This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1568
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1568 of 29 July 2025 laying down rules for the application of Regulation (EU) No 910/2014 of the European Parliament and of the Council as regards procedural arrangements for peer reviews of electronic identification schemes and for cooperation on the organisation of such reviews within the Cooperation Group and repealing Commission Implementing Decision (EU) 2015/296
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe nós imeachta le haghaidh athbhreithnithe piaraí ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus le haghaidh comhar maidir le hathbhreithnithe den sórt sin a eagrú laistigh den Ghrúpa Comhair agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe nós imeachta le haghaidh athbhreithnithe piaraí ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus le haghaidh comhar maidir le hathbhreithnithe den sórt sin a eagrú laistigh den Ghrúpa Comhair agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún
C/2025/5043
IO L, 2025/1568, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1568/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 32015D0296 | 19/08/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1568 |
30.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1568 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe nós imeachta le haghaidh athbhreithnithe piaraí ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus le haghaidh comhar maidir le hathbhreithnithe den sórt sin a eagrú laistigh den Ghrúpa Comhair agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) agus Airteagal 46e(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 do shásra athbhreithnithe piaraí i ndáil le scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith, ar scéimeanna iad inar féidir leis na Ballstáit a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach. Ba cheart athbhreithnithe piaraí a chur ar chumas na mBallstát tuiscint a fháil ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus comhoibriú go héifeachtach d’fhonn idir-inoibritheacht na scéimeanna sin a áirithiú agus muinín a chothú ar fud an Aontais. Ba cheart athbhreithnithe piaraí a eagrú ar bhealach lena n-áiritheofar dáileadh cothrom na n-iarrachtaí agus ionadaíocht leathan ar na Ballstáit uile agus níor cheart iad a thuiscint mar iniúchtaí. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún (2), bunaíodh na socruithe nós imeachta le haghaidh comhar maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs iar-Líonra Comhair eIDAS, lena n-áirítear le haghaidh athbhreithnithe piaraí arna ndéanamh ag comhaltaí an líonra sin. Ós rud é go bhfuil na cúraimí athbhreithnithe piaraí le heagrú anois ag an nGrúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach a bunaíodh de bhun Chinneadh C(2024)6132 ón gCoimisiún an 5.9.2024 lena mbunaítear an Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296, de réir Airteagal 46e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘an Grúpa Comhair’), ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 a aisghairm. |
|
(3) |
Chun athbhreithnithe piaraí a dhéanamh inrochtana go héasca, ba cheart d’aon Bhallstát a bheith in ann a iarraidh go dtionscnófaí athbhreithniú piaraí. Ba cheart a léiriú san iarraidh na cúiseanna atá leis an athbhreithniú piaraí a iarraidh agus ba cheart faisnéis leordhóthanach a bheith inti chun comhthacú leis go bhféadfadh an t-athbhreithniú piaraí rannchuidiú le hidir-inoibritheacht nó slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith. Chuige sin, is gá rialacha aonfhoirmeacha a chruthú maidir leis an bhfaisnéis íosta is gá chun a áirithiú gur féidir an t-athbhreithniú piaraí a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil. Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe den Ghrúpa Comhair a eagrú chun tionscnamh agus tabhairt i gcrích tráthúil athbhreithnithe piaraí a éascú. |
|
(4) |
I gcás ina gcuireann Ballstát faisnéis ar fáil do na Ballstáit eile maidir le scéim ríomh-shainaitheantais i gcomhréir le hAirteagal 7, pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘réamhfhógra’), ba cheart an ghníomhaíocht sin a mheas go foirmiúil mar iarraidh ón mBallstát a thugann fógra athbhreithniú piaraí a dhéanamh ar a scéim ríomh-shainaitheantais. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an t-athbhreithniú piaraí a ullmhú agus a fhorghníomhú go héifeachtach, ba cheart róil agus freagrachtaí caighdeánaithe san athbhreithniú piaraí a shainaithint. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit ionadaithe a cheapadh chun na róil agus na freagrachtaí sin a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go n-oibreoidh na hathbhreithnithe piaraí uile go rianúil agus go ndéanfar iad ar bhealach cuíchóirithe gasta, ba cheart praiticiúlachtaí gach athbhreithnithe piaraí, go táscach a raon feidhme agus a uainiú beacht, a chomhaontú i measc na mBallstát a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí sin. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go rannchuideoidh na Ballstáit uile le cur chun feidhme an tsásra athbhreithnithe piaraí, agus chun a chur ar a gcumas tairbhe a bhaint as an bpiarfhoghlaim, ba cheart d’ionadaithe ó gach Ballstát rannchuidiú le dáileadh cothrom na n-iarrachtaí i measc na mBallstát ar fud na n-athbhreithnithe piaraí uile atá le déanamh. |
|
(7) |
Chun ardleibhéal muiníne a chothú i scéimeanna ríomh-shainaitheantais a ndéantar athbhreithniú piaraí orthu, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis íosta is gá a sholáthar, agus rúndacht faisnéise a d’fhéadfadh a bheith íogair á háirithiú san am céanna. Ba cheart do thrí mheitheal meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin sna hathbhreithnithe piaraí, agus sainordú ag gach ceann acu a chomhfhreagraíonn do na topaicí lárnacha chun meastóireacht a dhéanamh ar scéim ríomh-shainaitheantais mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 (3) ón gCoimisiún agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (4). |
|
(8) |
Ós rud é gur bunaíodh Béarla cheana féin mar theanga an chomhair le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296, mura gcomhaontaítear a mhalairt, is é cleachtas reatha na mBallstát tabhairt faoin bpróiseas athbhreithnithe piaraí i mBéarla. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar don athbhreithniú piaraí i mBéarla ar a laghad. Níor cheart, áfach, go gcruthódh an t-aistriúchán ualaí riaracháin nó airgeadais míréasúnta. I ndáil leis sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit uirlisí aistriúcháin uathoibrithe a úsáid, lena n-áirítear na cinn a sholáthraíonn an Coimisiún. |
|
(9) |
Agus an tábhacht a bhaineann le hathbhreithnithe piaraí mar uirlis chun iontaofacht scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a áirithiú á cur san áireamh, ba cheart próiseas cuíchóirithe a bhunú chun tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí atá soiléir agus cuimsitheach a ghlacadh. Le linn an phróisis sin, ba cheart an deis a bheith ag an nGrúpa Comhair agus ag na Ballstáit atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí ceisteanna breise a chur ar an mBallstát a bhfuil athbhreithniú piaraí á dhéanamh ar a scéim ríomh-shainaitheantais, agus ba cheart an deis a bheith ag an mBallstát sin barúlacha breise a sholáthar. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart an próiseas a thabhairt chun críche le foilsiú thuairim an Ghrúpa Comhair maidir le tabhairt i gcrích an athbhreithnithe piaraí. |
|
(10) |
Ós rud é go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais tar éis a n-athbhreithniú piaraí a thabhairt i gcrích, is gá freisin próiseas a bhunú chun nuashonrú ar athbhreithnithe piaraí a thionscnamh roimh ré más féidir le hathruithe den sórt sin tionchar a imirt ar idir-inoibritheacht, ar shlándáil nó ar iontaofacht na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith. D’fhágfadh sé sin go mbeadh na hathbhreithnithe piaraí fós ábhartha le himeacht ama de réir mar a thagann forbairt ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais. |
|
(11) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, i gcás inarb ábhartha, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta uile faoin Rialachán seo. |
|
(12) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 28 Bealtaine 2025. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Prionsabail ghinearálta don athbhreithniú piaraí
1. I gcás ina dtugann Ballstát réamhfhógra maidir le scéim ríomh-shainaitheantais don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, tionscnófar an t-athbhreithniú piaraí i gcomhréir le hAirteagal 2.
2. An Ballstát a thugann réamhfhógra maidir le scéim ríomh-shainaitheantais, féadfaidh sé, tráth ar bith, a réamhfhógra a tharraingt siar. I gcás ina dtarraingeoidh an Ballstát siar a réamhfhógra maidir leis an scéim ríomh-shainaitheantais, measfar an t-athbhreithniú piaraí a bheith foirceanta.
3. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh páirt a ghlacadh san athbhreithniú piaraí ar scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile.
4. Is é gach Ballstát a bhfuil baint aige le hathbhreithniú piaraí a íocfaidh na costais a thabhóidh sé sa phróiseas.
5. Bainfidh ionadaithe na mBallstát a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear tríd an athbhreithniú piaraí chun críocha an athbhreithnithe sin amháin agus ní nochtfaidh siad aon fhaisnéis íogair nó rúnda a fhaightear le linn an athbhreithnithe piaraí do thríú páirtithe.
6. Ballstát a chinneann a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí ar scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile, nochtfaidh sé aon choinbhleacht leasa maidir le hionadaithe arna gceapadh ag an mBallstát sin. I gcás ina bhfuil coinbhleacht leasa ann, féadfaidh an Ballstát a bhfuil athbhreithniú piaraí á dhéanamh ar a scéim ríomh-shainaitheantais rannpháirtíocht an ionadaí ábhartha i measúnú a scéime ríomh-shainaitheantais a dhiúltú.
7. Aon díospóid a thiocfaidh chun cinn le linn an athbhreithnithe piaraí i ndáil leis na gníomhaíochtaí athbhreithnithe piaraí mar a leagtar síos in Airteagal 4(4) den Rialachán seo, déanfar iad a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Ghrúpa Comhair.
8. Ní bheidh scéim ríomh-shainaitheantais faoi réir athbhreithniú piaraí eile laistigh de 2 bhliain ón athbhreithniú piaraí a chur i gcrích, ach amháin i gcás ina ndearnadh athruithe suntasacha ar an scéim ríomh-shainaitheantais a leagtar amach in Airteagal 6(1) ar an scéim ríomh-shainaitheantais a ndearnadh athbhreithniú piaraí uirthi.
Airteagal 2
An t-athbhreithniú piaraí a thionscnamh
1. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa réamhfhógra:
|
(a) |
comparáid idir an scéim ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha agus na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502, i bhfoirm doiciméad mapála leibhéil dearbhaithe don athbhreithniú piaraí i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
tuairisc ardleibhéil ar an scéim ríomh-shainaitheantais, ar a héiceachóras agus ar ríomh-shainaitheantas sa Bhallstát a thug an réamhfhógra, i bhfoirm páipéir bháin i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
faisnéis maidir le hidir-inoibritheacht na scéime ríomh-shainaitheantais agus na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501, i bhfoirm doiciméad mapála creata idir-inoibritheachta i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
2. Scaipfidh an Coimisiún an fhaisnéis réamhfhógra ar an nGrúpa Comhair.
3. Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1, pointe (c), i mBéarla ar a laghad. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aon doiciméad a aistriú i gcás ina gcruthódh sé sin ualach míréasúnta riaracháin nó airgeadais.
Airteagal 3
An t-athbhreithniú piaraí a ullmhú
1. Ar dhearbhú a fháil go bhfuarthas réamhfhógra iomlán, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhair ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe piaraí agus sceidealóidh sé cruinniú i gcás ina gcuirtear an scéim ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha ar chlár oibre an chruinnithe lena chur faoi bhráid an Ghrúpa Comhair ag an mBallstát a rinne an réamhfhógra.
2. Áiritheoidh cathaoirleach an Ghrúpa Comhair go dtionólfar an cruinniú sceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an Grúpa Comhair a chur ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe piaraí.
3. Measfar gurb é dáta an tíolactha dáta tosaigh oifigiúil an athbhreithnithe piaraí.
4. Tar éis don Bhallstát a thug an réamhfhógra an tíolacadh dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit eile ionadaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh san athbhreithniú piaraí thar a gceann. Má dhéanann siad amhlaidh, cuirfidh siad ainmneacha agus sonraí teagmhála a n-ionadaithe ar fáil. Is iad na hionadaithe ceaptha sin a bheidh sa ghrúpa athbhreithnithe piaraí.
Tiocfaidh comhaltaí an ghrúpa athbhreithnithe piaraí ar chomhaontú maidir leis na róil seo a leanas a shannadh:
|
(a) |
comhordaitheoir amháin a bheidh freagrach as an athbhreithniú piaraí a eagrú agus as cumarsáid a bhainistiú leis na Ballstáit, leis an nGrúpa Comhair agus leis an gCoimisiún; |
|
(b) |
suas le triúr rapóirtéirí ag brath ar raon feidhme an athbhreithnithe piaraí agus gach ceann acu chun meitheal dá dtagraítear in Airteagal 4 (2)a stiúradh; |
|
(c) |
comhalta gníomhach amháin ar a laghad in aghaidh na meithle, a chuideoidh le ceisteanna a ghiniúint agus aiseolas a thabhairt do na rapóirtéirí agus a rannchuideoidh leis an tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí a dhréachtú. |
5. Déanfaidh an comhordaitheoir dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), maoirseacht ar fhorghníomhú cuí an athbhreithnithe piaraí agus déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na gceanglas nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chuige sin, déanfaidh an comhordaitheoir na cúraimí seo a leanas go tráthúil:
|
(a) |
eagrú na gceisteanna agus na bhfreagraí; |
|
(b) |
tuarascáil an athbhreithnithe piaraí a thabhairt chun críche; |
|
(c) |
dréachtú na tuairime maidir leis an scéim ríomh-shainaitheantais a ndearnadh athbhreithniú piaraí uirthi. |
6. Sainaithneoidh na rapóirtéirí dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), ceisteanna don Bhallstát a thug an réamhfhógra agus dréachtóidh siad na gnéithe den tuarascáil athbhreithnithe piaraí a bhaineann le réimse freagrachta a meithle faoi seach.
7. Agus an treoir arna soláthar ag an nGrúpa Comhair á cur san áireamh, tiocfaidh an Ballstát a thug an réamhfhógra agus na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí ar chomhaontú maidir le haon socrú eagraíochtúil a bhaineann leis an athbhreithniú piaraí nach bhforáiltear go sonrach dó sa Rialachán seo, lena n-áirítear rialacha agus treoirlínte maidir le rúndacht agus coinbhleachtaí leasa.
8. Ní mhairfidh an t-athbhreithniú piaraí níos faide ná 3 mhí ó dháta tosaigh oifigiúil an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear i mír 3 agus féadfar síneadh 2 mhí ar a mhéad a chur leis i gcás ina n-aontaíonn na Ballstáit uile a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí é sin a dhéanamh.
Airteagal 4
Eagrú an athbhreithnithe piaraí
1. Déanfaidh an grúpa athbhreithnithe piaraí an t-athbhreithniú piaraí bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 2(1) ag an mBallstát a thug an réamhfhógra.
2. Eagrófar an t-athbhreithniú piaraí i dtrí mheitheal, nó trí úsáid a bhaint as aon phróiseas eile a chomhaontaítear sa Ghrúpa Comhair i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina n-úsáidfear meithleacha, beidh rapóirtéir amháin agus comhalta gníomhach amháin ar a laghad ar gach meitheal.
3. Is iad seo a leanas na meithleacha dá dtagraítear i mír 2:
|
(a) |
meitheal um chlárú, agus athbhreithniú piaraí á dhéanamh ar ailíniú na scéime ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha leis na ceanglais i ndáil le clárú mar a leagtar amach i roinn 2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502; |
|
(b) |
meitheal um bainistiú agus fíordheimhniú ríomh-shainaitheantais, lena ndéanfar athbhreithniú piaraí ar ailíniú na scéime ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha leis na ceanglais i ndáil le bainistiú agus fíordheimhniú modhanna ríomh-shainaitheantais mar a leagtar amach i ranna 2.2 agus 2.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502; |
|
(c) |
meitheal um bainistiú agus eagrú a dhéanann athbhreithniú piaraí ar ailíniú na scéime ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha leis na ceanglais i ndáil le bainistiú agus eagrú mar a leagtar amach i roinn 2.4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502. |
4. Áireofar san athbhreithniú piaraí ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
|
(a) |
measúnú ar dhoiciméadacht ábhartha arna soláthar ag an mBallstát a thug an réamhfhógra; |
|
(b) |
scrúdú ar phróisis a thuairiscítear mar chuid den doiciméadacht sin; |
|
(c) |
seimineáir theicniúla; |
|
(d) |
breithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina bhfuil measúnuithe ábhartha den chineál sin ar fáil; |
|
(e) |
dréachtú na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí ina ndéantar achoimre ar fhionnachtana agus ar thorthaí an athbhreithnithe piaraí. |
5. Féadfaidh na meithleacha iarrataí a bhfuil údar cuí leo a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise, arna dtacú le doiciméadacht bhreise, ón mBallstát a rinne an réamhfhógra i gcás nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 2(1) chun an t-athbhreithniú piaraí a fhoirceannadh.
6. Comhlíonfaidh an Ballstát a thug an réamhfhógra na hiarrataí sin ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
níl an fhaisnéis ná an doiciméadacht aige agus chruthófaí ualach riaracháin míréasúnta dá bhfaigheadh sé í; |
|
(b) |
baineann an fhaisnéis nó an doiciméadacht a iarradh le hábhair a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó leis an tslándáil náisiúnta; |
|
(c) |
baineann an fhaisnéis le cúrsaí gnó, rúin ghairmiúla nó rúin chuideachta; |
|
(d) |
fágann íogaireacht na faisnéise nach féidir bealach slán a bhunú chun an fhaisnéis a chur in iúl do chomhaltaí an ghrúpa athbhreithnithe piaraí. |
7. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Ballstát a thug an réamhfhógra an comhordaitheoir ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh an fhaisnéis nó an doiciméadacht a iarradh a sholáthar agus soláthróidh sé achoimre ardleibhéil den fhaisnéis nó leagan folaithe den doiciméadacht.
Airteagal 5
Toradh an athbhreithnithe piaraí
1. Gan dochar d’Airteagal 3(9), déanfaidh an grúpa athbhreithnithe piaraí an méid seo a leanas:
|
(a) |
dréacht-tuarascáil maidir le hathbhreithniú piaraí a sholáthar don Bhallstát a thug an réamhfhógra tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dháta tosaigh an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), ach amháin má tá an t-athbhreithniú piaraí faoi réir síneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(8) i gcás ina bhfuil an tuarascáil dlite de réir an tsínidh a comhaontaíodh; |
|
(b) |
an dréacht-tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí a sholáthar don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhair tar éis aon bharúil ón mBallstát a thug an réamhfhógra maidir le hábhar na dréacht-tuarascála athbhreithnithe piaraí a chur san áireamh, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí agus 2 sheachtain tar éis dháta tosaigh oifigiúil an athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 3(3), ach amháin má tá an t-athbhreithniú piaraí faoi réir síneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(8) i gcás ina bhfuil an tuarascáil dlite de réir an tsínidh a comhaontaíodh; |
|
(c) |
dréacht-tuairim maidir leis an scéim ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha a sholáthar don Bhallstát a thug an réamhfhógra tráth nach déanaí ná 3 mhí agus 2 sheachtain tar éis dháta tosaigh oifigiúil an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), ach amháin má tá an t-athbhreithniú piaraí faoi réir síneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(8) i gcás ina bhfuil an tuairim dlite de réir an tsínidh a comhaontaíodh, agus ullmhóidh sé an dréacht-tuairim ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV; |
|
(d) |
dréacht-tuairim chríochnaitheach maidir leis an scéim ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha a sholáthar don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhair tráth nach déanaí ná 3 mhí agus 3 seachtaine tar éis dháta tosaigh an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), ach amháin má tá an t-athbhreithniú piaraí faoi réir síneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(8) i gcás ina bhfuil an tuairim dlite de réir an tsínidh a comhaontaíodh. |
2. Sula nglacfaidh agus sula bhfoilseoidh an Grúpa Comhair, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin, a thuairim chríochnaitheach maidir le tabhairt i gcrích an athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le mír 9, féadfaidh sé faisnéis bhreise nó soiléiriú breise a éileamh ón mBallstát a rinne an réamhfhógra nó ón ngrúpa athbhreithnithe piaraí.
3. Soláthróidh an Ballstát a thug an réamhfhógra an fhaisnéis bhreise is gá dá dtagraítear i mír 2, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
níl an fhaisnéis ag an mBallstát agus chruthófaí ualach riaracháin míréasúnta dá bhfaigheadh sé í; |
|
(b) |
baineann an fhaisnéis le hábhair slándála poiblí nó náisiúnta; |
|
(c) |
baineann an fhaisnéis le hábhair a bhaineann le rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta; |
|
(d) |
fágann íogaireacht na faisnéise nach féidir bealach slán a bhunú chun an fhaisnéis a chur in iúl don Ghrúpa Comhair. |
4. Liostófar sa tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí an fhaisnéis a d’iarr an grúpa athbhreithnithe piaraí nó an Grúpa Comhair ach nárbh fhéidir a sholáthar ar fhoras amháin nó níos mó a leagtar amach i mír 3, gan na cúiseanna arna soláthar ag an mBallstát a thug an réamhfhógra a shonrú. Féadfaidh an grúpa athbhreithnithe piaraí scrúdú a dhéanamh ar thionchar aon neamh-infhaighteachta faisnéise sa tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí.
5. Cuirfidh an grúpa athbhreithnithe piaraí an tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí agus a dhréacht-tuairim chríochnaitheach faoi bhráid an Ghrúpa Comhair tráth nach déanaí ná 4 mhí, nó i gcás fadaithe i gcomhréir le hAirteagal 3(8) tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta tosaigh oifigiúil an athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 3(3).
6. I dtuairim chríochnaitheach an ghrúpa athbhreithnithe piaraí maidir le scéim ríomh-shainaitheantais an Bhallstáit a thug an réamhfhógra, liostófar gealltanais ar bith a thug an Ballstát sin.
7. Tar éis an tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú piaraí agus tuairim chríochnaitheach an ghrúpa athbhreithnithe piaraí a thíolacadh, glacfaidh agus foilseoidh an Grúpa Comhair a thuairim féin maidir le tabhairt i gcrích an athbhreithnithe piaraí, ina léireofar an gcomhlíonann agus conas a chomhlíonann an scéim ríomh-shainaitheantais phiarmheasúnaithe na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 a bhfuil feidhm acu maidir leis na leibhéil dearbhaithe arna gcur in iúl ag an mBallstát a rinne an réamhfhógra, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Leanfaidh an próiseas glactha rialacha nós imeachta an Ghrúpa Comhair.
8. Sainaithneofar i dtuairim an Ghrúpa Comhair an Ballstát a thug an réamhfhógra chomh maith leis an scéim ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha agus a leibhéal dearbhaithe. Luafar sa tuairim freisin ar cuireadh an t-athbhreithniú piaraí i gcrích go rathúil.
9. Foilseoidh an Grúpa Comhair faisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 2(1), ach amháin i gcás inar chuir an Ballstát a sholáthair an fhaisnéis in iúl i scríbhinn nár cheart an fhaisnéis sin a phoibliú.
Airteagal 6
Athruithe suntasacha ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu
1. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith ar bhealach ar dócha go mbeidh tionchar aige ar a hidir-inoibritheacht, a slándáil nó a hiontaofacht, tabharfaidh an Ballstát a thug an fógra fógra don Ghrúpa Comhair gan moill mhíchuí faoi na hathruithe sin agus tabharfaidh sé an fhaisnéis a soláthraíodh roimhe sin cothrom le dáta.
2. Tar éis fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, agus ar choinníoll go ndearnadh athbhreithniú piaraí ar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, féadfaidh aon Bhallstát den Ghrúpa Comhair nuashonrú ar an athbhreithniú piaraí a iarraidh.
3. I gcás iarraidh ar nuashonrú, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 3 go 5 dá réir sin agus teorannóidh an grúpa athbhreithnithe piaraí an t-athbhreithniú piaraí do na gnéithe a athraíodh de bhun an fhógra bunaidh agus do thionchair na n-athruithe sin.
Airteagal 7
Aisghairm
Leis seo, aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/2024-10-18.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le sainaithint leictreonach de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 25.2.2015, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/296/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1501/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1502/oj).
(5) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(7) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
IARSCRÍBHINN I
Liosta den fhaisnéis íosta atá le soláthar i ndoiciméad mapála na leibhéal dearbhaithe le haghaidh an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ndoiciméad mapála an leibhéil dearbhaithe don athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (a):
|
(1) |
faisnéis ghinearálta, lena n-áirítear:
|
|
(2) |
an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear:
|
|
(3) |
faisnéis faoi pháirtithe, eintitis agus comhlachtaí ábhartha a bhfuil baint acu leis an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear:
|
|
(4) |
tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear:
|
IARSCRÍBHINN II
Liosta den fhaisnéis íosta atá le soláthar sa pháipéar bán dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)
1.
Tabharfar tuairisc sa pháipéar bán ar éiceachóras foriomlán na scéime ríomh-shainaitheantais réamhfhógartha, chomh maith le stair na scéime ríomh-shainaitheantais agus an ríomh-shainaitheantais sa Bhallstát.
2.
Soláthrófar sa pháipéar bán freisin tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais agus ar na modhanna ríomh-shainaitheantais a sholáthraítear faoin scéim seo, lena n-áirítear tuairisc ghairid ar na heilimintí a chumhdaítear freisin le doiciméad mapála na leibhéal dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a) den Rialachán seo, le doiciméad mapála an chreata idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c) den Rialachán seo, agus le doiciméid eile.
3.
Tabharfar tuairisc sa pháipéar bán freisin ar ról na scéime ríomh-shainaitheantais san éiceachóras foriomlán agus ar an mbaint atá aici leis na páirtithe is úsáideoirí agus le seirbhísí eile a sholáthraítear laistigh den éiceachóras.
IARSCRÍBHINN III
Teimpléad do dhoiciméad mapála an chreata idir-inoibritheachta
Ceanglais Idir-inoibritheachta
|
Airteagal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún |
Ceanglas |
Tuairisc |
||||||||||||
|
4 |
Leibhéil dearbhaithe náisiúnta a mhapáil Leanfaidh mapáil leibhéal dearbhaithe náisiúnta na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi thorthaí na mapála trí úsáid a bhaint as an teimpléad fógra a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984. |
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
5 |
Nóid
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
6 |
Príobháideachas Sonraí agus rúndacht
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
7 |
Sláine agus barántúlacht sonraí le haghaidh na cumarsáide Áiritheofar leis an gcumarsáid idir na nóid sláine agus barántúlacht na sonraí chun a áirithiú go bhfuil gach iarraidh agus freagra barántúil agus nach ndearnadh crioscaíl leo. Chun na críche sin, úsáidfidh nóid réitigh a úsáideadh go rathúil le haghaidh úsáid oibríochtúil trasteorann. |
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
8 |
Formáid na teachtaireachta don chumarsáid I gcás formáidí coiteanna teachtaireachta comhréire bunaithe ar chaighdeáin a imscaradh cheana féin níos mó ná uair amháin idir na Ballstáit agus a bhfuil sé cruthaithe go n-oibríonn siad i dtimpeallacht oibríochtúil, úsáidfear na nóid sin. Ceadóidh an chomhréir an méid seo a leanas:
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
9 |
Faisnéis slándála agus meiteashonraí a bhainistiú
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
10 |
Dearbhú faisnéise agus caighdeáin slándála
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
||||||||||||
|
11 |
Sonraí sainaitheantais duine
|
<Le líonadh ag an mBallstát> |
IARSCRÍBHINN IV
Teimpléad don tuairim maidir le scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit
Tuairim Uimh. XX/202X ón nGrúpa Comhair maidir le scéim ríomh-shainaitheantais <cuir isteach ainm na scéime> <cuir isteach an Ballstát>
Ag féachaint d’Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 910/2014 (‘an Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach’),
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568.
Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta an Ghrúpa Comhair,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Le hAirteagal 12(5) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 9(1), pointe (a) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach.
Le hAirteagal 5(10) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568 ón gCoimisiún, tugtar sainordú don Ghrúpa Comhair tuairimí a ghlacadh maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann scéim ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith ceanglais an Rialacháin maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach.
<cuir isteach an Ballstát>, d’fhonn fógra a thabhairt faoina scéim ríomh-shainaitheantais <cuir isteach ainm na scéime> i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na Ballstáit an <cuir isteach dáta> (dá ngairtear anseo feasta: ‘réamhfhógra’) i gcomhréir le hAirteagal 7(g) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach:
|
— |
Foirm fógra; |
|
— |
Doiciméadacht Tacaíochta. |
An <cuir isteach dáta an chruinnithe den Ghrúpa Comhair>, maidir leis an nGrúpa Comhair:
|
— |
chomhaontaigh siad an t-athbhreithniú piaraí ar scéim ríomh-shainaitheantas <cuir isteach ainm na scéime> <cuir isteach an Ballstát> a eagrú de réir Airteagal 46e(5)(d) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568; |
|
— |
bunaíodh ‘Grúpa Athbhreithnithe Piaraí’; agus |
|
— |
chomhaontaigh siad cé na hábhair a chumhdófaí leis an bpróiseas athbhreithnithe piaraí agus conas a d’eagrófaí é de réir fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568. |
Chuir an Grúpa Athbhreithnithe Piaraí a thuarascáil faoi bhráid an Ghrúpa Comhair i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1568 <cuir isteach dáta>. Rinne an Grúpa Comhair an Tuarascáil Athbhreithnithe Piaraí a scrúdú agus a phlé.
Agus torthaí an athbhreithnithe piaraí, na tuarascála athbhreithnithe piaraí agus an fhaisnéis bhreise a chuirtear ar fáil maidir leis an méid seo a leanas á gcur san áireamh ag <cuir isteach an Ballstát>:
–
agus a gheallann <cuir isteach an Ballstát> an méid seo a leanas a dhéanamh:
–
Ghlac an Grúpa Comhair an tuairim seo a leanas:
Tuairim
Bunaithe ar an scrúdú ar na doiciméid réamhfhógra arna soláthar ag <cuir isteach an Ballstát> agus ar an Tuarascáil Athbhreithnithe Piaraí agus ar thorthaí na Tuarascála sin, tá an Grúpa Comhair den tuairim go gcomhlíonann na doiciméid réamhfhógra agus an fhaisnéis bhreise arna soláthar ag <cuir isteach an Ballstát> trí léiriú leordhóthanach a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann an <cuir isteach an Ballstát>scéim ríomh-shainaitheantais <cuir isteach ainm na scéime> a bhfuil fógra le tabhairt fúithi na ceanglais
|
— |
le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘Ard’; |
|
— |
le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘Substaintiúil’; |
|
— |
le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘Íseal’; |
i gcomhréir le ceanglais Airteagail 7, 8(1)-(2), 12(1), 12a(1) agus 12a(5) den Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach agus le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502.
De réir Airteagal <cuir isteach uimhir> de na Rialacha Nós Imeachta, comhaontaíonn an Grúpa Comhair an tuairim seo a fhoilsiú.
<cuir isteach an Ballstát>, <cuir isteach dáta>
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1568/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)