This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0917
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/917 of 19 May 2025 amending Implementing Regulation (EU) 2019/1014 to lay down detailed rules on minimum requirements for border control posts, including inspection centres, and for the format, categories and abbreviations to use for listing border control posts and control points
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/917 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais le haghaidh poist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid chigireachta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus lárionaid rialaithe a liostú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/917 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais le haghaidh poist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid chigireachta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus lárionaid rialaithe a liostú
C/2025/3017
IO L, 2025/917, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/917/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | iarscríbhinn II pointe (a) Téacs | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | iarscríbhinn II pointe (c) Téacs | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | iarscríbhinn II pointe (d) Téacs | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 3 mír 11 | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Cur le | airteagal 3 mír 3a | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 3 mír 4 | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 3 mír 5 | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 3 mír 6 | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 5 mír 1 pointe (e) | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Cur le | airteagal 5 mír 6 | 09/06/2025 | |
| Modifies | 32019R1014 | Athchur | airteagal 6 mír 5 | 09/06/2025 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32025R0917R(01) | (DE) |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/917 |
20.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/917 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais le haghaidh poist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid chigireachta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus lárionaid rialaithe a liostú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 60(2) agus Airteagal 64(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 bunaítear, inter alia, an creat chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha chun comhlíonadh rialacha an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú. Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2017/625, agus leagtar síos leis, inter alia, íoscheanglais choiteanna agus shonracha maidir le poist rialaithe teorann le haghaidh coinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas. |
|
(2) |
Go sonrach, le hAirteagal 3(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 foráiltear go mbeidh draenáil leormhaith ag na seomraí agus láithreacha i bpoist rialaithe teorann. Ós rud é go bhfuil éiginnteacht áirithe ann maidir le ról na draenála, is gá a chuspóir a shoiléiriú. Ina theannta sin, ós rud é go mbaineann rioscaí éagsúla leis na catagóirí ainmhithe agus earraí a láimhseáiltear agus go mbíonn gá le hoibríochtaí éagsúla glantacháin agus díghalraithe, is gá a shoiléiriú gur cheart an draenáil a oiriúnú do na hoibríochtaí sin. |
|
(3) |
Le hAirteagal 3(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ceadaítear coinsíneachtaí de tháirgí iascaigh nach bhfuil i gcoimeádáin agus atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine a dhíluchtú i láithreacha gan díon. Táirgí iascaigh nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus ainmhithe uisceacha le haghaidh gach úsáide, féadfaidh siad teacht chuig poist rialaithe teorann freisin i gcoinsíneachtaí nach bhfuil i gcoimeádáin. Ós rud é nach mbaineann aon riosca do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe le díluchtú na gcoinsíneachtaí sin i láithreacha gan díon, ba cheart cead a thabhairt táirgí iascaigh nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus ainmhithe uisceacha le haghaidh gach úsáide a dhíluchtú i láithreacha gan díon. |
|
(4) |
Is casta innealra talmhaíochta agus foraoiseachta úsáidte atá faoi réir cigireacht fíteashláintíochta ag post rialaithe teorann a dhíluchtú mar gheall ar a thoisí móra. Ós rud é nach mbaineann aon riosca do shláinte plandaí leis an díluchtú i láithreacha gan díon i gcás innealra talmhaíochta agus foraoiseachta úsáidte, is iomchuí cead a thabhairt an t-innealra sin a dhíluchtú i láithreacha gan díon. |
|
(5) |
I gcás rialuithe oifigiúla ar bhulcleachtanna ar de bhunadh ainmhíoch nó nach de bhunadh ainmhíoch iad, foráiltear le hAirteagal 3(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 nach gceanglaítear ar phoist rialaithe teorann láithreacha nó seomraí a bheith acu le haghaidh díluchtaithe ná seomraí cigireachta ná láithreacha cigireachta, toisc go ndíluchtaítear na hearraí sin go díreach ón modh iompair isteach in umair trí phíopaí speisialta. Níl gá leis na láithreacha ná na seomraí sin ach an oiread le haghaidh bulcearraí ardtoirte nach de bhunadh ainmhíoch iad, toisc gur féidir na hearraí sin a dhíluchtú go díreach ón modh iompair chuig stórtha nó stórais trí threalamh speisialta, amhail cosáin bheo. Dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le láithreacha ná seomraí le haghaidh díluchtú earraí ná seomraí cigireachta ná láithreacha cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a) agus (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 le haghaidh bulcearraí ardtoirte nach de bhunadh ainmhíoch iad a dhíluchtaítear go díreach chuig saoráidí stórála trí threalamh speisialta. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
I gcás poist rialaithe teorann a ainmnítear le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/625, le hAirteagal 3(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014, déantar foráil maidir le díolúine dóibh ó na ceanglais soláthar uisce reatha te agus fuar agus saoráidí le haghaidh ní agus triomú lámha, agus seomraí le síleálacha atá éasca le díghalrú a bheith acu. Poist rialaithe teorann arna n-ainmniú le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a chumhdaítear le bearta agus coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointí (d) go (f), de Rialachán (AE) 2017/625, ba cheart iad a bheith díolmhaithe ó na ceanglais sin freisin, toisc nach mbaineann aon riosca do shláinte plandaí le díolúine den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Le hAirteagal 3(11) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 foráiltear go bhféadfar saoráidí stórála tráchtála a úsáid chun seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar tháirgí nach de bhunadh ainmhíoch iad má chomhlíonann na saoráidí sin na híoscheanglais a leagtar síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin, má tá siad i ngarchomharsanacht an phoist rialaithe teorann agus má tá siad faoi inniúlacht an údaráis custaim chéanna. Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile i saoráidí stórála tráchtála, faoi na coinníollacha céanna, ós rud é nach gcruthaítear aon riosca do shláinte plandaí nuair a dhéantar na seiceálacha sin i saoráidí stórála tráchtála. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3(11) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú chun na catagóirí earraí ar féidir seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh orthu i saoráidí stórála tráchtála a leathnú. |
|
(8) |
Le hAirteagal 5(1), pointe (e), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ceanglaítear ar phoist rialaithe teorann atá ainmnithe le haghaidh ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 láithreacha tithíochta nó seomraí tithíochta a bheith acu chun crúbaigh seachas eachainmhithe cláraithe, eachainmhithe cláraithe, agus ainmhithe eile seachas crúbaigh (ach lena n-áirítear crúbaigh zú) a choinneáil ar leithligh. I gcás ina bhfuil post rialaithe teorann ainmnithe le haghaidh ainmhithe, beidh na láithreacha tithíochta nó na seomraí tithíochta le hoiriúnú do na catagóirí ainmhithe a bhfuil na poist ainmnithe ina leith. Mar sin féin, is féidir láithreacha tithíochta nó seomraí tithíochta a roinnt idir catagóirí áirithe ainmhithe gan na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe ná leas ainmhithe a chur i mbaol. Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 5(1), pointe (e) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú chun go mbeidh solúbthacht ann maidir le ceanglais deighilte i ndáil le catagóirí áirithe ainmhithe. |
|
(9) |
Ós rud é nach mbaineann aon riosca don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe leis an gcigireacht ar uibheacha goir ag poist rialaithe teorann arna n-ainmniú le haghaidh ainmhithe a mhéid a bhaineann leis na hainmhithe agus na hearraí a láimhseáiltear ag na poist rialaithe teorann sin, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla cigireacht a dhéanamh ar choinsíneachtaí d’uibheacha goir ag poist rialaithe teorann arna n-ainmniú le haghaidh ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Le hAirteagal 6(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ceadaítear cigireacht ar choinsíneachtaí de fhroganna beo, d’éisc bheo agus d’inveirteabraigh bheo atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, agus coinsíneachtaí d’uibheacha goir agus de bhaoití iascaireachta, ag poist rialaithe teorann atá ainmnithe le haghaidh na gcatagóirí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625. Ós rud é go bhfuil na speicis ainmhithe sin beag agus go n-iompraítear iad i gcoimeádáin nó boscaí, íoslaghdaítear an riosca go dtarlóidh traséilliú le catagóirí eile earraí. Inveirteabraigh bheo nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, bíonn siad ar mhéid comhchosúil le hinveirteabraigh bheo atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, agus iompraítear iad ar an mbealach céanna leo. Ós rud é gur mar an gcéanna an riosca traséillithe le haghaidh an dá chineál inveirteabrach beo, is iomchuí Airteagal 6(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leasú chun cigireacht ar inveirteabraigh bheo nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine a cheadú ag poist rialaithe teorann atá ainmnithe le haghaidh na gcatagóirí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/625. |
|
(11) |
Sa sainmhíniú ar ‘tháirgí geirmeacha’ a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (28), de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuimsítear uibheacha goir. Ós rud é go ndéantar cigireacht ar choinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ag poist rialaithe teorann arna n-ainmniú le haghaidh na gcatagóirí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, ní gá tagairt a dhéanamh d’uibheacha goir in Airteagal 6(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014, agus dá bhrí sin, ar mhaithe le cinnteacht dhlíthiúil, is iomchuí an tagairt sin a scriosadh ón bhforáil sin. |
|
(12) |
Le hAirteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2017/625 foráiltear go bpoibleoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hainmniú a bpost rialaithe teorann. Ceanglaítear ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na giorrúcháin agus na sonraíochtaí in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 chun na catagóirí ainmhithe agus earraí a ainmnítear na poist rialaithe teorann ina leith a phoibliú. Ar mhaithe le comhleanúnachas, ba cheart frásaí réamhráiteacha phointí (a), (c) agus (d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 a leathnú chun na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointí (d), (e) nó (f), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/625 a chumhdach, de réir mar is infheidhme. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. Féadfaidh cigireacht a dhéanamh ar éisc bheo atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, ar fhroganna beo atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, ar inveirteabraigh bheo, agus ar bhaoití iascaireachta ag poist rialaithe teorann atá ainmnithe le haghaidh na gcatagóirí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/625.’ |
|
(4) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais le haghaidh poist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid chigireachta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus lárionaid rialaithe a liostú (IO L 165, 21.6.2019, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1014/oj).
(3) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/917/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)