Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1785

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1785 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin mharcaíochta (tonnrollóirí) a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/5966

IO L, 2025/1785, 10.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1785/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1785/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1785

10.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1785 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin mharcaíochta (tonnrollóirí) a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (1), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/48/CE, bréagáin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar caighdeáin iad ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2009/48/CE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An 4 Aibreán 2023, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 (2), ina liostaítear na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bréagáin. Sa liosta tá caighdeán EN 71-1:2014+A1:2018 Sábháilteacht bréagán – Cuid 1: Airíonna meicniúla agus fisiciúla.

(3)

I mí Eanáir 2024, rinne an Ghearmáin agóid fhoirmiúil i leith chaighdeán EN 71-1:2014+A1:2018 a mhéid a bhaineann le bréagáin mharcaíochta áirithe, is iad sin tonnrollóirí. Is éard is tonnrollóir ann bréagán marcaíochta ar a suíonn leanbh, a rialaítear stiúradh agus tiomáint an bhréagáin sin leis na cosa, agus a bhfuil rothaí air lenar féidir teagmháil le linn úsáide.

(4)

Bhí foras na hagóide foirmiúla bunaithe ar mhainneachtain líomhnaithe an chaighdeáin comhchuibhithe dá dtagraítear aghaidh a thabhairt ar cheanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta Threoir 2009/48/CE a mhéid a bhaineann le tonnrollóirí.

(5)

De réir na hagóide, is éard atá sa mhainneachtain sin easpa ceanglas chun a áirithiú go gcoiscfear tionóiscí brúite, gearrtha, greamaithe nó sáinnithe nuair a thiomáineann leanbh tonnrollóir, nuair atá an roth gar don suíochán agus nuair atá sé inrochtana fad atá an bréagán in úsáid, go háirithe ós rud é go bhfuil lámha an linbh saor agus an tonnrollóir á úsáid agus go bhfuil an leanbh in áit suí íseal. D’fhéadfaí méara a bhrú, a ghearradh, a stolladh nó stróiceadh nó d’fhéadfaí iad tharraingt isteach sa bhearna idir an gabhal rotha agus an roth le fórsa dírithe an rotha.

(6)

Mhaígh an Ghearmáin nach gcumhdaítear go hiomlán le EN 71-1 na rioscaí a bhaineann leis na tonnrollóirí mar gheall ar a meicníocht, a mbealach feidhme agus a modhanna tiomána, agus na rioscaí a eascraíonn as sin le linn súgradh. Cé go gcumhdaítear roinnt rioscaí le caighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018 ar bhonn cás ar chás, ní thugtar aghaidh ar na pointí uile maidir le brú, gearradh, greamú, sáinniú: tá na ceanglais maidir le bréagáin mharcaíochta sa chaighdeán sin táirgeshonrach go páirteach (le haghaidh rothair bhréagáin, scútair bhréagáin, mar shampla) nó baineann siad le comhpháirteanna agus sainmhínithe bréagán áirithe (meicníochtaí tiomána, meicníochtaí fillte agus sleamhnáin, mar shampla). Mar sin féin, ní chumhdaítear leis an gcaighdeán sin ceanglais chineálacha atá bunaithe ar ghuaiseacha maidir le bréagáin mharcaíochta a bhaineann le pointí brúite agus gearrtha agus pointí gabhála agus sáinnithe, go háirithe le haghaidh méar agus lámh. Go háirithe, ní chuimsítear tonnrollóirí sa sainmhíniú ar ‘mheicníocht tiomána’ i gclásal 3.19 den chaighdeán sin agus ní chumhdaítear go hiomlán leis an gcaighdeán sin an riosca go mbrúfaí lámh nó méar agus an riosca go ngearrfaí méar. Dá bhrí sin, tháinig an Ghearmáin ar an gconclúid, in éagmais na gceanglas sin, nach féidir a áirithiú go gcomhlíonann tonnrollóirí na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta uile dá bhforáiltear i dTreoir 2009/48/CE cé go bhfuil siad i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018.

(7)

An 28 Feabhra 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún an agóid fhoirmiúil a rinne an Ghearmáin ar an gcóras fógartha (3) a bunaíodh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(8)

D’fhreagair Coiste Teicniúil 52 de chuid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) (‘CEN/TC 52’) an agóid fhoirmiúil a chuir an Ghearmáin isteach trí níos mó sonraí a iarraidh maidir leis an tionóisc, go háirithe maidir leis an riosca sonrach agus an múnla bréagáin a bhain leis an tionóisc. D’fhiafraigh CEN/TC 52 freisin an slat ar trastomhas 5 mm nó 12 mm a bhí sa tslat a léiríodh san agóid fhoirmiúil, agus d’áitigh sé nach raibh an bréagán a bhain leis an tionóisc i gcomhréir leis an gcaighdeán (foilsithe) a bhí ann cheana, go háirithe clásal 4.15.1.6 c) de – arb é an ceanglas ginearálta é maidir le gabháil méire le haghaidh bréagáin mharcaíochta. Bhí measúnú CEN/TC 52 bunaithe ar an bhfíoras gur léirigh ceann de na grianghraif a cuireadh i láthair san agóid fhoirmiúil go raibh an tslat tástála níos lú ag dul isteach i roinnt bearnaí idir an roth agus an fráma, agus ba chosúil nach bhféadfaí na tóireadóirí ná na slata a shonraítear i modh tástála an chaighdeáin atá ann cheana a chur isteach sna bearnaí sin mar gheall ar leithead na dtóireadóirí agus na slat céanna, rud a léiríonn neamhchomhlíonadh. De réir an mheasúnaithe sin, d’fhéadfaí an gortú a chosc nó déine an ghortaithe a laghdú ar a laghad ach an caighdeán atá ann cheana a chomhlíonadh. Tharraing CEN/TC 52 aird freisin, áfach, ar an bhfíoras go raibh obair á déanamh cheana féin ina mheitheal ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a shainaithin údaráis na Gearmáine san agóid fhoirmiúil, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin i gceist: déantar foráil leis an dréachtleagan athbhreithnithe, i gclásal 4.15, maidir le ceanglais nua i dtaca le bréagáin mharcaíochta lena gcumhdaítear na rioscaí a bhaineann le méara a bhrú agus a ghearradh.

(9)

Thug an Ghearmáin freagra ar bharúlacha CEN/TC 52 trína lua nár tugadh aghaidh sa chaighdeán (foilsithe) atá ann cheana ar roinnt rioscaí, go háirithe maidir le méar a ghearradh, lámh a sháinniú agus a bhrú le fórsa tarraingthe isteach an rotha, nó méar nó lámh a bhrú mar gheall ar chasadh an hanla. Dar leis an nGearmáin, má athbhreithnítear 4.15 de chaighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018 trí réimsí riosca nua a chuimsiú, léirítear nach gcumhdaítear go leordhóthanach le leagan an chaighdeáin atá ann faoi láthair na rioscaí uile a bhaineann leis an gcineál speisialta bréagán marcaíochta sin faoi láthair agus, dá bhrí sin, nach dtugann an caighdeán aghaidh ar na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta uile is aidhm dó a chumhdach. Chuir an Ghearmáin in iúl freisin nár tarraingíodh anuas an agóid fhoirmiúil mar gheall ar an mbréagán agus an tionóisc áirithe sin amháin, ós rud é go raibh táirgí comhchosúla éagsúla eile ar an margadh a raibh fadhbanna agus réimsí riosca comhchosúla acu nach gcumhdaítear leis an gcaighdeán atá ann cheana.

(10)

Pléadh an agóid fhoirmiúil sa Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 an 18 Aibreán 2024.

(11)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018 in éineacht le hionadaithe na mBallstát agus páirtithe leasmhara sa Ghrúpa Saineolaithe maidir le Sábháilteacht Bréagán agus le hionadaithe an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, aontaíonn sé leis an anailís a rinneadh san agóid, agus is é conclúid an Choimisiúin maidir le clásail na gcaighdeán comhchuibhithe sin, arb é is aidhm dóibh na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2009/48/CE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin a chumhdach, nach dtugann siad aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí gaolmhara, go háirithe an riosca go ndéanfaí méar agus lámh a bhrú agus a ghearradh, i dtaca leis an gcineál sonrach bréagáin marcaíochta sin. Ní chuimsítear i gcaighdeán EN 71-1:2014+A1:2018 ceanglais shonracha chun a áirithiú gur féidir le leanaí súgradh go sábháilte agus tonnrollóirí á n-úsáid acu, ós rud é nach dtugann sé cosaint leormhaith dóibh ar an riosca go mbrúfaí agus go ngearrfaí méara agus lámha. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur féidir le tionóiscí agus teagmhais chomhchosúla a bhaineann le leanaí tarlú mar gheall ar thonnrollóirí a dheartar agus a mhonaraítear i gcomhréir le clásail 3.19 (sainmhíniú ar ‘mheicníocht tiomána’) agus 4.15.1 den chaighdeán sin.

(12)

Mar sin féin, maidir le clásail eile an chaighdeáin comhchuibhithe ábhartha, ar clásail iad nach bhfuil ina n-ábhar don agóid fhoirmiúil, measann an Coimisiún nach bhfuil siad fós bailí chun a thabhairt le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta Threoir 2009/48/CE a bhfuil sé d’aidhm acu iad a chumhdach.

(13)

I bhfianaise an mhéid thuas, na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018, arna bhfoilsiú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740, ba cheart iad a fhoilsiú maille le srian in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart a eisiamh ón srian sin clásail shonracha na gcaighdeán sin arb é is aidhm dóibh an ceanglas a leagtar amach i gCuid I, pointe 3, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE a chumhdach, is é sin an ceanglas go ndearfar agus go monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon riosca ag baint leo nó ar bhealach nach mbainfear leo ach an riosca íosta is gné dhílis dá n-úsáid arbh fhéidir gurb í gluaiseacht a bpáirteanna is cúis leis. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 a leasú dá réir.

(14)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugtar le fios le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 170, 30.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/48/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 96, 5.4.2023, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/740/oj).

(3)   DocsRoom - An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/740, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 1:

‘1.

EN 71-1:2014+A1:2018

Sábháilteacht bréagán – Cuid 1: Airíonna meicniúla agus fisiciúla

Srian: A mhéid a bhaineann le clásail 3.19 (sainmhíniú ar ‘mheicníocht tiomána’) agus 4.15.1 le haghaidh tonnrollóirí (bréagán marcaíochta ar a suíonn leanbh, a rialaítear stiúradh agus tiomáint an bhréagáin sin leis na cosa, agus a bhfuil rothaí air lenar féidir teagmháil le linn úsáide), ní thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe EN 71-1:2014+A1:2018 go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) de Threoir 2009/48/CE agus i gCuid I, pointe 3, d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1785/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top