Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1790

Cinneadh (CBES) 2025/1790 ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/11620/2025/INIT

IO L, 2025/1790, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1790/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1790/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1790

5.9.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1790 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).

(2)

An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Ní thugann an tAontas aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach arna déanamh ag Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta í, agus cáineann sé an ionghabháil sin i gcónaí.

(4)

Ó rinne Cónaidhm na Rúise ionghabháil ar an gCrimé agus Sevastopol go neamhdhleathach in 2014, tá staid chearta an duine i leithinis na Crimé imithe in olcas go mór. Tá srianta córasacha á gcur ar shaoirsí bunúsacha chónaitheoirí na leithinse, agus déantar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in ionaid choinneála na Crimé, lena n-áirítear íde atá cruálach, mídhaonna agus táireach do dhaoine atá á gcoinneáil.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart beirt a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘134.

Vadim Viktorovich BULGAKOV

ar a dtugtar freisin

Vadym Viktorovych BULHAKOV

Вадим Викторович БУЛГАКОВ

(Litriú Rúisise)

Post: Ceann ar Directorate of the Russian Federal Penal Enforcement Service (Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise) do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol”

Dáta breithe: 30.1.1969

Áit bhreithe: Simferopol, an Úcráin

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach

Uimhir aitheantais chánach Úcránach (ДРФО): 2523214611

Uimhir aitheantais chánach Rúiseach (ИНН): 910218275068

Inscne: fireann

Seoladh: Simferopol, Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, an Úcráin

Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Alexandrovich Gostev, Stiúrthóir Russian Federal Penitentiary Service (Seirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise) Aleksei Nikolaevich Pikin, Leas-Cheann Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol”

Ó mhí na Samhna 2014, is é Vadim Bulgakov Ceann ar Directorate of the Russian Federal Penal Enforcement Service (Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise) do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol”. Is é an t-aon duine amháin a bhfuil údarás iomlán aige ar ghníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta agus, dá réir sin, tá freagracht phearsanta air as seirbhísí leighis a sholáthar go cuí do dhaoine atá á gcoinneáil agus do phríosúnaigh sa Chrimé, i measc rudaí eile. Sa cháil sin, tá sé freagrach as cúram agus cóir leighis leordhóthanach a dhiúltú go forleathan agus go córasach do dhaoine atá á gcoinneáil agus do phríosúnaigh, go háirithe príosúnaigh pholaitiúla. Is ionann sin agus íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Ó ceapadh é mar Cheann na Stiúrthóireachta in 2014, tá na sáruithe forleathana córasacha atá á ndéanamh ar chearta an duine in ionaid choinneála na Crimé doiciméadaithe ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Go háirithe, an cleachtas riaracháin maidir le drochíde agus cúram leighis a dhiúltiú do phríosúnaigh pholaitiúla, ar íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach é, a tharla arís agus arís eile in ionad coinneála Simferopol sa Chrimé ó ceapadh é. Tá sé freagrach, go háirithe, as drochíde a thabhairt do chosantóirí chearta an duine Iryna Danylovych agus Amet Suleymanov, ar diúltaíodh cúram leighis cuí dóibh ar feadh roinnt míonna le linn a bpríosúnachta in ionad coinneála Simferopol.

Tá Vadim Bulgakov freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, eadhon íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach, go háirithe i ndáil le príosúnaigh pholaitiúla atá faoi choinneáil in ionaid choinneála sa Chrimé.

5.9.2025

135.

Aleksei Nikolaevich PIKIN

ar a dtugtar freisin

Alexey Nikolaevich PIKIN

Алексей Николаевич ПИКИН

(Litriú Rúisise)

Post: Leas-Cheann ar Directorate of the Russian Federal Penal Enforcement Service (Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise) do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol”

Dáta breithe: 9.8.1975

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Voronezh, Voronezh Region, an Rúis

Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Alexandrovich Gostev, Stiúrthóir Russian Federal Penitentiary Service (Seirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise) Vadim Viktorovich Bulgakov, Ceann Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol”

Is é Aleksei Pikin Leas-Cheann ar Directorate of the Russian Federal Penal Enforcement Service (Stiúrthóireacht Sheirbhís Chónaidhme Forfheidhmithe Phionósach na Rúise) do “Poblacht na Crimé agus Cathair Sevastopol” ó mhí na Bealtaine 2016. Laistigh den struchtúr sin, tá sé freagrach as an gcóras pionósach réigiúnach sa Chrimé agus in Sevastopol a bhainistiú agus a chomhordú, lena n-áirítear iompar foirne, leas príosúnach, agus sáruithe ar an dlí sna saoráidí coinneála a chosc. I bhfianaise an tsainordaithe seo, tá sé freagrach as aon sáruithe ar chearta an duine a rinneadh i gcoinne daoine ar gearradh príosúnacht orthu sa Chrimé, lena n-áirítear mí-úsáidí a rinne an fhoireann, bearta araíonachta neamhdhleathacha, nó mainneachtain céastóireacht, drochíde nó diúltú ceart bunúsach sa chóras pionósach a chosc. Tá sé freagrach as cúram leighis agus cóir leighis cuí a dhiúltú go forleathan agus go córasach do dhaoine atá á gcoinneáil agus do phríosúnaigh, go háirithe príosúnaigh pholaitiúla. Is ionann sin agus íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Ó ceapadh é mar Leas-Cheann in 2016, tá na sáruithe forleathana córasacha atá á ndéanamh ar chearta an duine in ionaid choinneála na Crimé doiciméadaithe ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Go háirithe, an cleachtas riaracháin maidir le drochíde agus cúram leighis a dhiúltú do phríosúnaigh pholaitiúla, ar íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach é, a tharla arís agus arís eile faoina údarás in ionad coinneála Simferopol sa Chrimé ó ceapadh é. Go háirithe, tá sé freagrach as drochíde a thabhairt do chosantóirí chearta an duine Iryna Danylovych agus Amet Suleymanov, ar diúltaíodh cúram leighis cuí dóibh ar feadh roinnt míonna le linn a bpríosúnachta in ionad coinneála Simferopol.

Tá Aleksei Pikin freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, eadhon, íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach, go háirithe i ndáil le príosúnaigh pholaitiúla atá faoi choinneáil in ionaid choinneála sa Chrimé.

5.9.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1790/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top