Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2328

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2328 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach a bhí teoranta do dhíobháil

C/2025/7670

IO L, 2025/2328, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2328/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 26/02/2026: This act has been changed. Current consolidated version: 26/11/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2328/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2328

25.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2328 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach a bhí teoranta do dhíobháil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 19 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014 ón gCoimisiún (2), tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais (‘an t-imscrúdú bunaidh’), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach (‘GFR’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) agus tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála, leasaigh an Coimisiún an dleacht frithdhumpála bhunaidh go luachanna idir 0 % agus 19,9 % agus d’fhorchuir sé dleacht frithchúitimh bhreise idir 4,9 % agus 10,3 %. Bhí na bearta frithchúitimh agus frithdhumpála comhcheangailte a tháinig as sin idir 4,9 % agus 30,2 %.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún (3), tar éis athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála, choinnigh an Coimisiún na bearta sin ar bun mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún (4), tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh ar na bearta frithchúitimh, choinnigh an Coimisiún na bearta sin ar bun mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452 ón gCoimisiún (5), tar éis athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála, choinnigh an Coimisiún na bearta sin ar bun mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014.

(5)

Dá bhrí sin, tá na bearta frithchúitimh agus frithdhumpála comhcheangailte a eascraíonn as sin idir 4,9 % agus 30,2 %.

(6)

Tá bearta i bhfeidhm freisin maidir le hallmhairí GFR de thionscnamh na hÉigipte, arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún (6) tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais. Is é 13,1 % an dleacht ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte bunaithe ar leibhéal an fhóirdheonaithe.

1.2.   Imscrúduithe leanúnacha eile ar an táirge céanna

(7)

An 30 Lúnasa 2024, thionscain an Coimisiún athbhreithniú eatramhach iomlán ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7).

(8)

An 17 Feabhra 2025, thionscain an Coimisiún imeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Bhairéin, na hÉigipte agus na Téalainne. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8).

1.3.   Tionscnamh

(9)

An 30 Lúnasa 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) páirt-athbhreithniú eatramhach a bhí teoranta do dhíobháil na mbeart frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí GFR de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn Airteagal 19 den ‘bhun-Rialachán’. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (9) (‘an fógra tionscnaimh’).

(10)

Thionscain an Coimisiún an t-athbhreithniú sin tar éis iarraidh a chuir Glass Fibre Europe (‘an t-iarratasóir’) isteach an 3 Meitheamh 2024. Rinneadh an iarraidh ar athbhreithniú thar ceann thionscal GFR an Aontais de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán. Bhí fianaise san iarraidh ar athbhreithniú ar athruithe de chineál marthanach i struchtúr thionscail GFR an Aontais, chomh maith leis an díobháil ábhartha a d’eascair as sin a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.4.   Páirtithe leasmhara

(11)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, allmhaireoirí aitheanta, úsáideoirí chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith imníoch faoi thionscnamh an imscrúdaithe go sonrach ar an eolas agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.5.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(13)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige dleacht frithchúitimh chinntitheach a choinneáil ar bun ar allmhairí GFR de thionscnamh na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Barúlacha a chuir Glass Fibre Europe agus PROXIM isteach tar éis an nochta, tugadh aghaidh orthu sa roinn ábhartha thíos.

(14)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Mar sin féin, níor iarradh aon éisteach agus níor lorgaíodh aon idirghabháil ón Oifigeach Éisteachta.

1.6.   Sampláil

(15)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar pháirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

Táirgeoirí de chuid an Aontais a shampláil

(16)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn táirgthe agus díolachán ina raibh trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Bhain táirgeoirí sampláilte an Aontais le níos mó ná 60 % de mhéid iomlán measta na táirgeachta agus níos mó ná 69 % de dhíolacháin iomlána measta an táirge chomhchosúil san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(17)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a shonraítear san fógra tionscnaimh a sholáthar.

(18)

Níor fhreagair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhoirm samplála. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(19)

D’fhoilsigh an Coimisiún ar líne (10) na ceistneoirí le haghaidh na n-úsáideoirí, na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus tháirgeoirí an Aontais.

(20)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir uile de chuid an Aontais a roghnaíodh sa sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais.

(21)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an díobháil a d’eascair as sin agus maidir le leas an Aontais. Is in áitreabh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí de chuid an Aontais

3B Fibreglass Company Sprl, Battice, an Bheilg;

European Owens Corning Fiberglas SPRL, Watermael-Boitsfort, an Bheilg;

Johns Manville Slovakia, Trnava, an tSlóvaic.

1.8.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(22)

Chumhdaigh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). Chumhdaigh an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(23)

Is éard atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo snáitheanna snáithíní gloine mionghearrtha, nach bhfuil níos mó ná 50 mm ar fad; caisirníní snáithíní gloine, seachas caisirníní snáithíní gloine atá tuilte agus brataithe agus ar mó ná 3 % a gcaillteanas ar a n-adhaint (arna chinneadh le Caighdeán ISO 1887); agus mataí atá déanta as filiméid snáithíní gloine seachas mataí olla gloine, (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC 7019 11 00 , ex 7019 12 00 , 7019 14 00 agus 7019 15 00 (cóid TARIC 7019 12 00 22, 7019 12 00 25, 7019 12 00 26, 7019 12 00 39). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

(24)

Is é an táirge faoi athbhreithniú an t-amhábhar is minice a úsáidtear chun roisíní teirmeaplaisteacha agus teirmithéachta a threisiú i dtionscal na n-ábhar comhchodach. Úsáidtear na hábhair chomhchodacha a eascraíonn as sin (plaistigh threisithe de shnáithín gloine filiméid) i líon mór tionscal: tionscal na ngluaisteán, leictreachas/leictreonaic, lanna muilinn gaoithe, tógáil/foirgníocht, umair/píopaí, earraí tomhaltais, tionscal aeraspáis/míleata, etc.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(25)

Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’).

2.3.   An táirge comhchosúil

(26)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na saintréithe fisiceacha ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(27)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

2.4.   Maímh maidir le raon feidhme an táirge

(28)

Tar éis an nochta, chuir Glass Fibre Europe barúlacha isteach maidir le raon táirge na mbeart.

(29)

Fuarthas na barúlacha sin tar éis an sprioc-ama a leagadh síos chun barúlacha a chur isteach maidir leis an nochtadh deiridh. Ina theannta sin, tagann ceist an raoin táirge lasmuigh de raon feidhme na n-imeachtaí seo atá teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar dhíobháil agus ar chúisíocht.

(30)

Ar na cúiseanna sin, níor chuir an Coimisiún an aighneacht san áireamh agus dhiúltaigh sé don iarraidh.

3.   ATHRUITHE DE CHINEÁL MARTHANACH I STRUCHTÚR THIONSCAL AGUS MHARGADH AN AONTAIS

(31)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún gur bhain na hathruithe marthanacha a bhaineann le díobháil le hathruithe suntasacha ar struchtúr thionscal an Aontais mar gheall ar bhrú ionsaitheach méadaithe ó allmhairí ón tSín i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna de bharr ró-acmhainneachtaí GFR na Síne.

(32)

Deimhníodh san imscrúdú gur chuir an ró-acmhainneacht leanúnach sa tSín, mar aon le praghsáil ionsaitheach, bac suntasach ar fhás thionscal GFR an Aontais. Níor éirigh le táirgeoirí de chuid an Aontais ach méaduithe teoranta ar acmhainneacht a bhaint amach trí shaoráidí atá ann cheana a bharrfheabhsú. Tar éis bearta trádála breise a chur chun feidhme in 2014, lean onnmhairí na Síne de bhrú a chur ar mhargadh an Aontais, rud a d’fhág gur scoir roinnt táirgeoirí. In 2009, le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, bhí aon táirgeoir déag GFR san Aontas. Faoi 2021, ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, bhí an líon sin laghdaithe go deich gcinn. Go háirithe, scoir P-D Glasseiden den táirgeadh sa Ghearmáin in 2019. Le déanaí, chuir Krosglass deireadh le táirgeadh GFR i mí Iúil 2023 chun díriú ar ghníomhaíochtaí iartheachtacha. Ina theannta sin, dhearbhaigh NEG NL féimheacht (11) go príomha mar gheall ar chostais fuinnimh atá ag dul i méid agus laghdú ar an éileamh ón earnáil mótarfheithiclí, arbh í an príomh-mhargadh deiridh dá tháirgí snáithín gloine optúil. Dá réir sin, leis an nochtadh breise sin, níor laghdaíodh líon na dtáirgeoirí ach go dtí ocht gcinn. Ag an am céanna, tá deireadh curtha ag Electric Glass Fiber UK le táirgeadh GFR (12) in 2025. De bharr nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ina cuid den Aontas Eorpach a thuilleadh ó bhí 1 Eanáir 2021 ann, ní athraíonn an fhorbairt sin líon tháirgeoirí an Aontais, cé go laghdaíonn sí an soláthar réigiúnach atá le fáil agus go bhfuil sí mar chuid de na hathruithe marthanacha a dhéanann difear do mhargadh an Aontais.

(33)

Ag féachaint ar éabhlóid na hacmhainneachta táirgeachta, cé nach ndearnadh measúnú ar acmhainneacht i margadh an Aontais ach amháin i gcás na dtáirgeoirí sampláilte san imscrúdú bunaidh agus nach féidir í a úsáid mar phointe tagartha ina leith sin, measadh gur 770 642 tona a bhí in acmhainneacht táirgeachta an Aontais in 2019 in athbhreithniú éaga 2021 ar na bearta frithchúitimh (13). Os a choinne sin, san imscrúdú reatha, tháinig laghdú ar an acmhainneacht ó 711 692 thona in 2021 go 651 196 thona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (– 9 %), i.e. thart ar 10 % faoi bhun leibhéal 2015. Fiú nuair nach gcuirtear táirgeoir na Ríochta Aontaithe san áireamh sna táscairí iar-Brexit, deimhníodh an treocht anuas a bhaineann leis an acmhainneacht táirgeachta.

(34)

Agus comparáid á déanamh idir na sonraí a bhí ar fáil ón imscrúdú bunaidh, thit díolacháin thionscal an Aontais ó 737 818 dtona in 2006 go 520 064 thona le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus laghdaigh an sciar den mhargadh ó 75,1 % go 69,5 % le linn na tréimhse céanna. Os a choinne sin, san imscrúdú reatha, laghdaigh díolacháin an Aontais síos go dtí 337 898 dtona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an sciar den mhargadh ag titim go 40 % sa tréimhse sin, rud léiríonn go bhfuil díolacháin an Aontais tar éis leibhéil a shroicheadh atá i bhfad faoi bhun na leibhéal a bhí ann i lár na mblianta 2000 agus níos tábhachtaí fós go bhfuil an sciar den mhargadh tar éis crapadh thart ar 30 %, ar léiriú é ar mheath marthanach staid thionscal an Aontais.

(35)

Rinne bunú cuideachtaí faoi úinéireacht na Síne a tháirgeann GFR i dtríú tíortha amhail an Éigipt agus Bairéin (14) difear freisin don staid ar mhargadh an Aontais. Tar éis bhunú na gcuideachtaí san Éigipt, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh ar allmhairí GFR ón Éigipt (15) arb é is aidhm dóibh cothrom iomaíochta a athbhunú i bhfianaise na n-allmhairí fóirdheonaithe a rinne díobháil do thionscal an Aontais. Thairis sin, tháinig méaduithe breise ar acmhainneacht i dtáirgeadh GFR san Éigipt (16) agus i mBairéin (17). D’ainneoin na mbeart a rinneadh in aghaidh allmhairí GFR ón tSín, bhí tionscal an Aontais fós faoi bhrú leanúnach ó insreafaí athfhillteacha GFR arna dtrádáil go héagórach ag teacht ó líon méadaithe tríú tíortha, lena n-áirítear saoráidí atá faoi rialú na Síne i mBairéin agus san Éigipt, rud a mhéadaigh go mór a sciar de mhargadh an Aontais. An 17 Feabhra 2025, thionscain an Coimisiún imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí GFR de thionscnamh Bhairéin, na hÉigipte agus na Téalainne (18).

(36)

Shuigh an Coimisiún freisin gur tharla athruithe struchtúracha i margaí fuinnimh an Aontais. Cé gur thit costais fuinnimh ó bhuaicphointe 2022 faoi dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’fhan siad os cionn na leibhéal a bhí i réim ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. Mheas an Coimisiún nach dócha go bhfillfidh praghsanna gáis ar na leibhéil a breathnaíodh ná nach gcobhsóidh siad go daingean go dtí lár 2021. Ón mbliain sin i leith, tá an spleáchas sin laghdaithe de réir a chéile ag formhór na mBallstát a bhí ag brath roimhe seo ar allmhairí píblíne gáis nádúrtha ón Rúis. Tar éis don Rúis fogha míleata gan údar a thabhairt faoin Úcráin, chuir an tAontas agus a Bhallstáit dlús le bearta treisithe chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus chun deireadh a chur leis an spleáchas ar ghás na Rúise. Sa chomhthéacs sin, tá 17 gcríochfort GNL nua ar a laghad beartaithe nó á dtógáil (19). I bhfianaise scála na hinfheistíochta a cheanglaítear le haghaidh bhonneagar GNL agus ghealltanas soiléir an Aontais deireadh a chur leis an spleáchas ar ghás píblíne na Rúise (20), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur beag seans go bhfillfidh an tAontas ar ghás na Rúise a fhoinsiú sna méideanna agus ag na praghsanna a bhí i réim roimh 2021. Dá réir sin, ní mór coinne a bheith leis go bhfanfaidh praghsanna gáis i bhfad níos airde ná na praghsanna a chonacthas go dtí an chéad leath de 2021.

(37)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfeidhmíonn tionscal an Aontais i gcomhthéacs oibleagáidí comhshaoil agus oibleagáidí a bhaineann le fuinneamh atá ag éirí níos déine. I bpáipéar seasaimh 2023 uaidh, thug an t-iarratasóir rabhadh go bhfuil ar tháirgeoirí GFR de chuid an Aontais aghaidh a thabhairt ar chostais oibriúcháin atá ag dul i méid agus atá nasctha le comhlíonadh comhshaoil agus fuinnimh (21). I ndáil leis sin, léiríodh i measúnú saolré a rinneadh le déanaí lena gcumhdaítear thart ar 95 % de tháirgeacht fabraicí snáithíní gloine an Aontais go bhfuil meánlorg comhshaoil 2,2 kg d’astaíochtaí CO2 agus 39 MJ d’ídiú fuinnimh phríomhúil i gceist le monarú cileagraim amháin fabraice (22). Idir 2015 agus 2021, tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas fuinnimh ar fud an tionscail agus tháinig laghdú 3 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sonraítear leis na figiúirí sin, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta, go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise substaintiúla chun laghduithe breise a dhéanamh. Thairis sin, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil coinne le costais chomhlíontachta bhreise ar tháirgeoirí an Aontais mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais i réimse chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), arna leasú le Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24)), chomh maith le bearta eile aeráide agus geilleagair chiorclaigh ar cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip iad. I dteannta a chéile, deimhnítear leis na torthaí sin go bhfuil coinne le méadú ar chostais chomhshaoil do thionscal an Aontais sna blianta amach romhainn. Is athrú marthanach é sin ar struchtúr costais thionscal an Aontais.

(38)

Meabhraíonn an Coimisiún go n-úsáidtear an táirge lena mbaineann go príomha mar ábhar treisithe i dtáirgeadh na n-ábhar comhchodach. Tá níos mó ná 95 % den éileamh ar shnáithín gloine san Aontas nasctha le feidhmeanna treisithe den sórt sin. Le déanaí, áfach, tá margadh an Aontais le haghaidh ábhair chomhchodacha i ndiaidh crapadh. Tháinig laghdú 9 % ar mhéideanna táirgeachta plaisteach atá treisithe le snáithín gloine san Eoraip in 2022 agus laghdú 8 % breise in 2023 (25), rud a d’fhág go raibh an t-aschur iomlán laghdaithe go 2,4 milliún tona in 2024, leibhéal nach bhfacthas ó bhí 2012 ann. An tráth céanna, tháinig méadú thart ar 6 % in 2023, ar tháirgeacht dhomhanda na n-ábhar comhchodach, rud a chuir i dtábhacht an laghdú ar sciar an Aontais den mhargadh. Tá tionchar díreach ag an gcrapadh sin ar an éileamh ar na bunfhoirmeacha snáithíní gloine a chumhdaítear leis an athbhreithniú reatha. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an laghdú ar éileamh an Aontais ar ábhair chomhchodacha, mar aon le méadú ar tháirgeacht ar fud an domhain agus méadú ar allmhairí ó thríú tíortha, ina athrú marthanach ar imthosca an mhargaidh.

(39)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh, go raibh athruithe ar imthosca de chineál marthanach maidir le struchtúr thionscal agus mhargadh an Aontais a mheastar a bheith ina athrú ábhartha ar imthosca de réir bhrí Airteagal 19 den bhun-Rialachán.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(40)

Rinne deich dtáirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, agus scoir dhá tháirgeoir díobh den táirgeadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a luaitear in aithris 32. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán.

(41)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag 504 019 dtona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais mar a sholáthair Glass Fibre Europe é. Mar a shonraítear in aithris 16, roghnaíodh monarchana monaraíochta de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla a dhéanann tuairim agus 60 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(42)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn (i) mhéid na ndíolachán de thionscal an Aontais ar shaormhargadh an Aontais bunaithe ar shonraí arna soláthar ag GFE agus (ii) allmhairí ó thríú tíortha bunaithe ar shonraí arna mbaint as Eurostat (Comext).

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Iomlán an Aontais Tomhaltas (tonaí)

905 048

953 104

833 320

853 661

Innéacs

100

105

92

94

Foinse:

Sonraí arna soláthar ag GFE; Eurostat (Comext).

(43)

Tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas iomlán GFR san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an méadú a tugadh faoi deara in 2022 go príomha mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch tar éis deireadh a chur le bearta COVID-19 de réir mar a thosaigh úsáideoirí ag cur orduithe isteach arís chun fardail a athstocáil agus táirgeadh a atosú. Mar sin féin, le linn 2023 tháinig laghdú ar an éileamh ar GFR san Aontas cé gur le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tháinig téarnamh 2 % air. An laghdú ar thomhaltas agus an téarnamh lag ina dhiaidh sin cuireadh iad i leith ró-ordú sna blianta roimhe sin agus caiteachas tomhaltóirí níos faichillí mar gheall ar an timpeallacht eacnamaíoch i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar den mhargadh

(44)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ón tSín:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid allmhairí ón tSín (tonaí)

56 974

107 404

80 039

86 005

Innéacs

100

189

140

151

Sciar den mhargadh %

6

11

10

10

Innéacs

100

181

155

163

Foinse:

Eurostat (Comext).

(45)

Fiú leis na bearta atá i bhfeidhm, tháinig méadú 51 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise na forbartha a tháinig ar an tomhaltas, tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne ó 6 % in 2021 go 10 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghsanna

(46)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tSín:

Tábla 3

Praghsanna allmhairiúcháin

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Daon-Phoblacht na Síne (EUR/tona)

1 302

1 585

1 026

939

Innéacs

100

122

79

72

Foinse:

Eurostat (Comext).

(47)

Tháinig méadú 22 % ar mheánphraghas allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú isteach san Aontas ar dtús in 2022 mar gheall ar chostais loingseoireachta arda as an ngnáth a tháinig i ndiaidh deireadh a chur le bearta COVID-19. Féadadh titim shuntasach ar mheánphraghsanna allmhairiúcháin a thabhairt faoi deara ina dhiaidh sin. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe toisc go raibh meánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas 28 % níos ísle ná mar a bhí in 2021.

(48)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir an leibhéil díreach ón monarcha, agus

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó tháirgeoirí sampláilte na Síne san athbhreithniú eatramhach comhthreomhar ar na bearta frithdhumpála chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn Costais, árachais agus last-táille, mar aon le coigeartuithe iomchuí de réir gnáthdhleachtanna custaim, dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh, agus de réir costais iar-allmhairiúcháin.

(49)

I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin shampláilte Taishan Fiberglass Inc., rinneadh díolacháin a rinneadh faoi chomhaontú soláthair speisialta le táirgeoir de chuid an Aontais, European Owens Corning Fiberglas SPRL, a eisiamh ó na ríomhanna sladghearrtha toisc nár táirgeadh an táirge i gceist – snáithín gloine alcaildíonach a úsáidtear chun stroighin a threisiú – san Aontas. Déantar an táirge a mhonarú go heisiach sa tSín agus sa tSeapáin faoi chomhaontú soláthair seanbhunaithe idir an dá chuideachta seo, agus táirgeadh ag brath ar theicneolaíocht agus ionchuir dílseánaigh Owens Corning Fiberglas SPRL (e.g. boscra).

(50)

Léiríodh sa chomparáid, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, gur díoladh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne san Aontas ar phraghsanna a bhain an bonn de phraghsanna thionscal an Aontais, nuair a shloinntear iad mar chéatadán de phraghsanna thionscal an Aontais, faoi 16,64 % go 30,68 %, fiú nuair a áirítear na dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme.

(51)

Chomh maith le sladghearradh praghsanna, bhí sochtadh suntasach praghsanna ann freisin de réir bhrí Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán. Mar gheall ar an mbrú suntasach praghsanna de bharr na n-allmhairí fóirdheonaithe ar phraghas íseal ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a ardú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomhréir le forbairt na gcostas táirgthe agus iarracht á déanamh leibhéal réasúnta brabúis a bhaint amach ag an am céanna, mar a leagtar amach i dTábla 8 thíos. Deimhníodh an sochtadh suntasach praghsanna leis na sonraí i dTábla 3 freisin.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(52)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(53)

Mar a luaitear in aithris 16, úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(54)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na faisnéise a sholáthair GFE. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir.

(55)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an fhóirdheonaithe agus téarnamh ó fhóirdheonú roimhe sin.

(56)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(57)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

616 388

620 455

528 204

504 019

Innéacs

100

101

86

82

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

711 692

696 059

683 048

651 196

Innéacs

100

98

96

91

Úsáid acmhainneachta %

87

89

77

77

Innéacs

100

103

89

89

Foinse:

GFE.

(58)

Tháinig méadú beag ar an méid táirgeachta in 2022 i gcomparáid le 2021 tar éis mhaolú bhearta COVID-19, rud a d’éascaigh táirgeadh níos cobhsaí. Thairis sin, in 2022 mhéadaigh roinnt táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais méid na táirgeachta chun a stoic de tháirgí críochnaithe a charnadh toisc go raibh siad ag dul i dtreo atógáil phleanáilte na bhfoirnéisí. Mar sin féin, in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú suntasach ar an méid táirgeachta toisc go raibh táirgeoirí an Aontais ag díol stoc carntha agus, an tráth céanna, bhí éileamh laghdaithe roimh thionscal an Aontais agus tháinig méadú ar allmhairí GFR ón tSín ar phraghsanna ísle.

(59)

Tháinig laghdú comhsheasmhach ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú 9 % uirthi. Mar a mhínítear in aithris 32, ba é ba chúis leis an laghdú ar an acmhainneacht táirgeachta gur scoir roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais den táirgeadh, agus gur chuir Krosglass S.A. stop le táirgeadh GFR sa Pholainn agus gur chuir Electric Glass Fiber NL, B.V. tús le himeachtaí féimheachta. Ina theannta sin, tar éis Brexit, eisiadh NEG UK ó thionscal an Aontais, rud a chuir leis an laghdú dealraitheach ar acmhainneacht i gcomparáid leis an imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo freisin.

(60)

Tháinig laghdú 10 bpointe céatadáin ar úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú toisc gur tháinig laghdú níos mó ar an méid táirgeachta ná ar an acmhainneacht táirgeachta.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(61)

Tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar an margadh saor agus ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 5

Méid na ndíolachán ar an margadh saor agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

405 241

373 138

341 558

337 898

Innéacs

100

92

84

83

Sciar den mhargadh %

45

40

42

40

Innéacs

100

88

93

90

Foinse:

GFE.

(62)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhain treochtaí anuas suntasacha leis an méid díolacháin ar mhargadh saor an Aontais agus leis an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí de chuid an Aontais, rud a léirigh laghdú ar an éileamh in éineacht le méadú ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna ísle. Ag an am céanna, cé gur tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas an tsaormhargaidh, tháinig laghdú níos mó fós ar mhéid díolachán thionscal an Aontais sa tslí is gur tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 45 % in 2021 go 40 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(63)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid faoi chuing le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An méid faoi chuing ar mhargadh an Aontais agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid faoi chuing i Margadh an Aontais (tonaí)

104 510

103 486

94 143

94 536

Innéacs

100

99

90

90

Foinse:

GFE.

(64)

Tháinig laghdú 10 % ar an méid faoi chuing a bhí ag tionscal an Aontais (comhdhéanta d’aistrithe faoi chuing agus de dhíolacháin faoi chuing i margadh an Aontais) i margadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur lean díolacháin sa mhargadh saor agus sa mhargadh faoi chuing treocht chomhchosúil ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an laghdú ar dhíolacháin laistigh den mhargadh faoi chuing 7 bpointe céatadáin níos lú ná mar a bhí sa mhargadh saor.

4.4.2.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(65)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe

3 240

3 293

3 178

2 690

Innéacs

100

102

98

83

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

190

188

166

187

Innéacs

100

99

87

98

Foinse:

GFE.

(66)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, léirigh an líon fostaithe i dtionscal an Aontais méadú tosaigh agus laghdú ina dhiaidh sin araon. Comhfhreagraíonn an méadú tosaigh in 2022 i gcomparáid le 2021 don mhéadú ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin tar éis an mhaolaithe ar shrianta COVID-19. Ina dhiaidh sin, b’éigean do thionscal an Aontais an fhostaíocht a laghdú chun dul in oiriúint do dhálaí dúshlánacha an mhargaidh agus chun éifeachtúlacht oibríochtúil a choinneáil ar bun, agus chuir roinnt táirgeoirí den Aontas stad le táirgeadh GFR ar fad mar a mhínítear in aithris 32.

(67)

Tháinig laghdú ar tháirgiúlacht idir 2021 agus 2023 ó 190 MT/fostaí go 166 MT/fostaí sular tháinig méadú air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go 187 MT/fostaí tar éis crapadh suntasach san fhostaíocht. D’eascair na gnóthachain éifeachtúlachta freisin as infheistíocht a rinne roinnt táirgeoirí GFR de chuid an Aontais sna foirnéisí.

4.4.2.4.   Méid an fhóirdheonaithe agus an téarnaimh ó fhóirdheonú roimhe seo

(68)

Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach fóirdheonaithe iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tSín.

4.4.2.5.   Fás

(69)

Tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 16 % níos mó fós ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. Dá réir sin, chaill tionscal an Aontais sciar den mhargadh, rud a bhí contrártha don sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar sciar é a mhéadaigh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(70)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas (EUR/ tona)

1 100

1 540

1 343

1 209

Innéacs

100

140

122

110

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid (EUR/ tona)

1 161

1 437

1 458

1 351

Innéacs

100

124

126

116

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(71)

Tháinig méadú ar na meánphraghsanna díola in 2022 i gcomparáid le 2021 toisc go raibh táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais in ann an méadú ar chostais arna spreagadh ag boilsciú a chur ar aghaidh chuig custaiméirí mar gheall ar mhéadú beag ar an éileamh. In 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú ar mheánphraghsanna díola mar thoradh ar éileamh domhanda níos ísle ar an margadh agus brú méadaithe ar phraghsanna ó allmhairí de thionscnamh ón tSín.

(72)

Tháinig méadú 26 % ar chostais táirgthe aonaid ó 2021 go 2023 mar gheall ar mhéadú ar chostais saothair agus ar amhábhar. Ina theannta sin, bhí costais fuinnimh luaineach, rud a raibh tionchar suntasach aige ar thionscail a bhíonn ag brath go mór ar fhuinneamh. Laghdaigh costas aonaid an táirgthe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach d’fhan sé i bhfad os cionn leibhéal 2021, a bhuí le laghdú ar phraghsanna fuinnimh, feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus straitéisí bainistíochta costais a raibh rath orthu.

4.4.3.2.   Costais saothair

(73)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

59 946

64 857

66 777

66 728

Innéacs

100

108

111

111

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(74)

Lean an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí treocht aníos chomhsheasmhach le méadú foriomlán 11 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an méadú go príomha mar gheall ar bhrúnna sa mhargadh saothair, de réir mar a d’ardaigh cuideachtaí pá chun fostaithe a choinneáil agus a mhealladh i margadh fostaíochta docht iar-COVID ina raibh boilsciú ard.

4.4.3.3.   Fardail

(75)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Fardail

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

41 544

68 278

51 620

37 371

Innéacs

100

164

124

90

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(76)

Ba é tiomargadh straitéiseach ar stoc in oirchill atógáil phleanáilte na bhfoirnéisí ba chúis leis an méadú ar stoic in 2022. Bhí an méid sin ag teacht le tréimhse níos luaithe le linn COVID-19 nuair a tháinig borradh suntasach faoi éileamh, agus spreag fadhbanna sa slabhra soláthair táirgeoirí de chuid an Aontais chun ró-ordú a dhéanamh ar amhábhair chun ceanglais táirgeachta a chomhlíonadh. Tar éis atógáil na bhfoirnéisí a thabhairt chun críche, tháinig laghdú ar fhardail de réir mar a d’éirigh le táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais stoic a bhí ann cheana a dhíol in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(77)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

–5,4

8,0

–7,3

–10,6

Innéacs

100

148

– 136

– 198

Sreabhadh airgid (EUR)

10 165 478

26 151 455

20 865 951

56 808 127

Innéacs

100

257

205

559

Infheistíochtaí (EUR)

29 103 848

35 118 981

72 272 923

47 662 277

Innéacs

100

121

248

164

Toradh ar infheistíochtaí (%)

–6

13

–6

–9

Innéacs

100

228

– 109

– 166

Foinse:

táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(78)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Cé gur thabhaigh tionscal an Aontais caillteanais in 2021, tháinig méadú ar bhrabúsacht in 2022 toisc go bhféadfadh táirgeoirí sampláilte an Aontais an méadú ar chostais táirgthe aonaid a chur ar aghaidh chuig custaiméirí a bhuí le dálaí fabhracha margaidh a bhaineann le héileamh ard agus costais arda loingseoireachta. In 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, tháinig laghdú ar an mbrabúsacht mar gheall ar chostais mhéadaithe nach bhféadfaí a chúiteamh le méadú ar phraghsanna díola de bharr méadú ar mhéideanna allmhairí ón tSín a rinne sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais.

(79)

Tháinig méadú ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Baineann na hinfheistíochtaí sin go príomha le hatógáil foirnéisí tháirgeoirí sampláilte an Aontais arb é is aidhm dóibh fad saoil an trealaimh a áirithiú. Rinneadh na hinfheistíochtaí sin, a bhí beartaithe le fada an lá, i bhfianaise dhálaí neamhfhabhracha an mhargaidh a bhí i réim in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(80)

Léirigh an sreabhadh airgid ó 2021 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe luaineachtaí suntasacha arna spreagadh ag dálaí luaineacha sa mhargadh agus ag teorainneacha oibríochtúla sonracha i roinnt gléasraí mar thoradh ar atógáil foirnéisí a chur siar. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ba é 2022 an t-aon bhliain amháin inar bhain táirgeoirí sampláilte uile an Aontais brabúis nach beag amach, arna laghdú go páirteach i dtiomargadh stoc roimh atógáil phleanáilte na bhfoirnéisí, rud a d’fhág go raibh sreabhadh airgid dearfach ann. In 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’ainneoin caillteanais thromchúiseacha a bheith ann, d’fhan sreafaí airgid dearfach. D’fhéadfaí an cás sin, a bhfuil an chuma air go bhfuil sé ag teacht salach ar a chéile, go háirithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a lua den chuid is mó leis an tionchar suntasach dearfach ar shreabhadh airgid mar thoradh ar laghduithe ar leibhéil fardail a carnadh in 2022.

(81)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. An toradh ar infheistíocht a fhorbairt i gcomhréir leis an mbrabúsacht. Tháinig méadú air den chéad uair in 2022 sula ndeachaigh sé in olcas in 2023 agus níos faide fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a d’fhág go raibh sé níos deacra do thionscal an Aontais caipiteal a thiomsú agus fás.

4.4.4.   Conclúid maidir le díobháil

(82)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ní raibh tionscal an Aontais brabúsach ach in 2022, agus ina dhiaidh sin d’fhill sé ar chaillteanas a dhéanamh. In 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhain staid chaillteanais do thionscal an Aontais i gcomhthráth le méadú ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna níos ísle ná meánphraghsanna díola agus costais táirgthe thionscal an Aontais.

(83)

Bhí tionscal an Aontais in ann a leibhéal praghsanna a mhéadú in 2022 chun staid bhrabúsach a bhaint amach. Mar sin féin, in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú ar an difríocht idir praghsanna díola thionscal an Aontais agus praghsanna allmhairiúcháin ón tSín. Tháinig méadú 10 % ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú 28 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín sa tréimhse chéanna. Dá bhrí sin, lean praghsanna allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ón tSín treocht a bhí contrártha le treocht thionscal an Aontais. Mar thoradh air sin, cé gur cuireadh iallach ar thionscal an Aontais díol ar chaillteanas, chaill sé sciar den mhargadh chuig na hallmhairí ón tSín idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(84)

Léirigh beagnach gach táscaire díobhála treocht dhiúltach fhoriomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig meath ar an táirgeacht, ar an acmhainneacht táirgeachta, ar an úsáid acmhainneachta, ar an mbrabúsacht, ar an toradh ar infheistíochtaí, i gcomhréir le méideanna díolachán laghdaithe agus leis an sciar den mhargadh. In 2022, bhí an tAontas in ann téarnamh go pointe áirithe de réir mar a tháinig méadú ar an éileamh ar GFR tar éis deireadh a bheith curtha le bearta COVID-19. Mar sin féin, in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar gheall ar an méadú ar mhéid na n-allmhairí ar phraghsanna laghdaithe, tháinig meath breise ar staid thionscal an Aontais mar a léirítear lena chaillteanais mhéadaithe.

(85)

Mar a leagtar amach thuas, bhí táscairí eacnamaíocha eile amhail toradh ar infheistíocht diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé is moite den bhliain 2022. Rinne sé sin difear do chumas thionscal an Aontais oibríochtaí a fhéinmhaoiniú agus caipiteal a chruinniú, rud a chur bac ar an bhfás agus a chuir a mharthanas sa mheántéarma agus san fhadtéarma i mbaol fiú.

(86)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 8(4) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(87)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán, scrúdaíodh an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín.

(88)

I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca tosca aitheanta eile san am céanna. Maidir le haon díobháil go mb’fhéidir go ndearnadh le fachtóirí eile seachas leis na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár measadh gurbh iad na hallmhairí ba chúis leis an díobháil chéanna. Ba iad na tosca a mheas an Coimisiún allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais agus an méadú ar chostas amhábhar, costas fuinnimh ar thionscal an Aontais agus an crapadh ar éileamh.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheonaithe

(89)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhorbairt a tháinig mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus a dtionchar ar thionscal an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán.

5.1.1.   Cainníocht agus sciar de mhargadh na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann

(90)

Léiríodh san imscrúdú, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála agus frithchúitimh atá i bhfeidhm agus tomhaltas laghdaitheach, gur tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí fóirdheonaithe a rinne sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais ón tSín i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Agus 2021 á glacadh mar bhliain tagartha, tháinig méadú 51 % ar mhéid na n-allmhairí agus tháinig méadú ar sciar margaidh na n-allmhairí de thionscnamh na Síne ó 6 % in 2021 go 10 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(91)

An tráth céanna, tháinig laghdú cúig phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.1.2.   Praghas na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann agus an éifeacht ar phraghsanna

(92)

Tháinig laghdú 28 % ar mheánphraghsanna aonaid na n-allmhairí fóirdheonaithe idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus bhí siad níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse céanna.

(93)

Bhí tionscal an Aontais brabúsach in 2022 agus d’éirigh sé neamhbhrabúsach ina dhiaidh sin, rud a tharla i gcomhthráth leis an laghdú suntasach ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín. Fiú tar éis a phraghas díola a ísliú in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, theip ar thionscal an Aontais a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun. Bhí an laghdú sin chun aimhleasa brabúsachta, agus dá thoradh sin d’eascair staid chaillteanais as.

(94)

Ar bhonn an mhéid thuas, thángthas ar an gconclúid go raibh tionchar an-diúltach ag leibhéal praghsanna na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, go raibh ról cinntitheach aige sa díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.3.   Nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe ón tSín agus díobháil ábhartha thionscal an Aontais

(95)

Tháinig meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais i gcomhthráth le láithreacht mhéadaithe allmhairí fóirdheonaithe ón tSín. I gcomhthéacs margadh a bhí ag laghdú, bhí tionchar diúltach ag an sciar méadaithe den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín in éineacht lena meánphraghsanna díola ísle ar staid airgeadais thionscal an Aontais. Cé go raibh tionscal an Aontais in ann téarnamh in 2022, ní raibh sé in ann a phraghsanna díola a mhéadú go leordhóthanach chun na costais táirgthe mhéadaithe a chumhdach go hiomlán, mar gheall ar láithreacht mhéadaithe allmhairí fóirdheonaithe GFR ón tSín. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tharla an méadú ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna dumpáilte i gcomhthráth leis an meath suntasach ar staid thionscal an Aontais in 2023, a lean ar aghaidh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(96)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún gurbh iad na hallmhairí fóirdheonaithe ón tSín de réir bhrí Airteagal 8(5) den bhun-Rialachán ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne

(97)

Is ón Éigipt, ón Malaeisia agus ón Ríocht Aontaithe den chuid is mó a tháinig allmhairí GFR ó thríú tíortha seachas an tSín.

(98)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí GFR ó thríú tíortha eile:

Tábla 12

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An Mhalaeisia

Méid (tonaí)

136 086

114 844

76 909

84 827

 

Innéacs

100

84

57

62

 

Sciar den mhargadh (%)

14

12

9

10

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 049

1 389

1 146

975

 

Innéacs

100

132

109

93

An Éigipt

Méid (tonaí)

112 120

117 953

106 599

113 312

 

Innéacs

100

105

95

101

 

Sciar den mhargadh (%)

12

12

13

13

 

Meánphraghas (EUR/tona)

803

1 193

932

771

 

Innéacs

100

149

116

96

An Ríocht Aontaithe

Méid (tonaí)

34 509

57 306

50 127

47 437

 

Innéacs

100

166

145

137

 

Sciar den mhargadh (%)

4

6

6

6

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 017

1 331

1 397

1 273

 

Innéacs

100

131

137

125

Tríú tíortha eile nach luaitear thuas

Méid (tonaí)

182 171

173 659

165 869

170 443

 

Innéacs

100

95

91

94

 

Sciar den mhargadh (%)

20

18

20

20

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 049

1 396

1 356

1 331

 

Innéacs

100

133

129

127

Iomlán na dtríú tíortha uile (gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh)

Méid (tonaí)

160 116

173 659

165 869

170 443

 

Innéacs

100

108

104

106

 

Sciar den mhargadh (%)

18

18

20

20

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 069

1 595

1 299

1 164

 

Innéacs

100

149

121

109

Foinse:

Eurostat (Comext).

(99)

Léiríodh leis an treocht in allmhairí ón Malaeisia chuig an Aontas ó 2021 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe laghdú mór ar mhéid agus ar sciar den mhargadh araon, in éineacht le luaineachtaí sa phraghsáil. Tháinig laghdú mór ar mhéideanna allmhairí ó 136 086 thona in 2021 go 76 909 dtona in 2023, sular tháinig téarnamh beag go 84 827 dtona faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá réir sin, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Malaeisia ó 15 % go 9 % sular tháinig feabhas beag air go 10 %. Cé gur tháinig méadú 32 % ar an meánphraghas in aghaidh an tona ar dtús in 2022, bhí laghdú suntasach ann in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(100)

D’fhan na méideanna agus an sciar den mhargadh a bhain le hallmhairí GFR de thionscnamh na hÉigipte cobhsaí le linn luaineachtaí suntasacha sa phraghsáil, go háirithe i gcomparáid le meánphraghsanna an Aontais. Léirigh méideanna allmhairí na hÉigipte méadú beag thart ar 5 % ó 2021 go 2022, laghdú thart ar 10 % in 2023 agus filleadh beagnach ar na bunleibhéil faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a choinnigh sciar leanúnach 12 % den mhargadh a d’fhás beagán go 13 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’fhan praghsanna na hÉigipte níos ísle ná meánphraghsanna thionscal an Aontais agus praghsanna allmhairiúcháin na Síne araon.

(101)

Léirigh allmhairí GFR ón Ríocht Aontaithe isteach san Aontas idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe méadú ar mhéid, agus sciar réasúnta seasta den mhargadh. Tháinig méadú ar mhéideanna allmhairí ón Ríocht Aontaithe ó 2021 go 2022, sular tháinig laghdú thart ar 12 % orthu in 2023 agus laghdú 5 % eile orthu faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh ó 4 % go 6 % le linn 2022 agus d’fhan sé ar an leibhéal sin go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí an meánphraghas in aghaidh an tona ón Ríocht Aontaithe ar leibhéil chomhchosúla nó níos airde ná meánphraghas thionscal an Aontais, agus os cionn phraghas na n-allmhairí ón tSín. Tháinig méadú 31 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón Ríocht Aontaithe den chéad uair ó 2021 go 2022 agus lean siad de bheith ag méadú go EUR 1 397 in 2023, sular tháinig laghdú beag go EUR 1 273 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(102)

Tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí GFR ó thríú tíortha isteach san Aontas, cé is moite díobh sin a sonraíodh roimhe sin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’ainneoin laghdú 6 %, d’fhan a sciar den mhargadh réasúnta seasta ag 20 %. Ina theannta sin, bhí meánphraghsanna ó na tíortha sin níos airde ná praghsanna na n-allmhairí ón tSín.

(103)

Léirítear pictiúr measctha san anailís ar na sonraí allmhairiúcháin le haghaidh GFR ó thríú tíortha eile. Tháinig laghdú suntasach ar allmhairí ón Malaeisia i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus praghas orthu a bhí faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais. D’fhan allmhairí ón Éigipt cobhsaí agus praghas orthu a bhí faoi bhun mheánphraghsanna thionscal an Aontais freisin. Allmhairí ón Ríocht Aontaithe, cé gur tháinig méadú orthu, tháinig siad isteach san Aontas ar phraghsanna níos airde in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú suntasach ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha eile nach luaitear thuas i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí a leibhéal praghsanna os cionn leibhéal praghsanna thionscal an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, ní raibh aon mhéid suntasach d’allmhairí ó thríú tíortha a mhéadaigh a sciar den mhargadh fad is a bhí a bpraghsanna faoi bhun phraghsanna an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú nó i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go háirithe.

(104)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha eile an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí fóirdheonaithe ón tSín.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(105)

Tháinig forbairt ar mhéid onnmhairí thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 13

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí de chuid an Aontais

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid onnmhairí (tonaí)

83 052

85 859

88 712

105 695

Innéacs

100

103

107

127

Meánphraghas (EUR/tona)

1 204

1 807

1 715

1 620

Innéacs

100

150

142

135

Foinse:

GFE, Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(106)

Ó bhí 2021 ann, tháinig méadú de réir a chéile ar onnmhairí thionscal an Aontais ach d’fhan siad beag i gcomparáid leis na díolacháin iomlána. Bhí na honnmhairí sin comhdhéanta den chuid is mó de tháirgí de shonraíochtaí teicniúla níos airde, rud a chosain iad ar iomaíocht dhíreach praghsanna. Dá dhroim sin, d’fhéadfadh an tAontas praghsanna níos airde a bhaint amach do na táirgí GFR sin i margaí idirnáisiúnta i gcomparáid le margadh an Aontais. Léirigh sé sin fócas straitéiseach ar mhargaí nideoige ar an gcoigríoch.

(107)

Dá bhrí sin, níor mhaolaigh an méadú ar dhíolacháin onnmhairiúcháin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Os a choinne sin, chuir díolacháin onnmhairiúcháin ar chumas thionscal an Aontais feabhas a chur ar a staid airgeadais fhoriomlán a bhuí leis an méadú ar mhéid na ndíolachán agus baineadh amach leibhéil praghsanna a bhí níos airde ná mar a bhí ar mhargadh an Aontais.

5.2.3.   Costais fuinnimh agus amhábhar

(108)

Tháinig forbairt ar mheánphraghas fuinnimh thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 14

Praghsanna fuinnimh agus amhábhar san Aontas

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostas fuinnimh in aghaidh an tona san Aontas

210

412

233

204

Innéacs

100

197

111

97

Meánchostas na n-amhábhar in aghaidh an tona san Aontas

182

240

261

231

Innéacs

100

132

144

127

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte an Aontais.

(109)

Léirigh an treocht i bpraghsanna fuinnimh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú luaineacht shuntasach agus cobhsú faoi dheireadh. Rinneadh an méadú géar in 2022, i gcomparáid le 2021, níos measa mar gheall ar iarmhairtí an teannais gheopholaitiúil a rinne difear don soláthar fuinnimh go príomha mar gheall ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Bhí tionchar suntasach ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh ar chostais táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Faoi 2023, tháinig laghdú ar phraghsanna fuinnimh.

(110)

Léirigh an t-imscrúdú gur tháinig méadú substaintiúil ar chostas na bpríomh-amhábhar in 2022, rud a chuir le méadú suntasach ar an bpraghas díola aonaid toisc go bhféadfadh tionscal an Aontais na costais sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Os a choinne sin, cé gur lean costais amhábhair de bheith ag méadú in 2023, tháinig laghdú ar an bpraghas díola aonaid toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann na costais bhreise sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, cé gur tháinig laghdú ar chostais amhábhar i gcomparáid leis na costais a breathnaíodh sna blianta 2023 agus 2022, tháinig laghdú breise ar phraghsanna margaidh an Aontais toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a choinneáil ar bun ná a mhéadú mar gheall ar bhrú praghsanna ó allmhairí fóirdheonaithe ón tSín.

(111)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh éabhlóid na bpraghsanna fuinnimh agus chostais na n-amhábhar an nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

5.2.4.   Méid faoi chuing thionscal an Aontais

(112)

Mar a tugadh faoi deara in aithrisí 62 agus 64, léirigh díolacháin sa mhargadh saor agus sa mhargadh faoi chuing treocht chomhchosúil le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú níos moille ar dhíolacháin faoi chuing – go sonrach 7 bpointe céatadáin níos lú. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí díolacháin faoi chuing a mheas mar thosca a rinne dochar don ghaolmhaireacht chúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus a n-éifeacht ar thionscal an Aontais.

5.2.5.   Crapadh ar éileamh

(113)

Cé go raibh crapadh éigin ar an éileamh, mar a mhínítear in aithris 43, mhéadaigh allmhairí ón tSín a sciar den mhargadh ó 6 % in 2021 go 10 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tháinig laghdú ar mhéid na ndíolachán agus ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais. Ina theannta sin, thángthas ar chonclúid san imscrúdú freisin maidir le sladghearradh praghsanna agus sochtadh praghsanna ag allmhairí ón tSín.

(114)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh an crapadh ar éileamh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.3.   Conclúid maidir le cúisíocht

(115)

Tháinig meath foriomlán ar staid airgeadais thionscal an Aontais in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tharla na himthosca diúltacha sin ag an am céanna le sciar méadaithe den mhargadh d’allmhairí GFR ón tSín, a rinneadh ar phraghsanna a bhain an bonn de phraghsanna agus costais thionscal an Aontais d’ainneoin dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bheith ann.

(116)

Rinneadh anailís freisin ar thosca eile a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. I ndáil leis sin, fuarthas amach nár mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha eile, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, an méadú ar phraghsanna fuinnimh, forbairt ar an margadh faoi chuing agus crapadh ar éileamh an nasc cúisíoch a suíodh idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

6.   LEAS AN AONTAIS

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(117)

Suíodh san imscrúdú gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar a mhínítear in aithris 32, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chuir dhá tháirgeoir den Aontas stad iomlán le táirgeadh GFR mar gheall ar dhálaí margaidh neamhfhabhracha.

(118)

Leis an leasú ar bhearta, bheadh tionscal an Aontais in ann a sciar den mhargadh a choinneáil agus/nó a fháil ar ais, táirgeacht agus úsáid acmhainneachta a mhéadú, praghsanna a mhéadú chun costas táirgthe a chumhdach agus leibhéal brabúsachta a bhaint amach a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ar an mbonn sin, bheadh ar thionscal an Aontais filleadh ar staid inbhuanaithe a chuirfeadh ar a chumas infheistíochtaí a dhéanamh amach anseo.

(119)

Dá gcoinneofaí na bearta ar an leibhéal céanna, is dócha go gcaillfí a thuilleadh sciar den mhargadh agus go dtiocfadh meath ar bhrabúsacht, rud a d’iompaigh diúltach in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’fhéadfadh dúnadh breise saoráidí táirgthe agus dífhostú breise a bheith ann dá thoradh, rud a chuirfeadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol.

(120)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go rachadh an leasú ar na bearta frithchúitimh ar allmhairí GFR ón tSín chun leasa thionscal an Aontais.

6.2.   Leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe

(121)

Níor tháinig aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe chun cinn chun comhoibriú san imscrúdú seo trí fhreagra ar an gceistneoir a chur isteach.

(122)

Le linn an imscrúdaithe, níor tháinig ach dhá úsáideoir, Amiblu Holding GmbH agus F.S. Fehrer Automotive GmbH, chun cinn agus sholáthair siad freagraí an-easnamhach ar an gceistneoir. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe lena mbaineann an fhaisnéis a bhí fós in easnamh a sholáthar; níor chomhlíon siad an iarraidh sin, áfach, laistigh den tráthchlár a leagadh síos.

(123)

Tar éis an tionscnaimh, chuir úsáideoir eile, PROXIM, agóidí in aghaidh an leasaithe féideartha ar na bearta. Dhearbhaigh PROXIM nach raibh roinnt mhaith úsáideoirí ar an eolas faoin imscrúdú, rud a chuir cosc orthu an ceistneoir a chur isteach laistigh den tráthchlár ainmnithe.

(124)

Mar sin féin, rinne an Coimisiún gach beart is gá chun a áirithiú gur tugadh fógra cuí do gach úsáideoir aitheanta agus do gach allmhaireoir neamhchomhlachaithe a luaitear san iarraidh. Ina theannta sin, foilsíodh fógra tionscnaimh san Iris Oifigiúil, inar cuireadh na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoin imscrúdú. Foilsíodh ceistneoirí a bhí dírithe ar úsáideoirí agus ar allmhaireoirí ar shuíomh gréasáin an cháis freisin (26).

(125)

Ina aighneacht, mhaígh na húsáideoirí Tolnatext Fonalfeldolgozo es Müszakiszovet-gyàrto Bt. (‘Tolnatext’) agus an Dr. Günther Kast GmbH & Co., atá mar chuid de Ghrúpa KAST, go ndéanfadh cur chun feidhme beart trádála breise dochar do shlabhra soláthair éifeachtúil. De réir Tolnatext, d’ainneoin iad a bheith faoi chosaint ag na bearta atá ann cheana, níor mhéadaigh táirgeoirí an Aontais a n-acmhainneacht chun GFR a sholáthar do mhargadh an Aontais chun comhlíonadh go leordhóthanach ar éilimh na n-úsáideoirí. Thairis sin, thug siad dá n-aire nach dtáirgtear caisirníní áirithe amhail caisirníní íseal-teics laistigh den Aontas, agus, i gcás roinnt acu, nach gcomhlíonann táirgeoirí den Aontas na sonraíochtaí teicniúla a éilíonn úsáideoirí, rud a fhágann go bhfuil úsáideoirí ag brath go mór ar infhaighteacht táirgí sonraithe ó fhoinsí malartacha. Ar deireadh, an laghdú ar lacáiste ar dhleacht onnmhairiúcháin na Síne agus ag olagaplacht atá ag éirí níos comhchruinnithe i líon beag táirgeoirí den Aontas, bhí tionchar diúltach aige ar úsáideoirí san Aontas.

(126)

Chinn an t-imscrúdú go raibh na maímh sin gan bhunús. Mar a cuireadh i dtábhacht in aithrisí roimhe seo, tá infheistíochtaí substaintiúla déanta ag tionscal an Aontais d’ainneoin dálaí dúshlánacha sa mhargadh. Mar sin féin, chun acmhainneacht a leathnú a thuilleadh, tá gá le gealltanais chaipitil fhadtéarmacha, a bhraitheann ar chothrom iomaíochta a choinneáil ar bun inar féidir le táirgeoirí iomaíocha toradh cothrom ar infheistíochtaí a réamh-mheas. Bhí ar thionscal an Aontais aghaidh a thabhairt freisin ar allmhairí éagóracha ó thíortha eile amhail an Éigipt agus dálaí deacra margaidh, lena n-áirítear tionchair COVID-19.

(127)

Is táirge caighdeánaithe den chuid is mó é GFR. D’ainneoin difríochtaí éagsúla sa chuma agus difríochtaí féideartha sa chur i bhfeidhm deiridh, tá na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag gach cineál GFR agus úsáidtear iad go bunúsach chun na gcríoch céanna. Dá bhrí sin, is féidir le húsáideoirí GFR foinsí soláthair a athrú toisc go bhfuil foinsí soláthair malartacha le fáil lasmuigh den tSín, lena n-áirítear an Mhalaeisia, an Éigipt, an Ríocht Aontaithe agus foinsí eile. Thairis sin, tá an acmhainneacht, an cumas agus an teicneolaíocht ag tionscal an Aontais chun roinnt mhaith cineálacha riachtanacha amhail caisirníní íseal-teics a tháirgeadh. Tá infheistíocht á déanamh ag tionscal an Aontais sa nuálaíocht agus d’oibrigh sé go comhsheasmhach le tionscail iartheachtacha in iarrachtaí T&F chun táirgí a chur in oiriúint go héifeachtach.

(128)

Fiú leis an laghdú ar lacáiste ar dhleacht onnmhairiúcháin na Síne i mí na Samhna 2024, lean méideanna móra allmhairí ag teacht isteach i margadh an Aontais. Thug sé sin le fios nach raibh tionchar suntasach ag an athrú lacáiste ann féin ar dhinimic an mhargaidh. Rinneadh anailís ar ábhair imní maidir le comhchruinniú an mhargaidh i ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire, go ginearálta, go ndéanann comhlachtaí rialála grinnscrúdú cúramach ar chumaisc agus ar éadálacha chun iompraíocht fhrithiomaíoch a chosc. Ní thagann ábhair den sórt sin, áfach, faoi raon feidhme an imscrúdaithe trádála reatha. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(129)

Chuir an t-úsáideoir OPTIPLAN GmbH barúlacha isteach; fuarthas iad sin, áfach, tar éis an sprioc-ama a shonraítear san fhógra tionscnaimh, lena gceanglaítear ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí, a bhfaisnéis agus a bhfianaise thacaíochta a chur isteach laistigh de 37 lá tar éis fhoilsiú an fhógra.

(130)

Tar éis an nochta, d’áitigh PROXIM nár chuir an Coimisiún san áireamh go cuí staid agus argóintí úsáideoirí GFR an Aontais. D’áitigh sé go bhfuil úsáideoirí i staid iomaíochta i bhfad níos deacra ná táirgeoirí an Aontais, go háirithe iad siúd atá comhtháite go hingearach. Mhaígh PROXIM freisin nár chuir Coimisiún cúnamh leordhóthanach ar fáil d’úsáideoirí chun a rannpháirtíocht éifeachtach san imscrúdú a éascú, rud a d’fhág nár léiríodh a n-ábhair imní i gceart sna torthaí.

(131)

Mheabhraigh an Coimisiún gur cuireadh gach úsáideoir aitheanta agus gach allmhaireoir neamhchomhlachaithe a sainaithníodh san iarraidh ar an eolas go cuí faoi thionscnamh an athbhreithnithe. Foilsíodh fógra tionscnaimh san Iris Oifigiúil, cuireadh ceistneoirí d’úsáideoirí agus d’allmhaireoirí ar fáil ar líne, agus iarradh ar gach páirtí barúlacha a thabhairt agus éisteachtaí a iarraidh. Go deimhin, rinne roinnt úsáideoirí, lena n-áirítear PROXIM, aighneachtaí, agus deonaíodh ceann do pháirtithe a d’iarr éisteacht. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tugadh gach deis d’úsáideoirí a bheith rannpháirteach, agus gur cuireadh a n-argóintí san áireamh i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta.

(132)

D’áitigh PROXIM freisin, de réir na faisnéise atá ar fáil go poiblí, gur laghdaigh Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne leibhéal na lacáistí cánach onnmhairiúcháin go déanach in 2024 le haghaidh catagóirí áirithe táirgí mianracha neamh-mhiotalacha, lena n-áirítear línte taraife a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do GFR, ó 13 % go 9 %. Dar leis, laghdaigh an fhorbairt sin leibhéal an fhóirdheonaithe ar thaobh na Síne go héifeachtach agus ba cheart í a chur san áireamh agus leibhéal na mbeart frithchúitimh á shuí.

(133)

Maidir leis an tagairt don laghdú ar lacáiste cánach onnmhairiúcháin na Síne ag deireadh 2024, thug an Coimisiún dá aire gur lean méideanna móra allmhairí fóirdheonaithe ón tSín de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais fiú tar éis an laghdaithe lacáiste sin. Mar a leagtar amach san imscrúdú, níor athraigh an t-athrú lacáiste dinimic an mhargadh go háirithe, a raibh sladghearradh agus sochtadh mór praghsanna mar gheall ar allmhairí ón tSín fós i gceist leis. Thairis sin, tharla an t-athrú lacáiste tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí é a chur san áireamh agus leibhéal an fhóirdheonaithe san imeacht seo á chinneadh.

(134)

Thairis sin, mhaígh PROXIM go bhfuil an baol ann go ndéanfadh leibhéal reatha na mbeart dochar do thionscail iartheachtacha san Aontas trína gcostais a mhéadú i gcomparáid le hiomaitheoirí lasmuigh den Aontas. Go háirithe, tharraing sé aird ar an mbaol go laghdófaí iomaíochas úsáideoirí an Aontais agus go bhféadfaí gníomhaíochtaí iartheachtacha a athlonnú lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, d’iarr PROXIM ar an gCoimisiún cur chuige níos cothroime a áirithiú idir cosaint tháirgeoirí an Aontais agus leasanna úsáideoirí an Aontais, chun dochar díréireach do na húsáideoirí sin a sheachaint.

(135)

Maidir leis an maíomh go méadódh na bearta costais úsáideoirí agus go laghdódh siad a n-iomaíochas i gcomparáid le hoibreoirí lasmuigh den Aontas, chinn an Coimisiún go bhfuil coinne leis go mbeidh aon tionchar ar chostais teoranta i bhfianaise sciar measartha na treisithe snáithíní gloine sna costais táirgthe iomlána agus i bhfianaise infhaighteacht foinsí malartacha soláthair. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanfadh na bearta difear ábhartha d’iomaíochas úsáideoirí an Aontais ná nach mbeadh athlonnú gníomhaíochtaí iartheachtacha mar thoradh orthu. Dá bhrí sin dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(136)

Ar bhonn na faisnéise atá le fáil don Choimisiún agus in éagmais freagra fóinteach ó úsáideoirí agus ó allmhaireoirí, ní raibh aon fhianaise ann a thagann salach ar an gconclúid lena bhfuil coinne go mbeidh aon tionchar diúltach a bheidh ag na bearta ar allmhaireoirí agus úsáideoirí neamhchomhlachaithe teoranta agus nach mó é ná éifeacht dhearfach na mbeart ar tháirgeoirí an Aontais.

6.3.   Leas na soláthróirí

(137)

Chuir cuideachtaí a sholáthraíonn roisín eapocsach do thionscal an Aontais Olin Epoxy & Chemicals International (US), Westlake Epoxy BV (NL) agus Spolek pro chemickou a hutní výrobu, akciová společnost (CZ) in iúl go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na mbeart. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na príomh-chomhpháirteanna agus na príomhábhair uile laistigh den slabhra luacha sin suite san Aontas chun athléimneacht in earnálacha straitéiseacha a áirithiú. Dhearbhaigh siad mar aon leis sin go neartófar an slabhra soláthair trí láithreacht den sórt sin a choinneáil ar bun agus go bhfeabhsófar acmhainneacht an Aontais nuálaíocht a dhéanamh agus freagairt go héifeachtach ar éilimh an mhargaidh.

6.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(138)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta frithchúitimh ar allmhairí GFR ón tSín a leasú.

(139)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris 86, bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá dheasca sin, ní leor leibhéal reatha na mbeart leordhóthanach chun gníomhú in aghaidh an fhóirdheonaithe atá ag déanamh díobhála.

7.   BEARTA FRITHCHÚITIMH CINNTITHEACHA

(140)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithchúitimh a choinneáil ar bun agus a leasú chun tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais ó allmhairí fóirdheonaithe a chosc.

(141)

Mar a shonraítear san fhógra tionscnaimh, is é is cuspóir don athbhreithniú na rátaí díobhála a shuí. Chuirfí deireadh leis an díobháil dá mbeadh tionscal an Aontais in ann spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 12(1a) agus Airteagal 12(1b) den bhun-Rialachán.

(142)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1a) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, mheas an Coimisiún na tosca seo a leanas: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír atá faoi imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht a chumhdach, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

(143)

Maidir le leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tSín, d’fhéach an Coimisiún ar an mbrabús a bhain táirgeoirí sampláilte an Aontais amach i gcaitheamh tréimhse 10 mbliana. Tugadh faoi deara go raibh allmhairí ón tSín i láthair ar mhargadh an Aontais le linn na 10 mbliana ar fad agus, dá bhrí sin, nárbh fhéidir corrlach brabúis a shuí ar bhonn aon cheann de na blianta sin roimh an méadú ar allmhairí ón tSín. Ina theannta sin, fuarthas go raibh tionchar mór ag an téarnamh eacnamaíoch tar éis COVID-19 ar an mbliain 2022 agus nach raibh sé iomchuí chun an spriocbhrabús a shocrú. Dá bhrí sin, measadh gurbh iomchuí an bhliain 2016 toisc gurbh í an bhliain is déanaí í nuair a d’oibrigh tionscal an Aontais faoi ghnáthdhálaí margaidh tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála agus frithchúitimh in 2014. Sa bhliain 2016, bhain tionscal an Aontais brabús 12,28 % amach agus an tráth céanna tháinig 8 % de thomhaltas an Aontais ó allmhairí ón tSín (27).

(144)

Sholáthair tionscal an Aontais fianaise go mbeadh a leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (T&F) agus nuálaíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos airde faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin le linn na gcuairteanna fíorúcháin ar an láthair trí thaifid inmheánacha na cuideachta a bhaineann le pleananna infheistíochta, cinntí bainistíochta agus ráitis airgeadais a sheiceáil. Fuarthas go raibh údar le maímh thionscal an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, taighde agus forbartha agus nuálaíochta (‘ITFN’) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais ITFN iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. Ar bhonn faisnéis fhíoraithe maidir le hinfheistíochtaí nárbh fhéidir a chur chun feidhme le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú idir 0,26 % agus 1,99 % ar na sprioc-chorrlaigh bhrabúis de réir na dtáirgeoirí sampláilte.

(145)

Dá bhrí sin, bhí an spriocbhrabús a suíodh san imscrúdú seo agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1a) den bhun-Rialachán idir 12,54 % agus 14,27 % de réir an staid a fuarthas i ngach ceann de na cuideachtaí sampláilte.

(146)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil do thionscal an Aontais trí na sprioc-chorrlaigh bhrabúis faoi seach a chur i bhfeidhm ar chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(147)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1b) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais a bheidh ann amach anseo mar gheall ar Chomhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt. Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, ar thacaigh uirlisí tuairiscithe agus réamhaisnéisí na gcuideachtaí léi, shuigh an Coimisiún nach raibh aon chostas breise ann a bhain le comhlíonadh na gcoinbhinsiún sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(148)

Chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ansin ar bhonn comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sa tír lena mbaineann, dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh eisiata, agus meánphraghas neamhdhíobhálach ualaithe an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú.

(149)

I bhfianaise ráta ard comhair tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne san athbhreithniú eatramhach iomlán ar na bearta frithdhumpála, socraíodh leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh na dleachta ‘cuideachta uile eile’ ar leibhéal an leibhéil is airde atá le forchur ar na cuideachtaí a sampláladh nó a chomhoibrigh. Cuireadh an méid do ‘cuideachta uile eile’ i bhfeidhm ar na cuideachtaí sin nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(150)

Ba é Chongqing Polycomp International Corporation an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin a tháinig chun cinn le linn an cheachta samplála agus nár sampláladh é. Socraítear a leibhéal díothaithe díobhála ag meán ualaithe na rátaí arna mbunú le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sa sampla.

Cuideachta

Leibhéal díothaithe díobhála (%)

Grúpa CNBM

72,2

Jiangsu Changhai Composite Materials Holding Co., Ltd. (‘Jiangsu’)

87,3

Cuideachtaí comhoibríocha eile, i.e. Chongqing Polycomp International Corporation

76,1

Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne

87,3

(151)

Tar éis an nochta, chuir Glass Fibre Europe earráidí cléireachais áirithe in iúl i ríomh an chorrlaigh díobhála. Tar éis don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na barúlacha sin, shainaithin agus cheartaigh sé na hearráidí sna ríomhanna, rud a d’fhág go ndearnadh coigeartú ar an gcorrlach díobhála a nochtadh do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha na Síne.

(152)

San imscrúdú bunaidh, bhí an leibhéal díothaithe díobhála a suíodh don chuideachta Jiangsu níos ísle ná a corrlach fóirdheontais agus socraíodh a dleacht frithchúitimh ar an leibhéal díothaithe díobhála. Tá na leibhéil díothaithe díobhála a suíodh san imscrúdú seo níos airde ná na corrlaigh fhóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh le haghaidh gach cuideachta lena n-áirítear Jiangsu. Chun é sin a léiriú, ba cheart leibhéal na dleachta frithchúitimh le haghaidh Jiangsu a leasú ionas go socrófar é ar leibhéal a chorrlaigh fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh.

(153)

Rinneadh an t-imscrúdú athbhreithnithe frith-fhóirdheontais sin, atá teoranta do dhíobháil, an tráth céanna a rinneadh athbhreithniú eatramhach iomlán ar leithligh ar na bearta frithdhumpála (féach aithris 7). I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den bhun-Rialachán agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, forchuireann an Coimisiún an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar dtús ar leibhéal mhéid cinntitheach an fhóirdheonaithe a suíodh san imscrúdú bunaidh agus forchuireann sé ansin an dleacht frithdhumpála chinntitheach atá fágtha, a chomhfhreagraíonn don chorrlach dumpála ábhartha arna laghdú le méid na dleachta frithchúitimh.

(154)

Ón tráth a laghdaigh an Coimisiún an corrlach dumpála a fuarthas le méid iomlán an fhóirdheontais a bunaíodh sa tSín, ní raibh aon fhadhb le comhaireamh dúbailte de réir bhrí Airteagal 24(1) den bhun-Rialachán.

(155)

Ar bhonn a bhfuil thuas, na dleachtrátaí frithchúitimh cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, le dleacht chustaim neamhíoctha, ba cheart iad a bheith mar seo a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Grúpa CNBM

10,2

Jiangsu Changhai Composite Materials Holding Co., Ltd.

5,8

Cuideachtaí comhoibríocha eile, i.e. Chongqing Polycomp International Corporation

9,7

Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne

10,2

(156)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go leasófar leibhéal na ndleachtanna frithchúitimh mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328.

(157)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1037,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an tábla seo a leanas in ionad an tábla a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Cód breise TARIC

Grúpa CNBM

10,2

B990

Jiangsu Changhai Composite Materials Holding Co., Ltd.

5,8

A983

Chongqing Polycomp International Corporation

9,7

B991

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014

10,2

 

Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne

10,2

A999

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 248/2011 ón gComhairle lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 367, 23.12.2014, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1379/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 107, 25.4.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/724/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 25.2.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/328/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 14.7.2023, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1452/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithchúitimh shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte, agus lena dtoibhítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach arna gclárú de thionscnamh na hÉigipte (IO L 201, 25.6.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/870/oj).

(7)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C/2024/5344, 30.8.2024, http://data.europa.eu/eli/C/2024/5344/ojELI: ).

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine

filiméadach leanúnach (‘GFR’) de thionscnamh Bhairéin, na hÉigipte agus na Téalainne (IO C, C/2025/1135, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1135/oj).

(9)  Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/5343, 30.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5343/oj).

(10)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2748.

(11)   https://pdf.irpocket.com/C5214/cXlT/CQ9H/RQLv.pdf (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(12)   https://www.ft.com/content/345784e3-a9ce-4808-8f02-8919920c0ac6 (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(13)  Féach fonóta 4.

(14)  Féach fonóta 5.

(15)  Féach fonóta 6.

(16)   https://www.jeccomposites.com/news/spotted-by-jec/jushi-egypt-completes-the-construction-of-its-fourth-glass-fiber-production-line/?news_type=announcement,business&tax_product=glass-fiber (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(17)  Féach fonóta 5.

(18)  Féach fonóta 8.

(19)   https://www.ft.com/content/16031b21-cb2f-40c7-a77d-1ac061196264 (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(20)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (COM (2022) 360 final an 20 Iúil 2022).

(21)   https://glassfibreeurope.eu/wp-content/uploads/2023/06/GFE_EU-Economic-Security-Strategy-and-the-Role-of-Glass-Fibre-June-2023.pdf (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(22)   https://glassfibreeurope.eu/wp-content/uploads/2023/02/GFE_LCA-report-2023-February-2023.pdf (a ceadaíodh an 21 Lúnasa 2025).

(23)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).

(24)  Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj).

(25)   https://www.avk-tv.de/wp-content/uploads/2025/02/AVK_MarktReport_2025_long_final_en-1.pdf (a ceadaíodh an 22 Lúnasa 2025).

(26)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2748.

(27)  Féach fonóta 7.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2328/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top