Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0171

Cinneadh (CBES) 2025/171 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

ST/5128/2025/INIT

IO L, 2025/171, 27.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/171/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/171/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/171

27.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/171 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1).

(2)

Tá bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, ar cheann de na bearta a áirítear i gcreat an Aontais le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha, eadhon Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta, agus is uirlis ríthábhachtach iad chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt orthu.

(3)

Tá méadú ag teacht ar líon, minicíocht agus sofaisticiúlacht na gcibirghníomhaíochtaí mailíseacha i gcoinne bonneagar criticiúil nó seirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear trí bhogearraí éirice agus díothúcháin a úsáid, díriú ar shlabhraí soláthair agus cibirspiaireacht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gadaíochta maoine intleachtúla. Lena gcuid éifeachtaí suaiteacha millteacha, is bagairt shistéamach iad na gníomhaíochtaí sin ar shlándáil, ar gheilleagar, ar dhaonlathas agus ar shochaí an Aontais i gcoitinne.

(4)

In 2020, rinneadh cibirionsaithe a raibh éifeacht a rinne mórdhíobháil ar an Eastóin. Rinneadh cibirionsaithe a bhí dírithe ar chórais ríomhaireachta institiúidí éagsúla, agus é mar aidhm leo úsáid a bhaint as na sonraí chun bagairt a dhéanamh ar shlándáil Phoblacht na hEastóine. Bhain na cibirionsaithe sin le faisnéis rúnaicmithe a stóráil.

(5)

Mar chuid den ghníomhaíocht leanúnach, oiriúnaithe agus chomhordaithe ón Aontas i gcoinne gníomhaithe a bhíonn i mbun cibearbhagairtí ar bhonn leanúnach, ba cheart triúr daoine nádúrtha a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797. Tá na daoine sin freagrach as cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, nó tá siad páirteach iontu.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘15.

Nikolay Alexandrovich KORCHAGIN

Николай Александрович Корчагин

Dáta breithe: 16.9.1997

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintiteas comhlachaithe: Príomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise

Tá Nikolay Korchagin páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus tá sé freagrach astu trí ghníomhaíochtaí faisnéise a dhéanamh atá dírithe ar Phoblacht na hEastóine agus trí rochtain a fháil ar chóras ríomhaireachta go neamhdhleathach.

Is oifigeach d’aonad míleata 29155 i bPríomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) é Nikolay Korchagin. Sa ról sin, tá baint aige le cibirionsaithe ar chórais ríomhaireachta agus tá sé freagrach astu agus é mar aidhm acu sonraí a bhailiú ó chórais sonraí institiúidí éagsúla, a thugann forléargas go neamhspleách nó i dteannta a chéile ar bheartas cibearshlándála Phoblacht na hEastóine, ar chibearchumais an stáit, ar shonraí pearsanta íogaire agus ar shonraí íogaire eile, chun iad a úsáid chun bagairt a dhéanamh ar shlándáil na hEastóine. Dá bhrí sin baineann na hionsaithe le faisnéise rúnaicmithe a stóráil. Bhain na hionsaithe le comhghuaillithe agus le comhpháirtithe na hEastóine.

Dá bhrí sin, tá Nikolay Korchagin páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil ar bagairt sheachtrach ar Bhallstát iad agus tá sé freagrach astu.

27.1.2025

16.

Vitaly SHEVCHENKO

Виталий Шевченко

Dáta breithe: 1.9.1997

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintiteas comhlachaithe: Príomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise

Tá Vitaly Shevchenko páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus tá sé freagrach astu trí ghníomhaíochtaí faisnéise a dhéanamh atá dírithe ar an Eastóinagus trí rochtain a fháil ar chóras ríomhaireachta go neamhdhleathach.

Is oifigeach d’aonad míleata 29155 i bPríomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) é Vitaly Shevchenko. Sa ról sin, tá baint aige le cibirionsaithe ar chórais ríomhaireachta agus tá sé freagrach astu agus é mar aidhm acu sonraí a bhailiú ó chórais sonraí institiúidí éagsúla, a thugann forléargas go neamhspleách nó i dteannta a chéile ar bheartas cibearshlándála na hEastóine, ar chibearchumais an stáit, ar shonraí pearsanta íogaire agus ar shonraí íogaire eile, chun iad a úsáid chun bagairt a dhéanamh ar shlándáil na hEastóine. Dá bhrí sin, baineann na hionsaithe le faisnéise rúnaicmithe a stóráil. Bhain na hionsaithe le comhghuaillithe agus le comhpháirtithe na hEastóine.

Dá bhrí sin, tá Vitaly Shevchenko páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil ar bagairt sheachtrach ar Bhallstát iad agus tá sé freagrach astu.

27.1.2025

17.

Yuriy Fedorovich DENISOV

Юрий Федорович Денисов

Dáta breithe: 17.6.1980

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintiteas comhlachaithe: Príomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise

Tá Yuriy Denisov páirteach i gcibirionsaithe suntasacha agus tá sé freagrach astu trí ghníomhaíochtaí faisnéise a dhéanamh atá dírithe ar an Eastóin agus trí rochtain a fháil ar chóras ríomhaireachta go neamhdhleathach.

Is oifigeach d’aonad míleata 29155 i bPríomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) é Yuriy Fedorovich Denisov. Sa ról sin, tá baint aige le cibirionsaithe ar chórais ríomhaireachta agus tá sé freagrach astu agus é mar aidhm acu sonraí a bhailiú ó chórais sonraí institiúidí éagsúla, a thugann forléargas go neamhspleách nó i dteannta a chéile ar bheartas cibearshlándála na hEastóine, ar chibearchumais an stáit, ar shonraí pearsanta íogaire agus ar shonraí íogaire eile, chun iad a úsáid chun bagairt a dhéanamh ar shlándáil na hEastóine. Dá bhrí sin baineann na hionsaithe le faisnéise rúnaicmithe a stóráil. Bhain na hionsaithe le comhghuaillithe agus le comhpháirtithe na hEastóine.

Dá bhrí sin, tá Yuriy Denisov páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil ar bagairt sheachtrach ar Bhallstát iad agus tá sé freagrach astu.

27.1.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/171/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top