Vælg de eksperimentelle funktioner, som du ønsker at prøve

Dette dokument er et uddrag fra EUR-Lex

Dokument 32024R2934

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2934 ón gComhairle an 25 Samhain 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/10996/2024/INIT

IO L, 2024/2934, 25.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2934/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Dokumentets juridiske status I kraft

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2934/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2934

25.11.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2934 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa tSiria, agus i bhfianaise athruithe i Rialtas na Siria le déanaí, ba cheart triúr a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 36/2012.

(3)

Ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

HANKÓ B.


(1)   IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i roinn ‘A. Daoine’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘359.

Louai Emad El-Din al-MUNAJJID

لؤي عماد الدين المنجد

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Aire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. Ceapadh i mí Mheán Fómhair 2024 é.

IarAire Gnóthaí Sóisialta agus Saothair.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht ar Louai Emad El-Din al-Munajjid as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

an 25 Samhain 2024

360.

Firas Hassan QADDOUR

فيراس حسان قدور

Dáta breithe: 1962;

Áit bhreithe: an Damaisc;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Aire Peitriliam agus Acmhainní Mianra. Ceapadh i mí an Mhárta 2023 agus athcheapadh i mí Mheán Fómhair 2024 é.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht ar Firas Hassan Qaddour as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

an 25 Samhain 2024

361.

Ahmed Mohammad BUSTAJI

أحمد بوسته جي

Áit bhreithe: Idleb;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Aire Stáit. Ceapadh i mí an Mhárta 2023 agus athcheapadh i mí Mheán Fómhair 2024 é.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht ar Ahmed Mohammad Bustaji as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

an 25 Samhain 2024’

(2)

i roinn ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 30:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘30.

Mohammad (ar a dtugtar freisin Muhammad, Mohamed, Mohammed, Muhamad) al-MUFLEH (ar a dtugtar freisin al-Muflih)

Image 1

Dáta breithe: roimh 1964

Inscne: fireann

Ceann Fhaisnéis Mhíleata na Siria i mbaile Hama; ghlac sé páirt sa chniogbheartaíocht ar léirsitheoirí.

1.8.2011’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2934/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Op