Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025H03700

Moladh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2025 lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Bulgáire

ST/10152/2025/INIT

IO C, C/2025/3700, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3700/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3700/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3700

20.8.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2025

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Bulgáire

(C/2025/3700)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún, De bharr an mhéid seo a leanas:

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (2) leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme, agus le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle (3) leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát, is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn freisin agus dírítear ar an meántéarma, agus ina theannta sin forfheidhmítear na rialacha ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

(2)

Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ag imeacht ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfar aghaidh sa phlean ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis don Choimisiún an plean a chur isteach, déanfaidh sé measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Ar mholadh ón gCoimisiún, tá an Chomhairle chun moladh a ghlacadh ina dhiaidh sin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

NA BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA BULGÁIRE

(5)

An 27 Feabhra 2025, rinne an Bhulgáir a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis dhá shíneadh ar an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Bhulgáir, is é sin an gá atá le huainiú an tíolactha a ailíniú leis an timthriall polaitiúil, rud a thabharfadh an deis don Bhulgáir plean a chur i láthair bunaithe ar ghealltanas láidir polaitiúil.

An próiseas sula gcuirtear an plean isteach

(6)

Sular tíolacadh a plean, d’iarr an Bhulgáir faisnéis theicniúil (5), a chuir an Coimisiún ar fáil an 24 Eanáir 2025, agus a d’fhoilsigh sé an 27 Feabhra 2025 (6). San fhaisnéis theicniúil, léirítear leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, fiú in éagmais beart buiséadach breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig na Ballstáit sa dá chás seo a leanas: cás lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, agus cás gan an choimirce sin. Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Bulgáire, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh le linn na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, gur cheart -2,1 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) i gcás gan an beart coimirce athléimneachta easnaimh, de réir an tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, bheadh an comhardú príomha struchtúrach cothrom le -0,9 % de OTI ar a laghad ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas ar an mBulgáir é an choimirce athléimneachta easnaimh.

Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don Bhulgáir

Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin

2028

Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh

-2,1

Mar fhaisnéis amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

-0,9

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Bhulgáir agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Mheán Fómhair go mí Dheireadh Fómhair 2024 agus ó mhí Eanáir go mí Feabhra 2025 (7). Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an mBulgáir agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe fás féideartha agus boilsciú féideartha), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(8)

I mí Feabhra 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a sholáthair an Bhulgáir ina plean, chuaigh an Bhulgáir i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, údaráis réigiúnacha agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir an Bhulgáir ar fáil ina plean, rinneadh comhairliúchán i dtaobh an phlean le raon leathan páirtithe leasmhara, idir chomhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta, ón saol acadúil, ó eagraíochtaí gnó agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha.

(9)

Ghlac Comhairle Airí na Bulgáire an plean an 26 Feabhra 2025 agus cuireadh chuig Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bulgáire é.

Próisis ghaolmhara eile

(10)

An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Bulgáire i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (8).

(11)

An 25 Feabhra 2025, thíolaic an Bhulgáir iarraidh ar mheasúnú cóineasaithe faoi Airteagal 140(1) CFAE d’fhonn go bhféadfaí teacht isteach sa limistéar euro an 1 Eanáir 2026. Cuireadh critéar an airgeadais phoiblí san áireamh freisin sa mheasúnú a rinne an Coimisiún, a foilsíodh an 4 Meitheamh 2025.

(12)

An 2 Bealtaine 2025, d’iarr an Bhulgáir go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú chun freastal ar chaiteachas cosanta níos airde, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 agus tar éis Theachtaireacht (C(2025)2000 final) ón gCoimisiún an 19 Márta 2025.

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AR AN bPLEAN

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(14)

Tháinig fás 2,8 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Bhulgáir in 2024, arna spreagadh ag tomhaltas príobháideach. De réir Réamhaisnéis Fhómhar 2024 ón gCoimisiún Eorpach, tiocfaidh méadú 2,9 % ar fhíor-OTI in 2025, de réir mar a thiocfaidh méadú ar onnmhairí agus ar infheistíocht phoiblí. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 3 % ar fhíor-OTI, de réir mar a thagann dlús breise leis an infheistíocht, agus de réir mar a choinníonn comhpháirteanna éilimh eile rátaí cobhsaí fáis ar bun. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2025-2026), meastar go bhfanfaidh fás OTI féideartha sa Bhulgáir sách láidir, cé go mbeidh sé ag laghdú, arna spreagadh ag infheistíocht láidir ach fritháirithe go páirteach ag treochtaí déimeagrafacha díobhálacha. Ba é 4,2 % an ráta dífhostaíochta in 2024, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 4 % a bheidh ann in 2025 agus 3,8 % in 2026. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 6,5 % in 2024 agus go sroichfidh sé 2,3 % in 2025 agus 2,8 % in 2026.

(15)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2024 bhí easnamh rialtais ghinearálta na Bulgáire cothrom le 3 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 2,8 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, fanfaidh sé ag 2,8 % in 2026. Níor áiríodh i Réamhaisnéis Fhómhar 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Bulgáire le haghaidh 2025, a ghlac an Tionól Náisiúnta an 21 Márta 2025. Bhí an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2024 cothrom le 24,1 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais síos go 23,1 % de OTI ag deireadh 2025 agus go méadóidh sé suas go 24,5 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbíonn gníomhaíochtaí beartais coincréiteacha, a fhógraítear go hinchreidte agus a shonraítear go leormhaith, mar bhonn taca fúthu.

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(16)

Le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Bulgáir, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(17)

Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(18)

Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,9 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 5,1 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin 2025-2028. Tuairiscítear go n-eascraíonn comhardú príomha struchtúrach -1,8 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Is airde sin ná íosleibhéal an phríomhchomhardaithe struchtúraigh -2,1 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 24 Eanáir 2025 (9).

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Bulgáire

 

2025

2026

2027

2028

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2028

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

6,2

4,9

4,4

4,0

4,9

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2024, %)

6,2

11,4

16,3

21,0

neamhbhainteach

Fás OTI féideartha (%)

2,8

2,6

2,5

2,4

2,6

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

3,9

2,6

2,3

2,1

2,7

Foinse: Plean fioscach struchtúrach meántéarmach na Bulgáire agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas ginearálta an rialtais

(19)

Dá dtiocfadh ann don chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus do na toimhdí is bonn léi, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 24,2 % in 2024 go 30,8 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin, de réir an tábla seo a leanas. Sa mheántéarma, rud a chiallaíonn 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartaithe, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí le tuiscint leis sin go dtiocfadh méadú de réir a chéile ar fhiachas ginearálta an rialtais suas le 45,3 % in 2038.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Bulgáire

 

2024

2025

2026

2027

2028

2038

Fiachas rialtais (% de OTI)

24,2

25,8

27,4

29,1

30,8

45,3

Comhardú rialtais (% de OTI)

-3,0

-3,0

-2,9

-2,9

-2,9

-2,9

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Bulgáire.

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta go mór faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú an rialtais ghinearálta

(20)

Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, d’fhanfadh an t-easnamh rialtais ghinearálta ag 2,9 % de OTI mar ráta bliantúil i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an t-easnamh rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(21)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an mBulgáir an 24 Eanáir 2025. Go háirithe, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh sé athróg, is é sin an túsphointe don phríomhchomhardú struchtúrach in 2024, fás OTI féideartha, fás díbhoilsceora OTI, túsphointe an chóimheasa idir fiachas agus OTI in 2024, rátaí úis ainmniúla intuigthe agus coigeartuithe sreafa stoic. Tugtar measúnú ar na difríochtaí sin idir na toimhdí thíos. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú scaoileadh sonraí olltoraidh le haghaidh 2024 tar éis an plean a chur isteach, rud a athraíonn bonnbhliain an mholta go 2024.

Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach diall a bhreithnítear ina aonar.

Glactar leis sa phlean go mbeidh príomhchomhardú struchtúrach -2,5 % de OTI ann in 2024, atá 0,4 pointe céatadáin níos ísle ná an príomhchomhardú struchtúrach a thoimhdítear sa treoraíocht roimhe seo. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Leis an toimhde níos diúltaí maidir leis an bpríomhchomhardú struchtúrach, arb ionann é agus easnamh príomha fioscach ionchasach dar mhéid 3 % de OTI in 2024, léirítear na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le forghníomhú an bhuiséid. Deimhníodh an t-olltoradh sin don easnamh ainmniúil in 2024 ó shin. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Cuirtear san áireamh sa phlean gur tháinig méadú ar an ráta úis intuigthe ainmniúil in 2024 agus glactar leis go bhfanfaidh sé os cionn na leibhéal sa treoraíocht roimhe sin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Ríomhtar na rátaí úis bunaithe ar na híocaíochtaí úis iarbhír agus ar leibhéil fiachais rialtais agus breithnítear leo na rátaí úis ar an bhfiachas nua a eisíodh in 2024 agus in Eanáir 2025. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás OTI féideartha faoi bhun na réamhthreorach in 2024 ach os cionn thoimhdí an Choimisiúin in 2025-2033, rud a fhágfaidh go mbeidh meánfhás 2 % ar OTI féideartha in 2025-2038, i gcomparáid le 1,9 % sa treoraíocht roimhe sin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais pas beag níos airde (thart ar 0,1) i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Luann an Bhulgáir ina plean gurb é meascán de rátaí rannpháirtíochta níos airde sa mhargadh saothair agus fás infheistíochta, go háirithe san earnáil phoiblí, is cúis leis an difríocht sin den chuid is mó. Tá na réamhfhigiúirí fostaíochta le haghaidh 2024 níos airde ná mar a réamh-mheastar i réamhaisnéis fhómhar 2024 ón gCoimisiún, rud a thugann le fios go bhfuil údar maith leis an diall san ionchur saothair le haghaidh fás féideartha. Tá toimhde na hinfheistíochta poiblí sa phlean dírithe go bunúsach ar bheartais agus is cosúil go bhfuil sé i gcomhréir le treoshuíomhanna beartais mar a dheimhnítear freisin i mBuiséad 2025 a glacadh. Ar an iomlán, meastar go bhfuil údar leis an diall bunaithe ar an dá fhachtóir sin.

Glactar leis sa phlean go bhfanfaidh fás díbhoilsceora OTI 6,4 % in 2024, 1,6 pointe céatadáin os cionn na réamhthreorach, os cionn thoimhdí an Choimisiúin in 2025 agus go dtitfidh sé faoi bhun an luacha sa treoraíocht roimhe sin le haghaidh 2026. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais pas beag níos airde (thart ar 0,1) i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Tá údar leis an díbhoilsceoir OTI níos airde in 2024 mar gheall ar na figiúirí is déanaí sna cuntais náisiúnta lena léirítear méadú níos láidre ar dhíbhoilsceoir OTI in 2024, i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. In 2025, is féidir an diall ón treoraíocht roimhe sin a mhíniú leis an éifeacht a tugadh anonn ón díbhoilsceoir OTI níos airde sa dara leath de 2024. Maidir le 2025, níor cuireadh san áireamh i dtoimhdí an Choimisiúin ná i bplean na Bulgáire athbhunú iomlán na rátaí CBL le haghaidh seirbhísí aráin, plúir agus bialainne, méaduithe ar phraghsanna leictreachais do theaghlaigh agus méaduithe eile ar phraghsanna i mí Eanáir 2025. Dá léireofaí na forbairtí sin, bheadh meánfhás glanchaiteachais níos airde ann thar an tréimhse choigeartaithe. Maidir le 2026, tá an díbhoilsceoir OTI níos ísle sa phlean, i gcomparáid leis an treoraíocht roimhe sin, inchurtha i leith toimhde de mhéaduithe pá níos measartha. Léiríonn na méaduithe pá níos ísle le haghaidh 2026 sa phlean na rátaí rannpháirtíochta níos airde a thoimhdítear a bhfuil údar leo mar gheall ar na rátaí rannpháirtíochta níos airde a taifeadadh le haghaidh 2024, i gcomparáid leis an treoraíocht roimhe sin. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis na toimhdí maidir le díbhoilsceoirí OTI níos airde in 2024 agus 2025 agus díbhoilsceoir OTI níos ísle in 2026.

Ní imríonn na difríochtaí eile i dtoimhdí maidir le fiachas agus coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic ná eisiúintí a rinneadh le déanaí maidir le táscairí macraifhioscacha tionchar mór ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.

Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá níos ísle ná an meánfhás glanchaiteachais a thugtar le fios san fhaisnéis theicniúil.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe amach anseo ar chomhlíontacht leis an gconair ghlanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(22)

De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích go príomha trí bhíthin méaduithe lánroghnacha ar ioncam. Ó thaobh an ioncaim de, tá bearta chun comhlíonadh a fheabhsú agus calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac, i measc na bpríomheilimintí a thacaíonn leis na spriocanna fioscacha. Meastar go dtiocfaidh méaduithe ar ranníocaíochtaí sóisialta as bearta breise ioncaim, lena n-áirítear méaduithe ar thairseach an ioncaim uasta inárachaithe agus méaduithe atá beartaithe ar fhad na seirbhíse le haghaidh scoir. Ar deireadh, tagraítear sa phlean do mhéaduithe atá beartaithe ar dhleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac. Níl aon bhearta suntasacha comhdhlúthaithe ann ar thaobh an chaiteachais, agus tá méaduithe breise beartaithe i gcomhréir leis na treochtaí is déanaí.

(23)

Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Sonraíodh roinnt beart i mbuiséad 2025, a ghlac an Tionól Náisiúnta an 21 Márta 2025, ach meastar go ndeimhneofar bearta eile sna buiséid atá le teacht. Áirítear ar na bearta atá beartaithe do 2025, ar thaobh an ioncaim, méadú ar an uasioncam árachais, méadú ar an ráta dleachta máil ar thobac agus ar tháirgí tobac, chomh maith le deireadh a chur le rátaí laghdaithe CBL le haghaidh catagóirí éagsúla earraí agus seirbhísí. Ó thaobh an chaiteachais de, tá méaduithe beartaithe le haghaidh tuarastail i réimsí na cosanta, na slándála agus an oideachais, agus le haghaidh na foirne in eagraíochtaí buiséadacha chomh maith. Tá méaduithe ar chaiteachas ar phinsin beartaithe freisin, méaduithe atá nasctha, i measc ábhair eile, leis an méadú ar líon na bpinsean arna ndámhachtain le déanaí agus ar fhorlíonta pinsean. Ag an am céanna, tá rioscaí ann do chur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, mar gheall ar easpa sonraí i gcoitinne maidir le dearadh na straitéise táscaí, intuarthacht íseal na n-ioncam a thagann ó bhearta chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, agus mar gheall ar spleáchas ar fhoinsí maoiniúcháin ad hoc, cuir i gcás díbhinní ó fhiontair faoi úinéireacht stáit.

Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(24)

Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a fhreagairt, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear níos mó ná 120 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, as a bhfaigheann níos mó ná 60 díobh sin tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faigheann níos mó ná 40 díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe (10). Tá athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean bunaithe freisin ar dhoiciméad straitéise rialtais atá ann cheana ‘Clár Forbartha Náisiúnta na Bulgáire 2030’.

Maidir leis an tosaíocht choiteann i dtaca le haistriú cóir glas digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), áirítear sa phlean roinnt beart a ghrúpáiltear faoi cheannteidil bheartais, leithéidí borradh a chur faoi nascacht iompair, fuinneamh, digitiú a chur chun cinn, scileanna oideachais agus fostaíocht a neartú, soláthar uisce agus cóireáil fuíolluisce, an comhshaol aeráide agus an talmhaíocht. Tá sé beartaithe leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean aghaidh a thabhairt, i measc ábhair eile, ar mholtaí tírshonracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a eisíodh in 2022 agus 2023, maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta a eisíodh in 2023 agus 2024, maidir le fuinneamh in-athnuaite, bonneagar agus líonraí a eisíodh in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024, maidir le taighde agus nuálaíocht agus forbairt réigiúnach agus seirbhísí poiblí áitiúla a eisíodh in 2019, maidir le hiompar agus forbairt réigiúnach a eisíodh in 2019, 2020, 2023 agus 2024, maidir le scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach a eisíodh in 2019, 2020, 2023, 2024.

(25)

Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí a chuimsíonn réimsí beartais éagsúla lena n-áirítear airgeadas poiblí, geilleagar agus timpeallacht ghnó inbhuanaithe, an ceartas, rialachas agus sláine airgeadais a neartú, borradh a chur faoi nascacht iompair, fuinneamh, sláinte agus cuimsiú sóisialta, scileanna oideachais agus fostaíocht a chur chun cinn. Tá sé beartaithe leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean aghaidh a thabhairt, i measc ábhair eile, ar mholtaí tírshonracha maidir le cúram sláinte a eisíodh in 2019 agus 2020, maidir le beartais mhargadh an tsaothair a eisíodh in 2019 agus 2020, maidir le hoideachas, neamh-idirdhealú agus comhionannas deiseanna a eisíodh in 2020 agus 2024, maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar mhaoiniú fáis a eisíodh in 2020, maidir le creat buiséadach agus rialachas fioscach a eisíodh in 2020, 2022 agus 2023, maidir leis an mbochtaineacht agus an cuimsiú sóisialta a eisíodh in 2019, 2020, 2023 agus 2024, maidir leis an timpeallacht ghnó a eisíodh in 2019 agus 2020, maidir le fuinneamh in-athnuaite, bonneagar agus líonraí a eisíodh in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024, maidir le hiompar agus forbairt réigiúnach a eisíodh in 2019, 2020, 2023 agus 2024, maidir le riarachán cánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a eisíodh in 2019.

(26)

Maidir leis an tosaíocht choiteann i dtaca le slándáil fuinnimh, cuimsítear leis an bplean athchóirithe agus infheistíochtaí chun neamhspleáchas fuinnimh a áirithiú agus earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú. Áirítear sa phlean athchóirithe chun glacadh phrionsabail an mhargaidh in earnáil an fhuinnimh a chur chun cinn, cuir i gcás trí mhargadh an leictreachais a léirscaoileadh, athchóirithe agus infheistíochtaí chun soláthar a idirdhealú agus naisc le tíortha comharsanachta a fheabhsú, agus táirgeadh agus stóráil fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Tá sé beartaithe leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean aghaidh a thabhairt, i measc ábhair eile, ar mholtaí tírshonracha maidir le fuinneamh in-athnuaite, bonneagar agus líonraí a eisíodh in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024, maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a eisíodh in 2022 agus 2023, maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta a eisíodh in 2023 agus 2024.

(27)

Maidir le comhthosaíocht na gcumas cosanta, áirítear sa phlean infheistíochtaí i nuachóiriú agus i bhfáil cumas míleata nua i gcomhréir leis an gClár Infheistíochta um Chosaint, plean arna ghlacadh ag an Tionól Náisiúnta agus lena gcumhdaítear tréimhse ama go dtí 2032.

(28)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire. Déantar tagairtí iomchuí sa phlean do na bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus cuirtear chun cinn roinnt bearta breise a chistítear go náisiúnta.

(29)

Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Bulgáire a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir le tosaíocht choiteann an Aontais i dtaca le haistriú glas cóir, lena n-áirítear comhleanúnachas le reachtaíocht Eorpach i dtaobh na haeráide, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta atá nasctha leis na cúig réimse tosaíochta a shainaithnítear sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide le haghaidh 2021-2030 a ullmhaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), mar atá: (1) dícharbónú, (2) éifeachtúlacht fuinnimh, (3) slándáil fuinnimh, (4) an margadh inmheánach fuinnimh agus (5) taighde, nuálaíocht agus iomaíochas. Ina theannta sin, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta atá nasctha le hoiriúnú don athrú aeráide. Maidir le riachtanais infheistíochta le haghaidh athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta i réimsí an oideachais, na scileanna, na fostaíochta, na rochtana ar chúram sláinte, na seirbhísí sóisialta agus an chúraim fhadtéarmaigh, an chomhionannais inscne agus chur chun feidhme na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí. Maidir le tosaíocht choiteann an Aontais i dtaca le slándáil fuinnimh, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta chun foinsí agus bealaí le haghaidh soláthar gáis nádúrtha a éagsúlú, lena n-áirítear éagsúlú trí bhonneagar a fhorbairt; baineann riachtanais bhreise le gléasraí hidreachumhachta agus gléasraí cumhachta snámhacha, le húsáid bithmhaise le haghaidh táirgeadh leictreachais, agus le toilleadh stórála leictreachais. Maidir le tosaíocht choiteann an Aontais i dtaca le cumais chosanta a fhorbairt de réir mar is gá, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta i dtaobh fhórsaí armtha na tíre a nuachóiriú.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(30)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Bulgáire ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(31)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Bulgáire agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(32)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna a chuirfear faoina bráid amach anseo a thíolacadh i ndoiciméad nach ionann é agus an doiciméad ina leagtar síos na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(33)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir a thug an Coimisiún roimh ré, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean i ndáil le heasnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Is díol sásaimh don Chomhairle gur cuireadh an plean faoi bhráid na Parlaiminte. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(34)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Bhulgáir réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(35)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(36)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(37)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón mBulgáir ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Bhulgáir ó 2025 ar aghaidh.

AG MOLADH LEIS SEO don BHULGÁIR

1.

A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 é, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Cuimsítear leis an treoraíocht a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faisnéis theicniúil (i) le síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach), agus (ii) leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh agus gan í. Áirítear ann freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an fhaisnéis theicniúil ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sí bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga).

(6)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/national-medium-term-fiscal-structural-plans_ga.

(7)  Cuireadh deireadh leis an idirphlé chun uainiú thíolacadh an phlean a ailíniú leis an timthriall polaitiúil agus chun deis a thabhairt don Bhulgáir plean a chur i láthair bunaithe ar thiomantas láidir polaitiúil.

(8)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Bulgáire (IO C/2024/6809, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6809/oj).

(9)  Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.

(10)  Léiríonn na tagairtí i bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach na Bulgáire an plean téarnaimh agus athléimneachta atá bailí faoi láthair. Tá sé beartaithe ag rialtas na Bulgáire iarraidh a chur isteach ar athbhreithniú a dhéanamh ar a phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241 chomh maith le hiarraidh ar chaibidil REPowerEU a chur isteach.

(11)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(12)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais (rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Bhulgáir

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

6,2

4,9

4,4

4,0

Carnach (*1)

6,2

11,4

16,3

21,0


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2024. Baintear úsáid as na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3700/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top