Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1989

Rialachán (AE) 2025/1989 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta

C/2025/6592

IO L, 2025/1989, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1989/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1989/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1989

3.10.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1989 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (1), go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún (2), earráidí a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/3118 ón gCoimisiún (3). Thairis sin, i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 tá tagairtí atá as dáta do rialacháin eile, nár tugadh cothrom le dáta le Rialachán (AE) 2024/3118. Go háirithe, in Airteagal 7(3a) de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013, ba cheart an 16 Nollaig 2024 a chur in ionad an dáta 20 Nollaig 2024 chun é a ailíniú le dáta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3118. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013, ba cheart gurb é EUR 65,37 milliún in ionad EUR 59,96 milliún uasmhéid carnach na cabhrach de minimis a dheonaíonn an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin.

(2)

Thairis sin, tá tagairt mhícheart in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 do Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún (4). Ba cheart an tagairt sin a bheith tugtha cothrom le dáta le Rialachán (AE) 2024/3118 toisc go raibh Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 imithe in éag cheana féin tráth a glacadh an Rialachán sin. Tá tagairt mhícheart in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 do raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (5). Ba cheart an tagairt sin a ailíniú le Rialachán (AE) 2023/2391 ón gCoimisiún (6) lenar leasaíodh Rialacháin (AE) Uimh. 1408/2013 agus (AE) Uimh. 717/2014.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart gach leagan teanga de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a cheartú dá réir sin.

(4)

Tá gá le tuilleadh ceartúcháin i leaganacha teanga áirithe freisin.

(5)

Tá earráid in Airteagal 3(2) den leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a mhéid a bhaineann leis an tréimhse chun cabhair de minimis a dheonú do ghnóthas aonair. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na forála sin.

(6)

Ina theannta sin, tá earráid in Airteagal 3(3) den leagan Gréigise de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a mhéid a bhaineann leis an tréimhse atá le cur san áireamh agus méid carnach na cabhrach de minimis á ríomh, agus in Airteagal 5(2) de na leaganacha Danmhairgise, Gréigise agus Liotuáinise den Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha is airde is infheidhme maidir le méid carnach na cabhrach de minimis a dheonaítear do ghnóthais a shonraítear san fhoráil sin. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Danmhairgise, Gréigise, Liotuáinise agus Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a cheartú dá réir. Ní dhéanann na hearráidí sin difear do na leaganacha teanga eile.

(8)

Chun cóir chomhionann a áirithiú do gach tír, a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 maidir léi, ba cheart éifeacht a bheith ag ceartú na n-earráidí ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3118. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 16 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Rialachán (AE) 1408/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta agus gníomhach freisin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha nó a bhfuil gníomhaíochtaí eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/2831 ar bun aige, beidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le cabhair arna deonú i leith na n-earnálacha nó na ngníomhaíochtaí eile sin, ar choinníoll go n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh iomchuí amhail gníomhaíochtaí a dheighilt nó costais a idirdhealú, nach mbaintear leas as cabhair de minimis arna deonú i gcomhréir leis an Rialachán sin chun cabhrú le táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta.’

;

(2)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, féadfar an chabhair de minimis a dheonaítear do ghníomhaíochtaí in earnáil na táirgeachta talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis do ghníomhaíochtaí in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 go dtí an uasteorainn is airde a leagtar síos i gceachtar de na Rialacháin sin, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, ar bhealaí cuí, nach mbainfear leas as an gcabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 chun cabhrú le táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta.’

;

(4)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a:

‘3a.   Aon chabhair de minimis aonair a dheonaítear idir an 1 Eanáir 2014 agus an 16 Nollaig 2024 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a bhí infheidhme tráth deonaithe na cabhrach, measfar nach gcomhlíonann sí na critéir ar fad in Airteagal 107(1) den Chonradh agus beidh sí, dá bhrí sin, díolmhaithe ón gceanglas in Airteagal 108(3) den Chonradh fógra a thabhairt.’

;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála deireanaí den tábla san Iarscríbhinn:

‘An Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann

65,37’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 248, 24.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1588/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1408/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/3118 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta (IO L, 2024/3118, 13.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3118/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1407/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/717/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2023/2391 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 717/2014, (AE) Uimh. 1407/2013, (AE) 1408/2013 agus (AE) 360/2012 a mhéid a bhaineann le cabhair de minimis le haghaidh próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a mhéid a bhaineann le méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear do ghnóthas aonair, a tréimhse cur i bhfeidhm agus ábhair eile (IO L 2391, 5.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2391/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1989/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top