Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0026

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clárúcháin, leasuithe, cealuithe, forfheidhmiú na cosanta, an lipéadaithe agus na cumarsáide i leith tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil an fhíona, agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 agus (AE) 2021/1236

C/2024/8000

IO L, 2025/26, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/26/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/26/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/26

15.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/26 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Deireadh Fómhair 2024

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clárúcháin, leasuithe, cealuithe, forfheidhmiú na cosanta, an lipéadaithe agus na cumarsáide i leith tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil an fhíona, agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 agus (AE) 2021/1236

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagail 13(5), 17(11), 22(8), 24(11), 25(6), 45(4), 50(2), 54(3), 57(4), 61(11), 65(3), 66(4), 67(5), 70(4) agus 77(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1143 bunaítear creat comhchoiteann aonair de chuid an Aontais chun tásca geografacha a chlárú agus a chosaint i dtrí earnáil talmhaíochta: fíon, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta. Chun na críche sin, leasaigh sé na Rialacháin lenar foráladh roimhe sin do chreataí ar leithligh sna hearnálacha sin. Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/1143 leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil an fhíona agus Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, agus aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le tásca geografacha in earnáil na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-earraí.

(2)

Áirítear i Rialachán (AE) 2024/1143 forálacha uileghabhálacha maidir leis na nósanna imeachta um chlárúchán, um leasú na sonraíochta táirge agus um thásca geografacha a chealú i ngach earnáil talmhaíochta (táirgí talmhaíochta, fíonta agus deochanna biotáilleacha) agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir lena gcosaint agus lena bhforfheidhmiú. Áirítear freisin i Rialachán (AE) 2024/1143 na rialacha maidir le rialuithe a mhéid a bhaineann le tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ina theannta sin, tá roinn shonrach sa Rialachán sin maidir le tásca geografacha in earnáil na dtáirgí talmhaíochta, lena soláthraítear rialacha maidir leis an sainmhíniú ar thásca geografacha, ábhar na sonraíochta táirge agus an doiciméid aonair agus rialacha sonracha maidir le foinsiú beatha agus amhábhar agus maidir le cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe. Chun rialacha maidir le tásca geografacha a chomhchuibhiú go hiomlán i ngach earnáil talmhaíochta (táirgí talmhaíochta, fíonta agus deochanna biotáilleacha), leasaítear freisin le Rialachán (AE) 2024/1143 rialacha áirithe maidir le tásca geografacha in earnáil an fhíona agus na ndeochanna biotáilleacha, dá bhforáiltear le Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787, faoi seach. Go háirithe, baineann na forálacha sin leis an sainmhíniú ar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ar thásca geografacha faoi chosaint in earnáil an fhíona agus leis an sainmhíniú ar thásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, le hábhar na sonraíochta táirge agus an doiciméid aonair sa dá earnáil, leis na rialuithe in earnáil an fhíona agus le rialacha sonracha eile.

(3)

Chun feidhmiú rianúil mhargadh na dtásc geografach i ngach earnáil talmhaíochta agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a áirithiú agus go háirithe chun feidhmiú na gcóras sin a shimpliú agus a chuíchóiriú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme agus ba cheart na seanrialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787 a oiriúnú don chreat dlíthiúil nua arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1143.

(4)

Ar mhaithe le soiléireacht, comhsheasmhacht agus trédhearcacht, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar fhoirmiúlachtaí maidir leis an iarratas ar thásc geografach a chlárú ag céim an Aontais le haghaidh tásca geografacha de thionscnamh an Aontais agus lasmuigh de. Chun nós imeachta clárúcháin aonfhoirmeach agus éifeachtúil a áirithiú, is gá ábhar agus foirmeacha aonfhoirmeacha a bhunú le haghaidh an doiciméid aonair. Ba cheart teorainn le fad doiciméad aonair a leagan amach chun próiseas níos cuíchóirithe a bheith ann agus ar mhaithe le riachtanais an chaighdeánaithe.

(5)

Ba cheart sásra a leagan amach le haghaidh réamhsheiceáil fhoirmiúil chun diúltú d’iarratas ar chlárú nó chun leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas nó chun iarraidh ar chlárú a chealú, maidir le tásc geografach, ar léir nach bhfuil sé leordhóthanach nó neamhiomlán, chun iarratais agus iarrataí ealaíne a chosc agus chun scrúdú an Choimisiúin a éascú agus a luathú.

(6)

Na rialacha maidir le foilsiú chun críoch faisnéise faoi dhoiciméid aonair de thásca geografacha nár foilsíodh riamh, ba cheart iad a sholáthar le go mbeidh tásca geografacha a cláraíodh san am a chuaigh thart, gan doiciméad aonair a fhoilsiú, ailínithe leis na rialacha is déanaí lena ndéantar foráil maidir le tásc geografach le bheith ag gabháil le doiciméad aonair.

(7)

Ba cheart tuairisc ar limistéar geografach tásc geografach a bhfuil cosaint á lorg ina leith a thabhairt sa tsonraíocht táirge ar bhealach mionsonraithe, beacht, aonchiallach lena gcuirtear ar a gcumas do tháirgeoirí, údaráis inniúla agus comhlachtaí rialaithe oibriú ar bhoinn chinnte, dhochloíte, iontaofa.

(8)

A mhéid a bhaineann le hiarratais ar ainm a chlárú nó ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas maidir le sonraíocht táirge táisc gheografaigh lena gcumhdaítear táirgí ar leith, is gá a shainiú cé na cásanna ina meastar gur táirgí ar leith iad táirgí a bhfuil an t-ainm cláraithe céanna orthu. Ionas nach ndéanfar táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le clárú mar thásc geografach a mhargú agus úsáid á baint as ainm cláraithe, ba cheart comhlíonadh na gceanglas maidir le clárú a léiriú i gcás gach táirge ar leith atá cumhdaithe ag iarratas.

(9)

I gcás athruithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge tar éis na malartuithe idir an Coimisiún agus an Ballstát, maidir le hiarratas ar chlárú ag céim an Aontais, ba cheart an próiseas a shoiléiriú chun trédhearcacht iomlán le páirtithe leasmhara náisiúnta a áirithiú. Má bhaineann an t-iarratas le tásc geografach de thionscnamh tríú tír, ba cheart an próiseas a shoiléiriú agus tagairt á déanamh do na doiciméid atá le cur in iúl don Choimisiún.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir le cur i láthair freasúraí, fógraí faoi thorthaí na gcomhairliúchán tar éis nós imeachta freasúra, iarratas maidir le formheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge, cumarsáid maidir le leasú caighdeánach agus sealadach ar an tsonraíocht táirge, agus iarrataí ar chealú, is gá rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le hábhar na bhfoirmeacha atá le húsáid agus maidir leis an gcaoi a bhfuil na cuir i láthair sin le déanamh. Ba cheart teorainn le fad iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a leagan amach chun próiseas níos cuíchóirithe a bheith ann agus le haghaidh riachtanais chaighdeánaithe. Ba cheart foilsiú sonraí pearsanta a sheachaint, ach amháin más gá sin chun na cearta a ráthaítear leis na nósanna imeachta a fheidhmiú.

(11)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta trína dtionscnóidh Ballstát nós imeachta um chealú as a stuaim féin chun go bhféadfar ainmneacha atá imithe i léig a chealú in éagmais grúpaí táirgeoirí. Maidir leis an nós imeachta faoina dtionscnóidh an Coimisiún nós imeachta um chealú as a stuaim féin, ba cheart é a sholáthar freisin mar ráthaíocht ar éifeachtúlacht an chórais.

(12)

Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht chosaint na dtásc geografach ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá rialacha a ghlacadh maidir le hábhar agus foirm chlár leictreonach an Aontais um thásca geografacha a bunaíodh faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143. Maidir leis an gclár sin, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal.

(13)

Ba cheart rialacha agus foirmeacha a bhunú i leith an fhianaithe ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, a leagtar amach in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2024/1143.

(14)

Ba cheart rialacha sonracha maidir leis an tuairisc ar an táirge le haghaidh tásca geografacha a bhaineann le hearnáil na dtáirgí talmhaíochta a ghlacadh le haghaidh riachtanais chaighdeánaithe. Ionas go bhféadfar scrúdú éasca tapa a dhéanamh ar iarratais ar ainm a chlárú nó ar leasú a fhormheas, níor cheart a bheith sa tuairisc ar an táirge ach eilimintí ábhartha, intomhaiste agus infhíoraithe. Ba cheart athrá, ceanglais intuigthe agus páirteanna iomarcacha a sheachaint.

(15)

Ba cheart oibleagáid a bhunú chun rialacha mionsonraithe maidir le tionscnamh agus cáilíocht beatha a áireamh i sonraíochtaí táirge táirgí de thionscnamh ainmhíoch, a bhfuil a n-ainmneacha cláraithe mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, chun cáilíocht aonfhoirmeach an táirge a ráthú. Ba cheart an bealach a ndréachtaítear na rialacha sin a chomhchuibhiú.

(16)

Ba cheart a áireamh sa tsonraíocht táirge le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint in earnáil na dtáirgí talmhaíochta na bearta a dhéantar chun a áirithiú gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe é an táirge. Ba cheart na bearta sin a bheith soiléir agus mionsonraithe chun gur féidir an táirge, na hamhábhair, an bheatha agus na hítimí eile a thagann ón limistéar geografach sainithe a rianú.

(17)

Ar mhaithe le soiléireacht, comhsheasmhacht agus trédhearcacht, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar fhoirmiúlachtaí maidir leis an iarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú ag céim an Aontais, sainearra arna thíolacadh ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha. Chun nós imeachta clárúcháin aonfhoirmeach agus éifeachtúil a áirithiú, is gá ábhar agus foirmeacha aonfhoirmeacha a bhunú don tsonraíocht táirge.

(18)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra le haghaidh réamhsheiceáil fhoirmiúil chun diúltú d’iarratas ar chlárú nó chun leasú a fhormheas nó chun iarraidh ar chlárú a chealú, maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, ar léir nach bhfuil sé leordhóthanach nó neamhiomlán, chun iarratais agus iarrataí ealaíne a chosc agus chun scrúdú an Choimisiúin a éascú agus a luathú.

(19)

Ba cheart rialacha sonracha maidir leis an tuairisc ar an táirge agus an modh táirgthe le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a ghlacadh le haghaidh riachtanais chaighdeánaithe. Ionas go bhféadfar scrúdú éasca tapa a dhéanamh ar iarratais ar ainm a chlárú nó ar fhormheas ar leasú, níor cheart a bheith sa tuairisc ar an táirge agus ar an modh táirgthe ach eilimintí ábhartha, intomhaiste agus infhíoraithe. Ba cheart athrá, ceanglais intuigthe agus páirteanna iomarcacha a sheachaint.

(20)

A mhéid a bhaineann le hiarratais ar ainm a chlárú nó ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht lena gcumhdaítear táirgí ar leith, is gá a shainiú cé na cásanna ina meastar gur táirgí ar leith iad táirgí a bhfuil an t-ainm cláraithe céanna orthu. Ionas nach ndéanfar táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le clárú a mhargú agus úsáid á baint as ainm cláraithe, ba cheart comhlíonadh na gceanglas maidir le clárú a léiriú i gcás gach táirge ar leith atá cumhdaithe ag iarratas.

(21)

I gcás athruithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge tar éis na malartuithe idir an Coimisiún agus an Ballstát, maidir le hiarratas ar chlárú ag céim an Aontais, ba cheart an próiseas a shoiléiriú chun trédhearcacht iomlán le páirtithe leasmhara náisiúnta a áirithiú. Má bhaineann an t-iarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú arna chur isteach ag tríú tír, ba cheart an próiseas a shoiléiriú agus tagairt á déanamh do na doiciméid atá le cur in iúl don Choimisiún.

(22)

Chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir le cur i láthair freasúraí, fógraí faoi thorthaí na gcomhairliúchán tar éis nós imeachta freasúra, iarratas maidir le leasú ar an tsonraíocht táirge a fhormheas, agus iarrataí ar chealú, is gá rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le hábhar na bhfoirmeacha atá le húsáid agus maidir leis an gcaoi a bhfuil na cuir i láthair sin le déanamh. Ba cheart teorainn le fad iarratas ar leasú a leagan amach chun próiseas níos cuíchóirithe a bheith ann agus le haghaidh riachtanais chaighdeánaithe. Ba cheart foilsiú sonraí pearsanta a sheachaint, ach amháin má mheastar go bhfuil gá leis sin chun na cearta a ráthaítear leis na nósanna imeachta a fheidhmiú.

(23)

Maidir leis an nós imeachta faoina dtionscnóidh an Coimisiún nós imeachta um chealú as a stuaim féin, ba cheart é a sholáthar freisin mar ráthaíocht ar éifeachtúlacht an chórais.

(24)

Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá rialacha a ghlacadh maidir le hábhar agus foirm chlár leictreonach an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bunaíodh faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2024/1143. Maidir leis an gclár sin, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal.

(25)

Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart míniú ar na cúiseanna le cealú a bheith ag gabháil le hiarrataí ar chlárúcháin sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú arna ndéanamh ag táirgeoirí, dá dtagraítear in Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143. Ní fhéadfaidh céim náisiúnta an nós imeachta táirgeoirí uile an táirge a bhailiú, táirge atá ainmnithe leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a n-iarrtar an cealú ina leith. Maidir le grúpaí táirgeoirí an táirge sin a d’fhéadfadh a bheith bunaithe nó ina gcónaí i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát óna dtionscnaíonn an iarraidh ar chealú, ba cheart iad a bheith in ann freasúra a thaisceadh agus iad ar an eolas go hiomlán.

(26)

Ba cheart rialacha agus foirmeacha a bhunú i leith an fhianaithe ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a leagtar amach in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2024/1143.

(27)

Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le húsáid siombailí agus tásc ar tháirgí a mhargaítear faoi ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, faoi thásca geografacha faoi chosaint, faoi thásca geografacha nó faoi shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear rialacha maidir leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid.

(28)

Ba cheart na rialacha maidir le húsáid ainmneacha cláraithe in éineacht leis na siombailí, na tásca nó na giorrúcháin chomhfhreagracha a shoiléiriú.

(29)

Ar mhaithe le bainistíocht éifeachtach ar riarachán, agus aird ar an taithí a fuarthas trí úsáid na gcóras faisnéise a chuir an Coimisiún i bhfeidhm, ba cheart teachtaireachtaí idir na Ballstáit agus an Coimisiún a shimpliú agus ba cheart an fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 (5) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 (6) ón gCoimisiún.

(30)

Tá córas faisnéise ‘E-Ambrosia’ curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun bainistiú a dhéanamh ar na hiarratais ar chlárú agus ar leasú ar shonraíocht táirge na dtásc geografach agus ar na hiarratais ar chlárú agus ar leasú ar na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún leanúint ar aghaidh ag úsáid an chórais sin chun críoch cumarsáide maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar chlárú, chun leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas agus chun leasuithe caighdeánacha agus sealadacha a chur in iúl. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún an córas sin a úsáid chun críoch cumarsáide maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar chlárú agus chun leasuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fhormheas. Mar gheall ar dhianchóras creidiúnaithe, áfach, níor cheart an córas sin a úsáid le haghaidh cumarsáide idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le freasúraí agus iarrataí ar chealú, i gcás tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht araon, agus, níor cheart é a úsáid le haghaidh cumarsáid le tríú tíortha. Ina ionad sin, i gcás na nósanna imeachta maidir le freasúraí agus iarrataí ar chealú, ba cheart do na Ballstáit, na húdaráis inniúla agus na grúpaí táirgeoirí, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoin Rialachán sin cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún ar an ríomhphost.

(31)

Maidir le forálacha áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (7), lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart iad a scriosadh, toisc go mbeidís ag teacht salach ar fhorálacha an Rialacháin sin, a bhfuil feidhm aige freisin maidir le hearnáil an fhíona. Maidir le forálacha eile i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34, nach gcumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1143, go háirithe na forálacha maidir le rialuithe, ba cheart iad a choinneáil ar bun nó a oiriúnú tar éis na leasuithe a rinneadh le Rialachán (AE) 2024/1143 ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(32)

Ós rud é, le Rialachán (AE) 2024/1143, gur aistríodh na rialacha maidir le fíorú shonraíocht táirge na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint in earnáil an fhíona ó Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a (8) mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha go Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, níor cheart tagairt a dhéanamh a thuilleadh do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 sna rialacha cur chun feidhme maidir le fíorú na sonraíochta táirge in earnáil an fhíona, rialacha dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34. Ba cheart an tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a scriosadh ó theideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34.

(33)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 a leasú dá réir.

(34)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (9), lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún (10), lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart iad a aisghairm, ós rud é go mbeadh a bhforálacha ag teacht salach ar fhorálacha an Rialacháin seo, a bhfuil feidhm acu freisin maidir le hearnálacha na dtáirgí talmhaíochta agus na ndeochanna biotáilleacha.

(35)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁIL TOSAIGH

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 a mhéid a bhaineann le:

(a)

nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar chlárú, maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas, maidir le leasuithe caighdeánacha a chur in iúl, maidir le clárúcháin a chealú, maidir le clár an Aontais um thásca geografacha a bhainistiú, agus maidir le córas fianaithe comhlíontachta le haghaidh tásca geografacha a bhunú;

(b)

nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar chlárú, maidir le leasuithe a fhormheas, maidir le clárúcháin a chealú, maidir le clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhainistiú, agus maidir le córas fianaithe comhlíontachta le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhunú;

(c)

lipéadú agus cumarsáid maidir le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

CAIBIDIL II

TÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 2

Iarratais ar chlárú ag céim an Aontais

1.   An doiciméad aonair, an doiciméadacht tionlacain, an dearbhú ón mBallstát lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha maidir le clárú, aon idirthréimhse arna deonú nó arna moladh ag na húdaráis náisiúnta tar éis an nós imeachta náisiúnta um scrúdúchán agus an nós imeachta freasúra, faisnéis maidir leis an bhfreasúra inghlactha gaolmhar, agus an tagairt leictreonach foilseacháin don tsonraíocht atá cothrom le dáta, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, déanfar iad a tharraingt suas i gcomhréir leis na foirmeacha arna gcur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán sin.

Féadfaidh na Ballstáit cóip den tsonraíocht táirge a sholáthar chomh maith leis an tagairt leictreonach dá foilsiú.

2.   I gcás ina mbaineann iarratas ar chlárú le limistéar geografach lasmuigh den Aontas, tarraingeofar suas an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge sa tríú tír i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh gach earnála talmhaíochta (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha). Déanfar an tsonraíocht táirge, an doiciméadacht tionlacain, cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh sa tír thionscnaimh, chomh maith leis an gcumhacht aturnae, i gcás inarb infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointí (a), (c), (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2024/1143, faoi seach, a chur in iúl gan teimpléad sonrach a úsáid. Cuirfear doiciméid faoin mír seo faoi bhráid an Choimisiúin i bhformáid lenar féidir próiseáil focal a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   Beidh na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 san iarratas comhpháirteach ar chlárú, sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Seiceáil fhoirmiúil ar an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarratas ar chlárú isteach i gceart agus ar cuireadh isteach é i gcomhréir le hAirteagal 10(6), Airteagal 13(4) agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

2.   Iarratas ar thásc geografach a chlárú maidir le táirge de thionscnamh an Aontais, measfar gur líonadh isteach i gceart é má áirítear ann na heilimintí uile a cheanglaítear le haghaidh iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 agus má chomhlíonann sé Airteagal 2(1) den Rialachán seo.

3.   Iarratas ar thásc geografach a chlárú maidir le táirge de thionscnamh tríú tír, measfar gur líonadh isteach i gceart é má áirítear ann na heilimintí uile a cheanglaítear le haghaidh iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 agus má chomhlíonann sé Airteagal 2(2) den Rialachán seo.

4.   Measfar gur líonadh an doiciméad aonair isteach i gceart má áirítear ann an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, nó le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/787 i gcás táirgí talmhaíochta, fíona agus deochanna biotáilleacha, faoi seach.

5.   Measfar go gcomhlíonann iarratas a cuireadh isteach go rathúil trí chóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 ceanglais na seiceála foirmiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Maidir le hiarratas a cuireadh isteach le ríomhphost nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach é. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

An doiciméad aonair a chur i láthair

1.   Doiciméad aonair beacht a bheidh i ndoiciméad aonair na dtásc geografach le haghaidh táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha agus ní rachaidh sé thar 2 500 focal. Maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, ní rachaidh sé thar 5 000 focal. Féadfar na tairseacha sin a shárú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Léireofar sa doiciméad aonair aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 le haghaidh gach earnála.

2.   I gcás ina n-áirítear sa doiciméad aonair ceanglais shonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú nó ceanglais eile is infheidhme, a ndéantar foráil maidir leo sa an tsonraíocht táirge, beidh achoimre ar an réasúnú táirgeshonrach atá sa tsonraíocht táirge chomhfhreagrach ag gabháil le haon srian a eascraíonn as na ceanglais sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, údaráis tríú tíortha nó grúpaí táirgeoirí atá bunaithe nó ina gcónaí i dtríú tír gur achoimre dhílis é an doiciméad aonair ar an tsonraíocht táirge agus nach bhfuil aon éagsúlacht shubstaintiúil eatarthu. I gcás ina n-aimsítear neamhréir tar éis chlárú an táisc gheografaigh, déanfaidh an Ballstát, an tríú tír nó an grúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a chuir an t-iarratas isteach na bearta is gá chun an neamhréir sin a leigheas.

4.   Foilseofar ainmneacha daoine nádúrtha nó dlítheanacha a áirítear sa doiciméad aonair.

Airteagal 5

Doiciméad aonair a fhoilsiú chun críoch faisnéise

I leith na dtásc geografach nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, doiciméad aonair a thíolaic an Ballstát sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun críoch faisnéise. Beidh tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge ag gabháil leis an bhfoilsiú sin.

Airteagal 6

Sainmhíniú ar an limistéar geografach

Maidir leis an limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143, Airteagal 94(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/787, saineofar é ar bhealach beacht nach bhfágfaidh aon débhríocht, agus tagairt á déanamh a mhéid is féidir do theorainneacha fisiciúla nó riaracháin. Is féidir léarscáileanna a chur leis an iarratas.

Airteagal 7

Tuairisc ar roinnt táirgí ar leith

I gcás ina bhfuil tuairisc san iarratas ar ainm a chlárú nó ar fhormheas ar leasú ar dhá tháirge shainiúla nó níos mó atá i dteideal an t-ainm sin a úsáid, taispeánfar ar leithligh gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú i gcás gach táirge den sórt sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘táirgí ar leith’ táirgí a bhfuil an t-ainm cláraithe céanna orthu ach a dhéantar a dhifreáil nuair a chuirtear ar an margadh iad nó táirgí a measann tomhaltóirí gur táirgí éagsúla iad. D’fhéadfadh sé a bheith ag tagairt freisin do tháirgí talmhaíochta a chumhdaítear le haicmithe éagsúla faoin Ainmníocht Chomhcheangailte dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (11) nó d’fhíonta agus deochanna biotáilleacha a chumhdaítear le catagóirí éagsúla a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/787, faoi seach.

Airteagal 8

Athruithe ar an tsonraíocht táirge le linn an nós imeachta iarratais

1.   Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann, go ndéanfar athruithe ar an tsonraíocht táirge, tabharfaidh an Ballstát an doiciméad aonair cothrom le dáta agus áiritheoidh sé go dtabharfaidh an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge an léitheoir chuig an leagan de atá cothrom le dáta.

2.   Má mheasann an Ballstát go bhfuil na hathruithe ar an tsonraíocht táirge substaintiúil, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta náisiúnta freasúra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta náisiúnta freasúra breise. Sa nós imeachta náisiúnta freasúra breise sin, áiritheoidh an Ballstát go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit atá i gceist freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan den doiciméad aonair atá cothrom le dáta, arna oiriúnú don tsonraíocht táirge atá cothrom le dáta, faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear i mír 1, gur gá athruithe a dhéanamh ar an tsonraíocht táirge i gcás iarratas a bhaineann le tásc geografach de thionscnamh tríú tír, tabharfaidh an t-iarratasóir tríú tír an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge cothrom le dáta agus cuirfidh sé na hathruithe sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 9

Freasúraí agus fógraí faoi thorthaí comhairliúchán a chur i láthair

1.   Beidh an méid seo a leanas i bhfreasúra dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, a mbaineann an freasúra leis, maille le léiriú ar chineál an táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

an tagairt d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis;

(c)

ráiteas lena gcuirtear in iúl go foirmiúil an freasúra in aghaidh chlárú an ainm sin;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an freasúra á chur isteach aige;

(e)

tuairisc ar leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuir an freasúra isteach; ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le húdaráis náisiúnta;

(f)

léiriú ar na forais le freasúra, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(g)

cúiseanna a bhfuil bunús leo lena dtugtar údar leis an bhfreasúra, lena n-áirítear mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra;

(h)

údarú don Choimisiún aon sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith sa fhreasúra a tharchur.

Féadfaidh doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an bhfreasúra, i gcás inarb ábhartha.

Tarraingeofar suas freasúra i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Beidh an méid seo a leanas san fhógra faoi thorthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, a mbaineann an freasúra leis;

(b)

an tagairt d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis;

(c)

ainm an fhreasúróra nó na bhfreasúróirí;

(d)

toradh na gcomhairliúchán;

(e)

léiriú ar ar modhnaíodh an doiciméad aonair nó an tsonraíocht táirge agus tuairisc ar na modhnuithe sin;

(f)

léiriú ar an measann an Ballstát iarrthach gur gá nós imeachta náisiúnta freasúra breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (12).

I gcás inar leasaíodh an tsonraíocht táirge, tabharfaidh an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 an léitheoir chuig an tsonraíocht táirge atá cothrom le dáta. Murar tagairt leictreonach í an tagairt a foilsíodh i gcomhréir leis an Airteagal sin, beidh an tsonraíocht táirge leasaithe faoi iamh.

I gcás inar modhnaíodh an doiciméad aonair, déanfar an doiciméad aonair modhnaithe a chur i gceangal leis an bhfógra.

An fógra faoi dheireadh na gcomhairliúchán tar éis an nós imeachta freasúra, déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Iarratais ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge

1.   Beidh an méid seo a leanas in iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú, agus léiriú ar an gcineál táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

an Ballstát nó an tríú tír ar léi an limistéar geografach;

(c)

na ceannteidil sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a bhaineann leis na hábhair a ndéanann gach ceann de na leasuithe atá molta difear dóibh;

(d)

míniú go dtagann gach ceann de na leasuithe atá molta faoin sainmhíniú ar leasú ar leibhéal an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(e)

tuairisc ar gach ceann de na leasuithe atá molta agus na cúiseanna atá leo;

(f)

léiriú ar aon leasú caighdeánach a bhfuil dlúthbhaint aige le leasuithe ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún;

(g)

léiriú i dtaobh an iarratas é tar éis mainneachtain leasú caighdeánach comhpháirteach a chur isteach, i gcomhréir le hAirteagal 5(10), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27.

2.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát an t-iarratas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis:

(a)

an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair a foilsíodh sa chéim náisiúnta den nós imeachta nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair a foilsíodh sa chéim náisiúnta den nós imeachta;

(b)

an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143;

(c)

an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite, arna leasú; Féadfaidh na Ballstáit cóip den tsonraíocht táirge a sholáthar chomh maith leis an tagairt leictreonach dá foilsiú.

3.   I gcás ina ndéanfaidh tríú tír nó grúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír an t-iarratas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis:

(a)

an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair;

(b)

an leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge;

(c)

an tagairt d’fhoilsiú an leagain chomhdhlúite den tsonraíocht táirge sa tríú tír;

(d)

cruthúnas go gcomhlíonann an leasú atá á iarraidh na rialacha maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin;

(e)

cumhacht aturnae, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1143, i gcás inarb iomchuí.

4.   Gheobhaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas ar leithligh agus ní fhoilseoidh sé iad mar chuid den iarratas:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí a rinne iarratas le linn chéim an Aontais den nós imeachta ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an ghrúpa táirgeoirí a thionscain an chéim náisiúnta den nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge, agus léireofar an grúpa táirgeoirí é i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1143 nó an grúpa táirgeoirí aitheanta é i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin;

(c)

aon doiciméadacht tionlacain, dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), nó in Airteagal 13(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143, de réir mar is iomchuí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, tríú tíortha agus grúpaí táirgeoirí atá bunaithe nó ina gcónaí i dtríú tír comhsheasmhacht idir an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais agus an tsonraíocht táirge chomhdhlúite agus nach bhfuil aon éagsúlacht shubstaintiúil eatarthu. Comhfhreagróidh na leasuithe a liostaítear san iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais do na leasuithe a rinneadh iarbhír ar an tsonraíocht táirge. I gcás ina n-aimsítear neamhréir tar éis formheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais, glacfaidh an Ballstát, an tríú tír nó an grúpa táirgeoirí iarrthach a chuir an t-iarratas isteach na bearta is gá chun an neamhréir sin a leigheas.

6.   Is iarratas beacht a bheidh in iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais. Ní rachaidh an t-iarratas, lena n-áirítear an doiciméad aonair, thar 5 000 focal i gcás tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha agus ní rachaidh sé thar 7 500 focal i gcás tásca geografacha le haghaidh fíona, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

7.   Maidir le hiarratas ó Bhallstát ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge, tarraingeofar suas é i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143. Bainfidh iarratasóirí ó thríú tíortha úsáid as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach sa chóras digiteach sin.

8.   Chun críocha Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) 2024/1143, i gcomhar le hAirteagal 15(4) den Rialachán sin, anuas ar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear ann, arna leasú, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge.

Airteagal 11

Seiceáil fhoirmiúil ar iarratais ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge isteach i gceart agus ar cuireadh isteach é i gcomhréir le hAirteagal 10(6), Airteagal 13(4) agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

Measfar gur líonadh iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge isteach i gceart má áirítear ann na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 10(1) go (4), i gcás inarb iomchuí, agus má chomhlíonann sé Airteagal 10(7).

2.   Measfar go gcomhlíonann iarratas a cuireadh isteach go rathúil trí chóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 ceanglais na seiceála foirmiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Maidir le hiarratas a cuireadh isteach le ríomhphost nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach é. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 12

Formheas ar leasú caighdeánach a chur in iúl

1.   Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta ar an tsonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27:

(a)

an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú caighdeánach, agus léiriú ar an gcineál táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

an Ballstát nó an tríú tír ar léi an limistéar geografach;

(c)

ainm an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige nó acu don Choimisiún;

(d)

míniú go dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(e)

tuairisc ar an leasú formheasta, ina léirítear an mbeidh leasú ar an doiciméad aonair ina thoradh ar an leasú.

Déanfar sonraí teagmhála na ngrúpaí táirgeoirí agus údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na ngrúpaí táirgeoirí ná na n-údarás sin mar chuid den teachtaireacht. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.

2.   I gcás inarb é Ballstát a dhéanfaidh an teachtaireacht, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú caighdeánach arna fhoilsiú, dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27;

(b)

dearbhú ón mBallstát lena ndeimhnítear go gcomhlíonann formheas agus teachtaireacht an leasaithe chaighdeánaigh na coinníollacha maidir le formheas ar leasú caighdeánach faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(c)

i gcás inarb ábhartha, an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair arna leasú agus arna fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(12) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair atá le foilsiú ar leibhéal an Aontais chun críoch faisnéise;

(d)

an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge comhdhlúite ar an leibhéal náisiúnta, arna leasú. Féadfaidh na Ballstáit cóip den tsonraíocht táirge a sholáthar chomh maith leis an tagairt leictreonach dá foilsiú.

3.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil le teachtaireachtaí maidir le formheas ar leasú caighdeánach a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha:

(a)

an cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach sa tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27;

(b)

i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(12) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair;

(c)

an leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge leasaithe;

(d)

cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír.

4.   Teachtaireacht ó Bhallstát maidir le leasú caighdeánach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

5.   Maidir le teachtaireachtaí ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 13

Formheas ar leasú sealadach a chur in iúl

1.   Beidh an méid seo a leanas sa teachtaireacht maidir le leasú sealadach formheasta ar shonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27:

(a)

an t-ainm faoi chosaint lena mbaineann an leasú sealadach, maille le léiriú ar an gcineál táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

an Ballstát nó an tríú tír ar léi an limistéar geografach;

(c)

ainm an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú sealadach á chur in iúl aige nó acu don Choimisiún;

(d)

tuairisc ar an leasú sealadach formheasta mar aon leis na cúiseanna lena dtacaítear leis, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27.

Déanfar sonraí teagmhála an ghrúpa táirgeoirí agus údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na ngrúpaí táirgeoirí ná na n-údarás sin mar chuid den teachtaireacht. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.

2.   I gcás inarb é Ballstát a dhéanfaidh an teachtaireacht, beidh an méid seo a leanas inti:

(a)

an dearbhú lena ndeimhnítear go gcomhlíonann formheas agus teachtaireacht an leasaithe shealadaigh na coinníollacha maidir le formheas ar leasú sealadach faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(b)

an cinneadh náisiúnta lena bhformheastar an leasú sealadach arna fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

cinneadh nó gníomh na n-údarás inniúil lena bhforchuirtear bearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta nó lena n-aithnítear go foirmiúil tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire nó suaití móra sa mhargadh de dheasca imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear imeachtaí geopholaitiúla, a dhéanann difear do sholáthar amhábhar nó an tagairt leictreonach lena mbaineann don fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil le teachtaireachtaí maidir le formheas ar leasú sealadach a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha:

(a)

an cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach a rinneadh sa tríú tír;

(b)

cinneadh nó gníomh na n-údarás inniúil lena bhforchuirtear bearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta nó lena n-aithnítear go foirmiúil tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire nó suaití móra sa mhargadh de dheasca imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear imeachtaí geopholaitiúla a dhéanann difear do sholáthar amhábhar, arna fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír.

4.   Teachtaireacht ó Bhallstát maidir le leasú sealadach formheasta, tarraingeofar suas í i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

5.   Maidir le teachtaireachtaí ó thríú tíortha, úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 14

Cealú

1.   Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm cláraithe atá molta lena chealú maille le léiriú ar an gcineál táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach a mbaineann an cealú leis;

(c)

ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe nó ina chónaí sa tríú tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á cur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó aici;

(d)

ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á iarraidh aige ag céim náisiúnta an nós imeachta, más ann dó;

(e)

i gcás iarrataí ó thríú tíortha, ainm na n-údarás, nó na gcomhlachtaí, a fhíoraíonn comhlíonadh cheanglais na sonraíochta táirge;

(f)

ráiteas ina mínítear leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d);

(g)

aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(h)

léiriú go n-iarrtar an cealú i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (a) nó (b), de Rialachán (AE) 2024/1143;

(i)

mínithe agus cúiseanna leis an gcealú;

(j)

i gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

Déanfar sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó údaráis nó chomhlachtaí an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (e), a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na ndaoine, na n-údarás ná na gcomhlachtaí sin mar chuid den iarraidh ar chealú. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.

2.   Tarraingeofar suas iarraidh ar thásc geografach a chealú de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   Féadfaidh na Ballstáit tús a chur le céim náisiúnta an nós imeachta um chealú as a stuaim féin. Sa chás sin, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (d) agus (f), a fhágáil ar lár.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún cealú as a stuaim féin, cuirfear tús leis an nós imeachta go díreach ag céim an Aontais. Foilseoidh an Coimisiún, le haghaidh freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, a thogra féin maidir le cealú, ina mbeidh na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, mutatis mutandis.

5.   Gníomhaire atá sainordaithe ag na táirgeoirí, seachas i gcás táirgeoir aonair, a chuirfidh isteach iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú ar thionscnamh tháirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe, de bhun Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.

6.   Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar chealú de bhun Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

an t-ainm cláraithe atá molta lena chealú maille le léiriú ar an gcineál táisc gheografaigh agus ar an earnáil (táirgí talmhaíochta, fíonta nó deochanna biotáilleacha);

(b)

ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach a mbaineann an cealú leis;

(c)

léiriú go n-iarrtar an cealú i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(d)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag Ballstát, ainm an Bhallstáit, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143, léiriú ar an é táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe nó grúpa táirgeoirí aitheanta an táirge sin a bhfuil cealú an chláraithe á iarraidh acu nó aige agus, sa chás deireanach sin, ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta;

(e)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag údarás tríú tír, ainm údarás an tríú tír agus léiriú go bhfuil cealú an chláraithe á iarraidh ag táirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine;

(f)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin go díreach ag táirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe atá bunaithe nó ina gcónaí sa tríú tír, ainm an ghníomhaire atá sainordaithe ag na táirgeoirí atá ag déanamh na hiarrata, a chumhacht aturnae agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine;

(g)

aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Déanfar sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí aitheanta nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht do na táirgeoirí, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d), (e) agus (f), a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na n-údarás, na ngrúpaí táirgeoirí ná na ngníomhairí sin mar chuid den iarraidh ar chealú. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.

7.   Tarraingeofar suas iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú de bhun Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

8.   Beidh an iarraidh ar chealú arna líonadh isteach go cuí dá dtagraítear i mír 1 nó 6 den Airteagal seo san fhaisnéis atá le foilsiú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 15

Seiceáil fhoirmiúil ar iarrataí ar chealú

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú isteach i gceart agus ar cuireadh isteach í i gcomhréir le hAirteagal 10(6), Airteagal 13(4) agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

Measfar gur líonadh iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú isteach i gceart má áirítear inti na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó (6) agus má chomhlíonann sí Airteagal 14(2) nó (7).

2.   Maidir le hiarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach í. Cuirfidh an Coimisiún an t-eintiteas iarrthach ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 16

Clár an Aontais um thásca geografacha

1.   Bunófar clár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143 mar réiteach digiteach lena gceadófar stóráil theicniúil agus rochtain phoiblí ar gach iontráil a bhaineann le tásca geografacha, lena n-áirítear iarratais ar chlárú, ar leasú ar leibhéal an Aontais agus ar chealú, diúltuithe, foilsithe le haghaidh freasúra, clárúcháin, formheasanna ar leasuithe ar leibhéal an Aontais, foilsithe leasuithe caighdeánacha agus sealadacha, agus cealuithe. Is é an Coimisiún a bheidh ina úinéir ar an gclár sin de chuid an Aontais. Is í Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘EUIPO’) a dhéanfaidh an réiteach digiteach a óstáil agus a bhainistiú, i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2024/1143. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí ábhartha ar fáil do EUIPO. Beidh clár an Aontais ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

2.   Déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh sa chlár dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí:

(a)

ainm cláraithe nó ainmneacha cláraithe an táirge, lena n-áirítear leaganacha tras-scríofa nó traslitrithe díobh i gcarachtair Laidineacha, i gcás inarb infheidhme. Ainmneacha iomadúla, leaganacha tras-scríofa agus leaganacha traslitrithe, déanfar iad a thaifeadadh mar ainmneacha malartacha, agus cuirfear spás, tulslais agus an dara spás eatarthu;

(b)

an earnáil a mbaineann an táirge léi (fíon, deoch bhiotáilleach nó táirge talmhaíochta);

(c)

aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(d)

an dáta a cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin;

(e)

an dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(f)

tagairt leictreonach d’fhoilsiú an iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(g)

an dáta clárúcháin;

(h)

tagairt leictreonach don ionstraim lena gcláraítear an t-ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(i)

faisnéis go bhfuil an t-ainm cláraithe mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásc geografach faoi chosaint (i gcás fíonta agus táirgí talmhaíochta) nó mar thásc geografach (i gcás deochanna biotáilleacha);

(j)

Léiriú ar an tír thionscnaimh nó ar na tíortha tionscnaimh;

(k)

uimhir an chomhaid;

(l)

ainm agus seoladh agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, aon fhaisnéis teagmhála eile de chuid an ghrúpa táirgeoirí aitheanta, i gcás inarb infheidhme;

(m)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás rialaithe i gcás tásca geografacha de thionscnamh tríú tír.

3.   I gcomhréir le mír 2, pointe (f), déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh:

(a)

i gcás táirgí talmhaíochta agus fíonta:

(i)

i gcás ina bhfuil an limistéar geografach sainithe laistigh de chríoch Bhallstáit, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge sa Bhallstát, dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1143, nó, má athraíodh í le linn an nós imeachta, Airteagal 8(2) den Rialachán seo;

(ii)

i gcás ina bhfuil an limistéar geografach sainithe laistigh de chríoch tríú tír, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, nó, má athraíodh í le linn an nós imeachta, Airteagal 8(3) den Rialachán seo;

(iii)

i gcás tásca geografacha nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh riamh, tagairt leictreonach don bhileog achomair, don doiciméad aonair nó do dhoiciméad coibhéiseach, agus don tsonraíocht táirge nó don chomhad teicniúil, nó tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge nó don chomhad teicniúil de réir mar is iomchuí;

(b)

i gcás deochanna biotáilleacha:

(i)

i gcás ina bhfuil an limistéar geografach sainithe laistigh de chríoch Bhallstáit, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge sa Bhallstát, dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1143, nó, má athraíodh í le linn an nós imeachta, Airteagal 8(2) den Rialachán seo;

(ii)

i gcás ina bhfuil an limistéar geografach sainithe laistigh de chríoch tríú tír, an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, nó, má athraíodh í le linn an nós imeachta, don tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán seo;

(iii)

i gcás tásca geografacha nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh riamh, tagairt leictreonach do phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil agus don chomhad teicniúil nó tagairt leictreonach don chomhad teicniúil, de réir mar is iomchuí.

4.   Maidir le mír 2, pointe (h), in éagmais ionstraim shonrach lena gcláraítear an t-ainm, déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh:

(a)

i gcás fíon a chosnaítear faoi Airteagal 107 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, an tagairt don Airteagal sin agus an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an Rialacháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcás deochanna biotáilleacha a chosnaítear faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/787, an tagairt don Airteagal sin agus an tagairt leictreonach d’fhoilsiú an Rialacháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge nó i gcás ina bhfaighidh sé teachtaireacht maidir le leasú caighdeánach formheasta nó neamhnithe ar shonraíocht táirge, déanfar sonraí a bhaineann leis an leasú a thaifeadadh de réir an liosta i míreanna 2 agus 3, de réir mar is iomchuí, le héifeacht ón dáta a bheidh an leasú, nó neamhniú an leasaithe, infheidhme san Aontas. Déanfar tagairtí leictreonacha d’fhoilsiú na teachtaireachta maidir le leasuithe caighdeánacha a thaifeadadh. Tagairt leictreonach a thugann an léitheoir chuig na teachtaireachtaí maidir le leasú sealadach, déanfar í a thaifeadadh chun na teachtaireachtaí sin a phoibliú.

6.   Áireofar sa sliocht as clár an Aontais um thásca geografacha na sonraí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), agus pointí (g) go (l).

7.   I gcás inar cealaíodh clárú táisc gheografaigh, taispeánfar i gclár an Aontais um thásca geografacha an t-ainm arna chealú ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an ngníomh cur chun feidhme ábhartha. Coinneofar taifead ar an gcealú sa chlár sin, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don chinneadh maidir le cealú.

8.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarratas ar chlárú nó ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, nó iarraidh ar chealú, déanfar ainm, uimhir chomhaid, aicmiú tháirge, tír thionscnaimh, cineál iarratais, dáta agus stádas an iarratais nó na hiarrata a fuarthas a thaifeadadh i gclár an Aontais um thásca geografacha. Déanfar dáta an fhoilsithe agus an tagairt leictreonach don fhoilsiú sin a thaifeadadh freisin a luaithe a fhoilseofar an t-iarratas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coimeádfar i gclár an Aontais um thásca geografacha taifead ar an gcinneadh maidir le diúltú d’iarratais, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don chinneadh maidir le diúltú.

9.   Fanfaidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5, 7 agus 8 den Airteagal seo i gclár an Aontais um thásca geografacha. Beidh na Ballstáit freagrach as an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1143 a choimeád gníomhach agus ag feidhmiú i gceart fad a fhanfaidh an tásc geografach faoi chosaint. Tabharfaidh an tagairt leictreonach an léitheoir go díreach chuig an leagan den tsonraíocht táirge aonair atá cothrom le dáta. Ní thabharfaidh sí an léitheoir chuig leathanaigh idirmheánacha ná chuig hipearnaisc.

Airteagal 17

Fianú ar chomhlíonadh

1.   Má chuireann Ballstát córas fianuithe i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, féadfaidh an fianú lena ndeimhnítear comhlíonadh na sonraíochta táirge dá dtagraítear san Airteagal sin a bheith i bhfoirm leictreonach agus féadfar é a chur ar fáil trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an oibreoir air agus óna bhféadfaidh an t-oibreoir an fianú a íoslódáil. Luafar san fhianú sin a dháta eisiúna agus beidh sé i gcarachtair Laidine nó beidh leagan tras-scríofa nó traslitrithe de i gcarachtair Laidine ag gabháil leis.

Má chuireann Ballstát córas liostaí d’oibreoirí formheasta i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143, beidh sliocht an liosta (liostaithe) dá dtagraítear san Airteagal sin i bhfoirm leictreonach agus cuirfear ar fáil é trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an oibreoir air agus óna bhféadfaidh an t-oibreoir sliocht oifigiúil den liostú comhfhreagrach a íoslódáil. Luafar sa liostú an dáta a tarraingíodh suas é. Beidh an liostú i gcarachtair Laidine nó beidh leagan tras-scríofa nó traslitrithe de i gcarachtair Laidine ag gabháil leis.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san fhianú agus sa liostú:

(a)

ainm an táisc gheografaigh;

(b)

sraithuimhir aitheantais lena sainaithnítear an t-oibreoir laistigh den chóras;

(c)

ainm agus sonraí teagmhála an oibreora;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta tarmligthe nó an duine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chuige nó ainm agus sonraí teagmhála an údaráis atá freagrach as an liostú;

(e)

gnó an oibreora a bhfuil feidhm ag an fianú nó ag an liostú ina leith, is é sin ‘táirgeadh’, ‘próiseáil’, ‘buidéalú (pacáistiú)’, agus/nó ‘eile’ (le sonrú ag an údarás a eisíonn an fianú);

(f)

dáta eisiúna an fhianaithe nó an dáta a tarraingíodh suas an liostú;

(g)

síniú, séala nó marc an chomhlachta tarmligthe nó an údaráis atá freagrach as an liostú, a fhéadfaidh a bheith leictreonach;

(h)

aicmiú an táirge dá dtagraítear i gclár an Aontais um thásca geografacha.

3.   Chun an tsaorchúrsaíocht a éascú laistigh den Aontas, féadfaidh údaráis agus comhlachtaí a eisíonn an fianú agus an liostú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a úsáid.

4.   Maidir le táirgí a tháirgtear i dtríú tíortha, i gcás oibreora a n-allmhairítear isteach san Aontas a tháirge arna ainmniú leis an tásc geografach cláraithe, cuirfidh sé ar fáil d’allmhaireoir an táirge san Aontas, arna iarraidh sin dó, cruthúnas ar dheimhniúchán mar oibreoir táirge arna ainmniú leis an tásc geografach sin arna sholáthar ag údarás rialaithe náisiúnta nó comhlacht deimhniúcháin an tríú tír sin.

Féadfaidh fianú nó liostú oibreoirí údaraithe a bheith i gceist leis an gcruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus féadfaidh an t-údarás rialaithe náisiúnta nó an comhlacht deimhniúcháin an cruthúnas sin a sholáthar ar bhonn díreach. Féadfaidh an cruthúnas ar dheimhniúchán a bheith i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach. Beidh sé i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, nó beidh aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais ag gabháil leis, agus beidh sé i gcarachtair is furasta a thuiscint sna Ballstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh. Ní bheidh sé imithe in éag, i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír, an dáta a chuirfear ar fáil don allmhaireoir é.

5.   Cuirfidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear i mír 4 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Féadfaidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh cruthúnas ar dheimhniúchán le linn gnó.

CAIBIDIL III

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

Airteagal 18

Rialacha sonracha maidir leis an tuairisc ar an táirge

Leis doiciméad aonair le haghaidh iarratas ar chlárú ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2024/1143, sainaithneofar an táirge trí úsáid a bhaint as na sainmhínithe agus na caighdeáin a úsáidtear go coitianta le haghaidh an chineáil sin táirge.

Díreofar sa tuairisc ar cháilíochtaí agus ar shaintréithe sonracha an táirge, dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar a bhfuil an t-ainm atá le clárú, agus úsáid á baint as aonaid tomhais agus téarmaí coiteanna nó teicniúla, gan saintréithe teicniúla a bhaineann go dlúth le gach táirge den chineál sin agus ceanglais dhlíthiúla shainordaitheacha ghaolmhara is infheidhme maidir le gach táirge den chineál sin a áireamh.

Airteagal 19

Rialacha sonracha maidir le beatha

Beidh rialacha mionsonraithe maidir le tionscnamh agus cáilíocht na beatha i sonraíocht táirge le haghaidh táirge de thionscnamh ainmhíoch a bhfuil an t-ainm air cláraithe mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint.

Airteagal 20

Cruthúnas tionscnaimh

Sainaithneofar sa tsonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint na nósanna imeachta nach mór d’oibreoirí a bheith i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le cruthúnas tionscnaimh a bhaineann leis an táirge, na hamhábhair, an bheatha agus na nithe eile nach mór, de réir na sonraíochta táirge, a theacht ón limistéar geografach sainithe.

Beidh oibreoirí in ann na nithe seo a leanas a shainaithint:

(a)

soláthróir, cainníocht agus tionscnamh gach baisce amhábhair agus táirgí a fhaightear;

(b)

faighteoir, cainníocht agus ceann scríbe na dtáirgí a sholáthraítear;

(c)

an comhghaol idir gach baisc ionchur dá dtagraítear i bpointe (a) agus gach baisc aschur dá dtagraítear i bpointe (b).

CAIBIDIL IV

SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

Airteagal 21

Iarratas ar chlárú ag céim an Aontais

1.   Nuair a chuirfidh Ballstát an t-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais faoi bhráid an Choimisiúin, an tsonraíocht táirge agus an dearbhú ón mBallstát lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha maidir le clárú agus faisnéis maidir le haon fhreasúra inghlactha ar an leibhéal náisiúnta tar éis an nós imeachta náisiúnta um scrúdúcháin agus an nós imeachta freasúra, dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, déanfar í a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

Beidh léiriú ar ainm an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143 ag gabháil leis an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais. Déanfar na sonraí breise sin a chur in iúl i gcomhréir leis an bhfoirm a chuirfear ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh údarás tríú tír nó iarratasóir atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír an t-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais faoi bhráid an Choimisiúin, tarraingeofar suas an tsonraíocht táirge i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir, dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143, déanfar an chumhacht aturnae a chur in iúl gan úsáid a bhaint as formáid shonrach.

Beidh léiriú ar ainm an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh sa tríú tír ag gabháil leis an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais, murab ionann é agus an t-iarratasóir ag céim an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, agus beidh ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí arna n-ainmniú ag an tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 72(7) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. Cuirfear na sonraí breise sin in iúl gan úsáid a bhaint as formáid shonrach. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   Maidir le hiarratas comhpháirteach ar chlárú ag céim an Aontais, sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ann.

Airteagal 22

Seiceáil fhoirmiúil ar an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarratas ar chlárú isteach i gceart agus ar cuireadh isteach é i gcomhréir le hAirteagal 56(3), Airteagal 57(2) agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

2.   Maidir le hiarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú arna chur isteach ag Ballstát, measfar gur líonadh isteach i gceart é má chomhlíonann sé Airteagal 21(1).

3.   Maidir le hiarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú arna chur isteach ag tríú tír, measfar gur líonadh isteach i gceart é má chomhlíonann sé Airteagal 21(2).

4.   Measfar gur líonadh an tsonraíocht táirge isteach i gceart má áirítear inti an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) 2024/1143.

5.   Measfar go gcomhlíonann iarratas a cuireadh isteach go rathúil trí chóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 ceanglais na seiceála foirmiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Maidir le hiarratas a cuireadh isteach le ríomhphost nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach é. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 23

Cur i láthair na sonraíochta táirge

1.   I gcás ina bhfuil an maíomh dá dtagraítear in Airteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ag gabháil le hainm sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht, cuirfear an maíomh sin isteach sa tsonraíocht táirge.

2.   Foilseofar ainm daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá sa tsonraíocht táirge.

3.   Beidh an tsonraíocht táirge atá ina cuid d’iarratas ar chlárú arna chur isteach ag tríú tír i bhformáid lenar féidir próiseáil focal a dhéanamh.

Airteagal 24

Rialacha sonracha maidir leis an tuairisc ar an táirge agus ar an modh táirgthe

Sa tuairisc ar an táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143, ní luafar ach na saintréithe is gá chun an táirge agus a shaintréithe sonracha a shainaithint. Ní leagfar oibleagáidí ginearálta amach inti athuair, go háirithe ceanglais shainordaitheacha a bhaineann go dlúth le gach táirge den chineál sin.

Ní áireofar sa tuairisc ar an modh táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 54(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143 ach an modh táirgthe atá i bhfeidhm. Ní chuirfear cleachtais stairiúla isteach ach amháin i gcás ina leantar fós iad. Ní thabharfar tuairisc ach ar an modh is gá chun an táirge sonrach a fháil agus ar bhealach lenar féidir an táirge a atáirgeadh in áit ar bith.

Aireofar sna príomhghnéithe lena gcruthaítear saintréith thraidisiúnta an táirge na príomhghnéithe nár athraíodh, agus gabhfaidh tagairtí beachta agus dea-bhunaithe leo.

Airteagal 25

Tuairisc ar roinnt táirgí ar leith

I gcás ina bhfuil tuairisc san iarratas ar ainm a chlárú nó ar fhormheas ar leasú ar dhá tháirge shainiúla nó níos mó atá i dteideal an t-ainm sin a úsáid, taispeánfar ar leithligh gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú i gcás gach táirge den sórt sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘táirgí ar leith’ táirgí a bhfuil an t-ainm cláraithe céanna orthu ach a dhéantar a dhifreáil nuair a chuirtear ar an margadh iad nó táirgí a measann tomhaltóirí gur táirgí éagsúla iad.

Airteagal 26

Athruithe ar an tsonraíocht táirge le linn an nós imeachta iarratais

1.   Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann, go measann an Ballstát sin go ndéantar athruithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta náisiúnta freasúra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de Rialachán (AE) 2024/1143, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta freasúra breise. Sa nós imeachta náisiúnta freasúra breise sin, áiritheoidh an Ballstát go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit atá i gceist freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan leasaithe den tsonraíocht táirge faoi bhráid Choimisiúin.

2.   Más rud é, tar éis na malartuithe dá dtagraítear i mír 1, gur gá athruithe a dhéanamh ar an tsonraíocht táirge i gcás iarratas arna chur isteach ag tríú tír, tabharfaidh an t-iarratasóir tríú tír an tsonraíocht táirge cothrom le dáta agus cuirfidh sé na hathruithe sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 27

Freasúraí agus fógraí faoi thorthaí comhairliúchán a chur i láthair

1.   Tarraingeofar suas freasúra dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo agus beidh an méid seo a leanas ann:

(a)

an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, i gcomhréir le hAirteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 a mbaineann an freasúra leis;

(b)

an tagairt d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis;

(c)

ráiteas lena gcuirtear in iúl go foirmiúil an freasúra in aghaidh chlárú an ainm sin;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an freasúra á chur isteach aige;

(e)

tuairisc ar leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuir an freasúra isteach; ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le húdaráis náisiúnta;

(f)

léiriú ar na forais le freasúra, dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1143;

(g)

cúiseanna a bhfuil bunús leo lena dtugtar údar leis an bhfreasúra, lena n-áirítear mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra;

(h)

údarú don Choimisiún na sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith sa fhreasúra a tharchur.

Féadfaidh doiciméid tacaíochta a bheith ag gabháil leis an bhfreasúra, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás inarb ábhartha.

2.   Beidh an méid seo a leanas san fhógra faoi thorthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, a mbaineann an freasúra leis;

(b)

an tagairt d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, inar foilsíodh an t-ainm a mbaineann an freasúra leis;

(c)

ainm an fhreasúróra nó na bhfreasúróirí;

(d)

toradh na gcomhairliúchán;

(e)

léiriú ar ar modhnaíodh an tsonraíocht táirge agus tuairisc ar na modhnuithe sin.

3.   I gcás inar modhnaíodh an tsonraíocht táirge, déanfar an tsonraíocht táirge mhodhnaithe a chur i gceangal leis an bhfógra.

4.   An fógra faoi dheireadh na gcomhairliúchán tar éis an nós imeachta freasúra, déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

5.   Maidir le hiarratas a cuireadh isteach le ríomhphost nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach é. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 28

Iarratais ar fhormheas ar leasuithe ar shonraíocht táirge

1.   Beidh an méid seo a leanas in iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm faoi chosaint a mbaineann an leasú leis;

(b)

na ceannteidil sa tsonraíocht táirge a bhaineann leis na hábhair a ndéanann an leasú difear dóibh;

(c)

tuairisc ar gach ceann de na leasuithe atá molta agus na cúiseanna atá leo;

(d)

an tsonraíocht táirge chomhdhlúite, arna leasú;

(e)

maidir le hiarratas arna chur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143.

2.   Gheobhaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas ar leithligh agus ní fhoilseoidh sé iad mar chuid den iarratas:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an Bhallstáit nó údarás an tríú tír nó iarratasóir an ghrúpa táirgeoirí ag céim an Aontais den nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leasú ar an tsonraíocht táirge;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh a thionscnaíonn an chéim náisiúnta den nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leasú ar an tsonraíocht táirge;

(c)

aon doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 21.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, údaráis tríú tíortha agus grúpaí iarrthacha atá bunaithe nó ina gcónaí i dtríú tír comhsheasmhacht idir an t-iarratas ar fhormheas ar leasú agus an tsonraíocht táirge chomhdhlúite agus nach bhfuil aon éagsúlacht ábhartha eatarthu. Comhfhreagróidh na leasuithe a liostaítear san iarratas ar fhormheas ar leasú do na leasuithe a rinneadh iarbhír ar an tsonraíocht táirge. I gcás ina n-aimsítear neamhréir tar éis formheas a dhéanamh ar leasú, glacfaidh an Ballstát, an tríú tír nó an grúpa táirgeoirí iarrthach a chuir an t-iarratas isteach na bearta is gá chun an neamhréir sin a leigheas.

4.   Maidir le hiarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge, tarraingeofar suas é i gcomhréir leis an bhfoirm arna cur ar fáil i gcóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143. Bainfidh iarratasóirí ó thríú tíortha úsáid as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach sa chóras digiteach sin.

5.   Chun críocha Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2024/1143, i gcomhar le hAirteagal 59(4) den Rialachán sin, anuas ar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear ann, arna leasú, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge.

Airteagal 29

Seiceáil fhoirmiúil ar iarratais ar fhormheas ar leasuithe

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge isteach i gceart agus ar cuireadh isteach é i gcomhréir le hAirteagal 56(3), Airteagal 57(2) agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

2.   Measfar gur líonadh iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge isteach i gceart má áirítear ann na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 28(1) go (2) agus má chomhlíonann sé Airteagal 28(4).

3.   Measfar go gcomhlíonann iarratas a cuireadh isteach go rathúil trí chóras digiteach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 ceanglais na seiceála foirmiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Maidir le hiarratas a cuireadh isteach le ríomhphost nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach é. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 30

Cealú

1.   Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar chlárú sainearraí thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1143:

(a)

an t-ainm cláraithe atá molta lena chealú;

(b)

ainm an Bhallstáit nó an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe nó ina chónaí sa tríú tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á cur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó aici;

(c)

ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á iarraidh aige ag céim náisiúnta an nós imeachta, más ann dó;

(d)

i gcás iarrataí ó thríú tíortha, ainm na n-údarás, nó na gcomhlachtaí, a fhíoraíonn comhlíonadh cheanglais na sonraíochta táirge;

(e)

ráiteas ina mínítear leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

(f)

an aicme táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(g)

léiriú go bhfuil an cealú á iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a) nó (b), de Rialachán (AE) 2024/1143;

(h)

mínithe agus cúiseanna leis an gcealú;

(i)

i gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143.

Déanfar sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó an ghrúpa táirgeoirí, nó údarás nó chomhlachtaí an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b), (c) agus (d), a chur in iúl ar leithligh. Murab ionann is na hainmneacha, ní fhoilseofar sonraí teagmhála na n-údarás, na ndaoine, na ngrúpaí nó na gcomhlachtaí sin mar chuid den iarraidh ar chealú.

2.   Tarraingeofar suas iarraidh ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   Féadfaidh na Ballstáit tús a chur le céim náisiúnta an nós imeachta um chealú as a stuaim féin. Sa chás sin, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (c) agus (e), a fhágáil ar lár.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún cealú as a stuaim féin, cuirfear tús leis an nós imeachta go díreach ag céim an Aontais. Foilseoidh an Coimisiún, le haghaidh freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, a thogra féin maidir le cealú, ina mbeidh na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, mutatis mutandis.

5.   Maidir le hiarraidh ar chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú de bhun Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfidh gníomhaire atá sainordaithe ag na táirgeoirí isteach í.

6.   Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar chealú de bhun Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

an t-ainm cláraithe atá molta lena chealú;

(b)

léiriú go bhfuil an cealú á iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(c)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag Ballstát, ainm an Bhallstáit, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, agus léiriú go bhfuil cealú an chláraithe á iarraidh ag táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe;

(d)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag údarás tríú tír, ainm údarás an tríú tír agus léiriú go bhfuil cealú an chláraithe á iarraidh ag táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine;

(e)

i gcás iarraidh arna cur faoi bhráid an Choimisiúin go díreach ag táirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe agus atá bunaithe nó ina chónaí sa tríú tír, ainm an ghníomhaire atá sainordaithe ag na táirgeoirí atá ag déanamh na hiarrata, a chumhacht aturnae agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine;

(f)

an aicme táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(g)

tuairisc ar na cúiseanna atá leis an gcealú, chun críche faisnéise.

Déanfar sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó an tríú tír nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht do na táirgeoirí, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (e), a chur in iúl ar leithligh. Ní fhoilseofar sonraí teagmhála na n-údarás ná na ngníomhairí sin mar chuid den iarraidh ar chealú. Foilseofar a n-ainmneacha, áfach.

7.   Tarraingeofar suas iarraidh ar chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú de bhun Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraítear a chur isteach ina chóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

8.   Beidh iarraidh ar chealú arna líonadh isteach go cuí dá dtagraítear i mír 1 nó 6 den Airteagal seo san fhaisnéis atá le foilsiú de bhun Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 31

Seiceáil fhoirmiúil ar iarrataí ar chealú

1.   Seiceálfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/1143, ar líonadh iarraidh ar chlárú sainearraí thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú isteach i gceart agus ar cuireadh isteach í i gcomhréir le hAirteagal 56(3), Airteagal 57(2) agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus le hAirteagal 35 den Rialachán seo.

2.   Measfar gur líonadh iarraidh ar chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú isteach i gceart má áirítear inti na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) nó (6) agus má chomhlíonann sí Airteagal 30(2) nó (7).

3.   Maidir le hiarraidh ar chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, measfar nár cuireadh isteach í. Cuirfidh an Coimisiún an t-eintiteas iarrthach ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 32

Clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.   Bunófar clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2024/1143 mar réiteach digiteach lena gceadófar stóráil theicniúil agus rochtain phoiblí ar gach iontráil a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear iarratais ar chlárú, ar leasú agus ar chealú, diúltuithe, foilsithe le haghaidh freasúra, clárúcháin, formheasanna ar leasuithe agus cealuithe. Is é an Coimisiún a bheidh ina úinéir ar an gclár sin. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an réiteach digiteach a óstáil agus a bhainistiú.

2.   Déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh sa chlár dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí:

(a)

ainm cláraithe nó ainmneacha cláraithe an táirge, ina script bhunaidh, lena n-áirítear leagan nó leaganacha tras-scríofa nó traslitrithe de nó díobh i gcarachtair Laidineacha, i gcás inarb infheidhme. Ainmneacha iomadúla, leaganacha tras-scríofa agus leaganacha traslitrithe, déanfar iad a thaifeadadh mar ainmneacha malartacha, agus cuirfear spás, tulslais agus an dara spás eatarthu;

(b)

aicmiú an táirge mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XVIII;

(c)

an dáta a cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin;

(d)

an dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(e)

tagairt leictreonach d’fhoilsiú an iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(f)

an dáta clárúcháin;

(g)

tagairt leictreonach don ionstraim lena gcláraítear an t-ainm;

(h)

léiriú ar thír thionscnaimh nó thíortha tionscnaimh an iarratais;

(i)

uimhir an chomhaid;

(j)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás rialaithe i gcás iarratais de thionscnamh tríú tír.

3.   I gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún leasú ar shonraíocht táirge, déanfar na sonraí a bhaineann leis an leasú a thaifeadadh de réir an liosta i mír 2 de réir mar is iomchuí, le héifeacht ón dáta a bheidh an leasú infheidhme san Aontas. Déanfar tagairt leictreonach d’fhoilsiú rialachán lena bhformheastar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thaifeadadh.

4.   I gcás ina gcealófar clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht, taispeánfar i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht an t-ainm arna chealú ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an ngníomh cur chun feidhme ábhartha. Coinneofar taifead ar an gcealú sa chlár sin, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don chinneadh maidir le cealú.

5.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarratas ar chlárú nó ar leasú a fhormheas, nó iarraidh ar chealú, déanfar ainm, uimhir chomhaid, aicme tháirge, tír thionscnaimh, cineál iarratais, dáta agus stádas an iarratais nó na hiarrata a fuarthas a thaifeadadh i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Déanfar dáta an fhoilsithe agus an tagairt leictreonach don fhoilsiú sin a thaifeadadh freisin a luaithe a fhoilseofar an t-iarratas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coimeádfar i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht taifead ar an gcinneadh maidir le diúltú iarratas, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don chinneadh maidir le diúltú.

6.   Fanfaidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

Airteagal 33

Fianú ar chomhlíonadh

1.   Má chuireann Ballstát córas fianuithe i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 77(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143, féadfaidh an fianú lena ndeimhnítear comhlíonadh na sonraíochta táirge dá dtagraítear san Airteagal sin a bheith i bhfoirm leictreonach. Féadfar é a chur ar fáil trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an oibreoir air agus óna bhféadfaidh an t-oibreoir an fianú a íoslódáil. Luafar san fhianú a dháta eisiúna agus beidh sé i gcarachtair Laidine nó beidh leagan tras-scríofa nó traslitrithe de i gcarachtair Laidine ag gabháil leis.

Má chuireann Ballstát córas liostaí d’oibreoirí formheasta i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 77(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143, beidh sliocht an liosta (liostaithe) dá dtagraítear san Airteagal sin i bhfoirm leictreonach agus cuirfear ar fáil é trína thaispeáint ar leathanach gréasáin a bhfuil rochtain ag an oibreoir air agus óna bhféadfaidh an t-oibreoir sliocht oifigiúil den liostú comhfhreagrach a íoslódáil. Luafar sa liostú an dáta a tarraingíodh suas é. Beidh an liostú i gcarachtair Laidine nó beidh leagan tras-scríofa nó traslitrithe de i gcarachtair Laidine ag gabháil leis.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san fhianú agus sa liostú dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht;

(b)

sraithuimhir aitheantais lena sainaithnítear an t-oibreoir laistigh den chóras;

(c)

ainm agus sonraí teagmhála an oibreora;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta tarmligthe nó an duine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chuige nó ainm agus sonraí teagmhála an údaráis atá freagrach as an liostú;

(e)

gnó an oibreora a bhfuil feidhm ag an fianú nó ag an liostú ina leith, is é sin ‘táirgeadh’, ‘próiseáil’, ‘buidéalú (pacáistiú)’, agus/nó ‘eile’ (le sonrú ag an údarás a eisíonn an fianú);

(f)

dáta eisiúna an fhianaithe nó an dáta a tarraingíodh suas an liostú;

(g)

síniú, séala nó marc an chomhlachta tarmligthe nó an údaráis atá freagrach as an liostú, a fhéadfaidh a bheith leictreonach;

(h)

aicmiú an táirge dá dtagraítear i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

3.   Chun an tsaorchúrsaíocht a éascú laistigh den Aontas, féadfaidh údaráis agus comhlachtaí a eisíonn an fianú agus an liostú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a úsáid.

4.   Maidir le táirgí a tháirgtear i dtríú tíortha, i gcás oibreora a n-allmhairítear isteach san Aontas a tháirge arna ainmniú leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe, cuirfidh sé ar fáil d’allmhaireoir an táirge san Aontas, arna iarraidh sin dó, cruthúnas ar dheimhniúchán mar oibreoir táirge arna ainmniú leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht sin arna sholáthar ag údarás rialaithe náisiúnta nó comhlacht deimhniúcháin an tríú tír sin.

Féadfaidh fianú nó liostú oibreoirí údaraithe a bheith i gceist leis an gcruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus féadfaidh an t-údarás rialaithe náisiúnta nó an comhlacht deimhniúcháin an cruthúnas sin a sholáthar ar bhonn díreach. Féadfaidh an cruthúnas ar dheimhniúchán a bheith i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach. Beidh sé i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, nó beidh aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais ag gabháil leis, agus beidh sé i gcarachtair is furasta a thuiscint sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh. Ní bheidh sé imithe in éag, i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír, an dáta a chuirfear ar fáil don allmhaireoir é.

5.   Cuirfidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear i mír 4 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht i dtaobh earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Féadfaidh an t-allmhaireoir an cruthúnas ar dheimhniúchán a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh cruthúnas ar dheimhniúchán le linn gnó.

CAIBIDIL V

LIPÉADÚ

Airteagal 34

Siombailí agus tásca a úsáid

1.   Déanfar siombailí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus Airteagal 70(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 a atáirgeadh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina mbeidh siombailí, tásca nó giorrúcháin chomhfhreagracha an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 37 agus 70 de Rialachán (AE) 2024/1143 le feiceáil ar lipéadú táirge, beidh an t-ainm cláraithe ag gabháil leo.

3.   Féadfar na tásca ‘AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT’, ‘TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT’ agus ‘SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT’ laistigh den tsiombail a úsáid in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XVII.

CAIBIDIL VI

CUMARSÁID

Airteagal 35

Cumarsáid leis an gCoimisiún

1.   Na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun Caibidlí I, II agus III de Rialachán (AE) 2024/1143 a chur chun feidhme, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad mar a leanas:

(a)

i gcás údaráis inniúla na mBallstát, trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143;

(b)

i gcás na n-údarás inniúil, na ngrúpaí táirgeoirí, an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, le ríomhphost trí úsáid a bhaint as na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I go VIII agus X go XV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir leis an gcumarsáid a dhéanfar faoin gcéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo.

Coimeádfaidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi athruithe arna ndéanamh ar na córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

2.   De mhaolú ar mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), is le ríomhphost a chuirfidh údaráis inniúla na mBallstát na doiciméid seo a leanas isteach:

(a)

an freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus Airteagal 27(1);

(b)

an fógra faoi thorthaí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 27(2);

(c)

an iarraidh ar chealú dá dtagraítear in Airteagal 14 agus 30.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a chur in iúl agus a chur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát tríd an gcóras digiteach ábhartha i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a).

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil le ríomhphost do na húdaráis inniúla, do na grúpaí táirgeoirí, don duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), agus d’údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.

4.   I gcás cumarsáid theicniúil oifigiúil, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún pointe teagmhála amháin arb éard atá ann seoladh roinne agus seoladh poist, seoladh bosca ríomhphoist fheidhmiúil, agus uimhir theileafóin roinne. Coimeádfaidh na Ballstáit na pointí teagmhála sin cothrom le dáta. Leis na sonraí sin, ní shainaithneofar ach feidhmeanna oifigiúla, oifigí agus ranna. Ní shainaithneofar aon duine nádúrtha ná sonraí pearsanta le haon cheann de na sonraí.

Féadfaidh an Coimisiún liosta iomlán na bpointí teagmhála sin a choimeád, a stóráil, a chomhroinnt, a chur ar fáil don phobal agus a scaipeadh go tréimhsiúil, lena n-áirítear chuig a sheirbhísí féin, chuig institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus chuig gach pointe teagmhála ar an liosta. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal go gcuirfidh na Ballstáit na sonraí sin isteach trí na córais dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 36

Cumarsáid a chur isteach agus a fháil

1.   Measfar go ndearnadh an chumarsáid agus cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 35 an dáta a gheobhaidh an Coimisiún í.

2.   Is tríd an gcóras digiteach sin a dheimhneoidh an Coimisiún go bhfuarthas gach mír chumarsáide a fuarthas agus gach comhad arna gcur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 35(1), an chéad fhomhír, pointe (a).

Sannfaidh an Coimisiún uimhir chomhaid do gach leagan nua de na nithe seo a leanas: iarratas ar chlárú, iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach, gach iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, teachtaireacht maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta, agus teachtaireacht maidir le leasuithe sealadacha formheasta.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú fála:

(a)

uimhir an chomhaid;

(b)

ainm an táirge lena mbaineann;

(c)

an dáta fála.

Is tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 35(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a thabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcumarsáid sin agus faoi chur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a chuirfidh sé faisnéis agus nótaí maidir leo ar fáil.

3.   Deimhneoidh an Coimisiún le ríomhphost go bhfuarthas gach cumarsáid agus cur isteach na gcomhad a fuarthas le ríomhphost.

Sannfaidh an Coimisiún uimhir chomhaid do gach leagan nua de na nithe seo a leanas: iarratas ar chlárú, iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach, iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, teachtaireacht maidir le leasuithe caighdeánacha formheasta, agus teachtaireacht maidir le leasuithe sealadacha formheasta agus iarraidh ar chealú.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú fála:

(a)

uimhir an chomhaid;

(b)

ainm an táirge lena mbaineann;

(c)

an dáta fála.

Is le ríomhphost a thabharfaidh an Coimisiún fógra faoi chumarsáid agus cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a chuirfidh sé faisnéis agus nótaí maidir leo ar fáil.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus ag Airteagail 1 go 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus maidir leis an bhfaisnéis sin a chur isteach.

Airteagal 37

Teanga

Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chuirfear chuig an gCoimisiún i leith na nósanna imeachta a bhaineann leis an Rialachán seo, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

CAIBIDIL VII

LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/34

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seiceálacha i ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint agus iarratais ar chosaint, an nós imeachta agóide, clárú, modhnú agus cealú téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i dtaca le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint in earnáil an fhíona a mhéid a bhaineann le seiceálacha agus i dtaca le téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratais ar chosaint;

(b)

an nós imeachta agóide;

(c)

clárú;

(d)

forfheidhmiú na cosanta;

(e)

modhnú;

(f)

cealú na cosanta;

(g)

cumarsáid.’;

(3)

scriostar Airteagail 2 go 14;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Údaráis atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

1.   Agus na seiceálacha dá bhforáiltear sa Roinn seo á ndéanamh, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla fhreagracha agus na comhlachtaí tarmligthe freagracha na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

2.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír, is iad na heintitis seo a leanas a dhéanfaidh fíorú bliantúil ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, le linn chéim tháirgthe an fhíona agus le linn nó tar éis a oiriúnaithe:

(a)

údarás poiblí amháin nó níos mó arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)

comhlacht deimhniúcháin amháin nó níos mó.

3.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 116a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus an comhlacht deimhniúcháin amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo ceachtar de na caighdeáin seo a leanas mar atá ábhartha do na cúraimí tarmligthe agus creidiúnófar iad i gcomhréir leis na caighdeáin sin:

(a)

Caighdeán EN ISO/IEC 17065 ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’;

(b)

Caighdeán EN ISO/IEC 17020 ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’.

4.   I gcás ina bhfíoraíonn an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 116a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus an t-údarás amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo comhlíonadh na sonraíochta táirge, tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcúraimí a dhéanamh ar fáil dóibh.

5.   Údarófar do na Ballstáit táille a ghearradh ar oibreoirí atá faoi réir na rialuithe chun na costais arna dtabhú i mbunú agus oibriú an chórais rialaithe a chumhdach.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).’;"

(5)

Scriostar Airteagal 16;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Cumarsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún

Déanfaidh na Ballstáit mionsonraí an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 116a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus, i gcás inarb infheidhme, na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 116a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil nó na gcomhlachtaí tarmligthe.

(*2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).’;"

(7)

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Is éard a bheidh san fhíorú bliantúil a dhéanfaidh an t-údarás inniúil nó na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 116a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:’;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Údaráis inniúla nó comhlachtaí tarmligthe ó Bhallstáit éagsúla atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint, oibreoidh siad i gcomhar a chéile go háirithe chun a áirithiú, a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí pacáistíochta, go ndéanfaidh na hoibreoirí atá bunaithe i mBallstát eile seachas an Ballstát ina dtáirgtear an fíon a bhfuil a ainm cláraithe mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásc geografach faoi chosaint, oibleagáidí rialaithe na sonraíochta táirge atá i gceist a chomhlíonadh.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le fíonta a thairbhíonn de chosaint náisiúnta idirthréimhseach faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1143.’

;

(8)

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 1 agus 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Na Ballstáit, na húdaráis inniúla agus eagraíochtaí gairmiúla ionadaíocha tríú tíortha, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu faoin Rialachán seo, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún, tríd an seoladh ríomhphoist a léirítear in Iarscríbhinn XII, Cuid B, chun faisnéis a fháil maidir leis na modhanna cumarsáide agus maidir leis an gcaoi a gcuirfear faisnéis a cheanglaítear chun Caibidil III a chur chun feidhme ar fáil.’

;

(9)

Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus ag Airteagail 1 go 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir leis an bhfaisnéis sin a chur isteach.’

;

(10)

Scriostar Airteagal 32;

(11)

In Airteagal 33, scriostar an chéad mhír;

(12)

Scriostar Iarscríbhinní I go VII agus Iarscríbhinn XII, Cuid A.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 39

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 agus (AE) 2021/1236.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/787/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1183/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1185/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/668/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú (IO L 270, 29.7.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1236/oj).

(11)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


IARSCRÍBHINN I

Cuid I

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

1.   Ainm (nó ainmneacha) [na nAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC) nó na dTásca Geografacha faoi Chosaint (TGFC)]

[Cuir isteach an t-ainm nó na hainmneacha atá beartaithe lena chlárú nó lena gclárú nó, i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge nó foilsiú de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 nó d’Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26, an t-ainm cláraithe nó na hainmneacha cláraithe. Cuir isteach an t-ainm nua nó na hainmneacha nua i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge lena leasaítear an t-ainm]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

3.   An tríú tír ar léi an limistéar geografach sainithe:

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

[Príomhphointí dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143. Chun an táirge a shainaithint, bain úsáid as sainmhínithe agus caighdeáin a úsáidtear go coitianta le haghaidh an táirge sin. Sa tuairisc ar an táirge, a dtagraítear do rialacha sonracha ina leith in Airteagal 18 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26, dírigh ar a cháilíochtaí agus a shaintréithe sonracha, trí aonaid tomhais agus téarmaí coiteanna nó teicniúla a úsáid, gan saintréithe teicniúla a bhaineann go dlúth le gach táirge den chineál sin agus ceanglais dhlíthiúla shainordaitheacha ghaolmhara is infheidhme maidir le gach táirge den chineál sin a áireamh]

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)

[I gcás ATFC: i gcás ina bhféadfadh beatha teacht ó lasmuigh den limistéar, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na heisceachtaí sin agus luaigh réasúnaithe leo. Ní mór na heisceachtaí sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 47(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143. Murab ann dóibh, fág bán é seo.

I gcás TGFC: Luaigh aon srian ar thionscnamh na n-amhábhar. I gcomhréir le hAirteagal 47(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 tabhair údar le haon srian den sórt sin i ndáil leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f)(ii), den Rialachán sin. Murab ann dóibh, fág bán é seo.]

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

[I gcás TGFC: Sonraigh an chéim shonrach nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe agus luaigh réasúnaithe le haon srian. Más rud é go bhfuil an srian comhionann le srian ar thionscnamh amhábhar, tá gá le réasúnú i ndáil leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f)(ii), de Rialachán (AE) 2024/1143. Murab ann dóibh, fág bán é seo.]

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

[Níor cheart ach rialacha táirgeshonracha, seachas rialacha is infheidhme go ginearálta, a chur isteach. Murab ann dóibh, fág bán é seo. I gcás srianta a eascraíonn as ceanglais maidir le pacáistiú nó as ceanglais eile is infheidhme, ba cheart achoimre ar an réasúnú táirgeshonrach a thugtar sa tsonraíocht táirge a chur isteach]

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

[Níor cheart ach rialacha táirgeshonracha, seachas rialacha is infheidhme go ginearálta, a chur isteach. Murab ann dóibh, fág bán é seo. I gcás srianta a eascraíonn as ceanglais lipéadaithe, ba cheart achoimre ar an réasúnú táirgeshonrach a thugtar sa tsonraíocht táirge a chur isteach.]

5.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

[I gcás inarb iomchuí, cuir léarscáil den limistéar isteach]

6.   Nasc leis an limistéar geografach

[I gcás ATFC: achoimre ar an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach a thugtar sa tsonraíocht táirge.

I gcás TGFC: achoimre ar an nasc idir cáilíocht áirithe, clú nó saintréith eile de chuid an táirge agus a thionscnamh geografach a thugtar sa tsonraíocht táirge.

Luaigh go sainráite ar cé acu de na tosca áirithe (clú, cáilíocht áirithe, saintréith eile de chuid an táirge talmhaíochta) a bhfuil an nasc bunaithe agus tabhair faisnéis i leith na dtosca ábhartha amháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe lena dtugtar údar leis an nasc.]

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh an táisc gheografaigh sa tríú tír mar a chosnaítear sa tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143:

[cuir isteach tagairt shimplí seachas hipearnasc]

Iarscríbhinní

1.   

An tsonraíocht táirge.

2.   

Doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   

Cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh i dtír a thionscnaimh.

4.   

Cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir.

Cuid II

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

1.   Ainm(nó ainmneacha) [na nAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC) nó na dTásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)]

[Cuir isteach an t-ainm nó na hainmneacha atá beartaithe lena chlárú nó lena gclárú nó, i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge nó foilsiú de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 nó d’Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26, an t-ainm cláraithe nó na hainmneacha cláraithe. Cuir isteach an t-ainm nua nó na hainmneacha nua i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge lena leasaítear an t-ainm]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

3.   An tríú tír ar léi an limistéar geografach críochaithe

4.   Aicmiú an fhíona i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

6.1.   Tréithe orgánaileipteacha

 

Cuma

 

Dea-bholadh

 

Blas

 

6.2.   Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

 

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

[Ba cheart tuairisc ar fhíon nó ar fhíonta a thabhairt le haghaidh gach catagóire táirge fíniúna. Féadfar tuairisc bhreise a thabhairt freisin le haghaidh dathanna éagsúla fíona (e.g. geal, dearg, rosé) nó le haghaidh cineálacha sonracha fíona]

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh [Murab ann dóibh, fág bán é seo.]

7.2.   Uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

[I gcás inarb iomchuí, cuir léarscáil den limistéar isteach]

10.   Nasc leis an limistéar geografach

[I gcás ATFC: achoimre ar an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an fhíona agus an timpeallacht gheografach a thugtar sa tsonraíocht táirge.

I gcás TGFC: an nasc idir cáilíocht shonrach nó saintréith eile de chuid an fhíona nó clú an fhíona agus a thionscnamh geografach.

Luaigh go sainráite ar cé acu de na tosca áirithe (cáilíocht shonrach, clú, saintréith eile de chuid an fhíona) a bhfuil an nasc bunaithe agus tabhair faisnéis i leith na dtosca ábhartha amháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe lena dtugtar údar leis an nasc.]

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, lipéadú agus aon bhuncheanglas eile is infheidhme maidir leis an bhfíon dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

[Níor cheart ach rialacha táirgeshonracha, seachas rialacha is infheidhme go ginearálta, a chur isteach. Murab ann dóibh, fág bán é seo.

I gcás srianta, ba cheart achoimre ar an réasúnú táirgeshonrach a thugtar sa tsonraíocht táirge a chur isteach.

I gcás maoluithe maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe, sonraigh na suíomhanna beachta inar féidir fíon a dhéanamh den táirge agus cáilíocht i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún  (1) ]

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh an táisc gheografaigh sa tríú tír mar a chosnaítear sa tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143:

[cuir isteach tagairt shimplí seachas hipearnasc]

Iarscríbhinní

1.   

An tsonraíocht táirge.

2.   

Doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   

Cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh i dtír a thionscnaimh.

4.   

Cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir.

Cuid III

DOICIMÉAD AONAIR

Tásca geografacha i ndáil le deochanna biotáilleacha

1.   Ainm (nó ainmneacha) [na dTásc Geografach (TG)]

[Cuir isteach an t-ainm nó na hainmneacha atá beartaithe lena chlárú nó lena gclárú nó, i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge nó foilsiú de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 nó d’Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26, an t-ainm cláraithe nó na hainmneacha cláraithe. Cuir isteach an t-ainm nua nó na hainmneacha nua i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge lena leasaítear an t-ainm]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Tásc Geografach

3.   An tríú tír ar léi an limistéar geografach sainithe

4.   Aicmiú na dí biotáillí i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

5.   Catagóir nó catagóirí, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/787, lena mbaineann an deoch bhiotáilleach

[Tabhair catagóir dí biotáillí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/787, nó léirigh an téarma ‘deoch bhiotáilleach’ mura dtagann an táirge faoi aon cheann de chatagóirí na hIarscríbhinne sin]

6.   Modh táirgthe

7.   Tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí

[Lena n-áirítear na hamhábhair óna dtáirgtear í, más iomchuí, chomh maith le príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó orgánaileipteacha an táirge agus saintréithe sonracha an táirge i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna]

8.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

[I gcás inarb iomchuí, cuir léarscáil den limistéar isteach]

9.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú na dí biotáillí dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

[Níor cheart ach rialacha táirgeshonracha, seachas rialacha is infheidhme go ginearálta, a chur isteach. Murab ann dóibh, fág bán é seo. I gcás srianta, ba cheart achoimre ar an réasúnú táirgeshonrach a thugtar sa tsonraíocht táirge a chur isteach]

10.   Nasc leis an limistéar geografach

[Achoimre ar an nasc idir cáilíocht áirithe, clú nó saintréith eile de chuid na dí biotáillí agus a tionscnamh geografach a thugtar sa tsonraíocht táirge]

Luaigh go sainráite ar cé acu de na tosca áirithe (cáilíocht áirithe, clú, saintréith eile de chuid na dí biotáillí) a bhfuil an nasc bunaithe agus tabhair faisnéis i leith na dtosca ábhartha amháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe lena dtugtar údar leis an nasc.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh an táisc gheografaigh sa tríú tír mar a chosnaítear sa tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143:

[Cuir isteach tagairt shimplí seachas hipearnasc]

Iarscríbhinní

1.   

An tsonraíocht táirge.

2.   

Doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

3.   

Cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh i dtír a thionscnaimh.

4.   

Cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/33/oj).


IARSCRÍBHINN II

FREASÚRA TÁSC GEOGRAFACH

(Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143)

Is freasúra é seo in aghaidh:

An iarratas ar chlárú

An iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge le haghaidh

Na hiarrata ar chealú

:

1.   Ainm an táirge

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na h Irise Oifigiúla (IO) nó mar a cláraíodh]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Tagairt oifigiúil d’fhoilsiú an ghnímh a bhfuil an freasúra ina aghaidh

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na hIrise Oifigiúla (IO)]

Uimhir thagartha:…

Dáta an fhoilsithe de chuid IO:…

5.   Ainm an fhreasúróra

[Ballstát, tríú tír, duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír]

6.   Sonraí teagmhála an fhreasúróra

Údarás náisiúnta nó Grúpa/eagraíocht/duine aonair:

[Ainm an teagmhálaí: Teideal: ... Ainm iomlán: …]

[Ainm na Roinne lena mbaineann an duine:]

[Seoladh:...]

[Teileafón: + …]

[seoladh ríomhphoist:...]

7.   Leas dlisteanach (níl sé riachtanach i gcás údaráis náisiúnta).

[Déan ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an fhreasúróra. I gcás freasúra in aghaidh iarraidh ar chealú, ba cheart ráiteas a dhéanamh ina mínítear go bhfuil duine leasmhar lena mbaineann fós ag brath ar an ainm cláraithe ar bhonn tráchtála]

8.   Forais leis an bhfreasúra:

[Cuir tic leis an gcúis ábhartha]

(a)

Ní chomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú ar ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach i ndáil le táirgí talmhaíochta ná na ceanglais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143

(b)

Ní chomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú ar ainmniúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha i ndáil le fíonta ná na ceanglais dá dtagraítear i gCuid II, Teideal II, Caibidil 1, Roinn 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

(c)

Ní chomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú ar thásc geografach i ndáil le deochanna biotáilleacha ná na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787

(d)

Bheadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe contrártha d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/1143 (is ainm cineálach é an t-ainm atá beartaithe lena chlárú)

(e)

Bheadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe contrártha d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2024/1143 (ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach)

(f)

Bheadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe contrártha d’Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2024/1143 (trádmharc atá ann cheana)

(g)

I gcás ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta, bheadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe contrártha d’Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 (cineál planda nó pór ainmhí)

(h)

Dhéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe na faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143

9.   Mionsonraí an fhreasúra

[Luaigh cúiseanna a bhfuil bunús leo lena dtugtar údar leis an bhfreasúra, lena n-áirítear mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra. Féadfar doiciméad tacaíochta a thabhairt.]

10.   Liosta de dhoiciméid tacaíochta

[Murab ann dóibh, fág bán é seo]

11.   Toiliú d’fhonn comhairliúcháin iomchuí leis an iarratasóir a dhéanamh

Tugtar toiliú don Choimisiún sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith sa fhreasúra a chur ar aghaidh.

[Cuir tic sa bhosca chun toiliú a thabhairt]

Déanfar an freasúra a shíniú agus cuirfear dáta leis.


IARSCRÍBHINN III

FÓGRA FAOI THORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN TAR ÉIS AN NÓS IMEACHTA FREASÚRA

TÁSC GEOGRAFACH

(Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na hIrise Oifigiúla (IO)]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Tagairt oifigiúil d’fhoilsiú an ghnímh a bhfuil an freasúra ina aghaidh

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na hIrise Oifigiúla (IO)]

Uimhir thagartha:…

Dáta an fhoilsithe de chuid IO:…

5.   Ainm an fhreasúróra (nó na bhfreasúróirí)

[Ballstát, tríú tír, duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír]

6.   Toradh na gcomhairliúchán

6.1.   Thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir (nó leis na freasúróirí) seo a leanas:

[Cuir isteach cóipeanna de litreacha lena léirítear gur thángthas ar chomhaontú agus na tosca uile a d’fhág gurbh fhéidir teacht ar chomhaontú (Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Tabhair mínithe.]

6.2.   Níor thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir (nó leis na freasúróirí) seo a leanas:

[Cuir isteach an fhaisnéis a léirítear in Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Tabhair mínithe]

7.   Sonraíocht táirge agus doiciméad aonair

7.1.   Modhnaíodh an tsonraíocht táirge:

Modhnaíodh

Níor modhnaíodh

[Má d’fhreagair tú ‘Modhnaíodh’, cuir isteach tuairisc ar mhodhnuithe agus an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge mhodhnaithe. Murar tagairt leictreonach an tagairt a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfear an tsonraíocht táirge mhodhnaithe faoi iamh.]

7.2.   Modhnaíodh an doiciméad aonair:

Modhnaíodh

Níor modhnaíodh

[Má d’fhreagair tú ‘Modhnaíodh’, cuir isteach cóip den doiciméad aonair modhnaithe]

8.   Nós imeachta náisiúnta freasúra breise (le haghaidh na mBallstát amháin)

An bhfuil gá le nós imeachta náisiúnta freasúra breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27

Níl

9.   Dátú agus síniú

[Ainm]

[Roinn/Eagraíocht]

[Seoladh]

[Teileafón: +]

[seoladh ríomhphoist:]


IARSCRÍBHINN IV

IARRATAS AR FHORMHEAS AR LEASÚ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge

[Mar a cláraíodh é]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Tríú tír ar léi an limistéar geografach

5.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a mbaineann an leasú nó na leasuithe leis

[Léirigh cé na ceannteidil (uimhir agus teideal ceannteidil) sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair a ndéanann an leasú difear dóibh]

6.   Incháilitheacht mar leasú ar leibhéal an Aontais

[Déan ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar ‘leasú ar leibhéal an Aontais’ dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143, ina léirítear cineál beacht an athraithe i measc na n-athruithe dá dtagraítear san Airteagal sin]

7.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) agus na cúiseanna leis (nó leo)

[Tabhair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leis mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1), pointe (e), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26]

8.   Faisnéis bhreise

8.1.   San iarratas seo ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais tá leasú caighdeánach nó leasuithe caighdeánacha a bhfuil dlúthbhaint aige nó acu leis an leasú ar leibhéal an Aontais

Tá ☐

Níl ☐

[Má tá, tabhair tuairisc air nó orthu]

8.2.   Tá an t-iarratas seo ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ann ós rud é nár tugadh i gcrích i mBallstát amháin nó níos mó céim náisiúnta an nós imeachta maidir le hiarratas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach trasteorann, dá dtagraítear in Airteagal 5(10), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27

Tá ☐

Níor modhnaíodh ☐

[Tabhair tuairisc]

Iarscríbhinní

1.   

An doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26 nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair.

2.   

An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge.

3.   

An tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge sa tríú tír arna modhnú (i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I).

4.   

Ainm agus sonraí teagmhála údarás an tríú tír nó iarratasóir an ghrúpa táirgeoirí ag céim an Aontais den nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge.

5.   

Cruthúnas go gcomhlíonann an leasú ar leibhéal an Aontais a ndearnadh iarratas air na rialacha maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír ábhartha.

6.   

Na doiciméid tionlacain, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143, mutatis mutandis, agus cumhacht aturnae, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (e), den Rialachán sin, i gcás inarb iomchuí.


IARSCRÍBHINN V

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge

[Mar a cláraíodh é]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Tríú tír ar léi an limistéar geografach

5.   Ainm na n-údarás tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú caighdeánach á chur faoi bhráid an Choimisiúin acu nó aige

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

[Déan ráiteas ina mínítear cén fáth a dtagann an leasú faoin sainmhíniú ar ‘leasú caighdeánach’ dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143]

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

[Tabhair tuairisc ar an leasú caighdeánach nó ar na leasuithe caighdeánacha. Léirigh an dtiocfaidh nó nach dtiocfaidh leasú ar an doiciméad aonair as an leasú.]

Iarscríbhinní

1.   

An cinneadh lena bhformheastar an leasú caighdeánach sa tríú tír.

2.   

an doiciméad aonair comhdhlúite, arna leasú, i gcás inarb ábhartha nó sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(12) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27, an doiciméad aonair.

3.   

An tsonraíocht táirge chomhdhlúite, arna leasú.

4.   

An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír.

5.   

Sonraí teagmhála údarás an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú caighdeánach á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige.


IARSCRÍBHINN VI

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ SEALADACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge

[Mar a cláraíodh é]

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Tríú tír ar léi an limistéar geografach

5.   Ainm na n-údarás tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú sealadach á chur faoi bhráid an Choimisiúin acu nó aige

6.   Tuairisc ar an leasú sealadach (nó ar na leasuithe sealadacha) formheasta

[Tabhair tuairisc ar an leasú sealadach nó ar na leasuithe sealadacha agus na cúiseanna sonracha atá leis nó leo ina ndéantar tagairt d’aitheantas foirmiúil ag na húdaráis inniúla ar thubaiste nádúrtha nó ar dhálaí drochaimsire nó ar shuaitheadh mór sa mhargadh de dheasca imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear teagmhais gheopholaitiúla, a dhéanann difear do sholáthar amhábhar nó d’fhorchur beart sainordaitheach sláintíochta agus fíteashláintíochta].

Iarscríbhinní

1.   

An cinneadh lena bhformheastar an leasú sealadach sa tríú tír.

2.   

Cinneadh na n-údarás inniúil lena bhforchuirtear bearta sainordaitheacha sláintíochta nó fíteashláintíochta nó lena n-aithnítear go foirmiúil tubaiste nádúrtha nó dálaí drochaimsire nó suaitheadh mór sa mhargadh de dheasca imthosca eisceachtúla agus a dhéanann difear do sholáthar amhábhar.

3.   

An cruthúnas go bhfuil an leasú infheidhme sa tríú tír.

4.   

Sonraí teagmhála údarás an tríú tír nó an ghrúpa táirgeoirí atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an leasú sealadach á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige.


IARSCRÍBHINN VII

IARRAIDH AR THÁSC GEOGRAFACH A CHEALÚ

(Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach

5.   Ainm an Bhallstáit, an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á cur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó aici

[Tabhair ainm údaráis Ballstáit nó tríú tír nó ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á iarraidh aige.]

6.   Léirigh ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a d’iarr an cealú ag céim náisiúnta an nós imeachta

[I gcás cealú arna dhéanamh ag Ballstát nó tríú tír as a stuaim féin, fág bán é seo.]

7.   I gcás iarrataí arna ndéanamh ag tríú tír, tabhair ainm na n-údarás, nó na gcomhlachtaí, a fhíoraíonn gur comhlíonadh an tsonraíocht táirge

8.   Leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann i bpointe 5 nó 6 (níl gá leis i gcás na n-údarás náisiúnta)

[Déan ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an cealú á chur isteach nó á iarraidh aige.]

9.   Aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

10.   An cineál cealaithe agus cúiseanna gaolmhara

Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, ar na cúiseanna seo a leanas:

ní féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh

[Tabhair na cúiseanna mionsonraithe agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise lena dtugtar údar leis an gcealú]

níor cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh na 7 mbliana roimhe as a chéile ar a laghad

[Tabhair na cúiseanna mionsonraithe agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise lena dtugtar údar leis an gcealú.]

Déanfar an iarraidh ar chealú a shíniú agus cuirfear dáta léi.

Iarscríbhinní

Sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó údarás nó chomhlachtaí an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear i bpointí 5, 6 agus 7.

I gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

[Roghnach: Liosta de na doiciméid a seoladh chun tacú leis an iarraidh ar chealú.]


IARSCRÍBHINN VIII

IARRAIDH AR THÁSC GEOGRAFACH A CHEALÚ

(Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú

2.   Cineál an táisc gheografaigh

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

ATFC ☐

TGFC ☐

TG ☐

3.   Earnáil

[Cuir ‘X’ sa bhosca iomchuí]

 

☐ táirgí talmhaíochta

 

☐ deochanna biotáilleacha

 

☐ fíonta

4.   Ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach

5.   Ainm an Bhallstáit nó údarás an tríú tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó an léiriú go gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe an iarraidh ar chlárú a chealú faoi bhráid an Choimisiúin go díreach agus ainm an ghníomhaire ar thug na táirgeoirí sainordú dó an iarraidh a sheoladh (níl feidhm ag an oibleagáid sainordú a thabhairt do ghníomhaire i gcás táirgeoir aonair)

[Tabhair ainm údaráis Ballstáit nó tríú tír a bhfuil iarraidh ar chealú á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige. I gcás ina gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go díreach, léirigh ‘táirgeoirí’ agus ainm an táirge agus na focail ‘arna n-ionadú ag’ ina dhiaidh sin maille le hainm an ghníomhaire a bhfuil an iarraidh á seoladh aige.]

6.   I gcás iarraidh ó Bhallstát, sonraigh an iad táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe nó an iad grúpa táirgeoirí aitheanta an táirge sin a rinne an iarraidh ar chealú ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta. Sa chás sin, cuir isteach ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta

Iarraidh arna déanamh ag na táirgeoirí

Iarraidh arna déanamh ag an ngrúpa táirgeoirí aitheanta: …

[Tabhair ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta, i gcás inarb iomchuí]

7.   Aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

8.   Cineál an chealaithe

Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Déanfar an iarraidh ar chealú a shíniú agus cuirfear dáta léi.

Iarscríbhinní

Sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit, nó an tríú tír, nó an ghrúpa táirgeoirí aitheanta, nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar na táirgeoirí a dhéanann an iarraidh, dá dtagraítear i bpointí 6, 7 agus 8.

I gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143.

Maidir le hiarraidh ar chealú arna cur isteach ag údarás tríú tír, an dearbhú gurb iad táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe a rinne an iarraidh ar chealú ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine.

Maidir le hiarraidh ar chealú arna cur isteach ó thríú tír go díreach chuig an gCoimisiún ag táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.

1.

Cumhacht aturnae an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar na táirgeoirí.

2.

Réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine.

[Roghnach: Liosta de na doiciméid a seoladh chun tacú leis an iarraidh ar chealú.]


IARSCRÍBHINN IX

FIANÚ NÓ LIOSTÚ OIFIGIÚIL

oibreora a chomhlíonann sonraíocht táirge táisc gheografaigh de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

Fianaítear leis an doiciméad seo go bhfuil an t-oibreoir deimhnithe chun táirge a ainmniú mar Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC) nó mar Thásc Geografach faoi Chosaint (TGFC) nó mar Thásc Geografach (TG) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143

1.

Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC)/Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)/Tásc Geografach (TG)

[ATFC/TGFC/Tásc Geografach mar a iontráladh sa chlár]

2.

Aicmiú an táirge

[Ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143; Catagóir an táirge agus sonraí breise atá le cur leis i gcás inarb ábhartha (i.e. i gcás oibreoirí atá deimhnithe chun an t-ainm cláraithe a úsáid agus gan ach tagairt a dhéanamh do tháirgí áirithe a chumhdaítear leis an ainm cláraithe).]

3.

Tagairtí an oibreora

[ainm/ainm gnó, sonraí teagmhála agus uimhir oibreora]

4.

Údarás nó comhlacht rialaithe a eisíonn an fianú nó an liostú

[ainm gnó agus sonraí teagmhála]

5.

Uimhir fianaithe/liostaithe

6.

Gnó an oibreora a bhfuil feidhm ag an bhfianú, nó an liostú, maidir leis

[‘táirgeadh’, ‘próiseáil’, ‘buidéalú/pacáistiú’, nó ‘eile (sonraigh)’ – sonraigh gach ceann atá ábhartha]

7.

Dáta eisiúna an fhianaithe nó an liostaithe nó an dáta ar tarraingíodh suas an liostú

[ll.mm.bbbb]

8.

Síniú, séala nó marc an chomhlachta rialaithe nó an údaráis eisiúna


IARSCRÍBHINN X

SONRAÍOCHT TÁIRGE SAINEARRA THRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

1.   Ainm (nó ainmneacha)

[Cuir isteach an t-ainm atá beartaithe lena chlárú nó, i gcás iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge, an t-ainm cláraithe]

2.   Tríú tír atá ag déanamh iarratas ar chlárú

3.   Aicme táirge, dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26

4.   Forais le clárú

4.1.   Is táirge é

a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin.

a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

[Tabhair míniú]

4.2.   Ainm an táirge

atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge.

a shainaithníonn carachtar traidisiúnta an táirge.

[Tabhair míniú]

5.   Tuairisc

5.1.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha (Airteagal 54(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143 agus Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26)

5.2.   … Tuairisc ar an modh táirgthe nach mór do na táirgeoirí a leanúint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, lena n-áirítear, más ábhartha, ainmniúchán tráchtála an speicis lena mbaineann agus a ainm eolaíoch, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagail 54(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1143 agus Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26)

5.3.   Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge (Airteagal 54(1), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1143 agus Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26)

6.   Ceanglais maidir le lipéadú

[Níor cheart ach rialacha táirgeshonracha, seachas rialacha is infheidhme go ginearálta, a chur isteach. Murab ann dóibh, fág bán é seo.]

Iarscríbhinní

1.   

Léiriú ar ainm an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh sa tríú tír, murab ionann é agus an t-iarratasóir ag céim an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 21(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26.

2.   

Ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí arna n-ainmniú ag an tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 21(2), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26.

3.   

Cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir.


IARSCRÍBHINN XI

FREASÚRA

SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

(Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1143)

Is freasúra é seo in aghaidh:

An iarratais ar chlárú

An iarratais ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge

Na hiarrata ar chealú

An tsainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht mar atá:

1.   Ainm an táirge

[Mar a thugtar san fhoilseachán Iris Oifigiúil (IO) nó mar a cláraíodh]

2.   Tagairt oifigiúil d’fhoilsiú an ghnímh a bhfuil an freasúra ina aghaidh

[mar a thugtar san fhoilseachán Iris Oifigiúil (IO)]

Uimhir thagartha:…

Dáta an fhoilsithe de chuid IO:…

3.   Ainm an fhreasúróra

[Ballstát, tríú tír, duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír]

4.   Sonraí teagmhála an fhreasúróra

[Údarás náisiúnta nó Grúpa/eagraíocht/duine aonair:]

[Ainm an teagmhálaí: Teideal:........ Ainm iomlán:.........Seoladh:...]

[Teileafón: + …]

[seoladh ríomhphoist:...]

5.   Leas dlisteanach (níl sé riachtanach i gcás údaráis náisiúnta)

[Déan ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an fhreasúróra. Maidir le freasúra i gcoinne iarraidh ar chealú, tabharfar ráiteas ina míneofar go bhfuil duine leasmhar lena mbaineann fós ag brath ar an ainm cláraithe ar bhonn tráchtála]

6.   Forais leis an bhfreasúra:

[Cuir tic leis an gcúis ábhartha]

(a)

ní chomhlíonann an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá beartaithe forálacha Theideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) 2024/1143;

(b)

chuirfí i gcontúirt, le clárú an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht atá molta, ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt.

7.   

Mionsonraí an fhreasúra

[Luaigh na cúiseanna a bhfuil bunús leo lena dtugtar údar leis an bhfreasúra, lena n-áirítear mionsonraí na bhfíoras, fianaise agus tuairimí lena dtacaítear leis an bhfreasúra. Féadfar doiciméid tacaíochta a thabhairt.]

8.   Liosta de dhoiciméid tacaíochta

[Murab ann dóibh, fág bán é seo.]

9.   Tugtar toiliú don Choimisiún sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith sa fhreasúra a chur ar aghaidh

[Cuir tic sa bhosca chun toiliú a thabhairt]

Déanfar an freasúra a shíniú agus cuirfear dáta leis.


IARSCRÍBHINN XII

FÓGRA AR THORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN

TAR ÉIS AN NÓS IMEACHTA FREASÚRA

SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

(Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na h Irise Oifigiúla (IO) nó mar a cláraíodh]

2.   Tagairt oifigiúil d’fhoilsiú an ghnímh a bhfuil an freasúra ina aghaidh

[Mar a thugtar san fhoilsiú de chuid na hIrise Oifigiúla (IO)]

Uimhir thagartha:

Dáta an fhoilsithe de chuid IO:

3.   Ainm an fhreasúróra (nó na bhfreasúróirí)

[Ballstát, tríú tír, duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír]

4.   Toradh na gcomhairliúchán

4.1.   Thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir (nó leis na freasúróirí) seo a leanas

[Cuir isteach cóipeanna de litreacha lena léirítear gur thángthas ar chomhaontú agus na tosca uile a d’fhág gurbh fhéidir teacht ar chomhaontú (Airteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Tabhair mínithe.]

4.2.   Níor thángthas ar chomhaontú leis an bhfreasúróir (nó leis na freasúróirí) seo a leanas

[Cuir isteach an fhaisnéis a léirítear in Airteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Tabhair mínithe.]

5.   Sonraíocht Táirge

Leasaíodh an tsonraíocht táirge:

 

Leasaíodh ☐

 

Níor leasaíodh ☐

Má leasaíodh, cuir isteach cóip den tsonraíocht táirge leasaithe.

6.   Dátú agus síniú

[Ainm]

[Roinn/Eagraíocht]

[Seoladh]

[Teileafón: +]

[seoladh ríomhphoist:]


IARSCRÍBHINN XIII

IARRATAS AR LEASÚ AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

(Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   Ainm an táirge lena mbaineann an leasú

[Mar a cláraíodh é]

2.   An tríú tír as a dtionscnaíonn an t-iarratas

3.   Ceannteidil sa tsonraíocht táirge lena mbaineann an leasú (nó na leasuithe)

[Cuir in iúl cé na ceannteidil (uimhir agus teideal ceannteidil) sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú difear dóibh.]

4.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) agus na cúiseanna leis (nó leo)

[Tabhair tuairisc ar gach leasú agus na cúiseanna atá leo mar a fhoráiltear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 agus Airteagal 28(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26]

Iarscríbhinní

1.   

An leagan comhdhlúite den tsonraíocht táirge arna leasú, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26.

2.   

Ainm agus sonraí teagmhála údarás an tríú tír nó iarratasóir an ghrúpa táirgeoirí ag céim an Aontais den nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leasú ar an tsonraíocht táirge.

3.   

Ainm an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh sa tríú tír a thionscnaíonn an nós imeachta sa tríú tír, murab ionann é agus an t-iarratasóir ag céim an Aontais.

4.   

Na doiciméid tionlacain, dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26, mutatis mutandis, i gcás inarb iomchuí.


IARSCRÍBHINN XIV

IARRAIDH AR SHAINEARRA TRADISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT A CHEALÚ

(Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú

2.   Ainm an Bhallstáit, an tríú tír nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír a chuireann an iarraidh ar an gcealú faoi bhráid an Choimisiúin

[Tabhair ainm údaráis Ballstáit nó tríú tír nó ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a iarrann cealú.]

3.   Léirigh ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a d’iarr an cealú ag céim náisiúnta an nós imeachta

[I gcás cealú arna dhéanamh ag Ballstát nó tríú tír as a stuaim féin, fág bán é seo.]

4.   I gcás iarrataí arna ndéanamh ag tríú tír, tabhair ainm na n-údarás, nó na gcomhlachtaí, a fhíoraíonn gur comhlíonadh an tsonraíocht táirge

5.   Leas dlisteanach an ghrúpa táirgeoirí nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann i bpointe 2 agus i bpointe 3 (níl gá leis do na húdaráis náisiúnta)

[Déan ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an ghrúpa táirgeoirí nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chuireann isteach nó a iarrann cealú.]

6.   Aicme táirge, dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26

7.   An cineál cealaithe agus cúiseanna gaolmhara

Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 ar na cúiseanna seo a leanas:

ní féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh

[Tabhair na cúiseanna mionsonraithe agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise lena dtugtar údar leis an gcealú]

níor cuireadh táirge ar an margadh faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ar feadh na 7 mbliana roimhe sin as a chéile ar a laghad

[Tabhair na cúiseanna mionsonraithe agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise lena dtugtar údar leis an gcealú]

Déanfar an iarraidh ar chealú a shíniú agus cuirfear dáta léi.

Iarscríbhinní

Sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó údarás nó chomhlachtaí an Bhallstáit nó an tríú tír dá dtagraítear i bpointí 2, 3 agus 4.

I gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143.

[Roghnach: Liostaigh na doiciméid a seoladh chun tacú leis an iarraidh ar chealú.]


IARSCRÍBHINN XV

IARRAIDH AR SHAINEARRA TRADISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT A CHEALÚ

(Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143)

1.   An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú

2.   Ainm an Bhallstáit nó údarás an tríú tír a chuireann an iarraidh ar chealú faoi bhráid an Choimisiúin nó an léiriú go gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe agus ainm an ghníomhaire, ar thug na táirgeoirí sainordú dó an iarraidh a sheoladh, iarraidh ar chlárú a chealú faoi bhráid an Choimisiúin go díreach

[Tabhair ainm údaráis Ballstáit nó tríú tír a iarrann cealú don Choimisiún. I gcás ina gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go díreach, cuir in iúl ‘táirgeoirí’ agus ainm an táirge agus na focail ‘arna n-ionadú ag’ ina dhiaidh sin maille le hainm an ghníomhaire a sheolann an iarraidh.]

3.   Aicme táirge, dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26

4.   An cineál cealaithe agus cúiseanna gaolmhara

Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.

[Tabhair na cúiseanna atá leis an gcealú chun críche faisnéise]

Déanfar an iarraidh ar chealú a shíniú agus cuirfear dáta léi.

Iarscríbhinní

Sonraí teagmhála údarás an Bhallstáit nó an tríú tír nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar na táirgeoirí a dhéanann an iarraidh, dá dtagraítear i bpointí 3 agus 4.

I gcás iarraidh ar chealú arna cur isteach ag Ballstát, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1143.

Maidir le hiarraidh ar chealú arna cur isteach ag údarás tríú tír, an dearbhú gurb iad táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe a rinne an iarraidh ar chealú ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta agus réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine.

Maidir le hiarraidh ar chealú arna cur isteach ó thríú tír go díreach chuig an gCoimisiún ag táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe:

1.

Cumhacht aturnae an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar na táirgeoirí.

2.

Réasúnú lena léirítear gurb éard atá i gceist leis an iarraidh toil tháirgeoirí an táirge ina n-iomláine.

[Roghnach: Liostaigh na doiciméid a seoladh chun tacú leis an iarraidh ar chealú.]


IARSCRÍBHINN XVI

FIANÚ NÓ LIOSTÚ OIFIGIÚIL

oibreora a chomhlíonann sonraíocht táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) de bhun Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

Fianaítear leis an doiciméad seo go bhfuil an t-oibreoir deimhnithe chun táirge a ainmniú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143

1.

Sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht

[STR mar a cuireadh isteach sa chlár]

2.

Aicme an táirge (dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/26)

3.

Tagairtí an oibreora

[ainm gnó, sonraí teagmhála agus uimhir táirgeora]

4.

Údarás nó comhlacht rialaithe a eisíonn an fianú nó an liostú

[ainm/ainm gnó agus sonraí teagmhála]

5.

Uimhir an fhianaithe/liostaithe

6.

Gnó an tairgeora nó an phróiseálaí a bhfuil feidhm ag an bhfianú, nó an liostú, maidir leis

[‘táirgeadh’, ‘próiseáil’, ‘buidéalú/pacáistiú’, nó ‘eile (sonraigh)’ – sonraigh gach ceann atá ábhartha]

7.

Dáta eisiúna an fhianaithe nó an liostaithe nó an dáta a tarraingíodh suas an liostú

[ll.mm.bbbb]

8.

Síniú, séala nó marc an chomhlachta rialaithe nó an údaráis eisiúna


IARSCRÍBHINN XVII

SIOMBAILÍ AGUS TÁSCA DE CHUID AN AONTAIS MAIDIR LE hAINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT (ATFC), TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT (TGFC) agus SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT (STR) A ATÁIRGEADH

1.   Siombailí de chuid an Aontais: daite

Nuair a úsáidtear iad agus iad daite, féadfar dathanna díreacha (Pantone) nó próiseas ceithre dhath a úsáid. Léirítear na dathanna tagartha thíos.

Siombailí de chuid an Aontais in Pantone:

Image 1

Image 2

Image 3

Siombailí de chuid an Aontais i bpróiseas ceithre dhath:

Image 4

Image 5

Image 6

Codarsnacht le dathanna an chúlra:

Má úsáidtear siombail dhaite ar chúlra daite, rud a fhágann gur deacair í a fheiceáil, ba cheart ciorcal teormharcála ar an taobh amuigh a úsáid timpeall na siombaile chun feabhas a chur ar an gcodarsnacht leis an gcúlra:

Image 7

2.   Siombailí de chuid an Aontais: dubh agus bán

Ní cheadaítear na siombailí dubh agus bán a úsáid ach amháin nuair nach n-úsáidtear de dhathanna dúigh ar an bpacáiste ach iad.

Nuair a úsáidtear siombailí dubh agus bán de chuid an Aontais, déantar iad a atáirgeadh mar a leanas:

Image 8

Image 9

Siombailí dubh agus bán de chuid an Aontais i gclaonchló:

Má tá cúlra an phacáistithe nó an lipéadaithe dorcha, féadfar na siombailí a úsáid i bhformáid chlaonchló mar a leanas:

Image 10

3.   Clóghrafaíocht

Ní mór ceannlitreacha Times Roman a úsáid le haghaidh an téacs.

4.   Laghdú

Is é 15 mm ar trastomhas íosmhéid na siombailí de chuid an Aontais. Mar sin féin, féadfar sin a laghdú go 10 mm ar trastomhas i gcás pacáistí beaga nó táirgí beaga.

5.    ‘Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’ agus an giorrúchán de i dteangacha oifigiúla an Aontais

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais | Téarma | Giorrúchán |

BG | защитено наименование за произход | ЗНП |

ES | denominación de origen protegida | DOP |

CS | chráněné označení původu | CHOP |

DA | beskyttet oprindelsesbetegnelse | BOB |

DE | geschützte Ursprungsbezeichnung | g.U. |

ET | kaitstud päritolunimetus | KPN |

EL | προστατευόμενη ονομασία προέλευσης | ΠΟΠ |

EN | protected designation of origin | PDO |

FR | appellation d’origine protégée | AOP |

GA | ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint |ATFC|

HR | zaštićena oznaka izvornosti | ZOI |

IT | denominazione d’origine protetta | DOP |

LV | aizsargāts cilmes vietas nosaukums | ACVN |

LT | saugoma kilmės vietos nuoroda | SKVN |

HU | oltalom alatt álló eredetmegjelölés | OEM |

MT | denominazzjoni protetta ta’ oriġini | DPO |

NL | beschermde oorsprongsbenaming | BOB |

PL | chroniona nazwa pochodzenia | CHNP |

PT | denominação de origem protegida | DOP |

RO | denumire de origine protejată | DOP |

SK | chránené označenie pôvodu | CHOP |

SL | zaščitena označba porekla | ZOP |

FI | suojattu alkuperänimitys | SAN |

SV | skyddad ursprungsbeteckning | SUB |

6.    ‘Tásc Geografach faoi Chosaint’ agus an giorrúchán de i dteangacha oifigiúla an Aontais

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais | Téarma | Giorrúchán |

BG | защитено географско указание | ЗГУ |

ES | indicación geográfica protegida | IGP |

CS | chráněné zeměpisné označení | CHZO |

DA | beskyttet geografisk betegnelse | BGB |

DE | geschützte geografische Angabe | g.g.A. |

ET | kaitstud geograafiline tähis | KGT |

EL | προστατευόμενη γεωγραφική ένδειξη | ΠΓΕ |

EN | protected geographical indication | PGI |

FR | indication géographique protégée | IGP |

GA | tásc geografach faoi chosaint |TGFC|

HR | zaštićena oznaka zemljopisnog podrijetla | ZOZP |

IT | indicazione geografica protetta | IGP |

LV | aizsargāta ģeogrāfiskās izcelsmes norāde | AĢIN |

LT | saugoma geografinė nuoroda | SGN |

HU | oltalom alatt álló földrajzi jelzés | OFJ |

MT | indikazzjoni ġeografika protetta | IĠP |

NL | beschermde geografische aanduiding | BGA |

PL | chronione oznaczenie geograficzne | CHOG |

PT | indicação geográfica protegida | IGP |

RO | indicație geografică protejată | IGP |

SK | chránené zemepisné označenie | CHZO |

SL | zaščitena geografska označba | ZGO |

FI | suojattu maantieteellinen merkintä | SMM |

SV | skyddad geografisk beteckning | SGB |

7.    ‘Sainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht’ agus an giorrúchán de i dteangacha oifigiúla an Aontais

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais | Téarma | Giorrúchán |

BG | храна с традиционно специфичен характер | ХТСХ |

ES | especialidad tradicional garantizada | ETG |

CS | zaručená tradiční specialita | ZTS |

DA | garanteret traditionel specialitet | GTS |

DE | garantiert traditionelle Spezialität | g.t.S. |

ET | garanteeritud traditsiooniline toode | GTT |

EL | εγγυημένο παραδοσιακό ιδιότυπο προϊόν | Ε Π Ι Π |

EN | traditional speciality guaranteed | TSG |

FR | spécialité traditionnelle garantie | STG |

GA | sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht | STR |

HR | zajamčeno tradicionalni specijalitet | ZTS |

IT | specialità tradizionale garantita | STG |

LV | garantētu tradicionālo īpatnību produkts | GTĪP |

LT | garantuotas tradicinis gaminys | GTG |

HU | hagyományos különleges termék | HKT |

MT | speċjalità tradizzjonali garantita | STG |

NL | gegarandeerde traditionele specialiteit | GTS |

PL | gwarantowana tradycyjna specjalność | GTS |

PT | especialidade tradicional garantida | ETG |

RO | specialitate tradițională garantată | STG |

SK | zaručená tradičná špecialita | ZTŠ |

SL | zajamčena tradicionalna posebnost | ZTP |

FI | aito perinteinen tuote | APT |

SV | garanterad traditionell specialitet | GTS |


IARSCRÍBHINN XVIII

AICMIÚ TÁIRGÍ LE hAGHAIDH SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

1.   Táirgí talmhaíochta atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach),

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.),

Aicme 1.3. Cáiseanna,

Aicme 1.4. Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.),

Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.),

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte,

Aicme 1.7. Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe,

Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.).

2.   Earraí bia agus táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1143

Aicme 2.1. Béilí réamhullmhaithe,

Aicme 2.2. Beoir,

Aicme 2.3. Seacláid agus táirgí díorthaithe,

Aicme 2.4. Arán,

Aicme 2.5. Taosrán agus cácaí,

Aicme 2.6. Milseogra,

Aicme 2.7. Brioscaí agus táirgí eile báicéirí,

Aicme 2.8. Deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

Aicme 2.9. Pasta,

Aicme 2.10. Salann,

Aicme 2.11. Uiscí aeraithe,

Aicme 2.12. Corc.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/26/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top