Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2049

Cinneadh (AE) 2025/2049 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

ST/12880/2025/INIT

IO L, 2025/2049, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2049/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2049/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2049

8.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2049 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2025

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Matthias WUNDERLING-WEILBIER a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Melanie WALTER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Niedersächsische Staatskanzlei, Ministerin für Europa und Regionale Entwicklung, Niedersächsischer Landtag (Seansailéireacht Stáit na Sacsaine Íochtaraí, an tAire um an Eoraip agus um Fhorbairt Réigiúnach, Parlaimint Stáit na Sacsaine Íochtaraí), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Melanie WALTER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Niedersächsische Staatskanzlei, Ministerin für Europa und Regionale Entwicklung, Niedersächsischer Landtag (Seansailéireacht Stáit na Sacsaine Íochtaraí, an tAire um an Eoraip agus um Fhorbairt Réigiúnach, Parlaimint Stáit na Sacsaine Íochtaraí), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BØDSKOV


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2049/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top