Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1426

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1426 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas laonna agus uain, laonna de chineál camaill lena ramhrú, agus eachainmhithe seachas capaill (sealbhóir an údaraithe: Lallemand SAS) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uan

C/2025/4749

IO L, 2025/1426, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1426/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1426/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1426

18.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1426 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2025

maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas laonna agus uain, laonna de chineál camaill lena ramhrú, agus eachainmhithe seachas capaill (sealbhóir an údaraithe: Lallemand SAS) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uan

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/149 ón gCoimisiún (2), údaraíodh ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uan agus capall.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas laonna agus uain, laonna de chineál camaill lena ramhrú, agus eachainmhithe seachas capaill, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus sna feidhmghrúpaí ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’ agus ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas chun modhnú a dhéanamh ar théarmaí údaraithe na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 a mhéid a bhaineann lena húsáid le haghaidh uan. Bhain an t-iarratas sin le hiarraidh ar íosleibhéal cuimsithe i mbeatha le haghaidh uan a ísliú ó 3 × 109 go 1 × 109 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %.

(6)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 15 Deireadh Fómhair 2024 (3) go bhfuil an ullmhóid arb á atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin maidir leis an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077, sa dá fhoirmliú, gur cheart a mheas gur íogróir craicinn agus riospráide í agus go meastar gur riosca é aon nochtadh tríd an gcraiceann nó tríd an gconair riospráide. Ní greannaitheoir craicinn ná súl í foirm neamhbhrataithe an bhreiseáin. De bharr easpa sonraí ní féidir teacht ar chonclúid maidir leis an ngreannú súl a d’fhéadfadh foirm bhrataithe an bhreiseáin a dhéanamh. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhféadfadh an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 a bheith éifeachtúil i ngach athchogantach agus gach ainmhí de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh diúil nó le haghaidh atáirgeadh ag íosleibhéal úsáide beartaithe 5 × 108 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán, i ngach mionspeiceas athchogantach (óg) agus gach mionspeiceas de chineál camaill lena ramhrú agus in uain ag 1 × 109 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán, agus i ngach speiceas eachainmhithe seachas capaill ag 3 × 109 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil leis an mbreiseán céanna bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair.

(8)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na ullmhóide sin a údarú le haghaidh athchogantach (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas laonna agus uain, laonna de chineál camaill lena ramhrú, agus eachainmhithe seachas capaill. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(9)

Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann údarú na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 fós na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus na téarmaí sin maidir le húdarú á modhnú a mhéid a bhaineanna lena húsáid le haghaidh uan, tríd an íoschion breiseáin a laghdú go 1 × 109 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 a leasú dá réir sin.

(10)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 le haghaidh uan a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh páirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as modhnú an údaraithe lena mbaineann a chomhlíonadh.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis na feidhmghrúpaí ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’ agus ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 sa cholún ‘íoschion ábhair’ maidir le huain, cuirtear ‘1 × 109’ in ionad an luacha atá ann.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/149, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh uan, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Lúnasa 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh uan, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Lúnasa 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Lúnasa 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2020 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uan agus capall agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1293/2008 agus (CE) Uimh. 910/2009 (sealbhóir an údaraithe Danstar Ferment AG atá á ionadú san Aontas ag Lallemand SAS) (IO L 33, 5.2.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/149/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e9075. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9075.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1711

Lallemand SAS

Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae

CNCM I-1077 ag a bhfuil

íostiúchan:

1 × 1010 ADC/g de bhreiseán (foirm bhrataithe)

2 × 1010 ADC/g de bhreiseán (foirm neamhbhrataithe).

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077

Modh anailíse  (1)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc: modh an doirte ar phláta nó modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar d’úsc giosta deastróis clóraimfeineacóil (EN 15789)

Sainaithint: imoibriú slabhrúil polaiméaráise - modh (CEN/TS 15790)

Athchogantaigh (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe

-

5 × 108

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachta beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile (i gcás an fhoirmlithe bhrataithe amháin) agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 7 Lúnasa 2035

Athchogantaigh óga (2)

lena ramhrú seachas laonna agus uain

Laonna de chineál camaill lena ramhrú

1 × 109

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta.

4b1711

Lallemand SAS

Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae

CNCM I-1077 ag a bhfuil

íostiúchan:

1 × 1010 ADC/g de bhreiseán (foirm bhrataithe)

2 × 1010 ADC/g de bhreiseán (foirm neamhbhrataithe).

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077

Modh anailíse  (1)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc: modh doirte nó leata ar phláta agus úsáid á baint as agar d’úsc giosta

deastróis clóraimfeineacóil (EN 15789)

Sainaithint: imoibriú slabhrúil polaiméaráise - modh (CEN/TS 15790)

Eachainmhithe seachas capaill

-

3 × 109

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachta beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile (i gcás an fhoirmlithe bhrataithe amháin) agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

7 Lúnasa 2035


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga

(2)  Ainmhithe ag an gcéim fhorbarthach a chomfhreagraíonn do ‘laonna’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1426/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top