This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2342
Commission Regulation (EU) 2025/2342 of 13 November 2025 establishing a fisheries closure for redfish in international waters of 1 and 2 for vessels flying the flag of or registered in a Member State of the European Union
Rialachán (AE) 2025/2342 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach
Rialachán (AE) 2025/2342 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach
C/2025/7651
IO L, 2025/2342, 18.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2342/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2342 |
18.11.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2342 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Samhain 2025
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2025. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta sin le haghaidh 2025 ídithe ag gabhálacha an stoic péirsí mara in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 a rinne soithí faoi bhratach Páirtí Chonarthaigh sa Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh nó soithí atá cláraithe i bPáirtí Conarthach sa Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh. |
|
(3) |
De bhrí go mbíonn soithí atá faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach ag déanamh iascaireachta ar an stoc sin, is gá toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh 2025 ar Pháirtithe Conarthacha sa Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, i gcomhair an stoic péirsí mara in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach a dhéanann iascaireacht faoin gcuóta a chionroinntear ar ‘eile’. Go sonrach, toirmeascfar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
12/TQ202 |
|
Ballstát |
An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) |
|
Stoc |
RED/1/2INT |
|
Speiceas |
An phéirse mhara (Sebastes spp.) |
|
Limistéar |
Uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1 agus 2 |
|
Dáte an iaimh |
22 Deireadh Fómhair 2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2342/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)