Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2008

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ST/11943/2024/INIT

    IO L, 2024/2008, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2008/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2008/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2008

    22.7.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2008 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Iúil 2024

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 8 Nollaig 2020, sa Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2022, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an éifeacht dhíréireach atá ag coinbhleachtaí armtha i gcónaí ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, chomh maith le leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleachtaí, as líne agus ar líne. Gheall sí go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí chun an foréigean sin a chomhrac chun cuntasacht iomlán a áirithiú agus chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac. Sa bhreis air sin, sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2014, chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le beartais chomhordaithe ar gach leibhéal ábhartha mar aon le cur chuige cuimsitheach le go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chomhrac agus a dhíothú, ar beartais iad lena ndíreofar ar na príomh-shaincheisteanna maidir le cosc, tearcthuairisciú, cosaint, tacú le híospartaigh, agus na daoine sin is cúis leis an bhforéigean a ionchúiseamh chomh maith le bearta eile. Treisíonn úsáid straitéiseach na mbeart sriantach an cur chuige sin trí bhreis brú a chur chun tuilleadh sáruithe agus mí-úsáidí a chosc agus, i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa bhosca uirlisí um chearta an duine, tarraingíonn sé aird ar na sáruithe agus na mí-úsáidí sin agus ar na daoine atá freagrach astu.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceathrar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach I Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘115.

    Abdel Karim Mohammad IBRAHIM

    عبد الكريم محمود إبراهيم

    (litriú Araibise)

    Post/poist: Ceann foirne Arm na Siria

    Áit bhreithe: Tartous, an tSiria

    Náisiúntacht: Siriach

    Inscne: fireann

    Is é Abdel Karim Mohammad Ibrahim ceann foirne Arm na Siria.

    Déanann stát na Siria, lena n-áirítear an t-arm, céasadh córasach agus forleathan, éigniú agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe in aghaidh na sibhialtach.

    Tá Abdel Karim Mohammad Ibrahim, ina cháil mar cheann foirne Arm na Siria, freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha atá faoina cheannas.

    Dá bhrí sin, tá Abdel Karim Mohammad Ibrahim freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus foréigean córasach forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024

    116.

    Ali Mahmoud ABBAS

    علي محمود عباس

    (litriú Araibise)

    Post/poist: An tAire Cosanta agus Leas-Ardcheannasaí an Airm

    Dáta breithe: 2.11.1964

    Áit bhreithe: Rif Dimashq, an tSiria

    Náisiúntacht: Siriach

    Inscne: fireann

    Is é Ali Mahmoud Abbas Aire Cosanta na Siria agus Leas-Ardcheannasaí ar Arm na Siria ó 2022.

    Déanann stát na Siria, lena n-áirítear an t-arm, céasadh córasach agus forleathan, éigniú chomh maith le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe in aghaidh na sibhialtach.

    Ina cháil mar Aire Cosanta na Siria agus mar Leas Ardcheannasaí ar Arm na Siria, tá Ali Mahmoud Abbas freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha atá faoina cheannas.

    Dá bhrí sin, tá Ali Mahmoud Abbas freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus foréigean córasach forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024

    117.

    RI Chang Dae

     

    Post/poist: An tAire Stáit Slándála

    Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)

    Inscne: fireann

    Is é Ri Chang Dae Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) ó 2022.

    Dírítear foréigean go córasach ar mhná agus ar chailíní atá ag cur i gcoinne an réimis nó atá á gcoinneáil in ionaid choinneála nó príosúin in DPDC, go háirithe faoi fhaire na hAireachta Slándála Stáit agus in ionaid atá faoi cheannas na hAireachta sin.

    Ina cháil mar cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Ri Chang Dae freagrach as iliomad gníomhartha foréigin gnéasaigh agus inscnebhunaithe a rinne oifigigh na hAireachta sin.

    Dá bhrí sin, tá Ri Chang Dae freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024

    118*.

    Evgeniy Aleksandrovich SOBOLEV

    ar a dtugtar freisin Yevhen Oleksandrovich SOBOLEV

    Евгений Александрович Соболев

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceann sheirbhís pheannaideach údaráis forghabhála na Rúise i réigiún Kherson

    Dáta breithe: 25.7.1985

    Áit bhreithe: Nova Kakhovka, réigiún Kherson, an Úcráin

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir an phas: 3125216313

    Is é Evgeniy Sobolev ceann sheirbhís pheannaideach údaráis forghabhála na Rúise i réigiún Kherson.

    Faoina cheannas, rinneadh patrún forleathan córasach de sháruithe ar chearta an duine i saoráidí coinneála i limistéir atá faoi rialú údaráis forghabhála na Rúise, lena n-áirítear réigiún Kherson, a dhoiciméadú.

    Áirítear leis an bpatrún sin céasadh, agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe. I measc na gcleachtas tá éigniú, nochtacht éigeantais, leictrealoisc ar bhaill ghiniúna agus bagairtí maidir le ciorrú ball giniúna.

    Díríodh go sonrach ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu maidir le faisnéis a chur ar fáil d’údaráis na hÚcráine, nó a thacaigh le fórsaí armtha na hÚcráine.

    Ina cháil mar cheann ar sheirbhís pheannaideach údaráis forghabhála na Rúise i réigiún Kherson, tá Evgeniy Sobolev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus sáruithe eile ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéasaach agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024’

    (2)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘32.

    Kokorat San Ras

     

    An cineál eintitis: Drong ó Háítí atá ag feidhmiú den chuid is mó i réigiún Artibonite agus an Iarthuaiscirt

    Is drong é Kokorat San Ras atá ag feidhmiú i Háití a bunaíodh agus a neartaigh idir 2015 agus 2017. Feidhmíonn sé i réigiúin ar leith (Artibonite/Iarthuaisceart) agus tá an tionchar a imríonn sé fós ag fás.

    Tá cáil ar Kokorat San Ras mar gheall ar a ionsaithe foréigneacha agus a ionsaitheacht fhisiciúil chun smacht a fháil ar níos mó limistéar. Le linn na n-ionsaithe sin, déantar éigniú agus foréigean eile in aghaidh na mban go rialta.

    Dá bhrí sin, tá Kokorat San Ras freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024

    33.

    Onsong County MSS Detention Centre

     

    An cineál eintitis: ionad coinneála

    Áit chláraithe: Contae Onsong, Cúige Hamgyong Thuaidh, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)

    Is saoráid choinneála é Onsong County MSS Detention Centre i gCúige Hamgyong Thuaidh de Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC).

    Is iad fórsa póilíneachta ginearálta DPDC, Aireacht Slándála na nDaoine , a bhainistíonn an tsaoráid agus tá oifigigh stáit agus oifigigh cheartúcháin Aireacht slándála na nDaoine ar fhoireann na saoráide.

    In Onsong County MSS Detention Centre, is gné sheanbhunaithe den phróiseas ceistiúcháin í an chéastóireacht, a úsáidtear chun admháil iomlán a fháil uathu siúd atá á gcoinneáil go treallach.

    I measc samplaí de chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach tá diúltú bia a thabhairt thar tréimhsí fada, ocras, diúltú cúnamh leighis a thabhairt, easpa sláinteachais, céastóireacht suímh.

    Tá daoine atá á gcoinneáil in Onsong County MSS Detention Centre faoi réir éignithe agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe freisin, mar shampla sclábhaíocht, corpchuardaigh ionracha, ginmhilltí éigeantais, agus díriú córasach ar chumas atáirgthe na mban.

    Dá bhrí sin, tá Onsong County MSS Detention Centre freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le sáruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    22.7.2024’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2008/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top