This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2528
Council Decision (EU) 2025/2528 of 8 December 2025 appointing two members of the Court of Auditors
Cinneadh (AE) 2025/2528 ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 lena gceaptar beirt chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí
Cinneadh (AE) 2025/2528 ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 lena gceaptar beirt chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí
ST/15523/2025/INIT
IO L, 2025/2528, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2528/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2528 |
12.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2528 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Nollaig 2025
lena gceaptar beirt chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,
Ag féachaint do na tograí ón Phoblacht Heilléanach agus ó Phoblacht na Fraince,
Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rachaidh téarma oifige Nikolaos MILIONIS in éag an 31 Nollaig 2025. Mhol an Phoblacht Heilléanach go n-athcheapfaí Nikolaos MILIONIS ina chomhalta den Chúirt Iniúchóirí. |
|
(2) |
Rachaidh téarma oifige François-Roger CAZALA in éag an 31 Nollaig 2025. Mhol Poblacht na Fraince go gceapfaí Pierre MOSCOVICI ina chomhalta den Chúirt Iniúchóirí. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, beirt chomhaltaí a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí don tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2031:
|
— |
Nikolaos MILIONIS, |
|
— |
Pierre MOSCOVICI. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
R. STOKLUND
(1) Tuairimí an 13 Samhain 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2528/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)