This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3201
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3201 of 18 December 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2024/1268 extending the definitive countervailing duties imposed by Implementing Regulation (EU) 2022/433 on imports of stainless steel cold-rolled flat products originating in Indonesia to imports of stainless steel cold-rolled flat products consigned from Taiwan, Türkiye and Vietnam, whether declared as originating in Taiwan, Türkiye and Vietnam or not
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3201 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 lena leathnaítear na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam iad nó ná bíodh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3201 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 lena leathnaítear na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam iad nó ná bíodh
C/2024/9153
IO L, 2024/3201, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3201/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32024R1268 | Athchur | airteagal 1 mír 1 | 08/05/2024 | |
| Modifies | 32024R1268 | Athchur | airteagal 4 | 08/05/2024 | |
| Modifies | 32024R1268 | Athchur | aithris 173 | 08/05/2024 | |
| Modifies | 32024R1268 | Athchur | aithris 174 | 08/05/2024 | |
| Modifies | 32024R1268 | Athchur | aithris 175 | 08/05/2024 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3201 |
19.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3201 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 lena leathnaítear na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam iad nó ná bíodh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 (2) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (an Coimisiún) dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (‘SSCR’) ar de thionscnamh, inter alia, na hIndinéise iad tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais (an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh’). Bhí na bearta i bhfoirm ráta dleachta ad valorem idir 0 agus 21,4 %, le dleacht iarmharach 20,5 % ar chuideachtaí Indinéiseacha neamh-chomhoibríocha uile (‘na bearta bunaidh frith-fhóirdheontais’). |
|
(2) |
An 3 Iúil 2023, de bhun Airteagail 23(4) agus 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037 (‘An bun-Rialachán Frith-fhóirdheontais’), chomhdaigh an Comhlachas Eorpach Cruach (EUROFER) iarraidh ar imscrúdú a dhéanamh ar an imchéimniú is féidir i gcás allmhairí SSCR ar bhearta frith-fhóirdheontais bunaidh i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam. An 15 Lúnasa 2023, ar bhonn na hiarrata ar thángthas ar an gconclúid go raibh bunús maith léi, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1631 (3), thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-imchéimniúcháin (‘an t-imscrúdú frith-imchéimniúcháin’) |
|
(3) |
Tar éis an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 (4), leathnaigh an Coimisiún an dleacht iarmharach 20,5 % chun allmhairí SSCR arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam iad nó ná bíodh. Roinnt táirgeoirí sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam a d’iarr díolúintí agus ar thángthas ar an gconclúid nach raibh siad i mbun aon chleachtas imchéimniúcháin, tugadh díolúintí dóibh ó leathnú na dleachta. Diúltaíodh Lam Khang Joint Stock Company (‘Lam Khang’), ceann de na táirgeoirí as an Vítneam a d’iarr díolúine ar leathnú na ndleachtanna faoin díolúine sin ar na cúiseanna atá leagtha amach in aithrisí (173)-(175) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268. |
|
(4) |
An 3 Iúil 2024, thaisc Lam Khang iarratas de bhun Airteagal 263(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chur ar neamhní Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
San iarratas uathu chuig an gCúirt Ghinearálta d’áitigh Lam Khang gurb amhlaidh, le cois nithe eile, a rinne an Coimisiún, agus é ag tabhairt aghaidh ar mhaíomh a rinne Lam Khang tar éis nochtadh, earráid fhíorasach san anailís a rinne sé ar fhianaise áirithe a cuireadh ar fáil le linn an imscrúdaithe. |
|
(6) |
Go deimhin, léirigh athbhreithniú ar na sonraí gur úsáid an Coimisiún tacar neamhiomlán sonraí agus é ag déanamh amach cén difríocht phraghais a bhí ann idir cornaí cruach dosmálta te-rollta ar ghrád 304 (‘304 SSHR’) a d’allmhairigh Lam Khang ón Indinéis agus iad siúd a tháinig as foinsí eile, de réir mar a luaitear in aithris (173) d Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268. Agus an tacar sonraí iomlán á úsáid, bhí meánphraghas ceannaigh Lam Khang ar SSHR 304 na hIndinéise níos airde ná meánphraghas soláthraithe eile ar an meán. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, an chonclúid in aithris (174) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 go rabhthas ag fáil fóirdheontais i leith páirteanna den táirge comhchosúil a allmhairíodh, fóirdheontais a aimsíodh san imscrúdú bunaidh, níorbh fhéidir teacht uirthi ar bhonn na ndifríochtaí praghais mar a leagtar amach in aithris (173). Ós rud é, a mhéid a bhaineann le Lam Khang, nach raibh aon fhianaise eile ann a léirigh go rabhthas ag fáil fóirdheontais i leith páirteanna den táirge allmhairithe comhchosúil, fóirdheontais a aimsíodh san imscrúdú bunaidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon Lam Khang na ceanglais maidir le díolúine faoi Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán AS agus, dá bhrí sin, gur cheart a iarraidh ar dhíolúine a dheonú. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Tá feidhm ag díolúine Lam Khang ó na dleachtanna frithchúitimh ó tháinig Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 i bhfeidhm (is é sin, ón 8 Bealtaine 2024). Tugtar treoir do na húdaráis chustaim gan na dleachtanna a fhorchuirtear de bhun Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 a bhailiú a mhéid a bhaineann le hearraí arna monarú ag Lam Khang agus aon mhéid iomarcach a bailíodh go dtí seo a aisíoc i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme. |
|
(10) |
Ar deireadh, ar chúiseanna riaracháin nach mbaineann leis an méid thuas, measadh gurbh iomchuí cód breise TARIC an táirgeora onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine, Chia Far Industrial Factory Co., Ltd, a athrú. |
|
(11) |
An 3 Deireadh Fómhair 2024, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt. |
|
(12) |
Ina mbarúlacha maidir le nochtadh chuir EUROFER i gcoinne an leasaithe, agus chuir siad roinnt maíomh ar aghaidh. Rinneadh gearáin EUROFER a ghrúpáil mar ghearáin a bhain leis an nós imeachta a lean an Coimisiún agus mar ghearáin a bhaineann le substaint an leasaithe. Tá achoimre ar an dá ghrúpa maíomh agus tá aghaidh tugtha orthu thíos. |
|
(13) |
Maidir leis an nós imeachta, d’áitigh Eurofer gur ghníomhaigh an Coimisiún gan bunús dlí agus é ag iarraidh ‘nós imeachta na Cúirte Ginearálta a sheachaint’ leis an leasú a rinne sé. Thionscain an Coimisiún páirt-athbhreithniú de facto ar na bearta gan na nósanna imeachta is infheidhme a leanúint nó lean sé den imscrúdú mar shárú ar an sprioc-am ab infheidhme. Cibé acu den dá chás a bhí i gceist, sáraíodh ceanglais riachtanacha nós imeachta dá mb’fhíor an líomhain. De réir EUROFER, ní fhéadfaidh an Coimisiún imscrúdú críochnaithe a athoscailt ach amháin i gcás rialú na Cúirte nó ‘tar éis cinneadh a bheith déanta moltaí chomhlacht um réiteach díospóidí EDT a fhorfheidhmiú’. Ar deireadh, líomhnaítear nár nocht an Coimisiún mar ba cheart an rún a bhí aige an earráid a cheartú agus an díolúine a dheonú do Lam Khang toisc gur tharla an nochtadh tar éis dhúnadh an imscrúdaithe. |
|
(14) |
De réir mar atá mínithe in aithrisí (6) agus (7), i gcomhthéacs cás os comhair na Cúirte Ginearálta, shainaithin an Coimisiún earráid fhíorasach a bhí ina bonn taca leis réasúnaíocht laistiar den chinneadh gan an díolúine a dheonú do Lam Khang. Níl an maíomh cruinn sa mhéid agus nach gcuireann an cásdlí dá dtagraíonn EUROFER ina bharúlacha (5) teorainn le cumas an Choimisiúin imscrúduithe a athoscailt ach amháin i gcásanna ina bhfuil rialú Cúirte nó moladh maidir le réiteach díospóidí EDT ann. Táthar ag aithint le fada gurb amhlaidh, má shainaithnítear earráid tar éis dhúnadh an nós imeachta riaracháin, a choinníonn an Coimisiún an cumas an earráid a cheartú ag an gcéim ag a ndearnadh í (6). Ní cheanglaítear ar an gCoimisiún an nós imeachta a atosú trí dhul ar ais níos faide ná an pointe beacht sin. (7) An earráid a shainaithin an Coimisiún sa chás seo, rinneadh í ag céim dheiridh an imscrúdaithe, i.e. le linn an mheasúnaithe ar na barúlacha maidir le nochtadh. An chomparáid praghsanna ina raibh an earráid, agus aghaidh á tabhairt ar na barúlacha maidir le nochtadh, bhí sí ag tacú leis an gconclúid ar tháinig an Coimisiún uirthi ar dtús agus dá bhrí sin níor nochtadh arís do Lam Khang í. I bhfocail eile, ní raibh aon deis ag Lam Khang trácht a dhéanamh ar chruinneas na comparáide praghsanna le linn an imscrúdaithe. Mar sin féin, ag an gcéim sin, bhí na sonraí ag an gCoimisiún a raibh gá leo le haghaidh na hanailíse nua a raibh sé de cheangal air í a dhéanamh agus, dá bhrí sin, ní raibh aon oibleagáid air tús a chur arís leis na réamhfhiosrúcháin sa chás. (8) Ós rud é gur comhlíonadh ceart Lam Khang agus EUROFER araon éisteacht chóir a fháil agus páirt a ghlacadh sa nós imeachta nuair a glacadh an cinneadh bunaidh (ní dhearna EUROFER aon líomhain nárbh amhlaidh a bhí), ní gá an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a athoscail chun a leasú a dhéanamh. (9) Fágann sin nach raibh aon bhunús le gearáin EUROFER faoi bhunús dlí an leasaithe, faoi na céimeanna nós imeachta a tugadh agus faoin nochtadh, agus chaith an Coimisiún amach iad dá bharr sin. Shonraigh an Coimisiún freisin gur tugadh an deis do EUROFER barúil a thabhairt maidir leis an leasú atá beartaithe agus, dá bhrí sin, gur urramaíodh a chearta nós imeachta go hiomlán. |
|
(15) |
Maidir le substaint an ghearáin, d’áitigh EUROFER, d’ainneoin na hearráide a tuairiscíodh in aithrisí (6) agus (7), ‘gur léir go bhfuiltear ag fáil fóirdheontais i leith na bpáirteanna a úsáideann Lam Khang, fóirdheontais a aimsíodh san imscrúdú bunaidh’. Bhí an maíomh sin bunaithe ar an toimhde gurb amhlaidh, agus measúnú á dhéanamh ar an gceist ‘an bhfuil an fóirdheontas sin á fháil fós i leith an táirge allmhairithe chomhchosúil agus/nó páirteanna de’ faoi Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán, ‘gurb é an fachtóir cinntitheach cé acu a leanann nó nach leanann na fóirdheontais sin d’fheidhm a bheith acu’. De réir EUROFER, ní raibh an tástáil comparáide praghsanna, ina ndearnadh an earráid, incheadaithe. Tacaíodh leis an maíomh sin toisc nach ndearnadh aon trialacha breise agus imchéimniú ar fud na tíre á bhunú do Vítneam agus imchéimniú do Trixon TNT agus Yongjin. Thairis sin, líomhnaíodh go raibh an chomparáid praghsanna gan bhrí ós rud é go raibh praghsanna SSHR ón tSín féin ar phraghas éagórach, go bhfuarthas fóirdheonú ina leith agus nár cuireadh na cineálacha táirgí san áireamh sa chomparáid. |
|
(16) |
Mar mheabhrú, thángthas ar an gconclúid san imscrúdú bunaidh, ní hamháin go rabhthas ag fáil fóirdheonú i leith tháirgeadh SSCR, ach i leith na bpáirteanna a úsáideadh chun SSCR a tháirgeadh chomh maith, lena n-áirítear SSHR agus leaca. (10) Níor thángthas ar aon fhianaise le linn an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a léirigh gur stadadh den fhóirdheonú sin ná nach bhfuiltear ag fáil fóirdheontais a thuilleadh i leith na leac agus an SSHR a tháirgtear san Indinéis, ná i leith na bpáirteanna díobh a allmhairítear isteach i Vítneam. (11) Dá bhrí sin, ba é an chonclúid ar thángthas uirthi go rabhthas ag fáil na bhfóirdheontas fós i leith páirteanna den táirge comhchosúil a allmhairíodh. Rinne Lam Khang agóid in aghaidh na conclúide sin, agus d’áitigh sé, ar bhonn chásdlí an Aontais agus na hEagraíochta Domhanda Trádála, nár cheadmhach an toimhde a dhéanamh gur cuireadh an fóirdheonú ar aghaidh i gcás idirbhearta ar neamhthuilleamaí idir páirtithe neamhghaolmhara. Ós rud é gur cheannaigh Lam Khang a ionchuir Indinéiseacha ó thrádálaithe neamhghaolmhara, ba chomparáid praghsanna an t-aon fhianaise a thug le tuiscint nach raibh na hidirbhearta ábhartha ar neamhthuilleamaí, rud ar cruthaíodh nach raibh sé fíor. Shonraigh an Coimisiún nach gcuireann EUROFER i gcoinne na hearráide a thuairiscítear in aithrisí (6) agus (7). |
|
(17) |
D’fhéadfadh fóirdheonú leanúnach páirteanna, in éagmais fianaise ina éadan sin, a bheith leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid go leanann fóirdheontais de thairbhe a bhaint as páirteanna i dtríú tíortha. Féadfar conclúid den sórt sin a bhréagnú, áfach, ar bhonn tuilleadh fianaise. Sa chás atá i gceist, ní dhearnadh agóid i gcoinne na conclúide sin i gcás Vítneam ina iomláine ná i gcás Trixon TNT agus Yongjin. Mar sin féin, léiríodh go raibh an chonclúid maidir leis an tír ina hiomláine míchuí i gcás áirithe Lam Khang mar gheall ar an gcaoi a raibh na páirteanna a bhí i gceist á gceannach aige, rud a d’fhág go raibh tuilleadh trialacha (lena n-áirítear comparáid praghsanna) ní hamháin incheadaithe ach go raibh gá leo chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a leanadh de na fóirdheontais a thabhairt i leith na bpáirteanna a cheannaigh Lam Khang nó nár lean. Maidir le hoiriúnacht na gcomparáidí praghsanna idir ionchuir na Síne agus na hIndinéise, shonraigh an Coimisiún go raibh an chomparáid a rinneadh ar an aon phíosa amháin fianaise a bhí ar fáil don Choimisiún a léirigh nach raibh na praghsanna a d’íoc Lam Khang ar neamhthuilleamaí. Ós rud é nár chuir EUROFER ná aon pháirtí leasmhar eile fianaise eile ar fáil lena léiriú nach raibh na praghsanna ábhartha ar neamhthuilleamaí, ní mór cloí leis an gconclúid nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go rabhthas ag fáil fóirdheontais i leith na bpáirteanna a d’úsáid Lam Khang. Dá bhrí sin diúltaíodh maímh shubstainteacha EUROFER. |
|
(18) |
Ar deireadh, d’áitigh EUROFER gurb amhlaidh, ós rud é gur úsáid an Coimisiún ‘faisnéis iar-imscrúdúcháin’ chun a chonclúid a athbhreithniú ‘ba cheart dó ar a bharr sin na díolúintí a deonaíodh do chuideachtaí eile ar bhonn “fíorais nua” den chineál sin a athbhreithniú chomh maith.’ D’áitigh EUROFER ansin gur cheart don Choimisiún an t-imscrúdú a athoscailt agus, go bunúsach, a sheiceáil an raibh allmhairí ón tSín ag teacht ón Indinéis i bhfírinne. |
|
(19) |
De réir mar a míníodh in aithris (14), ní dhearna an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh ar bhonn ‘faisnéis iar-imscrúdúcháin’, ach cheartaigh sé earráid a rinneadh le linn an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin agus ar bhonn na faisnéise a bhí sa chomhad cheana. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin. |
|
(20) |
Níor thug an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1037 tuairim uaidh maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithrisí (173), (174) agus (175):
|
|
(2) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. An dleacht frithchúitimh chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú) de thionscnamh na hIndinéise, leathnaítear leis seo an dleacht sin chun go gcumhdófar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), agus atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00 , 7219 32 10 , 7219 32 90 , 7219 33 10 , 7219 33 90 , 7219 34 10 , 7219 34 90 , 7219 35 10 , 7219 35 90 , 7219 90 20 , 7219 90 80 , 7220 20 21 , 7220 20 29 , 7220 20 41 , 7220 20 49 , 7220 20 81 , 7220 20 89 , 7220 90 20 agus 7220 90 80 , arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, (cóid TARIC 7219 31 00 10, 7219 31 00 20, 7219 32 10 10, 7219 32 10 20, 7219 32 90 10, 7219 32 90 20, 7219 33 10 10, 7219 33 10 20, 7219 33 90 10, 7219 33 90 20, 7219 34 10 10, 7219 34 10 20, 7219 34 90 10, 7219 34 90 20, 7219 35 10 10, 7219 35 10 20, 7219 35 90 10, 7219 35 90 20, 7219 90 20 10, 7219 90 20 20, 7219 90 80 10, 7219 90 80 20, 7220 20 21 10, 7220 20 21 20, 7220 20 29 10, 7220 20 29 20, 7220 20 41 10, 7220 20 41 20, 7220 20 49 10, 7220 20 49 20, 7220 20 81 10, 7220 20 81 20, 7220 20 89 10, 7220 20 89 20, 7220 90 20 10, 7220 90 20 20, 7220 90 80 10 agus 7220 90 80 20), cé is moite díobh siúd arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Airteagal 4: Diúltaítear na hiarrataí ar dhíolúine ó Trinox Metal Sanayi ve Ticaret A.Ș. (an Tuirc) agus Yongjin Metal Technology (Vítneam) Company Limited (Vítneam).’. |
Airteagal 2
Aon dleacht frithchúitimh chinntitheach arna bailiú de bhun Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 a mhéid a bhaineann le hearraí arna monarú ag Lam Khang Joint Stock Company, déanfar í a aisíoc nó a loghadh.
Ba cheart an aisíocaíocht nó an loghadh a iarraidh ó na húdaráis chustaim náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Bealtaine 2024 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022, lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 88, 16.3.2022, lch. 24).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1631 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, cé acu a dearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam nó nach ndearbhaítear, agus lena gcuirtear allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam faoi réir a gcláraithe (IO L 202, 14.8.2023, lch. 10).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2024 lena leathnaítear na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce agus Vítneam iad nó ná bíodh (IO L, 2024/1268, 7.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1268/oj).
(5) Breithiúnas an 28 Eanáir 2016, CM Eurologistik, C-283/14 agus C-284/14 ECLI:EU:C:2015:628, míreanna 57–61.
(6) Féach mar shampla breithiúnas an 19 Bealtaine 2021, CCCME v an Coimisiún, T-254/18, ECLI:EU:T:2021:278, mír 64 agus an cásdlí a luaitear ann.
(7) Féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Samhain 1998, An Spáinn v An Coimisiún, C 415/96, ECLI:EU:C:1998:533, mír 31; an 3 Deireadh Fómhair 2000, Industrie des poudres sphériques v an Chomhairle, C 458/98 P, ECLI:EU:C:2000:531, mír 82; agus, an 9 Iúil 2008 in Alitalia v an Coimisiún, T-301/01, ECLI:EU:T:2008:262, míreanna 99 agus 142.
(8) Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2011, Région Nord-Pas-de-Calais v an Coimisiún, T-267/08, ECLI:EU:T:2011:209, mír 83.
(9) Ibid., mír 84.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1268, aithris 126.
(11) Ibid., aithris (127).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3201/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)