This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2466
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2025/2466 of 2 December 2025 extending the mandate of the Head of Mission of the European Union CSDP Mission in Mali (EUCAP Sahel Mali) (EUCAP Sahel Mali/2/2025)
Cinneadh (CBES) 2025/2466 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 2 Nollaig 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (EUCAP Sahel Mali/2/2025)
Cinneadh (CBES) 2025/2466 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 2 Nollaig 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (EUCAP Sahel Mali/2/2025)
ST/15557/2025/INIT
IO L, 2025/2466, 5.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2466/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2466 |
5.12.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2466 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 2 Nollaig 2025
lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (EUCAP Sahel Mali/2/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/219/CBES ón gComhairle an 15 Aibreán 2014 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 7(1) de Chinneadh 2014/219/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’). |
|
(2) |
An 28 Eanáir 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/200 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú Peter KOLDING mar Cheann Misin ar EUCAP Sahel Mali ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 31 Eanáir 2026. |
|
(3) |
An 29 Deireadh Fómhair 2025, mhol an tArdionadaí go gcuirfí síneadh le sainordú Peter KOLDING mar Cheann Misin ar EUCAP Sahel Mali ón 1 Feabhra 2026 go dtí an 10 Aibreán 2026, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear síneadh le sainordú Peter KOLDING mar Cheann Misin ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) ón 1 Feabhra 2026 go dtí an 10 Aibreán 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L 113, 16.4.2014, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/219/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2025/200 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Eanáir 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú an Chinn Misin ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (EUCAP Sahel Mali/1/2025) (IO L, 2025/200, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/200/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2466/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)