This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2848
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2848 of 11 November 2024 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the approval periods of the active substances fenpyrazamine and flumetralin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2848 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha feinpiorasaimín agus fluimeitrilin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2848 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha feinpiorasaimín agus fluimeitrilin
C/2024/7777
IO L, 2024/2848, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2848/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32011R0540 | Athchur | iarscríbhinn cuid B Téacs | 02/12/2024 | |
| Modifies | 32011R0540 | Athchur | iarscríbhinn cuid E Téacs | 02/12/2024 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2848 |
12.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2848 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Samhain 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha feinpiorasaimín agus fluimeitrilin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad fhomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, liostaítear iad i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) agus substaintí gníomhacha a fhormheastar mar shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, liostaítear iad i gCuid E den Iarscríbhinn sin. |
|
(2) |
Liostaítear an tsubstaint ghníomhach feinpiorasaimín i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus liostaítear an tsubstaint ghníomhach fluimeitrilin i gCuid E den Iarscríbhinn sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún (3) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí feinpiorasaimín go dtí an 31 Bealtaine 2026 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún (4) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluimeitrilin go dtí an 11 Bealtaine 2026, ar chomhlíonadh bhearta an nós imeachta atá fós le déanamh chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan. |
|
(4) |
An 30 Iúil 2024 i gcás na substainte gníomhaí feinpiorasaimín, agus an 30 Aibreán 2024 i gcás na substainte gníomhaí fluimeitrilin, dheimhnigh na hiarratasóirí faoi seach nach dtacaíonn siad a thuilleadh leis na hiarratais ar athnuachan na bhformheasanna. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin. Dá thoradh sin, ba cheart dáta éaga nua a shocrú ar an dáta is luaithe is féidir, agus am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit a n-údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a bhfuil na substaintí gníomhacha sin iontu a tharraingt siar. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, díceamba, eatafeanprocs, eisfeanvailéaráit, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluasafop-P, leanacail, naprópaimíd, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, sulfar, teitreaconasól agus trí-alláit (IO L, 2023/2592, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2592/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beansulfúrón, clóirmeacuat, clóratolúrón, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, eoigeanól, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, géiréiniól, MCPA, MCPB, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam, fluairíd sulfairile, teabúifeinpiorad, tíomól agus tríteasulfúrón (IO L 224, 12.9.2023, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1757/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid B, i ró 25, feinpiorasaimín, sa séú colún, ‘Dul in éag an fhormheasa’, cuirtear ‘15 Eanáir 2025’ in ionad an dáta; |
|
(2) |
i gCuid E, i ró 1, fluimeitrilin, sa séú colún, ‘Dul in éag an fhormheasa’, cuirtear ‘15 Eanáir 2025’ in ionad an dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2848/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)