáid CC50 go deimhin le haghaidh na céime táirgthe a cuireadh i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir na costais agus na tosca táirgeachta arna dtabhú ag an soláthróir réamhtheachtach YB a léiriú, mar a d’agair na páirtithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don togra sin.

3.1.3.3.   Gal

(66)

De bhun an nochta shealadaigh, mhaígh Aocter go raibh éifeachtúlacht fuinnimh níos fabhraí mar thoradh ar shaintréithe na gaile a úsáideann Aocter ná mar a shloinntear leis an tagarmharc sealadach.

(67)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh. Bhí ríomh an tagarmhairc fholuitigh íogair sa mhéid is gur bhain sé le cás sonrach Aocter. Ba é [400 – 450] CNY/tona an tagarmharc gaile arna ríomh dá réir sin, nár cuireadh i bhfeidhm ach ar Aocter.

3.1.3.4.   Saothar

(68)

De bhun nochtadh sealadach, bhí FY Feed agus YB i gcoinne úsáid a bhaint as costas saothair 2022, ar fiú 97,98 CNY é in aghaidh uair an chloig. Aisghabhadh FY Feed agus YB ó bhunachar sonraí EIS 24,18 CNY in aghaidh uair an chloig le haghaidh na bliana 2023, agus 24,27 CNY in aghaidh uair an chloig le haghaidh na bliana 2024, a bhfuil feidhm acu maidir leis an earnáil thionsclaíoch sa Bhrasaíl. I gcás thionscal monaraíochta na Brasaíle, d’aisghabh FY Feed agus YB 24,30 CNY in aghaidh uair an chloig agus 24,28 CNY le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 faoi seach.

(69)

Chomhaontaigh an Coimisiún le FY Feed agus YB agus d’úsáid sé meánchostas saothair simplí in aghaidh uair an chloig na hearnála tionsclaíche agus na hearnála monaraíochta araon sna blianta 2023 agus 2024 mar thagarmharc nuashonraithe. Ba é an toradh 24,26 CNY in aghaidh uair an chloig. Cuireadh an tagarmharc ceartaithe i bhfeidhm maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile.

3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(70)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Aocter maímh isteach maidir le ríomh an Choimisiúin ar an bpraghas onnmhairiúcháin. Ghlac an Coimisiún go páirteach leis na maímh sin. Bhí mionsonraí bunúsacha na maíomh íogair agus dá bhrí sin tugadh aghaidh orthu i bhfreagra íogair ar Aocter.

3.3.   Comparáid

(71)

In éagmais aon bharúil, deimhníodh na torthaí a leagtar amach faoi aithrisí 148 go 151 den Rialachán sealadach.

3.4.   Corrlaigh dhumpála

(72)

Mar a shonraítear in aithrisí 67, 69 agus 70, tar éis maímh ó na páirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála.

(73)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachas agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Aocter

205,5

FY Feed

510,3

YB

510,3

Cuideachtaí comhoibríocha eile

364,8

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

510,3

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(74)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CFNA a sheasamh mar a luaitear é in aithris 160 den Rialachán sealadach gur cheart triomadóirí an táirge faoi imscrúdú a mheas mar tháirgeoirí, toisc gur mheas sé gur céim tháirgthe thábhachtach í an ghníomhaíocht triomaithe. Mar sin féin, níor tugadh lena bharúlacha maidir le triomadóirí atá le meas mar chuid de thionscal an Aontais gnéithe breise i leith neamhbhailíocht a dhéanamh ar anailís an Choimisiúin in aithrisí 161 go 163 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún nach n-áirítear triomadóirí sa sainmhíniú ar thionscal an Aontais chun críoch an imscrúdaithe seo, ós rud é nár chomhoibrigh triomadóirí san imscrúdú, nach mbíonn aon athrú fóinteach ar an gcomhdhéanamh ceimiceach mar thoradh ar an bpróiseas triomaithe agus, as na trí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí ann, bhí dhá cheann acu go hiomlán comhtháite sa tslí gur áiríodh an próiseas triomaithe ina ngníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, rinneadh maíomh tánaisteach CFNA gur cheart don Choimisiún measúnú neamhspleách a dhéanamh ar dhíobháil ábhartha a bheith ann do thriomadóirí, agus é a bheith ar leithligh ó anailís a rinneadh le haghaidh táirgeoirí.

(75)

Mhaígh Kirsch nach bhfuil an dá ghearánach gníomhach ach amháin i ndeighleog an ghráid beatha, agus nach dtagraíonn a sciar den mhargadh ach don deighleog sin amháin, rud a fhágann nach gcumhdaítear deighleog an ghráid bia go leordhóthanach leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, d’iarr Kirsch ar an gCoimisiún anailís ar leithligh a dhéanamh don dá ghrád chun a shuí cé acu a dhéantar nó nach ndéantar díobháil do dheighleog an ghráid bia. Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CFNA freisin gur cheart anailís de réir deighleoige a dhéanamh toisc go bhfuil praghsanna agus grúpaí custaiméirí clóiríde coilín de ghrád beatha agus de ghrád bia difriúil.

(76)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris 183 den Rialachán sealadach, go gcuimsíonn na macrashonraí a chuirtear i láthair sa Rialachán sin na trí tháirgeoir uile de chuid an Aontais, i.e. áirítear leo sonraí Algry Química a raibh táirgeadh agus díolacháin nach beag acu i ndeighleog an ghráid bia. Thairis sin, dheimhnigh an Coimisiún in aithrisí 40 agus 41 thuas gur cheart clóiríd choilín de ghrád bia agus de ghrád beatha a mheas mar tháirge aonair amháin chun críoch an imscrúdaithe seo. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hanailís díobhála dheighilte, mar a leagtar amach in aithris 165 den Rialachán sealadach, toisc go bhfuil díolacháin agus allmhairí ionadaíocha thionscal an Aontais ón tír lena mbaineann sa dá dheighleog. Ar deireadh, cuirtear aon difríocht phraghais a d’fhéadfadh a bheith ann idir an dá chineál táirge san áireamh cheana féin i ríomhanna an chorrlaigh dumpála agus díobhála toisc go ndéanann na páirtithe leasmhara na cineálacha sin a thuairisciú ar leithligh. Ar an mbonn sin, ní chomhlíontar na coinníollacha maidir le hanailís dheighilte idir clóiríd choilín de ghrád bia agus clóiríd choilín de ghrád beatha agus diúltaítear don mhaíomh.

(77)

In éagmais barúlacha eile, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí 158 go 166 den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(78)

In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 167 go 170 den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

(79)

Cháin CFNA modh an Choimisiúin chun méideanna agus luachanna allmhairí a shuí ar bhonn allmhairí faoi chód taraife ar leith amháin, ós rud é go n-allmhairítear clóiríd choilín faoi roinnt cóid AC, a n-áirítear táirgí eile i gcuid acu freisin. Míniú mionsonraithe ina dtugtar tuairisc ar an modheolaíocht sin, bhí sé faoi réir nóta a ghabhann le Comhad t25.005185, a cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara an lá céanna leis an Rialachán sealadach. Go háirithe, mhaígh CFNA go mbeadh formhór mór na n-allmhairí ón tSín i bhfoirm breiseáin bheathaithe le hiompróirí, nach n-áirítear faoi chód AC 2923 10 ar a raibh anailís an Choimisiúin bunaithe, a mhaígh sé. Dá bhrí sin, d’áitigh sé nach féidir le cód AC 2923 10 staid allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a léiriú go hiomlán. Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh FY Feed agus Yinfeng go gcuimsítear le cód CC 2923 10 an t-aicmiú le haghaidh clóiríd choilín chríochnaithe agus clóiríd choilín 50 % araon, agus é ag maíomh go bhféadfaí sonraí allmhairí a shaobhadh dá bharr sin.

(80)

Shoiléirigh an Coimisiún, mar a shonraítear in aithris 171 den Rialachán sealadach agus sa nóta thuasluaite a ghabhann leis an gcomhad, nár bhunaigh sé a anailís ar chód AC 2923 10 ach ar chód TARIC 10 ndigit 2923 10 00 90, a bhaineann le clóiríd choilín amháin. Ina theannta sin, níor mhol CFNA, FY Feed ná Yinfeng aon mhodheolaíocht mhalartach chun méideanna agus praghsanna allmhairí a shuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do bharúlacha CFNA agus FY Feed agus Yinfeng.

(81)

Tar éis an nochta deiridh, chuir CFNA in iúl go bhfuil treocht an phraghais onnmhairiúcháin arna léiriú ag allmhairí faoi chód AC 2923 10 nó faoi chód TARIC 10 ndigit 2923 10 00 90 neamhiomlán, toisc nach n-áirítear allmhairí clóiríde coilín faoi chóid AC ex 2309 90 31 , ex 2309 90 96 agus ex 3824 99 96 san anailís sin.

(82)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh baint ag an maíomh leis na sonraí faoi Thábla 4 den Rialachán sealadach ach go raibh sé bunaithe go hiomlán ar phraghsanna onnmhairiúcháin Comtrade de chuid na Síne chuig an Aontas arna soláthar ag CFNA le haghaidh chód AC 2923 10 agus ar phraghsanna gach cóid CC faoina gcumhdaítear an táirge (19). Thug an Coimisiún dá aire go léirítear treocht chomhchosúil sna praghsanna sin ar chód AC 2923 10 agus ar gach cód CC ábhartha. Léirítear iontu araon méadú in 2022 agus laghdú ina dhiaidh sin in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(83)

Mhaígh Kirsch go bhfuil méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann cosúil le méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí an díobháil do thionscal an Aontais a chur i leith na n-allmhairí ón tír lena mbaineann amháin.

(84)

Shoiléirigh an Coimisiún gur 20 024 tona a bhí sna hallmhairí ón tír lena mbaineann in 2023 agus gur 22 626 tona a bhí iontu sa tréimhse imscrúdúcháin (Tábla 3 den Rialachán sealadach) agus gur 3 962 tona a bhí sna hallmhairí ó thríú tíortha eile in 2023 agus gur 3 089 tona a bhí iontu sa tréimhse imscrúdúcháin (Tábla 12 den Rialachán sealadach). Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaíomh Kirsch.

(85)

Mhaígh Kirsch freisin, gan aon fhianaise a sholáthar, gur mhéadaigh Algry Química, an t-aon táirgeoir de chuid an Aontais de chlóiríd choilín de ghrád bia, praghas díola an chineáil táirge sin le blianta beaga anuas, agus d’áitigh sé go léirítear leis an méadú líomhnaithe sin ar an bpraghas díola nár tharla aon sochtadh praghsanna mar gheall ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh toisc gur anailís ar fud na tíre a bhí san anailís a shonraítear in aithris 180 den Rialachán sealadach maidir le sochtadh praghsanna i leith méideanna agus praghsanna uile na n-allmhairí ón tír lena mbaineann i gcomparáid le sonraí thionscal an Aontais maidir lena chostais fhoriomlána táirgthe agus leis an gcaillteanas brabúsachta dá thoradh sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(86)

Tar éis barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach a bhaineann leis an gcorrlach gearrdhíola (féach aithris 113), níor mhór an corrlach sladghearrtha, a bhí idir 35 % agus 41 % de réir aithris 179 den Rialachán sealadach, a thabhairt cothrom le dáta ar an gcaoi chéanna, rud a léiríonn meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 31 % agus 39 %.

(87)

In éagmais barúlacha eile maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 171 go 178 agus 180 den Rialachán sealadach.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(88)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 181 go 187 den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(89)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 188 go 191 den Rialachán sealadach.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(90)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 192 agus 193 den Rialachán sealadach.

4.4.2.3.   Fás

(91)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithris 194 den Rialachán sealadach.

4.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(92)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 195 go 197 den Rialachán sealadach.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(93)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 198 agus 199 den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(94)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 200 agus 201 den Rialachán sealadach.

4.4.3.2.   Costais saothair

(95)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 202 go 203 den Rialachán sealadach.

4.4.3.3.   Fardail

(96)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 204 go 205 den Rialachán sealadach.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(97)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 206 go 211 den Rialachán sealadach.

4.5.   Conclúid maidir le díobháil

(98)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtadh sa Rialachán sealadach, gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán agus gur deimhníodh aithrisí 212 go 214 den Rialachán sealadach dá bhrí sin.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(99)

Mhaígh Van Eeghen nach bhfuil aon léiriú go bhfuil clóiríd choilín de ghrád bia á dhumpáil ós rud é gur tháinig méadú ar a praghas díola le hocht mbliana anuas.

(100)

Mhaígh Van Eeghen, in éagmais léiriú ar dhumpáil maidir le clóiríd choilín de ghrád bia, nach ann d’aon léiriú ar dhíobháil ábhartha do thionscal an Aontais laistigh de dheighleog an ghráid bia. Mar a mhínítear in aithris 47 thuas, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nár dumpáladh an cineál táirge sin, inter alia, agus chuir sé in iúl go meastar gur táirge aonair iad clóiríd choilín de ghrád bia agus clóiríd choilín de ghrád beatha chun críoch an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, an chonclúid atá san aithris sin, nach bhfuil an tsaincheist fós ábhartha maidir le corrlach dumpála ar leithligh a ríomh le haghaidh clóiríde coilín de ghrád bia, tá feidhm ag an gconclúid sin maidir leis na torthaí díobhála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(101)

In éagmais aon bharúil eile, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 216 go 218 den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(102)

Mhaígh Kirsch, i dtéarmaí méideanna, go raibh allmhairí ó thíortha eile cosúil leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(103)

Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil an léirmhíniú a rinne Kirsch ar na figiúirí a tuairiscíodh sa Rialachán sealadach maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann agus ó thríú tíortha eile ceart. Luaigh Kirsch ina aighneacht gur 7 000 tona a bhí sna hallmhairí ó thríú tíortha agus gur 8 000 tona a bhí sna hallmhairí ón tír lena mbaineann le haghaidh 2023 agus le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 172 agus 221 den Rialachán sealadach, ina luaitear gur 20 024 tona a bhí sna hallmhairí ón tír lena mbaineann in 2023 agus gur 20 626 tona a bhí iontu sa tréimhse imscrúdúcháin agus gur 3 962 tona a bhí sna hallmhairí ó thríú tíortha eile in 2023 agus gur 3 089 tona a bhí iontu sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Kirsch.

(104)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 219 go 224 den Rialachán sealadach.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(105)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 225 go 227 den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Méadú ar amhábhair agus ar phraghsanna fuinnimh

(106)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 228 agus 229 den Rialachán sealadach.

5.2.4.   Laghdú ar thomhaltas

(107)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 230 agus 231 den Rialachán sealadach.

5.2.5.   Tosca eile

(108)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún aithris 232 den Rialachán sealadach.

5.3.   Conclúid maidir le cúisíocht

(109)

In éagmais aon bharúil eile, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 233 go 235 den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(110)

Mhaígh CFNA go mbeadh sé amhrasach costais táirgthe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo de bharr costais atá nasctha le ceanglais dhlíthiúla comhshaoil agus saothair i gcás ceann de na táirgeoirí san Aontas a chuimsiú sa corrlach díobhála de réir Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, toisc nach mbeadh fianaise dheimhneach ná scrúdú oibiachtúil ann agus nach mbeadh conclúidí an Choimisiúin bunaithe ach ar fhéidearthachtaí agus ar thoimhdí. Thagair sé don Tuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT i gcás US – Hot Rolled Steel (20) inar tugadh dá aire nach mór brath ar fhianaise ‘dheimhneach, oibiachtúil agus infhíoraithe’ sna himscrúduithe seachas ar amhantraíocht ná ar thoimhdí.

(111)

Dheimhnigh an Coimisiún gur cinntíodh, ar bhonn an tarlaithe roimhe seo, cineál agus méid na gcostas dá dtagraítear in aithris 242 den Rialachán sealadach le linn chuairteanna fíorúcháin ar tháirgeoirí an Aontais. Agus oibleagáid dhlíthiúil na gcostas sin á tabhairt dá aire aige, dheimhnigh an Coimisiún an chinnteacht go dtarlóidh na costais sin amach anseo. Diúltaítear don mhaíomh, dá bhrí sin.

(112)

Chuir FY Feed agus YB barúlacha isteach maidir le ríomh a bpraghsanna CAL sna ríomhanna gearrdhíola. Go háirithe, mhaígh sé go ndearna an Coimisiún tearcluacháil ar na dleachtanna custaim is infheidhme toisc nach gcuirfeadh sé i bhfeidhm iad maidir leis na ceannteidil taraife ábhartha uile lena mbaineann dleachtanna custaim le haghaidh allmhairí ón tSín. Mhaígh siad go ndéanfaí tearcluacháil leis an earráid sin ar an bpraghas CAL sin agus, dá bhrí sin, gur méadódh an corrlach gearrdhíola go míchuí léi.

(113)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na ríomhanna agus shuigh sé nár chuir sé, go hearráideach, na rátaí dleachta custaim i bhfeidhm go comhsheasmhach, nuair a measadh é a bheith iomchuí, ar phraghsanna onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, cheartaigh sé an earráid chléireachais sin, rud a d’fhág go ndearnadh athbhreithniú ar na corrlaigh díobhála uile.

(114)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Aocter barúlacha isteach maidir le ríomh luach CAL a úsáideadh chun an corrlach díobhála a ríomh, é ag maíomh gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as lasta farraige iarbhír an táirge faoi imscrúdú a allmhairíodh isteach san Aontas.

(115)

Mar a thug Aocter dá aire ina n-aighneacht, ba ar luach CAL a úsáideadh i ríomh an chorrlaigh díobhála a bunaíodh na luachanna CAL sin a thuairiscigh Aocter. Bunaíodh na sonraí sin ar mheastacháin réasúnacha, a rinne Aocter féin agus a bhí mar chuid den fhíorú a rinneadh in áitreabh Aocter. Ní raibh aon chúis ag an gCoimisiún na luachanna CAL sin a cheartú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(116)

In éagmais aon bharúil eile, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí 236 go 245 den Rialachán sealadach.

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(117)

In éagmais barúlacha maidir le leas thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún aithris 251 den Rialachán sealadach.

7.2.   Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(118)

In éagmais barúlacha maidir le leas na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, dheimhnigh an Coimisiún aithris 253 den Rialachán sealadach.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(119)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’áitigh CFNA go gcuirfear, leis na dleachtanna frithdhumpála, bac iomlán nach mór ar allmhairí ón tSín agus d’áitigh sé go bhfuil sciar 87 % den mhargadh ag an tSín. Dá bhrí sin, dar le CFNA, bheadh na bearta ina gcúis le luaineacht thromchúiseach sa mhargadh.

(120)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús nárbh é 87 % an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach [32 %-37 %], mar a léirítear i dTábla 3 den Rialachán sealadach. Thairis sin, ní raibh bunús le maíomh CFNA, agus thug an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais níos mó ná an tomhaltas san Aontas. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh go mbeadh na bearta ina gcúis le luaineacht thromchúiseach sa mhargadh lena ndéanfaí difear díréireach d’úsáideoirí nó d’aon pháirtí eile.

(121)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt CFNA go raibh caidreamh soláthair bunaithe ag go leor úsáideoirí le honnmhaireoirí na Síne agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh forchur na mbeart isteach ar shlabhra soláthair an Aontais mar sin féin. D’áitigh Kirsch go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag forchur na mbeart frithdhumpála ar an slabhra soláthair le haghaidh clóiríd choilín de ghrád bia, agus go mbeadh éifeachtaí aige sin ar tháirgeadh an bhainne foirmle do naíonáin agus ar chothú cliniciúil san Aontas.

(122)

Mheabhraigh an Coimisiún go n-athbhunófaí cothrom iomaíochta le forchur na mbeart agus, ar an gcaoi sin, go n-áiritheofaí slabhra soláthair cobhsaí na clóiríde coilín, ó fhoinsí éagsúla, i margadh an Aontais i bhfabhar úsáideoirí an Aontais. Mar a léirítear in aithris 37, 5 % de mhargadh an Aontais ar a mhéad atá sa mhargadh de ghrád bia agus mar thoradh ar an dumpáil dhíobhálach, dhírigh tionscal an Aontais, ar mhaithe lena mharthanas, ar an margadh mór beatha. Agus bearta frithdhumpála i bhfeidhm, is féidir a bheith ag súil leis go ndíreoidh tionscal an Aontais arís ar an margadh bia agus go n-úsáidfidh sé níos mó acmhainneachta chun freastal air, chun tairbhe an tionscail úsáideoirí ábhartha. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nach ndéanfaidh na bearta difear míchuí do shlabhra soláthair na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh ó CFNA agus Kirsch.

(123)

In éagmais barúlacha eile maidir le leas na n-úsáideoirí, dheimhnigh an Coimisiún aithris 256 den Rialachán sealadach.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(124)

In éagmais barúlacha eile maidir le leas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún aithris 257 den Rialachán sealadach.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(125)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(126)

San éisteacht tar éis an nochta deiridh, mhol Kirsch taraif-chuóta le haghaidh cainníocht a chomhfhreagraíonn dá n-allmhairí, is infheidhme maidir le clóiríd choilín de ghrád bia, agus léi sin amháin. Tar éis don Choimisiún a shuí nach bhfuil aon chúis láidir ann clóiríd choilín de ghrád bia a eisiamh ón raon táirge (féach Roinn 2.2.1. thuas) agus gur chun leasa an Aontais é bearta a fhorchur, mheas sé go mbainfeadh taraif-chuóta le haghaidh cineál táirge ar leith an bonn d’éifeachtacht na mbeart. Dhiúltaigh an Coimisiún d’iarraidh Kirsch dá réir sin.

(127)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Shandong Aocter Feed Additives Co., Ltd.

115,9

Shandong FY Feed Technology Co., Ltd.

90,0

Shandong Yinfeng Biological Technology Co., Ltd.

90,0

Cuideachtaí comhoibríocha eile

94,9

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

115,9

(128)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo i ndáil leis na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhiú de na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(129)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (21). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(130)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí i láthair údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(131)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(132)

Má thagann méadú mór ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha lena dhéanamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta/dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(133)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh na n-allmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(134)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil gaol aige le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(135)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

8.3.   Bailiú cúlghabhálach

(136)

Mar a luaitear i Roinn 1.2 thuas, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.

(137)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(138)

De bhun Airteagal 10(4)(d) den bun-Rialachán, tá gá le ‘ardú mór ó thaobh allmhairí a bheith ann, de bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ardú is dócha a bhainfidh an bonn go tromchúiseach d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála a bheidh le cur i bhfeidhm, i bhfianaise uainiú, méide agus cúinsí eile a bhaineann leis an ardú suntasach sin.’

(139)

I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún ar dtús comparáid idir meánmhéideanna allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na meánmhéideanna míosúla allmhairí le linn na tréimhse ón mí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach. Shuigh an Coimisiún méadú 34 % ar allmhairí ón tSín.

(140)

Mar sin féin, tá méadú tagtha ar phraghsanna allmhairí na Síne ó tionscnaíodh an t-imscrúdú reatha, agus bhí meánphraghsanna 29 % níos airde orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún sa chomhad go ndéanfaí díobháil bhreise do thionscal an Aontais in ainneoin an mhéadaithe sin ar phraghsanna.

(141)

Ar an mbonn sin, agus go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe nach beag ar phraghsanna allmhairí ón tSín ó tionscnaíodh an t-imscrúdú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh na coinníollacha mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta frithdhumpála cinntithí.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(142)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(143)

Na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clóiríde coilín, i ngach foirm agus íonacht, bíodh sí ar iompróir nó ná bíodh, ina a bhfuil íoschion clóiríde coilín 30 % de réir meáchain, gan teitrihiodráit clóiríde coilín fosfairile cailciam a áireamh, ag a bhfuil uimhir CAS 72556-74-2, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 2923 10 00 , ex 2309 90 31 , ex 2309 90 96 , ex 2106 agus ex 3824 99 96 (cóid bhreise TARIC mar a liostaítear i mír 2 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne í.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

Shandong Aocter Feed Additives Co., Ltd., Cathair Liaocheng, Cúige Shandong

115,9

89RB

Shandong FY Feed Technology Co., Ltd, Cathair Binzhou, Cúige Shandong

90,0

89RC

Shandong Yinfeng Biological Technology Co., Ltd. Cathair Zouping, Cúige Shandong

90,0

89RD

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

94,9

Féach an Iarscríbhinn

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

115,9

89YY

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid i dtonaí) de chlóiríd choilín a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1288 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.

Airteagal 3

Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024);

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid mór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/6602, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6602/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/92 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2025 lena gcuirtear allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L 2025/92, 21.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/92/oj).

(4)  Luaitear an méid seo a leanas go sainráite sa doiciméad réamhnochta: ‘Ba cheart barúlacha a bheith teoranta do chruinneas na ríomhanna. Ag an gcéim seo, ní chuireann an Coimisiún barúlacha san áireamh ach amháin maidir le hearráidí cléireachais. Áirítear orthu sin earráidí sa suimiú, dealú, nó i bhfeidhm uimhríochtúil eile, earráid a bhíonn ann de bharr cóipeáil mhíchruinn, dúbailt, aonaid tomhais nó rátaí comhshó neamhréireacha a chur i bhfeidhm agus aon chineál earráide comhchosúla eile a mheasann an Coimisiún a bheith ina earráid chléireachais. Ní bhreithneofar aon bharúil eile go dtí go nochtfar na bearta sealadacha’.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1288 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí clóiríde coilín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 2025/1288, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1288/oj).

(6)  Déanann CFNA ionadaíocht san imeacht seo ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas: Taian Havay Chemicals Co.,Ltd, Liaoning Biochem Co., Ltd., Shandong Aocter Feed Additives Co., Ltd. agus Shandong FY Feed Technology Co., Ltd.

(7)  Aighneacht arna clárú le tagairt TRON t25.007798.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 795/2013 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2013 maidir le húdarú clóiríde coilín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 224, 22.8.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/795/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1925/oj).

(10)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(12)  Tá an fhianaise a chuirtear ar fáil faoi réir cóipchirt agus ní féidir í a nochtadh.

(13)  Cinneadh ón gCoimisiún 2012/343/AE an 27 Meitheamh 2012 lena bhfoirceanntar na himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí próitéine soighe tiubhaithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 168, 28.6.2012, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/343/oj).

(14)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:62014TJ0160.

(15)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:62009TJ0512(01).

(16)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:62021TJ0326.

(17)  De réir an Mheasúnaithe ar an mbreiseán beathaithe ina bhfuil clóiríd choilín le haghaidh gach speicis ainmhíoch maidir le hathnuachan an údaraithe a d’eisigh EFSA, ‘socraítear leis an údarú atá ann faoi láthair íoschion íonachta clóiríde coilín 99 % ar bhonn ainhidriúil sa tsubstaint ghníomhach’.

(18)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).

(19)  Aighneacht TRON t25.007296.

(20)   https://www.wto.org/english/tratop_e/dispu_e/184abr_e.pdf, mír 192.

(21)  Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um an Trádáil, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(22)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh:

Ainm

Cód breise TARIC

Liaoning Biochem Co., Ltd

89RE

Be-Long (North) Corporation

89RF

Shandong Jujia Biotech Co., Ltd

89RG

Taian Havay Chemicals Co., Ltd

89RH


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2589/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top