Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.
Документ 32025R0077
Commission Regulation (EU) 2025/77 of 10 January 2025 establishing a fisheries closure for haddock in United Kingdom, Union and international waters of 6b; international waters 12 and 14 for vessels flying the flag of Ireland
Rialachán (AE) 2025/77 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 le haghaidh soithí faoi bhratach na hÉireann
Rialachán (AE) 2025/77 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 le haghaidh soithí faoi bhratach na hÉireann
C/2025/164
IO L, 2025/77, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/77/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Вече не е в сила, Дата на изтичане на валидността: 31/12/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/77 |
16.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/77 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Eanáir 2025
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 le haghaidh soithí faoi bhratach na hÉireann
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic cadóg in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 6b; in uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14, ag soithí faoi bhratach na hÉireann nó atá cláraithe in Éirinn. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
An cuóta iascaireachta a cionroinneadh ar Éirinn le haghaidh an stoic cadóg in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar iad a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na hÉireann nó atá cláraithe in Éirinn. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a gabhadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
36/TQ257 |
|
An Ballstát |
Éire |
|
Stoc |
HAD/6B1214 |
|
Speiceas |
An chadóg (Melanogrammus aeglefinus) |
|
Limistéar |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6b; uiscí idirnáisiúnta in 12 agus 14 |
|
Dáta an Iaimh |
an 19 Nollaig 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/77/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)