Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2150

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2150 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha i dtaobh na mblianta 2026-2027

C/2025/7079

IO L, 2025/2150, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2150/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2150/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2150

23.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2150 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha i dtaobh na mblianta 2026-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 17(4), an dara fomhír di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc na bpáirtithe. Tá feidhm ag an gComhaontú maidir le haon chonradh soláthair lena ngabhann luach atá cothrom leis na méideanna (‘tairseacha’) a shocraítear ann nó lena ngabhann luach atá níos mó ná na méideanna sin, arna shloinneadh i dtéarmaí ceart tarraingthe speisialta.

(2)

Ceann de chuspóirí Threoir 2014/25/AE is ea é a chur ar a gcumas do na heintitis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh an tráth céanna. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE, i gcás na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha, ar tairseacha iad a shocraítear in Airteagal 15, pointe (a) agus pointe (b) den Treoir sin, tá sé le fíorú ag an gCoimisiún gach 2 bhliain go gcomhfhreagraíonn na tairseacha sin do na tairseacha a shocraítear sa Chomhaontú. Ós rud é go bhfuil na tairseacha a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE éagsúil leis na tairseacha a shocraítear in Airteagal 15, pointí (a) agus (b) den Treoir sin, ba cheart na tairseacha sin a athbhreithniú.

(3)

Ceanglaítear le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na tairseacha gach 2 bhliain, le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha le haghaidh na mblianta 2026-2027 ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/25/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE mar a leanas:

(1)

i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 432 000’ in ionad ‘EUR 443 000’;

(2)

i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 5 404 000’ in ionad ‘EUR 5 538 000’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/25/oj.

(2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/115(1)/oj).

(3)  Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L 68, 7.3.2014, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/115/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2150/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top