This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2464
Council Decision (EU) 2025/2464 of 1 December 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Regional Steering Committee of the Transport Community as regards the adoption of the budget of the Transport Community for 2026
Cinneadh (AE) 2025/2464 ón gComhairle an 1 Nollaig 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 a ghlacadh
Cinneadh (AE) 2025/2464 ón gComhairle an 1 Nollaig 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 a ghlacadh
ST/15228/2025/ADD/1
IO L, 2025/2464, 8.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2464/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2464 |
8.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2464 ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Nollaig 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘an Conradh’) (1) a fhormheas thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 35 den Chonradh, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’) le buiséad an Chomhphobail Iompair a ghlacadh gach bliain. Ina theannta sin, le hAirteagal 35 den Chonradh tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid. |
|
(3) |
Tá an Coiste Stiúrtha le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 ag an seisiún deireanach a bheidh aige in 2025. |
|
(4) |
Buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 atá beartaithe, tá gá leis chun go bhfeidhmeoidh Buan-Rúnaíocht agus comhlachtaí an Chomhphobail Iompair mar is cuí. Cumhdaítear leis na costais a bhaineann le hacmhainní daonna, taisteal, trealamh TF agus bogearraí, chomh maith le caiteachas oibríochtúil, mar shampla staidéir, fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus eagrú comhdhálacha agus cruinnithe. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 a ghlacadh a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh sin ina cheangal ar an Aontas de bhua Airteagal 25(1) den Chonradh. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Stiúrtha a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’) a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026 a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 278, 27.10.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1937/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/392/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. … /2025 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal Aonair
Glactar leis seo buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2026, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Arna dhéanamh i/in/sa/san …, an … 2025.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
(1) IO L 278, 27.10.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1937/oj.
IARSCRÍBHINN
Buiséad an chomhphobail iompair le haghaidh 2026
|
Líne bhuiséid |
Méid (EUR) |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
1 753 257 |
||||||||||||
|
117 020 |
||||||||||||
|
35 220 |
||||||||||||
|
739 741 |
||||||||||||
|
280 000 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
40 000 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
16 500 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
185 000 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
9 500 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
7 386 |
||||||||||||
|
An Comhiomlán |
3 183 624 |
||||||||||||
|
Ranníocaíocht ón Aontas Eorpach (80 % den chomhiomlán) |
2 546 899 |
||||||||||||
|
Ranníocaíocht ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % den chomhiomlán: tugtar an dáileadh de réir tíre in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gConradh) |
636 725 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2464/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)