This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2739
Commission Regulation (EU) 2024/2739 of 17 October 2024 establishing a fisheries closure for Mediterranean albacore in the Mediterranean Sea for vessels flying the flag of Spain
Rialachán (AE) 2024/2739 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara sa Mheánmhuir i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
Rialachán (AE) 2024/2739 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara sa Mheánmhuir i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
C/2024/7345
IO L, 2024/2739, 22.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2739/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2739 |
22.10.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2739 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2024
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara sa Mheánmhuir i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú lena leasaítear Rialacháin (CE)847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2), leagtar síos cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha stoc thuinníní colgacha na Meánmhara sa Mheánmhuir i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an Spáinn le haghaidh stoc thuinníní colgacha na Meánmhara sa Mheánmhuir le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Toirmeascfar, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. Go sonrach, toirmeascfar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Ar son an Uachtaráin
Maroš ŠEFČOVIČ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
15/TQ257 |
|
An Ballstát |
an Spáinn |
|
Stoc |
ALB/MED (lena n-áirítear ALB/MED-BC agus ALB/MED-SR) |
|
Speiceas |
Tuinnín colgach na Meánmhara (Thunnus alalunga) |
|
Limistéar |
an Mheánmhuir |
|
Dáta an iaimh |
an 28 Meitheamh 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2739/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)