Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2286

Cinneadh (AE) 2025/2286 ón gComhairle an 4 Samhain 2025 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fionlainne, de Choiste na Réigiún

ST/14050/2025/INIT

IO L, 2025/2286, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2286/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2286/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2286

10.11.2025

CINNEADH (AE) 2025/2286 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Samhain 2025

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fionlainne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EOPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Fionlainne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Ilpo HELTIMOINEN a cheapadh.

(4)

Mhol rialtas na Fionlainne Kai-Ari LUNDELL, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Vantaan kaupunginvaltuuston jäsen (Comhalta de Chomhairle Cathrach Vantaa), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Kai-Ari LUNDELL, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Vantaan kaupunginvaltuuston jäsen (Comhalta de Chomhairle Cathrach Vantaa), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. AAGAARD


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13 (ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj).

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2286/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top