Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0320

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/320 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

C/2025/1014

IO L, 2025/320, 12.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/320/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/320/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/320

12.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/320 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na coinsíneachtaí speiceas agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Québec, ráig a deimhníodh an 30 Eanáir 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcontaetha Norfolk agus Yorkshire, Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 31 Eanáir 2025 agus an 5 Feabhra 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(7)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 20 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Arizona (1), California (1), Delaware (1), Indiana (2), Ohio (14) agus Pennsylvania (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 23 Eanáir 2025 agus an 29 Eanáir 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(8)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(9)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin a tharla le déanaí.

(10)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(11)

Ina theannta sin, sholáthair an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach táirgí áirithe san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(12)

An 3 Feabhra 2025 agus an 4 Feabhra 2025, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aici i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontae Norfolk, ráigeanna a deimhníodh an 17 Nollaig 2024 agus an 24 Nollaig 2024, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(13)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme aici chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aici freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch.

(14)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aici nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe agus na ráigeanna réitithe den fhliú éanúil ardphataigineach sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh.

(16)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/125 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, chun, inter alia, teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a chur ar fionraí ó chrios US-2.798 i Stát Wisconsin sna Stáit Aontaithe mar fhreagairt ar ráig den fhliú éanúil ardphataigineach. An 22 Eanáir 2025 chuir údarás inniúil na Stát Aontaithe iarraidh chuig an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar an tuairisc ar an gcrios sin san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, toisc go raibh litriú an chontae atá buailte mícheart. Ba cheart, dá bhrí sin, an tuairisc ar chrios US-2.798 san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a leasú dá réir.

(17)

Agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/125 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L, 2025/125, 21.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/125/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.256 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.255

‘CA

Ceanada

CA–2.256

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

31.1.2025’;

 

(ii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.337:

‘GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.337

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

17.12.2024

30.1.2025’;

(iii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.340:

‘GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.340

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

24.12.2024

27.1.2025’;

(iv)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.353 agus GB-2.354 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.352:

‘GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.353

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

31.1.2025

 

GB-2.354

N, P1

 

5.2.2025’;

 

(v)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.860 go US-2.879 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.859:

‘US

na Stáit Aontaithe

US-2.860

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.1.2025

 

US-2.861

N, P1

 

27.1.2025

 

US-2.862

N, P1

 

29.1.2025

 

US-2.863

N, P1

 

27.1.2025

 

US-2.864

N, P1

 

28.1.2025

 

US-2.865

N, P1

 

28.1.2025

 

US-2.866

N, P1

 

23.1.2025

 

US-2.867

N, P1

 

23.1.2025

 

US-2.868

N, P1

 

23.1.2025

 

US-2.869

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.870

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.871

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.872

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.873

N, P1

 

23.1.2025

 

US-2.874

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.875

N, P1

 

24.1.2025

 

US-2.876

N, P1

 

27.1.2025

 

US-2.877

N, P1

 

27.1.2025

 

US-2.878

N, P1

 

27.1.2025

 

US-2.879

N, P1

 

27.1.2025’;

 

(b)

Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios CA-2.256 tar éis na tuairisce ar chrios CA-2.255:

‘Ceanada

CA-2.256

Quebec- Latitude 46.28, Longitude -73.51

The municipalities involved are:

3km PZ: Saint-Gabriel-de-Brandon and St-Jean-de-Matha

10km SZ: Saint-Cléophas-de-Brandon, Saint-Damien, Sainte-Béatrix, Sainte-Émélie-de-l’Énergie, Sainte-Mélanie, Saint-Félix-de-Valois, Saint-Gabriel, Saint-Gabriel-de-Brandon, Saint-Norbert, and St-Jean-de-Matha’;

(ii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.353 agus GB-2.354 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.352:

‘United Kingdom

GB-2.353

near Loddon, South Norfolk, Norfolk, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N52.50 and Long: E1.53

GB-2.354

near Market Weighton, East Riding of Yorkshire, Yorkshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N53.84 and Long: W0.70’;

(iii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.798:

‘United States

US-2.798

State of Wisconsin

Burnett 01

Burnett County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 92.0723185°W 45.9267560°N)’;

(iv)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.860 go US-2.879 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.859:

‘United States

US-2.860

State of Pennsylvania

Lehigh 07

Lehigh County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 75.7088676°W 40.7393246°N)

US-2.861

State of Arizona

Pinal 02

Pinal County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 111.9595682°W 33.0867618°N)

US-2.862

State of California

Madera 02

Madera County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.1598750°W 37.2143866°N)

US-2.863

State of Indiana

Adams 01

Adams County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.8072149°W 40.6798357°N)

US-2.864

State of Indiana

Jackson 01

Jackson County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.9348582°W 39.0819297°N)

US-2.865

State of Delaware

Kent 06

Kent County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 75.4408332°W 39.2611583°N)

US-2.866

State of Ohio

Mercer 04

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7663638°W 40.4816238°N)

US-2.8567

State of Ohio

Mercer 05

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7681340°W 40.4438746°N)

US-2.868

State of Ohio

Mercer 06

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7577919°W 40.4857327°N)

US-2.869

State of Ohio

Mercer 07

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7132254°W 40.4813974°N)

US-2.870

State of Ohio

Mercer 08

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.6874501°W 40.4911341°N)

US-2.871

State of Ohio

Mercer 09

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.6738100°W 40.5032122°N)

US-2.872

State of Ohio

Mercer 10

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7250371°W 40.4977986°N)

US-2.873

State of Ohio

Darke 13

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7333712°W 40.4343406°N)

US-2.874

State of Ohio

Darke 15

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.5913143°W 40.4061736°N)

US-2.875

State of Ohio

Darke 16

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7189877°W 40.4104992°N)

US-2.876

State of Ohio

Mercer 11

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7792603°W 40.7672610°N)

US-2.877

State of Ohio

Mercer 12

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7223038°W 40.4970683°N)

US-2.878

State of Ohio

Mercer 13

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.6574480°W 40.4603309°N)

US-2.879

State of Ohio

Mercer 14

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7037015°W 40.4887561°N)’;

(2)

in Annex XIV, in Part 1, Section B is amended as follows:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.256 tar éis na rónna le haghaidh chrios CA-2.255:

‘CA

Canada

CA-2.256

POU, RAT

N, P1

 

31.1.2025’

 

(b)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.337:

‘GB

United Kingdom

GB-2.337

POU, RAT

N, P1

 

17.12.2024

30.1.2025

GBM

P1

 

17.12.2024

30.1.2025’;

(c)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.340:

‘GB

United Kingdom

GB-2.340

POU, RAT

N, P1

 

24.12.2024

27.1.2025

GBM

P1

 

24.12.2024

27.1.2025’;

(d)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.353 agus GB-2.354 tar éis na rónna le haghaidh chrios GB-2.352:

‘GB

United Kingdom

GB-2.353

POU, RAT

N, P1

 

31.1.2025

 

GBM

P1

 

31.1.2025

 

GB-2.354

POU, RAT

N, P1

 

5.2.2025

 

GBM

P1

 

5.2.2025’;

 

(e)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.860 go US-2.879 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.859:

‘US

United States

US-2.860

POU, RAT

N, P1

 

28.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025

 

US-2.861

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

29.1.2025

 

US-2.862

POU, RAT

N, P1

 

29.1.2025

 

GBM

P1

 

29.1.2025

 

US-2.863

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025

 

US-2.864

POU, RAT

N, P1

 

28.1.2025

 

GBM

P1

 

28.1.2025

 

US-2.865

POU, RAT

N, P1

 

28.1.2025

 

GBM

P1

 

28.1.2025

 

US-2.866

POU, RAT

N, P1

 

23.1.2025

 

GBM

P1

 

23.1.2025

 

US-2.867

POU, RAT

N, P1

 

23.1.2025

 

GBM

P1

 

23.1.2025

 

US-2.868

POU, RAT

N, P1

 

23.1.2025

 

GBM

P1

 

23.1.2025

 

US-2.869

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.870

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.871

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.872

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.873

POU, RAT

N, P1

 

23.1.2025

 

GBM

P1

 

23.1.2025

 

US-2.874

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.875

POU, RAT

N, P1

 

24.1.2025

 

GBM

P1

 

24.1.2025

 

US-2.876

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025

 

US-2.877

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025

 

US-2.878

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025

 

US-2.879

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

 

GBM

P1

 

27.1.2025’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/320/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top