This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0959
Council Implementing Regulation (EU) 2025/959 of 20 May 2025 implementing Regulation (EU) 2018/1542 concerning restrictive measures against the proliferation and use of chemical weapons
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/959 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/959 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
ST/8218/2025/INIT
IO L, 2025/959, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/959/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32018R1542 | Cur le | iarscríbhinn I cuid B pointe 4 | 20/05/2025 | |
| Modifies | 32018R1542 | Cur le | iarscríbhinn I cuid B pointe 5 | 20/05/2025 | |
| Modifies | 32018R1542 | Cur le | iarscríbhinn I cuid B pointe 6 | 20/05/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/959 |
20.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/959 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542. |
|
(2) |
An 18 Samhain 2024 agus an 14 Feabhra 2025, d’eisigh an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (‘ETAC’) tuarascálacha ó dhá chuairt cúnaimh theicniúil inar dearbhaíodh gur ann d’oibreán smachtaithe círéibe CS agus comhdhúile gaolmhara sna samplaí a bailíodh, a léiríonn patrún den smachtú círéibe a úsáid mar mhodh cogaíochta sna línte tosaigh san Úcráin, rud atá toirmiscthe faoi Airteagal I, mír 5, den Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha. |
|
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 259, 16.10.2018, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1542/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais ainmniúcháin |
Dáta liostaithe |
|
‘4. |
Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise) (Войска радиационной, химической и биологической защиты Министерства обороны Российской Федерации) |
Seoladh: Corpus 2, Building 22, Frunze Embankment, 119160 Moscó, Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: https://eng.mil.ru/en/structure/forces/ground/structure/rhbz.htm Uimhir chlárúcháin: 1037739635890 Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 7704195013 |
Is iad na Radiological, Chemical and Biological Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) an t-eintiteas inniúil i bhFórsaí Armtha na Rúise atá i gceannas ar chogaíocht cheimiceach agus bhitheolaíoch. Sa cháil sin, tá baint ag na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch leis an úsáid a bhaineann Cónaidhm na Rúise as airm cheimiceacha. Áirítear orthu sin oibreáin smachtaithe círéibe, mar shampla gás CS, a d’úsáid fórsaí na Rúise san Úcráin mar mhodh cogaíochta, de shárú ar Airteagal I, mír 5 den Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha, a bhfuil an Rúis ina Páirtí Stáit ann. Dearbhaíodh úsáid gáis CS i dtuarascálacha a d’fhoilsigh an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (ETAC) i mí na Samhna 2024 agus i mí Feabhra 2025, tar éis cuairteanna cúnaimh theicniúil san Úcráin. Dá bhrí sin, tá baint ag na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch le húsáid arm ceimiceach. |
20.5.2025 |
|
5. |
27th Scientific Centre of the Ministry of Defence of the Russian Federation (27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise) (27-й Центральный научно-исследовательский институт Министерства обороны Российской Федерации) |
Seoladh: 51 st Khoroshevsky Passage, 123007 Moscó, Cónaidhm na Rúise Teil.: + 7 (495) 945 76 96 Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 7714676767 Suíomh gréasáin: http://eng.mil.ru/en/science/sro/information.htm?id=10992@morfOrgScience Ríomhphost: fin27cnii@mail.ru Eintiteas comhlachaithe: Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise) |
Is fo-aonad de na Radiological, Chemical and Biological Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) é an Russian Ministry of Defence 27th Scientific Centre (27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta na Rúise). Mar phríomheintiteas taighde laistigh d’arm na Rúise, is le harm na Rúise é agus tá baint aige le forbairt agus úsáid oibreán ceimiceach. Dá bhrí sin, tá baint ag an 27ú Lárionad Eolaíochta de chuid Aireacht Cosanta na Rúise leis na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch. |
20.5.2025 |
|
6. |
33rd Central Scientific Research and Testing Institute of the Ministry of Defence of the Russian Federation (33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise) (33 Центральный научно-исследовательский испытательный институт Министерства обороны Российской Федерации) |
Seoladh: 1 Ulitsa Krasnoznamennaya, Volsk-18/Shikhany, Saratov Oblast, Cónaidhm na Rúise; Krasnoznamennaya Street 1, Volsk-18, Saratov, 412918 Cónaidhm na Rúise Teil.: + 7 (343) 255 99 88 Uimhir Aitheantais Phearsanta Cháiníocóra (INN): 6441013942 / 644101001 Suíomh gréasáin: https://ens.mil.ru/science/SRI/information.htm?id=12027@morfOrgScience Ríomhphost: 33cnii-fes@mil.ru Eintiteas comhlachaithe: Radiological Chemical and Biological Defence Troops of the Ministry of Defence of the Russian Federation (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise) |
Is fo-aonad de na Radiological, Biological and Chemical Defence Troops (Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch) é an Russian Ministry 33rd Central Scientific Research and Testing Institute (33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil). Mar phríomheintiteas taighde cheimicigh agus tástála ceimicí laistigh d’arm na Rúise, is le harm na Rúise é agus tá baint aige le forbairt agus úsáid oibreán ceimiceach. Dá bhrí sin, tá baint ag an 33ú Institiúid Lárnach don Taighde Eolaíoch agus don Tástáil de chuid Aireacht Cosanta na Rúise leis na Trúpaí um an gCosaint Raideolaíoch, Cheimiceach agus Bhitheolaíoch. |
20.5.2025’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/959/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)