Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1979

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1979 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal na muirear le haghaidh aistrithe creidmheasa, aistrithe creidmheasa meandracha agus cuntais íocaíochta, agus sciar na n-idirbheart a diúltaíodh

C/2025/6570

IO L, 2025/1979, 6.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1979/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1979/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1979

6.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1979 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2025

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal na muirear le haghaidh aistrithe creidmheasa, aistrithe creidmheasa meandracha agus cuntais íocaíochta, agus sciar na n-idirbheart a diúltaíodh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (1), agus go háirithe Airteagal 15(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an tuairisciú ar leibhéal na muirear de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, ba cheart é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na rialach maidir le muirir a thoibhítear ar aistrithe creidmheasa meandracha, mar a leagtar síos in Airteagal 5b(1) den Rialachán sin, maidir le muirir as cuntais íocaíochta, as aistrithe náisiúnta agus trasteorann creidmheasa araon, agus as aistrithe creidmheasa meandracha in euro agus in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Is iondúil go n-athraíonn na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta le haghaidh aistrithe creidmheasa, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa meandracha, ag brath ar ghnéithe an aistrithe creidmheasa lena mbaineann. D’fhéadfadh sé na nithe seo a leanas a bheith i measc na ngnéithe sin: cibé acu an íocóir nó an íocaí é an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta; cibé acu an tomhaltóir é an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta nó nach ea; nó cineál an chainéil tionscanta íocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart miondealuithe de réir aistrithe intíre agus trasteorann, cineál úsáideora seirbhísí íocaíochta agus cainéal tionscanta íocaíochta a áireamh sa tuairisciú ar aistrithe creidmheasa a seoladh.

(2)

Féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta roghnú muirir a shocrú in aghaidh an idirbhirt i dtéarmaí ainmniúla nó mar chéatadán de luach an idirbhirt. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta struchtúir muirear mhalartacha a roghnú freisin, lena n-áirítear praghsáil ar leibhéil éagsúla bunaithe ar bhandaí éagsúla de luach an idirbhirt nó cineálacha cur chuige a bhfuil líon áirithe idirbheart in aghaidh na míosa acu atá saor in aisce agus a gcuirtear muirear in aghaidh an idirbhirt i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Bheadh sé neamh-inmhianaithe go dtiocfaí timpeall ar aidhm na rialach maidir le muirir as aistrithe creidmheasa meandracha a leagtar síos in Airteagal 5b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 mar thoradh ar ilchineálacht sin na gcleachtas tráchtála. Leis an modheolaíocht chun an fhaisnéis a thuairisciú maidir le leibhéal na muirear as aistrithe creidmheasa rialta agus meandracha, ba cheart é a chur ar a chumas don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar bhealach aonfhoirmeach agus inchomparáide ar leibhéal an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta le himeacht ama agus i measc soláthraithe seirbhísí íocaíochta éagsúla ag pointe ama ar leith, in ainneoin na modhanna muirir éagsúla a úsáideann soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis maidir le muirir, méid agus luach comhiomlánaithe iomlán na n-aistrithe creidmheasa, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa meandracha, san airgeadra náisiúnta a bheith sa tuairisciú. Sa tuairisciú ar aistrithe creidmheasa, a sheoltar agus a fhaightear araon, ba cheart miondealú de réir aistrithe creidmheasa saor in aisce agus aistrithe creidmheasa íoctha a áireamh freisin.

(3)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a n-oibleagáid tuairiscithe mar a leagtar síos in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a chomhlíonadh ar leibhéal an eintitis. Chun ailíniú leis an gcur chuige maidir le staidreamh íocaíochta a thuairisciú don Bhanc Ceannais Eorpach, ba cheart do bhrainsí soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit seachas Ballstáit a máthaireintiteas a gcuid sonraí a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, agus ba cheart do mháthaireintitis tuairisciú dóibh féin d’údarás inniúil a mBallstáit baile.

(4)

Soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus a thairgeann an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa rialta a fháil agus a sheoladh in euro dá gcuid úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, tá sé d’oibleagáid orthu an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a fháil in euro a thairiscint dá gcuid úsáideoirí seirbhísí íocaíochta faoin 9 Eanáir 2027 agus an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro faoin 9 Iúil 2027, mar a leagtar síos in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin oibleagáidí a chomhlíonadh freisin maidir leis na muirir a thoibhítear ar íocóirí agus ar íocaithe i leith aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh agus a fháil in euro faoin 9 Eanáir 2027, i gcomhréir le hAirteagal 5b(3), an dara fomhír, den Rialachán sin. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ar leibhéal na muirear as aistrithe creidmheasa, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa meandracha, arna n-ainmniú in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, de bhun Airteagal 15(2), pointe (a), den Rialachán sin, is iomchuí go ndéanfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe sna Ballstáit sin agus a thairgeann an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa rialta a fháil agus a sheoladh in euro dá gcuid úsáideoirí seirbhísí íocaíochta tuairisciú a dhéanamh ar líon agus luachanna aistrithe creidmheasa agus ar mhuirir as aistrithe creidmheasa, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa meandracha, arna n-ainmniú ina n-airgeadra náisiúnta agus in euro.

(5)

Chun críocha an tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí maidir le líon iomlán na gcuntas íocaíochta agus leibhéal comhiomlánaithe na muirear iomlán ar chuntais íocaíochta a sholáthar dá n-údaráis inniúla. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a mheas an bhfuil nasc idir athruithe féideartha ar na muirir as cuntais íocaíochta agus athruithe ar na muirir as aistrithe creidmheasa agus aistrithe creidmheasa meandracha, ba cheart miondealuithe táillí cothabhála a áireamh sa tuairisciú.

(6)

Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar sciar na n-aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh mar gheall ar chur i bhfeidhm beart sriantach airgeadais spriocdhírithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus chun a mheas ar tháinig athrú ar an sciar sin tar éis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/886 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a theacht i bhfeidhm, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí faoin sciar sin i mbliain ar leith, lena n-áirítear líon na gcásanna nár forghníomhaíodh aistrithe creidmheasa meandracha nó inar reodh cistí ar thaobh sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí a sholáthar dá n-údaráis inniúla.

(7)

Chun tuairisciú a chomhchuibhiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta úsáid a bhaint as an tsamhail pointe sonraí agus as na foirmlí bailíochtaithe a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE). Ina theannta sin, chun an t-ualach tuairiscithe a laghdú, agus chun aon dúbláil a sheachaint, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a cheadú do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe ina ndlínse an tuairisciú a theorannú do na pointí sonraí sin nár cuireadh isteach roimhe sin.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ÚBE faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus tá tuairim iarrtha aige ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tuairisciú ar leibhéal na muirear

1.   Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar leibhéal na muirear as aistrithe creidmheasa, as aistrithe creidmheasa meandracha agus as cuntais íocaíochta tríd an bhfaisnéis a shonraítear i dteimpléid 1.1, 1.2, 2.1, 2.2 agus 3 a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur isteach.

2.   Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na figiúirí comhiomlána bliantúla suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain ina gcuirtear an tuarascáil isteach.

3.   De mhaolú ar mhír 2, sa chéad tuarascáil chomhchuibhithe beidh figiúirí comhiomlána le haghaidh gach bliana roimh an mbliain ina gcuirtear an tuarascáil isteach, ag tosú leis an tréimhse ón 26 Deireadh Fómhair 2022 – an 31 Nollaig 2022, le haghaidh 2022.

Airteagal 2

Tuairisciú sciar na n-idirbheart aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh agus na dtréimhsí tagartha

1.   Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta sciar na n-idirbheart aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh mar gheall ar bhearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, lena n-áirítear sonraí ar leithligh le haghaidh idirbhearta náisiúnta agus trasteorann, tríd an bhfaisnéis a shonraítear i dteimpléad 4 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur isteach agus i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Áireofar sna tuarascálacha an líon diúltuithe le haghaidh na bliana féilire roimh an mbliain ina gcuirtear an tuarascáil isteach.

3.   De mhaolú ar mhír 2, sa chéad tuarascáil chomhchuibhithe beidh na teimpléid chomhlánaithe agus líon na ndiúltuithe le haghaidh gach bliana roimh an mbliain ina gcuirtear an tuarascáil isteach, ag tosú leis an tréimhse ón 26 Deireadh Fómhair 2022 – an 31 Nollaig 2022, le haghaidh 2022.

Airteagal 3

Formáidí malartaithe sonraí agus faisnéis a ghabhann le tíolacthaí

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Rialachán seo isteach sna formáidí agus léaráidí malartaithe sonraí a shonraíonn na húdaráis inniúla agus urramóidh siad sainmhíniú an phointe sonraí ar an tsamhail pointe sonraí agus na foirmlí bailíochtaithe a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE. Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)

faisnéis nach bhfuil ag teastáil nó nach infheidhme, ní áireofar i dtíolacadh sonraí í;

(b)

cuirfear luachanna uimhriúla isteach mar a leanas:

(i)

tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Airgeadaíoch’ ag gabháil leo trí úsáid a bhaint as beachtas íosta atá coibhéiseach le míle aonad;

(ii)

ní úsáidfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta deachúlacha agus pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Slánuimhir’ ag gabháil leo á dtuairisciú acu agus bainfidh siad úsáid as beachtas atá coibhéiseach le haonaid.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 94, 30.3.2012, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/260/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/886 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 agus Treoracha 98/26/CE agus (AE) 2015/2366 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (IO L, 2024/886, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/886/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


IARSCRIBHINN I

Leibhéal na muirear as aistrithe creidmheasa agus sciar na n-idirbheart a diúltaíodh

TEIMPLÉID d’EISITHEOIRÍ

Uimhir an teimpléid

Cód an teimpléid

Seolaithe

Ainm an teimpléid/an ghrúpa teimpléad

Leibhéal na muirear as aistrithe creidmheasa agus sciar na n-idirbheart a diúltaíodh

1,1

S 01.01

Gach soláthraí seirbhísí íocaíochta

LÍON AGUS LUACH NA nAISTRITHE CREIDMHEASA AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

1,2

S 01.02

soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro

LÍON AGUS LUACH NA nAISTRITHE CREIDMHEASA AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (EURO)

2,1

S 02.01

GACH soláthraí seirbhísí íocaíochta

MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

2,2

S 02.02

soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro

MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (EURO)

3

S 03.00

GACH soláthraí seirbhísí íocaíochta

LÍON NA gCUNTAS ÍOCAÍOCHTA AGUS NA MUIREAR IOMLÁN (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

4

S 04.00

GACH soláthraí seirbhísí íocaíochta

LÍON NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA A DIÚLTAÍODH

S 01.01   LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

 

 

 

Aistrithe creidmheasa a seoladh

Aistrithe creidmheasa a fuarthas

 

 

 

 

Líon na n-aistrithe creidmheasa

 

Luach na n-aistrithe creidmheasa

 

Líon na n-aistrithe creidmheasa

 

Luach na n-aistrithe creidmheasa

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

 

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

0080

Iomlán

0010

 

 

 

 

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne

0020

 

 

 

 

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh go leictreonach trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha

0030

 

 

 

 

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe

0040

 

 

 

 

 

 

 

 

Miondealú de réir shuíomh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta

Náisiúnach

0050

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasteorann

0060

 

 

 

 

 

 

 

 

Miondealú de réir muirir arna dtobhach

Saor in aisce

0070

 

 

 

 

 

 

 

 

Toibhíodh muirear

0080

 

 

 

 

 

 

 

 

Miondealú de réir an chineáil úsáideora seirbhísí íocaíochta

Úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí

0090

 

 

 

 

 

 

 

 

Tomhaltóirí

0100

 

 

 

 

 

 

 

 

S 01.02   LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (EURO)

 

 

 

Aistrithe creidmheasa a seoladh

Aistrithe creidmheasa a fuarthas

 

 

 

 

Líon na n-aistrithe creidmheasa

 

Luach na n-aistrithe creidmheasa

 

Líon na n-aistrithe creidmheasa

 

Luach na n-aistrithe creidmheasa

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

 

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

0080

Iomlán

0010

 

 

 

 

 

 

 

 

S 02.01   MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

 

 

 

Aistrithe creidmheasa a seoladh

Aistrithe creidmheasa a fuarthas

 

 

 

 

Luach na muirear as aistrithe creidmheasa

 

Luach na muirear as aistrithe creidmheasa

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

 

0010

0020

0030

0040

Iomlán

0010

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne

0020

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh go leictreonach trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha

0030

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe arna dtionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe

0040

 

 

 

 

Miondealú de réir shuíomh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta

Náisiúnach

0050

 

 

 

 

Trasteorann

0060

 

 

 

 

Miondealú de réir an chineáil úsáideora seirbhísí íocaíochta

Úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí

0070

 

 

 

 

Tomhaltóirí

0080

 

 

 

 

S 02.02   MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (EURO)

 

 

 

Aistrithe creidmheasa a seoladh

Aistrithe creidmheasa a fuarthas

 

 

 

 

Luach na muirear as aistrithe creidmheasa

 

Luach na muirear as aistrithe creidmheasa

 

 

 

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

ar díobh sin: aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

 

0010

0020

0030

0040

Iomlán

0010

 

 

 

 

S 03.00   LÍON IOMLÁN NA gCUNTAS ÍOCAÍOCHTA AGUS MUIRIR IOMLÁNA AS CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

 

 

 

Líon na gcuntas íocaíochta

 

Luach na muirear as cuntais íocaíochta

 

 

 

 

ar díobh sin: cuntais íocaíochta a choinneáil ar bun

 

 

 

0010

0020

0030

Iomlán

0010

 

 

 

S 04.00   LÍON NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA A DIÚLTAÍODH

 

 

 

Líon na gcásanna nár forghníomhaíodh aistrithe creidmheasa meandracha nó inar reodh cistí, mar

 

 

 

Soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí

Soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra

 

 

 

0010

0020

Iomlán

0010

 

 

Miondealú de réir shuíomh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta

Náisiúnach

0020

 

 

Trasteorann

0030

 

 


IARSCRÍBHINN II

TUAIRISCIÚ LE hAGHAIDH SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA MAIDIR LE LEIBHÉAL NA MUIREAR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA, AGUS AS IDIRBHEARTA A DIÚLTAÍODH — TREORACHA

Clár

TUAIRISCIÚ LE hAGHAIDH SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA MAIDIR LE LEIBHÉAL NA MUIREAR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA, AGUS AS IDIRBHEARTA A DIÚLTAÍODH — TREORACHA 9
TREORACHA GINEARÁLTA 10
TEIMPLÉAD S 01.01: LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA, AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA 11
TEIMPLÉAD S 01.02: LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA, AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro amháin) 16
TEIMPLÉAD S 02.01: MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA 16
TEIMPLÉAD S 02.02: MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro amháin) 18
TEIMPLÉAD S 03.00: LÍON IOMLÁN NA gCUNTAS ÍOCAÍOCHTA, AGUS MUIRIR IOMLÁNA AS CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA) 19
TEIMPLÉAD S 04.00: LÍON NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA A DIÚLTAÍODH 20

TREORACHA GINEARÁLTA

Ábhar

1.

Tá na treoracha maidir leis na teimpléid tuairiscithe in Iarscríbhinn I a líonadh isteach san Iarscríbhinn seo. Tá na treoracha dírithe ar na Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta. Tá tagairtí dlíthiúla sna treoracha le haghaidh gach ceann de na teimpléid.

2.

Tá sé theimpléad éagsúla in Iarscríbhinn I:

Líon iomlán agus luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa, agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha (airgeadra náisiúnta) (S 01.01)

Líon iomlán agus luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa, agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha (euro) (S 01.02)

muirir as aistrithe creidmheasa agus as aistrithe creidmheasa meandracha (airgeadra náisiúnta) (S 02.01)

muirir as aistrithe creidmheasa agus as aistrithe creidmheasa meandracha (euro) (S 02.02)

Líon iomlán na gcuntas íocaíochta, agus muirir iomlána as cuntais íocaíochta (airgeadra náisiúnta) (S 03.00)

Líon na n-aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh (S 04.00).

3.

In Iarscríbhinn I, sna colúin ‘Uimhir’, tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta luachanna uimhriúla de réir na dtreoracha sonracha a thugtar le haghaidh na dteimpléad.

4.

Cloítear leis an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha sin: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}. I gcás teimpléid nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do rónna {Teimpléad; Ró}, ina bhfuil z-ais i gcás inarb infheidhme.

Raon feidhme an tuairiscithe

5.

Maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro atá faoi raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe atá bunaithe ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tuairisceoidh siad teimpléid S 01.01 S 02.01, S 03.00 agus S 04.00, leis na pointí sonraí uile a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn seo, mura gceadaíonn na húdaráis inniúla náisiúnta ina ndlínse dóibh gan ach tagairt (lena n-áirítear nasc, i gcás ina mbeidh fáil air) do phointí sonraí comhionanna a cuireadh isteach roimhe sin a sheoladh.

6.

Soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus a thairgeann seirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa rialta a fháil agus a sheoladh in euro, tá siad faoi raon feidhme na n-oibleagáidí freisin an tseirbhís íocaíochta a thairiscint dá gcuid úsáideoirí seirbhísí íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a fháil agus a sheoladh in euro. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin oibleagáidí a chomhlíonadh freisin maidir leis na muirir a thoibhítear ar íocóirí agus ar íocaithe i leith aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh agus a fháil in euro. Dá réir sin, tá na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin faoi raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe bunaithe ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012. Dá bhrí sin, tuairisceoidh siad na teimpléid uile leis na pointí sonraí uile a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn seo, mura gceadaíonn na húdaráis inniúla náisiúnta ina ndlínse dóibh gan ach tagairt (lena n-áirítear nasc, i gcás ina mbeidh fáil air) do phointí sonraí comhionanna a cuireadh isteach roimhe sin a sheoladh.

7.

Cuirfidh brainsí soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit seachas Ballstáit a máthaireintiteas a gcuid sonraí faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, agus tuairisceoidh máthaireintitis dóibh féin d’údarás inniúil a mBallstáit baile.

8.

Sonraítear in Airteagal 15(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 go bhfuil feidhm ag na míreanna sin maidir le haistrithe creidmheasa agus maidir le haistrithe creidmheasa meandracha, agus go n-eisiatar idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach meastóireacht freisin ar fhorbairt muirear as aistrithe creidmheasa náisiúnta agus trasteorann agus as aistrithe creidmheasa meandracha in euro agus in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sainmhínítear aistrithe creidmheasa náisiúnta agus trasteorann in Airteagal 2, pointí (26) agus (27) den Rialachán sin. I bhfianaise an mhéid sin, chun a chinneadh an bhfuil aistriú creidmheasa faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní mór breithniú a dhéanamh ar airgeadra an aistrithe creidmheasa (an bhfuil an t-aistriú creidmheasa in euro nó in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu) agus suíomh an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta (an bhfuil soláthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí lena mbaineann an t-aistriú creidmheasa lonnaithe san Aontas).

9.

Is in euro i gcónaí a thuairisceofar muirir as aistrithe arna n-ainmniú in euro, fiú má toibhíodh in airgeadra eile iad.

10.

Déanfar muirir as aistrithe arna n-ainmniú in airgeadraí náisiúnta na mBallstát seachas an euro a thuairisciú san airgeadra náisiúnta sin, fiú má toibhíodh in airgeadra difriúil iad. Sna cásanna sin, ina ndéantar muirir a chomhshó in euro nó in airgeadraí náisiúnta eile, déanfar sonraí a chomhshó trí úsáid a bhaint as ráta malairte tagartha BCE nó rátaí malairte arna gcur i bhfeidhm ar na hidirbhearta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach (2).

11.

Déanfar an táille comhshóite airgeadra a eisiamh ón tuairisciú.

12.

Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na sé thacar teimpléad san Iarscríbhinn seo ar leithligh le haghaidh gach tréimhse thagartha.

TEIMPLÉAD S 01.01: LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA, AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA

Barúlacha ginearálta

13.

Comhlánóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta Teimpléad S 01.01 le líon agus luach na n-aistrithe creidmheasa agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha a seoladh in euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro, agus in airgeadra náisiúnta seachas an euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro.

I líon agus luach na n-aistrithe creidmheasa agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha, áireofar líon na n-aistrithe sin arna seoladh ag gach soláthraí seirbhísí íocaíochta sa tréimhse thagartha, le miondealuithe de réir na nithe seo a leanas:

(a)

aistrithe atá saor in aisce agus aistrithe nach bhfuil saor in aisce;

(b)

an cineál custaiméara a thionscnaíonn an t-aistriú creidmheasa;

(c)

cineál náisiúnta nó trasteorann an aistrithe creidmheasa;

(d)

an modh tionscanta íocaíochta a úsáidtear.

I gcás na miondealuithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), is ionann suim na bpointí sonraí tuairiscithe agus líon iomlán nó luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa tuairiscithe.

I gcás an mhiondealaithe dá dtagraítear i bpointe (d), sna haistrithe creidmheasa ‘arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne’, áireoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ar líne ar bhonn íocaíochta aonair agus aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh i gcomhad/baisc. Aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh i gcomhad/baisc, is aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh go leictreonach iad atá ina gcuid de ghrúpa aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh go comhpháirteach ag an íocóir trí líne thiomnaithe. Áireofar gach aistriú creidmheasa atá i mbaisc mar aistriú creidmheasa ar leithligh agus líon na n-idirbheart á thuairisciú.

14.

Léireoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta i dTeimpléad S 01.01 líon agus luach na n-aistrithe creidmheasa agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha a fuarthas in euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro, agus in airgeadra náisiúnta seachas euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro. I líon agus i luach na n-aistrithe creidmheasa agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha, léireofar líon na n-aistrithe a fuair gach soláthraí seirbhísí íocaíochta sa tréimhse thagartha, le miondealú de réir cibé acu atá an t-aistriú saor in aisce nó nach bhfuil.

15.

Tuairisceofar faisnéis sa teimpléad seo ar leibhéal iomlán.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 01.01

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh san airgeadra náisiúnta

0010;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

0010;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a seoladh san airgeadra náisiúnta, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0010;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0050

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas san airgeadra náisiúnta

0010;

0060

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0070

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a fuarthas san airgeadra náisiúnta, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0010;

0080

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0020;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile arna dtionscnamh trí bhaincéireacht ar líne, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh i gcomhad/baisc, agus seirbhísí tionscanta íocaíochta.

0020;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0020;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile arna dtionscnamh trí bhaincéireacht ar líne, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh i gcomhad/baisc, agus seirbhísí tionscanta íocaíochta, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0020;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0030;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha

An líon iomlán aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh trí réiteach íocaíochta móibíleach, i gcás ina n-úsáidtear an réiteach sin chun íocaíochtaí a thionscnamh a ndéantar na sonraí íocaíochta agus na treoracha íocaíochta a tharchur nó a dheimhniú ina leith trí theicneolaíocht cumarsáide móibílí agus tarchurtha sonraí trí ghléas móibíleach. Áirítear sa chatagóir seo tiachóga digiteacha agus réitigh íocaíochta mhóibíleacha eile a úsáidtear chun idirbhearta DleD (duine le duine) nó TleG (tomhaltóir le gnólacht) a thionscnamh, de réir na sainmhínithe sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013.

0030;

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

0020

 

0030;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha

Luach iomlán an aistrithe creidmheasa arna thionscnamh trí réiteach íocaíochta móibíleach, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta, i gcás ina n-úsáidtear an réiteach sin chun íocaíochtaí a thionscnamh a ndéantar na sonraí íocaíochta agus na treoracha íocaíochta a tharchur nó a dheimhniú ina leith trí theicneolaíocht cumarsáide móibílí agus trí theicneolaíocht tarchurtha sonraí trí ghléas móibíleach. Áirítear sa chatagóir seo tiachóga digiteacha agus réitigh íocaíochta mhóibíleacha eile a úsáidtear chun idirbhearta DleD (duine le duine) nó TleG (tomhaltóir le gnólacht) a thionscnamh, de réir na sainmhínithe sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013.

0030;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0040;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe

An líon iomlán aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe, i gcás ina gciallaíonn ‘Aistriú creidmheasa arna thionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe’, de réir na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013, ‘aistriú creidmheasa arna thionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe nó trí threoir a thabhairt d’fhoireann ag brainse thar an gcuntar aistriú creidmheasa agus aon aistriú creidmheasa eile, lena n-éilítear próiseáil láimhe, a thionscnamh’.

0040;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0040;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe

An luach iomlán aistrithe creidmheasa arna thionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta, i gcás ina gciallaíonn ‘Aistriú creidmheasa arna thionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe’, de réir na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013, ‘aistriú creidmheasa arna thionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe nó trí threoir a thabhairt d’fhoireann ag brainse thar an gcuntar aistriú creidmheasa agus aon aistriú creidmheasa eile, lena n-éilítear próiseáil láimhe, a thionscnamh’.

0040;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0050;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa náisiúnta a seoladh

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa náisiúnta i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna

0050;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

 

 

0050;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa náisiúnta a seoladh

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna. Sloinnfear an luach san airgeadra náisiúnta.

0050;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0060;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe trasteorann creidmheasa a seoladh

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla. Eisiafar idirbhearta trasteorann i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe lasmuigh den Aontas.

0060;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0060;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe trasteorann creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta. Eisiafar idirbhearta trasteorann i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe lasmuigh den Aontas.

0060;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0070;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh agus a bhí saor in aisce

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh a bhí saor in aisce, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an t-aistriú saor in aisce ina chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha.

0070;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0070;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh agus a bhí saor in aisce

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a seoladh agus a bhí saor in aisce, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an t-aistriú saor in aisce ina chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0070;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0070;

0050

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas a bhí saor in aisce

An líon iomlán aistrithe creidmheasa a fuarthas a bhí saor in aisce, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an t-aistriú saor in aisce ina chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha.

 

 

0070;

0060

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0070;

0070

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas a bhí saor in aisce

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a fuarthas agus a bhí saor in aisce, lena n-áirítear é sin i gcás ina bhfuil an t-aistriú saor in aisce mar chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0070;

0080

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0080;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh i gcás inar toibhíodh muirear ar an íocóir

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa i gcás inar thoibhigh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra muirir ar a úsáideoir seirbhíse íocaíochta as aistriú aonair seachas ar aistriú atá ina chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha.

0080;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0080;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh i gcás inar toibhíodh muirear ar an íocóir

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a seoladh i gcás inar thoibhigh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra muirir ar a úsáideoir seirbhíse íocaíochta, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0080;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0080;

0050

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas i gcás inar toibhíodh muirear ar an íocóir

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa i gcás inar thoibhigh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí muirir ar a úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar aistriú aonair seachas ar aistriú atá ina chuid de phacáiste cuntas íocaíochta íoctha.

0080;

0060

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0080;

0070

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas i gcás inar toibhíodh muirear ar an íocóir

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a fuarthas i gcás inar thoibhigh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí muirir ar a úsáideoir seirbhíse íocaíochta, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0080;

0080

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0090;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile ó chuntais íocaíochta atá i seilbh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí, lena n-áirítear daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha a ghnó nó a ghairme trádála nó a gnó nó a gairme trádála, nó daoine dlítheanacha.

0090;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0090;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile ó chuntais íocaíochta atá i seilbh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí, lena n-áirítear daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha a ghnó nó a ghairme trádála nó a gnó nó a gairme trádála, nó daoine dlítheanacha, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0090;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0100;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag tomhaltóirí

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ó chuntais íocaíochta ar le tomhaltóirí iad.

0100;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0100;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag tomhaltóirí

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile arna dtionscnamh ag tomhaltóir, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta

0100;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

TEIMPLÉAD S 01.02: LÍON IOMLÁN AGUS LUACH IOMLÁN NA nAISTRITHE CREIDMHEASA, AGUS NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (le hAGHAIDH soláthraithe seirbhísí íocaíochta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro amháin)

16.

Ní chomhlánóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta Teimpléad S 01.02 trí líon agus luach na n-aistrithe creidmheasa agus na n-aistrithe creidmheasa meandracha a seoladh agus a fuarthas in euro a áireamh ach amháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, gan tuilleadh miondealuithe.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 01.02

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh in euro.

0010;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0030

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a seoladh in euro, arna shloinneadh in euro.

0010;

0040

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0050

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas

Líon iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas in euro.

0010;

0060

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0070

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa a fuarthas

Luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa uile a fuarthas in euro, arna shloinneadh in euro.

0010;

0080

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

TEIMPLÉAD S 02.01: MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA

Barúlacha ginearálta

17.

Comhlánóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta Teimpléad S 02.01 trí fhaisnéis a áireamh maidir leis na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta as aistrithe creidmheasa agus as aistrithe creidmheasa meandracha a seoladh in euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro, agus in airgeadra náisiúnta seachas an euro a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, sa tréimhse thagartha. Áireofar miondealuithe de réir na nithe seo a leanas i luach na muirear as aistrithe creidmheasa agus as aistrithe creidmheasa meandracha a seoladh sa tréimhse thagartha:

(a)

cineál náisiúnta nó trasteorann an aistrithe creidmheasa;

(b)

an cineál custaiméara a thionscnaíonn an t-aistriú creidmheasa;

(c)

modh tionscanta íocaíochta.

18.

I gcás na miondealuithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), is ionann suim na bpointí sonraí tuairiscithe agus luach iomlán na n-aistrithe creidmheasa tuairiscithe.

19.

Áireoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta freisin i dTeimpléad S 02.01 faisnéis maidir leis na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta le haghaidh aistrithe creidmheasa agus aistrithe creidmheasa meandracha a fuarthas in euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro, agus in airgeadra náisiúnta seachas euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, gan aon mhiondealú breise.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 02.01

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0010;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0010; 0030

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a fuarthas

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a fuarthas, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

0010;

0040

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0020;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí bhaincéireacht ar líne

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh trí bhaincéireacht ar líne, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh i gcomhad/baisc, agus seirbhísí tionscanta íocaíochta.

0020;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0030;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh go leictreonach trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh trí réitigh íocaíochta mhóibíleacha arna sloinneadh san airgeadra náisiúnta, i gcás ina n-úsáidtear an réiteach sin chun íocaíochtaí a thionscnamh a ndéantar na sonraí íocaíochta agus na treoracha íocaíochta a tharchur nó a dheimhniú ina leith trí theicneolaíocht cumarsáide móibílí agus trí theicneolaíocht tarchurtha sonraí trí ghléas móibíleach. Áirítear sa chatagóir seo tiachóga digiteacha agus réitigh íocaíochta mhóibíleacha eile a úsáidtear chun idirbhearta DleD (duine le duine) nó TleG (tomhaltóir le gnólacht) a thionscnamh, de réir na sainmhínithe sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013.

0030;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0040;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe

 

 

 

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta, i gcás ina gciallaíonn ‘Aistriú creidmheasa arna thionscnamh i bhfoirm pháipéarbhunaithe’, de réir an tsainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013, ‘aistriú creidmheasa arna thionscnamh ag an íocóir i bhfoirm pháipéarbhunaithe nó trí threoir a thabhairt d’fhoireann ag brainse thar an gcuntar aistriú creidmheasa agus aon aistriú creidmheasa eile a thionscnamh, lena n-éilítear próiseáil láimhe’.

0040;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0050;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa náisiúnta a seoladh

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna. Sloinnfear an luach san airgeadra náisiúnta.

0050;

0020

ar díobh sin aistrithe creidmheasa meandracha

0060;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe trasteorann creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta.

Eisiafar muirir as idirbhearta trasteorann i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí lonnaithe lasmuigh den Aontas.

0060;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0070;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag an úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ag úsáideoirí seirbhísí íocaíochta seachas tomhaltóirí, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta

0070;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0080;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh arna dtionscnamh ag tomhaltóirí

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa arna dtionscnamh ag tomhaltóir, arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta

0080;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

TEIMPLÉAD S 02.02: MUIRIR AS AISTRITHE CREIDMHEASA AGUS AS AISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA (ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro amháin)

20.

Ní chomhlánóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta Teimpléad S 02.02 trí fhaisnéis a áireamh maidir le muirir as na haistrithe creidmheasa agus na haistrithe creidmheasa meandracha a seoladh agus a fuarthas in euro a áireamh ach amháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, gan tuilleadh miondealuithe.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 02.02

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a seoladh, arna shloinneadh in euro.

0010;

0020

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

0010;

0030

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a fuarthas

Luach iomlán na muirear as aistrithe creidmheasa a fuarthas, arna shloinneadh in euro.

0010;

0040

ar díobh sin muirir as aistrithe creidmheasa meandracha

TEIMPLÉAD S 03.00: LÍON IOMLÁN NA gCUNTAS ÍOCAÍOCHTA, AGUS MUIRIR IOMLÁNA AS CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA (AIRGEADRA NÁISIÚNTA)

Barúlacha ginearálta

21.

Áireofar i dteimpléad S 03.00 faisnéis maidir le líon na gcuntas íocaíochta agus na muirir iomlána as na cuntais sin sa tréimhse thagartha.

22.

Tuairisceofar luachanna na muirear in euro le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit atá sa limistéar euro agus in airgeadra náisiúnta seachas an euro le haghaidh Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. I gcás inar cuireadh muirir i bhfeidhm in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra a úsáideadh chun tuairisciú a dhéanamh sa teimpléad seo, déanfar luach na muirear sin a chomhshó go euro nó go hairgeadraí náisiúnta eile, trí úsáid a bhaint as ráta malairte tagartha BCE nó rátaí malairte arna gcur i bhfeidhm ar na hidirbhearta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 03.00

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Líon iomlán na gcuntas íocaíochta

 

Le líon iomlán na gcuntas íocaíochta, léireofar an líon ag deireadh na tréimhse tagartha.

Áireofar gach cuntas íocaíochta gan beann ar an airgeadra ina bhfuil siad ainmnithe.

0010;

0020

Luach iomlán na muirear as cuntas íocaíochta

Tagraíonn luach iomlán na muirear do na táillí iomlána a íocadh ina ndéantar achoimre ar chostas bliantúil foriomlán an chuntais íocaíochta, mar a thuairiscítear do roinnt sealbhóirí cuntais sa Ráiteas bliantúil maidir le Táillí. I gcás na gcuntas sin nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus nach bhfuil an Ráiteas maidir le Táillí éigeantach ina leith ná nach soláthraítear don sealbhóir cuntais é, léireofar san fhigiúr in aon chás na táillí bliantúla iomlána a d’íoc na sealbhóirí cuntais as na seirbhísí atá nasctha leis an gcuntas íocaíochta, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil de réir líon agus chineál na seirbhísí a sholáthraítear agus de réir an chineáil praghsála a chuireann soláthraí seirbhísí íocaíochta i bhfeidhm.

Sloinnfear an figiúr san airgeadra náisiúnta.

I gcás ina gcuirtear pacáiste réamhíoctha (nó ‘buntáille aonair’) i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go dtairgtear seirbhís amháin nó níos mó mar chuid de phacáiste seirbhísí atá nasctha le cuntas íocaíochta, ní nochtfar san fhigiúr ach an táille aonair a cuireadh i bhfeidhm don phacáiste iomlán agus an táille bhreise a ghearrtar ar aon seirbhís a sháraíonn an chainníocht a chumhdaítear leis an táille phacáiste, más infheidhme.

Áireofar gach muirear gan beann ar an airgeadra.

Déanfar an táille comhshóite airgeadra a eisiamh ón tuairisciú.

0010;

0030

Luach iomlán na muirear chun cuntais íocaíochta a chothabháil

Le táille chothabhála, tagraítear do sheirbhísí cuntais ghinearálta mar a thuairiscítear do na sealbhóirí cuntais sa doiciméad faisnéise maidir le táille, i gcomhréir leis na seirbhísí is coitianta a úsáidtear mar a shainmhínítear laistigh den Bhallstát ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí íocaíochta tuairiscithe. I gcás na gcuntas sin nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2014/92/AE agus nach bhfuil an doiciméad faisnéise maidir le táille éigeantach ina leith ná nach soláthraítear don sealbhóir cuntais é, léireofar san fhigiúr an muirear chun an cuntas íocaíochta a chothabháil, rud a chiallaíonn na muirir a thoibhíonn an soláthraí chun an cuntas a oibriú lena úsáid ag an gcustaiméir, de réir liosta náisiúnta na seirbhísí is ionadaíche atá nasctha le cuntas íocaíochta arna dhréachtú ag gach Ballstát agus is infheidhme maidir leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta tuairiscithe sonrach.

Sloinnfear an figiúr san airgeadra náisiúnta.

I gcás ina gcuirtear pacáiste réamhíoctha (nó ‘buntáille aonair’) i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go dtairgtear seirbhís amháin nó níos mó mar chuid de phacáiste seirbhísí atá nasctha le cuntas íocaíochta, ní nochtfar san fhigiúr ach an táille aonair a cuireadh i bhfeidhm don phacáiste iomlán.

Áireofar gach muirear gan beann ar an airgeadra.

Déanfar an táille comhshóite airgeadra a eisiamh ón tuairisciú.

TEIMPLÉAD S 04.00: LÍON NA nAISTRITHE CREIDMHEASA MEANDRACHA A DIÚLTAÍODH

Barúlacha ginearálta

23.

Comhlánóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta Teimpléad S 04.00 trí fhaisnéis a áireamh maidir le líon na n-aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe sa tréimhse thagartha.

24.

Is é is aidhm don tuairisciú sin líon na gcásanna a fhíorú nár ceadaíodh d’aistriú creidmheasa meandrach ó eintiteas nó chuig eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe, gan beann ar an sásra a úsáideadh. D’fhéadfadh sé sin eascairt as an bhfíoras gur stad soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí d’fhorghníomhú idirbhirt arna thionscnamh, nó go bhfuil cistí reoite ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra sular tionscnaíodh aistriú creidmheasa meandrach, nó go bhfuil cistí reoite ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí tar éis an t-aistriú creidmheasa meandrach a teacht isteach i gcuntas.

25.

Áireofar ar líon na n-aistrithe creidmheasa meandracha a diúltaíodh aistrithe laistigh den soláthraí seirbhísí íocaíochta céanna agus aistrithe idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta éagsúla.

Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 04.00

Ró; Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010;

0010

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí.

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe aistrithe creidmheasa meandracha isteach arna ndiúltú ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta tuairiscithe nó cásanna ina bhfuarthas cistí agus inar reodh láithreach iad i gcuntas úsáideoir seirbhísí íocaíochta tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha.

0010;

0020

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra

 

 

 

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe cásanna inar stad soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra d’fhorghníomhú an aistrithe creidmheasa mheandraigh a iarradh, tar éis iarraidh a fháil óna úsáideoirí seirbhísí íocaíochta an t-idirbheart a thionscnamh, lena n-áirítear cásanna a eascraíonn as oibleagáid soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra faoi Airteagal 5d(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a fhíorú nó mar gheall ar chuntas íocaíochta an úsáideora seirbhísí íocaíochta a bheith reoite tar éis an fhíoraithe sin a dhéanamh. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha.

0020;

0010

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach náisiúnta nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe aistrithe creidmheasa meandracha isteach arna ndiúltú ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta tuairiscithe nó cásanna ina bhfuarthas cistí agus inar reodh láithreach iad i gcuntas úsáideoir seirbhísí íocaíochta tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha. Is éard a bheidh in aistrithe creidmheasa meandracha náisiúnta na cinn sin ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

0020;

0020

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach náisiúnta nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe cásanna inar stad soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra d’fhorghníomhú an aistrithe creidmheasa mheandraigh náisiúnta a iarradh, tar éis iarraidh a fháil óna úsáideoirí seirbhísí íocaíochta an t-idirbheart a thionscnamh, lena n-áirítear cásanna a eascraíonn as oibleagáid soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra faoi Airteagal 5d(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a fhíorú nó mar gheall ar chuntas íocaíochta an úsáideora seirbhísí íocaíochta a bheith reoite tar éis an fhíoraithe sin a dhéanamh. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha. Is éard a bheidh in aistrithe creidmheasa meandracha náisiúnta na cinn sin ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

0030;

0010

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach trasteorann nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí.

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe aistrithe trasteorann creidmheasa meandracha isteach arna ndiúltú ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta tuairiscithe nó cásanna ina bhfuarthas cistí agus inar reodh láithreach iad i gcuntas úsáideoir seirbhísí íocaíochta tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha. Is éard a bheidh in aistrithe creidmheasa meandracha trasteorann na cinn sin nach bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

0030;

0020

Líon iomlán na gcásanna nár forghníomhaíodh aistriú creidmheasa meandrach trasteorann nó inar reodh cistí, mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra

Áireofar san fhigiúr tuairiscithe cásanna inar stad soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra d’fhorghníomhú an aistrithe trasteorann creidmheasa mheandraigh a iarradh, tar éis iarraidh a fháil óna úsáideoirí seirbhísí íocaíochta an t-idirbheart a thionscnamh, lena n-áirítear cásanna a eascraíonn as oibleagáid soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra faoi Airteagal 5d(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a fhíorú nó mar gheall ar chuntas íocaíochta an úsáideora seirbhísí íocaíochta a bheith reoite tar éis an fhíoraithe sin a dhéanamh. Ní thuairisceofar ach gníomhaíochtaí mar gheall ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach airgeadais spriocdhírithe, sa tréimhse thagartha. Is éard a bheidh in aistrithe creidmheasa meandracha trasteorann na cinn sin nach bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/260/oj ).

(2)   Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Samhain 2013 maidir le staidreamh íocaíochtaí (BCE/2013/43), (IO L 352, 24.12.2013, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1409/oj).

(3)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le haistriú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/92/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1979/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top