This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2523
Decision (EU) 2025/2523 of the European Central Bank of 4 December 2025 amending Decision ECB/2010/29 on the issue of euro banknotes (ECB/2025/39)
Cinneadh (AE) 2025/2523 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint (BCE/2025/39)
Cinneadh (AE) 2025/2523 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint (BCE/2025/39)
ECB/2025/39
IO L, 2025/2523, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2523/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32010D0029(01) | Athchur | iarscríbhinn I | 01/01/2026 | |
| Modifies | 32010D0029(01) | Athchur | airteagal 1 pointe (d) abairt | 01/01/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2523 |
12.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2523 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 4 Nollaig 2025
lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint (BCE/2025/39)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 128(1) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2025/1407 ón gComhairle (1), i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhlíonann an Bhulgáir na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh agus aisghairfear an maolú i bhfabhar na Bulgáire dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2005 (2) le héifeacht ón 1 Eanáir 2026. |
|
(2) |
In Airteagal 1, pointe (d), de Chinneadh BCE/2010/29 ón mBanc Ceannais Eorpach (3) sainmhínítear an ‘eochair leithdháilte nótaí bainc’ agus tagraíonn sé d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin, ina sonraítear an eochair leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. Ós rud é go nglacfaidh an Bhulgáir an euro an 1 Eanáir 2026, beidh feidhm ag na hualuithe maidir le scála caipitil nua ón dáta sin, is gá Cinneadh BCE/2010/29 a leasú chun an eochair leithdháilte nótaí bainc a chinneadh a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh d’Airteagal 1, pointe (d): ‘In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo sonraítear an scála leithdháilte nótaí bainc a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.’; |
|
(2) |
cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbinn I. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 4 Nollaig 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh (AE) 2025/1407 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 maidir le glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026 (IO L, 2025/1407, 14.7.2025, ELI:http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1407/oj).
(2) Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus oiriúnuithe na gconarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (IO L 157, 21.6.2005, lch. 203).
(3) Cinneadh BCE/2010/29 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Nollaig 2010 ar eisiúint nótaí bainc in euro (IO L 35, 9.2.2011, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/67(1)/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh BCE/2010/29.
‘IARSCRÍBHINN I
SCÁLA LEITHDHÁILTE NÓTAÍ BAINC ÓN 1 EANÁIR 2026
|
European Central Bank |
8,0000 % |
|
Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique |
3,3360 % |
|
Българска народна банка (Banc Ceannais na Bulgáire) |
1,0875 % |
|
Deutsche Bundesbank |
24,2095 % |
|
Eesti Pank |
0,2710 % |
|
Banc Ceannais na hÉireann/Central Bank of Ireland |
1,9805 % |
|
Banc na Gréige |
2,0540 % |
|
Banco de España |
10,7505 % |
|
Banque de France |
18,1865 % |
|
Hrvatska narodna banka |
0,7035 % |
|
Banca d’Italia |
14,5640 % |
|
Central Bank of Cyprus |
0,2005 % |
|
Latvijas Banka |
0,3525 % |
|
Lietuvos bankas |
0,5365 % |
|
Banque centrale du Luxembourg |
0,3310 % |
|
Central Bank of Malta |
0,1170 % |
|
De Nederlandsche Bank |
5,3710 % |
|
Oesterreichische Nationalbank |
2,6880 % |
|
Banco de Portugal |
2,1140 % |
|
Banka Slovenije |
0,4495 % |
|
Národná banka Slovenska |
1,0455 % |
|
Suomen Pankki |
1,6515 % |
|
IOMLÁN |
100,0000 % |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2523/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)