This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2276
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/2276 of 5 November 2025 amending for the 352nd time Council Regulation (EC) No 881/2002 imposing certain specific restrictive measures directed against certain persons and entities associated with the ISIL (Da'esh) and Al-Qaida organisations
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2276 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2025 lena leasaítear den 352ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2276 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2025 lena leasaítear den 352ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
C/2025/7614
IO L, 2025/2276, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2276/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32002R0881 | Athchur | iarscríbhinn I Téacs | 08/11/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2276 |
7.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2276 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Samhain 2025
lena leasaítear den 352ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 21 Deireadh Fómhair 2025, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo a leasú. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9. http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:
‘Abd El Kader Mahmoud Mohamed El Sayed (sa bhunchló: عبد القادر محمود محمد السيد) (ainm bréige láidir: (a) Es Sayed, Kader; (b) Abdel Khader Mahmoud Mohamed el Sayed). Dáta breithe: 26.12.1962. Áit bhreithe: an Éigipt. Náisiúntacht: Éigipteach. Faisnéis eile: (a) Cód Cánach Iodálach: SSYBLK62T26Z336L; (b) Measann údaráis na hIodáile gur éalaitheach ón dlí é;(c) Tuairiscíodh gur maraíodh é i réigiún teorann na hAfganastáine agus na Pacastáine in 2012. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 24.4.2002.’
cuirtear an méid seo a leanas in ionad ...:
‘Abd El Kader Mahmoud Mohamed El Sayed (sa bhunchló: عبد القادر محمود محمد السيد) (ainm bréige láidir: (a) Es Sayed, Kader; (b) Abdel Khader Mahmoud Mohamed el Sayed). Dáta breithe: 26.12.1962. Áit bhreithe: an Éigipt. Náisiúntacht: Éigipteach. Faisnéis eile: (a) Cód Cánach Iodálach: SSYBLK62T26Z336L; (b) Cuireadh pianbhreith príosúnachta 8 mbliana air san Iodáil an 2.2.2004; (c) Measann údaráis na hIodáile gur éalaitheach ón dlí é. (d) Tuairiscítear gur maraíodh é in 2012. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2), pointe (i): 24.4.2002.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2276/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)