Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0850

Cinneadh (AE) 2025/850 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 29 Aibreán 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (EUAM Ukraine/1/2025)

ST/7783/2025/INIT

IO L, 2025/850, 5.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/850/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/05/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/850/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/850

5.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/850 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 29 Aibreán 2025

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (EUAM Ukraine/1/2025)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(1) de Chinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

(2)

An 14 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1353 (2), lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2027.

(3)

An 23 Bealtaine 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1567 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Rolf Michael Hay Pereira HOLMBOE mar Cheann Misin EUAM Ukraine ón 1 Meitheamh 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2025.

(4)

An 27 Márta 2025, mhol an tArdionadaí go gcuirfí síneadh le sainordú Rolf Michael Hay Pereira HOLMBOE mar Cheann Misin EUAM Ukraine ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Rolf Michael Hay Pereira HOLMBOE mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An tUachtarán

D. PRONK


(1)   IO L 217, 23.7.2014, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/486/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/1353 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L, 2024/1353, 15.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1353/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1567 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 23 Bealtaine 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (EUAM Ukraine/1/2024) (IO L, 2024/1567, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1567/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/850/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top