This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1499
Council Decision (CFSP) 2025/1499 of 18 July 2025 on an assistance measure under the European Peace Facility to support the Togolese Armed Forces
Cinneadh (CBES) 2025/1499 ón gComhairle an 18 Iúil 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Thóga
Cinneadh (CBES) 2025/1499 ón gComhairle an 18 Iúil 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Thóga
ST/8115/2025/INIT
IO L, 2025/1499, 21.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1499/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1499 |
21.7.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1499 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2025
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Thóga
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá ionsaithe á ndéanamh ag grúpaí míleata Ioslamacha ó réigiún na Saiheile ar Thóga faoi láthair, go háirithe sna réigiúin i dtuaisceart na tíre. An 17 Iúil 2023, d’iarr Tóga ar an Aontas tionscnamh slándála agus cosanta a imscaradh chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine. An 3 Lúnasa 2023, le Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle (2), bunaíodh tionscnamh den sórt sin i mBeinin agus i nGána, agus an 25 Meán Fómhair 2023, le Cinneadh 2023/2066 ón gComhairle (3), leathnaíodh an tionscnamh sin chun an Cósta Eabhair agus Tóga a chumhdach. Níor imlonnaíodh aon chomhairleoir faoin tionscnamh go fóill go Tóga. |
|
(3) |
An 18 Márta 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Thóga go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha Thóga maidir le príomhthrealamh a sholáthar chun a gcumais a fheabhsú. |
|
(4) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Thóga (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:
|
(a) |
an comhar idir an tAontas agus Tóga a neartú i réimse na slándála agus na cosanta; |
|
(b) |
acmhainneachtaí míleata agus cosanta Fhórsaí Armtha Thóga a neartú; |
|
(c) |
tacaíocht a thabhairt d’Fhórsaí Armtha Thóga ina n-iarrachtaí iomláine chríochach agus ceannasacht na tíre a chosaint, agus ina n-iarrachtaí chun pobal sibhialta Thóga a chosaint ar fhoghanna inmheánacha agus seachtracha. |
3. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:
|
(a) |
trealamh chun tacú le himscaradh agus eagrú Fhórsaí Armtha Thóga ar an machaire; |
|
(b) |
trealamh cosanta pearsanta agus trealamh tacaíochta fíorshaoil; |
|
(c) |
trealamh pléascán a chomhrac. |
Maoineofar soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara leis an mbeart cúnaimh freisin, lena n-áirítear oiliúint ar an trealamh a sheachadtar, i gcás inar gá.
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta glactha an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 10 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Thóga dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é an Riarthóir um bearta cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Tríd an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus cuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-áirítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Thóga dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na míreanna ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú mar sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí ar SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh riarthóir na mbeart cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1599/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/2066 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 238, 27.9.2023, lch. 141, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2066/oj).
(4) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1499/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)