Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2022

Cinneadh (AE) 2025/2022 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile

ST/13142/2025/REV/1

IO L, 2025/2022, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2022/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2022/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2022

3.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2022 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Deireadh Fómhair 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Meán Fómhair 2025, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún caibidlíocht a oscailt le Ríocht Mharacó i gcomhair Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile.

(2)

Tháinig an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Comhlachais’) i bhfeidhm an 1 Márta 2000.

(3)

Ina breithiúnas i gCás C-104/16 P (2) an 21 Nollaig 2016, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt’) go gcumhdaítear leis an gComhaontú Comhlachais críoch Ríocht Mharacó amháin, agus nach gcumhdaítear leis an Sahára Thiar, críoch neamh-fhéinrialaitheach atá éagsúil ó Ríocht Mharacó.

(4)

Chun bunús dlí a bhunú chun na fabhair tharaife dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a dheonú d’earraí de thionscnamh an tSahára Thiar, thug an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha maidir le leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais (3) (‘an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha’) i gcrích, comhaontú a síníodh an 25 Deireadh Fómhair 2018. Formheasadh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha trí bhíthin Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle (4).

(5)

Mar thoradh ar an mbreithiúnas ón gCúirt an 4 Deireadh Fómhair 2024 i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P (5), ní bheidh éifeacht ag Cinneadh (AE) 2019/217 ón 4 Deireadh Fómhair 2025 i leith.

(6)

Tá sé tábhachtach a áirithiú nach gcuirfear isteach ar shreafaí trádála a tháinig chun cinn thar na blianta agus go mbeidh feidhm ag fabhair tharaife faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hearraí de thionscnamh an tSahára Thiar, agus lánurraim á tabhairt do na coinníollacha a leagtar amach sa bhreithiúnas ón gCúirt i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P.

(7)

I ndoiciméid inmheánacha leantacha oibre ón gCoimisiún, bhí an Coimisiún den tuairim go bhfuil éifeacht dhíreach chomhchruinnithe ag leathnú na bhfabhar taraife chuig táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar ar roinnt táirgí talmhaíochta agus iascaigh i gcríoch an tSahára Thiar. Le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha sábháladh EUR 44,4 milliún i ndleachtanna custaim in 2022, ar EUR 590 milliún de tháirgí a onnmhairíodh.

(8)

Ina breithiúnas i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P, chinn an Chúirt nach mór toiliú mhuintir an tSahára Thiar a bheith ag aon chomhaontú le Ríocht Maracó maidir leis an Sahára Thiar. Ina theannta sin, chinn an Chúirt gur féidir glacadh leis go bhfuil an toiliú sin ann ar choinníoll nach gcruthaítear leis an gcomhaontú atá i gceist oibleagáid a fhorchuirtear ar mhuintir an tSahára Thiar agus go bhfaigheann na daoine sin tairbhe shonrach, nithiúil, shubstaintiúil agus infhíoraithe as saothrú acmhainní nádúrtha na críche sin, tairbhe atá comhréireach le méid an tsaothraithe sin. Ní mór ráthaíochtaí a bheith ag gabháil leis an tairbhe go ndéanfar an saothrú faoi choinníollacha atá comhsheasmhach le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

(9)

Thairis sin, ina breithiúnas i gCás C-399/22 (6) an 4 Deireadh Fómhair 2024, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais nach mór críoch an tSahára Thiar a mheas mar chríoch chustaim ar leithligh, de réir bhrí Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus, dá bhrí sin, de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (9) a mhéid a bhaineann le léiriú na tíre tionscnaimh ar lipéadú na dtáirgí sin a bhaintear sa chríoch sin, táirgí nach féidir leo ach an Sahára Thiar a ainmniú mar an tír tionscnaimh sin.

(10)

Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis na coinníollacha a leag an Chúirt síos ina breithiúnas i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P, maidir le Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (‘an Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha’), comhaontú a chuirfear in ionad an Chomhaontaithe i bhfoirm Mhalartú Litreacha.

(11)

Leis an gComhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha, leathnaítear na fabhair tharaife dhéthaobhacha arna ndeonú leis an gComhaontú Comhlachais, chuig táirgí de thionscnamh chríoch an tSahára Thiar atá faoi réir rialú ag údaráis chustaim Mharacó.

(12)

I gcomhthéacs an Chomhaontaithe nua i bhfoirm Malartú Litreacha, iarrfar ar an gComhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais cinneadh a ghlacadh lena leasófar Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin chun na forálacha is gá a leagan síos chun infheidhmeacht an Phrótacail sin maidir le táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar agus leanúint ar aghaidh na trádála, go háirithe i gcás earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil an iascaigh, a áirithiú.

(13)

Ina theannta sin, chun idirdhealú soiléir a áirithiú maidir le lipéadú idir, ar thaobh amháin, táirgí earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú ag údaráis chustaim Mharacó agus, ar an taobh eile, táirgí ón earnáil chéanna de thionscnamh Mharacó, agus chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí an Aontais ar an eolas go cuí, bunaítear leis an gComhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha, nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad, go sainaithnítear torthaí agus glasraí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú ag údaráis chustaim Mharacó trí thagairt do réigiún tionscnaimh an táirge, mar a léirítear sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas. Ina theannta sin, foráiltear leis an gComhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha go bhféadfaidh an tAontas na húdaruithe is gá a dheonú d’údaráis Mharacó atá freagrach, i leith torthaí agus glasraí úra de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó, chun deimhnithe comhréireachta le caighdeáin mhargaíochta an Aontais a eisiúint, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

(14)

De réir théarmaí an Dhearbhaithe ón Aontas, atá le déanamh nuair a shíneofar an Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha, cuirfidh an tAontas cistiú ar fáil ar dtús don réigiún lena ndíreofar ar na príomhearnálacha, amhail an t-uisce, lena n-áirítear an t-uisciú, an fuinneamh, an gaineamhlú a chomhrac, agus díshalannú uisce i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. Cuirfidh na Páirtithe an sásra um measúnú comhpháirteach dá bhforáiltear sa Chomhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha chun feidhme. Ag an am céanna, déanfaidh an tAontas méadú ar a chabhair dhaonnúil do champaí Tindouf. Cuirfear an cúnamh sin ar fáil trí shásraí ábhartha an Aontais agus na Náisiún Aontaithe, agus rialófar é leis an modus operandi daonnúil céanna. Tacóidh an Coimisiún le cláir iomchuí in earnálacha amhail an t-oideachas, an cultúr agus scileanna.

(15)

Bunófar sásra faireacháin rialta i gcomhréir le mír 153 den bhreithiúnas ón gCúirt i gcásanna uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P, lena n-áirítear an sásra measúnaithe chomhpháirtigh.

(16)

Tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe teacht ar réiteach polaitiúil atá cóir, marthanach agus inghlactha go frithpháirteach lena ndéanfar féinchinntiúchán mhuintir an tSahára Thiar a chumasú i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí Chairt na Náisiún Aontaithe,

(17)

Ba cheart an Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, agus ba cheart an dearbhú ón Aontas a dhéanamh nuair a shíneofar an Comhaontú.

(18)

Ba cheart an Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí a theacht i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a údarú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (10).

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Dearbhú ón Aontas Eorpach maidir leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir leis an gComhaontú agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 70, 18.3.2000, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2000/204/oj.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Comhairle an Aontais Eorpaigh v Front Polisario, C-104/16 P, ECLI:EU:C:2016:973.

(3)  Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34, 6.2.2019, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2019/217/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34, 6.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/217/oj).

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024 , an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh v Front populaire pour la libération de la Saguia el-Hamra et du Rio de oro (Front Polisario), Cásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21, ECLI:EU:C:2024:835.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, Confédération paysanne, C-399/22, ECLI:EU:C:2024:839.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/543/oj).

(10)  Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2025/2025, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2025/2025/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2022/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top