Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1066

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1066 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2025 maidir le clárú an táisc gheografaigh Aydın Çam Fıstığı (ATFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/3267

IO L, 2025/1066, 2.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1066/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1066/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1066

2.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1066 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Bealtaine 2025

maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Aydın Çam Fıstığı’ (ATFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na Tuirce ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Aydın Çam Fıstığı’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Aydın Çam Fıstığı’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Aydın Çam Fıstığı’ (ATFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).

(3)   IO C, C/2025/778, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/778/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1066/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top