This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2016
Commission Regulation (EU) 2025/2016 of 8 October 2025 correcting certain language versions of Regulation (EU) No 142/2011 implementing Regulation (EC) No 1069/2009 of the European Parliament and of the Council laying down health rules as regards animal by-products and derived products not intended for human consumption and implementing Council Directive 97/78/EC as regards certain samples and items exempt from veterinary checks at the border under that Directive
Rialachán (AE) 2025/2016 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin
Rialachán (AE) 2025/2016 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin
C/2025/6709
IO L, 2025/2016, 9.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2016/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32011R0142 | (DE, NL, SL) | iarscríbhinn X caibidil II roinn 4 cuid I pointe B pointe 1.2 Téacs | 29/10/2025 | |
| Modifies | 32011R0142 | (DE, NL, SL) | iarscríbhinn X caibidil II roinn 4 cuid I pointe B pointe 1.4 Téacs | 29/10/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2016 |
9.10.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2016 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Deireadh Fómhair 2025
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (1), agus go háirithe, Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 15(1), an dara fomhír, agus Airteagal 31(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Gearmáinise, Ollainnise agus Slóivéinise d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCaibidil II, Roinn 4, Cuid I, pointe B(1.2), an fhoclaíocht réamhráiteach, agus pointe B(1.4), an fhoclaíocht réamhráiteach, a mhéid a bhaineann leis na cóireálacha nach mór a dhéanamh ar bhainne. Leis na hearráidí, déantar brí na bhforálacha sin a athrú, agus déantar difear dá substaint dá bharr. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Gearmáinise, Ollainnise agus Slóivéinise de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/142/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2016/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)