This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2207
Council Decision (CFSP) 2025/2207 of 27 October 2025 amending Decision (CFSP) 2016/1693 concerning restrictive measures against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and persons, groups, undertakings and entities associated with them
Cinneadh (CBES) 2025/2207 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
Cinneadh (CBES) 2025/2207 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
ST/10312/2025/INIT
IO L, 2025/2207, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2207/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32016D1693 | Athchur | airteagal 6 mír 6 Téacs | 29/10/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2207 |
28.10.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2207 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
Tá na bearta sriantacha a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 le feidhm a bheith acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(3) |
Tá ceanglas i gCinneadh (CBES) 2016/1693 athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sriantacha a leagtar amach ann go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6(6) de Chinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear an dáta ‘an 31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad ‘an 31 Deireadh Fómhair 2025’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1693/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2207/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)