Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0335

Cinneadh (CBES) 2025/335 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

ST/5392/2025/INIT

IO L, 2025/335, 18.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/335/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/335/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/335

18.2.2025

CINNEADH (CBES) 2025/335 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2025

lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 20 Feabhra 2026. Ba cheart don Chomhairle leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid pholaitiúil agus slándála sa tSiombáib agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na bearta sin i bhfianaise forbairtí.

(3)

Measann an Chomhairle gur cheart an t-eintiteas atá fágtha a scriosadh ó liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES iad, agus leis sin ní bheidh aon duine ná eintiteas faoi réir bearta sriantacha.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2026.’

;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/101(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES, igCuid ‘II. Eintitis’, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘1.

Zimbabwe Defence Industries

10th floor, Trustee House, 55 Samora Machel Avenue, PO Box 6597, Harare, Zimbabwe.

Tá baint ag Zimbabwe Defence Industries leis an Aireacht Cosanta agus le mionghrúpa ZANU-PF an Rialtais.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/335/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top