Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2190

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2190 ón gCoimisiún an 22 Méan Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ainmníocht le haghaidh na dtoisí agus na gcód i gcomhair na gcineálacha idirghabhála arna ndéanamh ag CFRE, CSE+, ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag CUAC

C/2025/6376

IO L, 2025/2190, 24.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2190/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2190/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2190

24.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2190 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Méan Fómhair 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ainmníocht le haghaidh na dtoisí agus na gcód i gcomhair na gcineálacha idirghabhála arna ndéanamh ag CFRE, CSE+, ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag CUAC

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (1), agus go háirithe Airteagal 113 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 22(3), pointe (d)(viii) de Rialachán (AE) 2021/1060, maidir le gach clár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ón gCiste Comhtháthaithe agus ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), tá siad leis na cineálacha idirghabhála a leagan amach le haghaidh gach cuspóra shonraigh a áirítear sa chlár. Déantar é sin chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit faisnéis chomhsheasmhach a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húsáid chlársceidealaithe, leithdháileadh carnach agus caiteachas carnach na gCistí sin de réir an chineáil idirghabhála agus líon na n-oibríochtaí le linn na clárthréimhse. Is é is cuspóir leis sin a chur ar a chumas don Choimisiún institiúidí eile an Aontais agus saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas ar bhealach iomchuí faoi úsáid na gCistí.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin an ainmníocht le haghaidh na gcineálacha idirghabhála arna ndéanamh ag CFRE, CSE+, ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag CUAC.

(3)

Le Rialachán (AE) 2025/1914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) tugadh isteach cuspóirí sonracha breise maidir le tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC.

(4)

Leis na cuspóirí sonracha nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2025/1914 cumhdaítear infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi iomaíochas, neamhspleáchas straitéiseach, comhtháthú críochach agus sóisialta, athléimneacht agus ullmhacht an Aontais. Go sonrach, leis na cuspóirí sonracha nua, tugtar an deis tacú le hinfheistíochtaí lena bhfeabhsaítear cumais dé-úsáide agus chosanta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gheopholaitiúla agus chomh maith leis sin tacú le hinfheistíochtaí in idirnascairí fuinnimh agus i gcosaint an bhonneagair chriticiúil fuinnimh, agus é d’aidhm aige sin athléimneacht agus ullmhacht an Aontais a mhéadú i gcás aon teagmhais dhíobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, idir theagmhais a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais nach mbaineann leis an aeráid.

(5)

Mar thoradh ar na cuspóirí sonracha nua a cuireadh isteach agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit faisnéis chomhsheasmhach a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húsáid chlársceidealaithe na gCistí faoi na cuspóirí sonracha nua sin, tá liosta na gcineálacha idirghabhála atá ann cheana le comhlánú le líon teoranta de réimsí idirghabhála ábhartha breise.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   I dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 cuirtear na réimsí idirghabhála seo a leanas leis:

‘Cóid eile a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma

194

Infheistíocht tháirgiúil i ngnólachtaí móra atá nasctha le teicneolaíocht na cosanta agus le teicneolaíocht dé-úsáide

0 %

0 %

195

Infheistíocht tháirgiúil in FBManna atá nasctha le teicneolaíocht na cosanta agus le teicneolaíocht dé-úsáide

0 %

0 %

196

Idirnascairí fuinnimh agus bonneagar gaolmhar tarchurtha, dáileacháin, stórála agus tacaíochta

100 %

40 %

197

Cosaint an bhonneagair chriticiúil

0 %

40 %

198

Bonneagar cosanta agus tógáil bonneagair agus uasghráduithe le haghaidh dé-úsáide, lena n-áirítear soghluaisteacht mhíleata

0 %

0 %’

2.   I dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 cuirtear an méid seo a leanas in ionad réimse idirghabhála 145a:

‘145a

Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i nuálaíocht domhainteicneolaíochta, i mbith-theicneolaíochtaí agus i dteicneolaíochtaí na cosanta

0 %

0 %’

3.   I dTábla 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 11:

‘11

Rannchuidiú le scileanna agus poist i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i nuálaíocht domhainteicneolaíochta, i dteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, i mbith-theicneolaíochtaí agus i dteicneolaíochtaí na cosanta

0 %

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Méan Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2025/1914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma (IO L, 2025/1914, 19.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1914/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2190/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top