This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2625
Council Decision (EU) 2025/2625 of 12 November 2025 on the signing, on behalf of the Union, and provisional application of the Protocol on the implementation of the Sustainable Fisheries Partnership Agreement between the European Union and the Government of the Cook Islands (2025-2032)
Cinneadh (AE) 2025/2625 ón gComhairle an 12 Samhain 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2025-2032)
Cinneadh (AE) 2025/2625 ón gComhairle an 12 Samhain 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2025-2032)
ST/13160/2025/INIT
IO L, 2025/2625, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2625/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2625/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2625 |
23.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2625 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Samhain 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2025-2032)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2017/418 (1) maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2) (‘an Comhaontú’). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 10 Bealtaine 2017. |
|
(2) |
Chuaigh an prótacal roimhe seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe in éag an 16 Nollaig 2024. |
|
(3) |
An 23 Meán Fómhair 2024, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Rialtas Oileáin Cook le haghaidh prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil, an 20 Meitheamh 2025, trí inisealacha a chur leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2025-2032) (‘an Prótacal’). |
|
(4) |
Is é is aidhm don Phrótacal cead a thabhairt do shoithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, é a chur ar a gcumas don Aontas agus do Rialtas Oileáin Cook oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú freagrach acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Oileáin Cook agus san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a chur chun cinn tuilleadh, agus chun rannchuidiú le dálaí oibre cuibhiúla a chruthú i dtionscal na hiascaireachta. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Prótacal a shíniú. |
|
(6) |
I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Oileáin Cook agus an ghá atá ann an t-am ar lena linn a chuirtear isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a íoslaghdú, ba cheart feidhm shealadach a bheith ag an bPrótacal amhail ó dháta a shínithe. |
|
(7) |
Ós rud é go gcumhdaíonn an Prótacalníos mó ná 1 bhliain airgeadais amháin, féadfar na gealltanais bhuiséadacha ghaolmhara a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar ré an Phrótacail, i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(8) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 11 Samhain 2025 (5), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo, an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (2025-2032)(‘an Prótacal’) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin.
Airteagal 2
Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 13 de, ó dháta a shínithe, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) Cinneadh (AE) 2017/418 ón gComhairle an 28 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (IO L 64, 10.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/418/oj).
(2) IO L 131, 20.5.2016, p. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/776/oj.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(5) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2625/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)