Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1966

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1966 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (Sardeluță marinată (STR))

C/2024/4902

IO L, 2024/1966, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1966/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1966/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1966

17.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1966 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Iúil 2024

lena gcláraítear ainm i gclár na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (‘Sardeluță marinată’ (STR))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 90(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena ndearnadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a aisghairm, leanfaidh an Rialachán sin de bheith infheidhme maidir leis na hiarratais ar chlárú sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024.

(2)

De bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, an t-iarratas ón Rómáin ar an ainm ‘Sardeluță marinată’ a chlárú mar Shainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (STR), is iarratas é a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(3)

An 24 Samhain 2023, fuair an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe ón mBulgáir. D’áitigh an freasúróir gur dleathach an t-ainm atá beartaithe a chlárú, go bhfuil cáil air agus go bhfuil sé suntasach ó thaobh an gheilleagair de i gcás táirgí talmhaíochta nó bia-earraí comhchosúla Airteagal 21(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Go háirithe, mhaígh an Bhulgáir go bhfuil traidisiún seanbhunaithe maranáidithe saláin sa Bhulgáir. Tairgtear táirge ar mhargadh na Bulgáire faoin ainm ‘маринована цаца’, ar mar a chéile é, san aistriúchán, le ‘Sardeluță marinată’. Mhínigh an Bhulgáir go bhfuil salán maranáidithe ar eolas go maith le blianta fada, gur táirge é a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leis agus go bhfuil éileamh ag tomhaltóirí na Bulgáire air. Dá bhrí sin, d’iarr an Bhulgáir, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) 1151/2012, go mbeadh an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’ ag gabháil leis an téarma Rómánach ‘Sardeluță marinată’ nuair a chláraítear é mar STR. D’áiritheofaí leis sin go gcosnófaí leasanna tháirgeoirí salán maranáidithe na Bulgáire.

(4)

Chinn an Coimisiún go raibh an freasúra inghlactha, de réir bhrí Airteagal 21(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus, i litir dar dáta an 18 Nollaig 2023, d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

(5)

Tháinig an Rómáin agus an Bhulgáir ar chomhaontú, ar tugadh fógra don Choimisiún faoi an 5 Feabhra 2024, faoin sprioc-am a leagadh síos.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’aontaigh an Rómáin agus an Bhulgáir, chun idirdhealú a dhéanamh idir táirge nó táirgí inchomparáide a bhfuil ainm comhionann nó comhchosúil orthu, gur cheart an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’ a bheith ag gabháil i gcónaí le hainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht ‘Sardeluță marinată’, nuair a chláraítear é mar STR.

(7)

Dá bhrí sin, níor cheart an t-ainm sin a chosaint sa cháil sin, ach amháin i gcomhar leis an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú fós an t-ainm ‘маринована цаца’ a úsáid i gcás táirgí nach gcomhlíonann sonraíocht táirge ‘Sardeluță marinată’‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’, laistigh de chríoch an Aontais ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

(9)

Is ar mhaithe le faisnéis amháin ba cheart an tsonraíocht táirge chomhdhlúite lena n-áirítear an tagairt don mhaíomh a fhoilsiú.

(10)

Dá réir sin, ba cheart an t-ainm ‘Sardeluță marinată’ a chlárú na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (STR),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an t-ainm ‘Sardeluță marinată’ (STR) a chlárú.

Leis an ainm sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 1.7. Éisc, moilisc, crústaigh úra agus táirgí díorthaithe, a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (4).

Airteagal 2

Beidh an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’ ag gabháil leis an ainm ‘Sardeluță marinată’ (STR).

Airteagal 3

Féadfar an t-ainm ‘маринована цаца’ a úsáid fós i gcás táirgí nach gcomhlíonann an tsonraíocht táirge ‘Sardeluță marinată’ atá ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’ laistigh de chríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

Airteagal 4

Leagtar amach an tsonraíocht táirge chomhdhlúite san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

(3)   IO C 303, 28.8.2023, lch. 5.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/668/oj).


IARSCRÍBHINN

SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

‘Sardeluță marinată’

Uimh. AE: TSG-RO-02882 – 21.12.2022

An Ballstát an Rómáin

1.   Ainm le clárú

‘Sardeluță marinată’

Ag brath ar an modh ina bhfaightear an táirge, beidh ainm an táirge a luaitear ar an lipéad ag gabháil leis an tuaslagán a úsáidtear, faoi seach: STR ‘Sardeluță marinată’ (i bhfíon), STR ‘Sardeluță marinată’ (in ola lus na gréine), STR ‘Sardeluță marinată’ (in ola lus na gréine spíosrach). Beidh an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún na Rómáine’ ag gabháil leis an ainm ‘Sardeluță marinată’.

2.   Cineál an táirge

Aicme 1.7. Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe

3.   An foras le clárú a dhéanamh

3.1.   Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an táirge: (Seiceáil boscaí ☒, □)

is toradh é ar mhodh táirgthe, ar mhodh próiseála nó ar mhodh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an táirge bia sin;

táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

Is é salán, iasc den speiceas Sprattus sprattus phalericus agus Sprattus sprattus, an t-amhábhar. Is iasc peiligeach éadrom, méith, beag é an salán, idir 65 agus 90 mm ar fad de ghnáth, a bhfuil corp fadaithe aige atá comhbhrúite go cliathánach, le cliatháin agus bolg ar dhath an airgid agus droim scothghorm dorcha nó scothghlas.

Is iasc mara beag é an salán a úsáideadh leis na deicheanna de bhlianta i dtáirgí maranáidithe, mar éisc leasaithe i bpáirt agus mar éisc stánaithe, agus úsáidtear é chun ‘Sardeluță marinată’ a mhonarú. Cumhdaítear saláin phróiseáilte agus mharanáidithe i meáin líonta éagsúla, chun trí chineál blas a mhonarú, ar cineálacha iad atá éagsúil ar bhonn orgánaileipteach i dtéarmaí blais, is é sin: ‘Sardeluță marinată’ (în vin) (salán maranáidithe i bhfíon), ‘Sardeluță marinată’ (în ulei de floarea-soarelui) (salán maranáidithe in ola lus na gréine), ‘Sardeluță marinată’ (în ulei de floarea-soarelui picant) (salán maranáidithe in ola lus na gréine le sillí).

Baineadh úsáid as na comhábhair seo a leanas go traidisiúnta chun na héisc a mharanáidiú agus mar mheáin líonta: cloch shalainn neamh-iaidídithe, fínéagar fíona, fíon geal, siúcra, ola lus na gréine, púdar paiprice milis, piobar sillí, piobarchaora dubha, duilleoga labhrais, ilspíosra iomlán, síolta lus an choire iomlána.

3.2.   Cé acu is fíor nó nach fíor iad na nithe seo a leanas i leith an ainm:

tá sé in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach;

aithníonn sé carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge.

Léiríonn ainm na dtáirgí sainiúlacht an amhábhair – salán dícheannaithe agus glanta – agus an modh ullmhúcháin (maranáidiú), agus déanann sé idirdhealú idir na cineálacha blaistithe den mheán líonta áirithe a úsáidtear. Leis an bhfaisnéis seo, atá san áireamh san ainm, tugtar foláireamh don tomhaltóir maidir leis na difríochtaí idir na cineálacha éagsúla táirgí.

Cuireadh sainiúlacht an tsainearra thraidisiúnta in iúl go sainráite le himeacht ama, ní hamháin maidir leis an amhábhar, ach freisin maidir le hainmneacha an táirge. Sa bhliain 1974, rinneadh ‘Sardeluță marinată’ mar ábhar de chaighdeáin táirgthe agus mhargaíochta arna bhforbairt ag an Aireacht um Thrádáil Inmheánach (an Institiúid um Thaighde Trádála, an Oifig um Fhaisnéis Dhoiciméadach maidir le Trádáil Inmheánach): ‘Caighdeán Inmheánach na Roinne (C.I.R) Uimh. 2190-74 maidir le héisc mharanáidithe fuara atá leasaithe i bpáirt in anlann fíona agus ola agus in anlann sillí’. Téann tagairt eile don speisialtacht seo siar go dtí 1988, nuair a bhíodh ‘Muirí – Salán in ola sillí’, ‘Muirí – Salán in ola agus glasraí’, agus ‘Muirí – Salán in anlann trátaí agus oinniún’ á dtáirgeadh ag an tionscal bia, mar atá léirithe sna Treoracha teicneolaíochta maidir le conas cannaí d’éisc bheaga mhara a tháirgeadh (an Stiúrthóireacht um Iascach agus Iascach Tionscail, 1988).

Le himeacht ama, tá an téarma ‘sardeluță’ agus an téarma salán mar speiceas tar éis teacht chun bheith ina gcomhchiallaigh i sonraíochtaí teicneolaíochta thionscal an bhia agus i gcomhthéacs tomhaltais bia sa Rómáin araon. Deimhníonn foclóirí eolaíocha gur comhchiallaigh iad salán agus ‘sardeluță’ anois: Dicționarul de sinonime al limbii române [Foclóir comhchiallaigh sa teanga Rómáinis], údair Luiza Seche agus Mircea Seche, Editura Academiei RSR, Búcairist, 1982, agus Dicționarul de sinonime al limbii române [Foclóir comhchiallaigh sa Rómáinis], údair Luiza Seche, Mircea Seche agus Irina Preda, Editura Științifică și Enciclopedică, Búcairist, 1989.

Sa bhunachar sonraí ar líne de chuid an Chórais Faisnéise Eorpach maidir leis an Dúlra (EUNIS) atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), liostaítear freisin an téarma sardeluță mar chomhchiallach sa Rómáinis don salán agus Sprattus sprattus.

I gcomhréir le hOrdú Uimh. 32/2023 ón Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe lena gceadaítear trádainmneacha na speiceas iasc agus na n-ainmhithe uisceacha eile a nglactar leo ar chríoch na Rómáine, úsáidtear an téarma sprat /sardeluță le haghaidh an speicis Sprattus sprattus phalericus, Sprattus sprattus.

4.   Tuairisc

4.1.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear carachtar sonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Táirgtear ‘Sardeluța marinată’ tríd an amhábhar (salán) a mharanáidiú, as a leanann trí chineál éagsúla ag brath ar an maranáid a úsáidtear, agus ansin trí é a chumhdach leis an meán líonta roghnaithe. Trí anlann fíona, ola lus na gréine nó ola lus na gréine le sillí a chur leis an salán maranáidithe agus trí é a bhlaistiú le comhábhair éagsúla, faigheann na táirgí blasanna ar leith, agus cáilíochtaí orgánaileipteacha sonracha acu.

Ag brath ar an meán líonta a úsáidtear, ní mór ainm an táirge ar an lipéad a líonadh isteach leis an gcomhábhar sonrach a úsáidtear, mar a leanas: ‘Sardeluță marinată STG’ (în vin) (sairdíní maranáidithe i bhfíon), ‘Sardeluță marinată STG’ (în ulei de floarea-soarelui) (in ola lus na gréine), ‘Sardeluță marinată STG’ (în ulei de floarea-soarelui picant) (in ola lus na gréine le sillí).

Saintréithe fisiceimiceacha

1.

Cion éisc 65 % ar a laghad

2.

Salann (clóiríd sóidiam) 7 % ar a mhéad

3.

Aigéadacht íosmhéid 0,5 % d’aigéad aicéiteach

Saintréithe orgánaileipteacha

Is iad príomhshaintréithe na dtáirgí a gcuma, a n-uigeacht, an dath atá orthu, a mblas agus an dea-bholadh atá orthu. Is é an chuma atá orthu ná éisc dhícheannaithe agus ghlanta a bhfuil colainn theann acu, gearrthacha gan uaim agus gan craiceann damáistithe. Bíonn na héisc éadrom, méith, agus cumhdaítear iad leis an leacht líonta a bhaineann go sonrach le gach táirge. Bíonn na dathanna céanna ar ‘Sardeluța marinată’ agus atá ar éisc úra: bíonn dath glasliath dathlonrach ar an gcuid uachtarach den chorp le cliatháin agus bolg ar dhath an airgid. I gcás ‘Sardeluță marinată’ i bhfíon agus ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine, bíonn dath an mheáin líonta tréshoilseach, le frithchaithimh ar dhath an airgid. Maidir le ‘Sardeluță marinată’ in ola sillí, bíonn an leacht tréshoilseach, le frithchaithimh ar dhath an airgid agus le himir scothdhearg. Tugann na comhábhair a úsáidtear blas an táirge, is é sin ilspíosra, lus an choire, piobar dubh, agus duilleoga labhrais. I gcás ‘Sardeluță marinată’ in ola sillí, is iad an piobar sillí agus an púdar paiprice milis a thugann an blas sonrach.

Bíonn blas an éisc sáile ar ‘Sardeluța marinată’ i bhfíon agus bíonn blas beagán aigéadach air, a bhfuil dea-bholadh an fhínéagair fíona agus an fhíona ghil ag gabháil leis. Bíonn blas an éisc sáile ar ‘Sardeluța marinată’ in ola lus na gréine agus bíonn blas neodrach ola lus na gréine air. Bíonn blas an éisc sáile ar ‘Sardeluța marinată’ in ola sillí, agus bíonn beagán de bhlas an sillí air freisin.

4.2.   Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 is gá do tháirgeoirí a leanúint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na mblastanas a úsáidtear, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Is é an t-amhábhar a úsáidtear do na táirgí maranáidithe ná salán cuisnithe nó reoite (Sprattus sprattus phalericus, Sprattus sprattus). Bíonn an cholainn éadrom agus méith, agus bíonn blas an éisc sáile air.

Is iad na comhábhair a úsáidtear sa mhodh monaraíochta ná ola lus na gréine, fínéagar fíona, cloch shalainn neamh-iaidídithe don tionscal bia, siúcra, fíon geal, agus spíosraí neamhphróiseáilte (ilspíosra, lus an choire, piobar dubh, agus duilleoga labhrais). Ina theannta sin, úsáidtear piobar sillí agus púdar paiprice milis chun ‘Sardeluța marinată’ a ullmhú in ola sillí.

Bíonn na céimeanna seo a leanas san áireamh sa mhodh táirgthe: seachadadh na n-iasc reoite, stóras, leá, príomhphróiseáil agus leasú trí chuisniú, ag ullmhú an brat spíosraí, ag ullmhú na maranáide, ag ullmhú na meán líonta, ag maranáidiú, ag cur gach ní i gcoimeádáin aonair agus ag cur an meán líonta leis.

a)   Seachadadh na n-iasc

Seachadadh agus seiceáil cainníochta, stóras agus díphacáil ina dhiaidh sin i gcás inar gá, an t-amhábhar a leá in áitribh iomchuí, agus seiceáil cáilíochta.

b)   Príomhphróiseáil na n-iasc

Déantar saláin a dhícheannú, a ghlanadh, agus a ní le go dtiocfadh siad chun a bheith éard a dtugtar ‘sardeluță’ orthu. Déantar iad a leasú trí chuisniú calóg oighear.

c)   Ullmhúchán an bhrait spíosraí

Déantar na comhábhair (ilspíosra, lus an choire, piobar dubh, agus duilleoga labhrais) agus an t-uisce a thomhas de réir an oidis. Fiuchtar an t-uisce san umar um fhiuchadh agus ansin doirtear é ar fud na spíosraí measctha san umar um mheascadh. Tar éis an brat a fhiuchadh, fágtar é le fuarú sula n-aistrítear é chuig coimeádáin druma. Stóráiltear ansin é ar feadh 48 n-uair an chloig ag teocht nach mó ná 25 °C.

Is mar a leanas atá an t-oideas le haghaidh 20 lítear de bhrat spíosraí:

Uimhir Ítime

Comhábhair

Aonad tomhais

Méid

1.

Uisce

Lítir

20

2.

Piobarchaora iomlána

kg

0,2

3.

Caora ilspíosra iomlána

kg

0,1

4.

Síolta lus an choire iomlána

kg

0,1

5.

Duilleoga labhrais

kg

0,1

d.   Ullmhúchán na maranáide

Tá uisce, fínéagar fíona, cloch shalainn neamh-iaidídithe, an brat spíosraí sonrach, fíon geal agus siúcra sa mharanáid H-1:1 le haghaidh salán dícheannaithe agus glanta. Tugtar cainníochtaí na gcomhábhar don mharanáid le haghaidh meascán de 100 lítear.

Is mar a leanas atá oideas na maranáide:

Uimhir Ítime

Comhábhair

Aonad tomhais

Méid

1.

Uisce

Lítir

41

2.

Fínéagar fíona (9°)

Lítir

25

3.

Cloch shalainn neamh-iaidídithe

kg

12

4.

Brat spíosraí

Lítir

10

5.

Fíon geal

Lítir

8

6.

Siúcra

kg

4

e.   Ullmhúchán na meán líonta

Bíonn na meáin líonta éagsúil agus bíonn siad sonrach do gach cineál táirge.

Bíonn an meán líonta le haghaidh ‘Sardeluță marinată’ i bhfíon comhdhéanta de na comhábhair a leanas:

Uimhir thagartha

Comhábhair

Aonad tomhais

Méid

1.

Uisce

Lítir

54

2.

Fínéagar fíona (9°)

Lítir

20,5

3.

Brat spíosraí

Lítir

10

4.

Fíon geal

Lítir

8

5.

Siúcra

kg

4

6.

Cloch shalainn neamh-iaidídithe

kg

3,5

Is í ola lus na gréine an meán líonta le haghaidh ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine.

Faightear an meán líonta le haghaidh ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine le sillí tríd an bpiobar sillí mionghearrtha a fhiuchadh leis an bpúdar paiprice milis agus an ola lus na gréine. Tógann an próiseas fiuchta thart ar 60 nóiméad agus críochnaíonn sé nuair a athraíonn dath an ola go dath scothdhearg mar gheall ar na spíosraí. Fágtar an meascán le fuarú go teocht an tseomra. Tar éis é a fhuarú, déantar an meascán a shíothlú chun leacht soiléir a bhfuil rianta fíneálta de phúdar paiprice dearg ann a tháirgeadh; bíonn blas tipiciúil an phiobair sillí air, gan a bheith searbh ná camhraithe, agus bíonn boladh taitneamhach, aramatach an phiobair air. Stóráiltear ansin é ar feadh 48 n-uair an chloig ag teocht nach mó ná 25 °C.

Bíonn an comhdhéanamh seo a leanas i gcomhair 10 lítear sa mheán líonta le haghaidh ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine le sillí:

Uimhir Ítime

Comhábhair

Aonad tomhais

Méid

1.

Ola lus na gréine

Lítir

10

2.

Púdar paiprice milis

kg

0,1

3.

Piobar sillí mionaithe

kg

0,1

f)   Maranáidiú

Déantar saláin dhícheannaithe agus ghlanta a mheá agus a shruthlú i dtuaslagán sáile 24 %. Baintear iad as an tuaslagán salainn agus déantar iad a bhratú sa mharanáid. Tógann maranáidiú 16 uair an chloig ar a laghad nó go dtí go sroicheann pH an luach riachtanach, is é sin 4.9. Tar éis iad a mharanáidiú, baintear na saláin den mheascán agus déantar iad a shileadh sula gcuirtear i gcoimeádáin iad. Ullmhaítear na meáin líonta roimh ré ionas go mbeidh siad fuar cheana féin sula dtosaíonn an próiseas pacála.

g)   Ullmhúchán an táirge

Faightear na táirgí sna sonraíochtaí trí na saláin a chur i gcoimeádáin aonair agus an meán líonta a chur leo. Is é an cineál pacáistíochta a chinnfidh an cóimheas idir an t-amhábhar agus an meán líonta, ach ní féidir le cion an amhábhair – salán – a bheith níos lú ná 65 %.

Is é salán maranáidithe pacáilte i gcoimeádáin aonair atá in ‘Sardeluță marinată’ i bhfíon, lena gcuirtear an meán líonta sonrach (anlann fíona), suas le 35 % ar a mhéad den mheáchan iomlán. Ag brath ar thoilleadh an choimeádáin, cuirtear 2-10 gram d’ola lus na gréine agus thart ar dhá nó trí shíol lus an choire iomlána (suas le 4 gram) leis.

Is é salán maranáidithe a chuirtear i gcoimeádáin aonair atá in ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine, lena gcuirtear an meán líonta sonrach (ola lus na gréine), suas le 35 % ar a mhéad den mheáchan iomlán. Ag brath ar thoilleadh an choimeádáin, cuirtear duilleog labhrais amháin nó níos mó (suas le 1 ghram) leis, agus thart ar dhá nó trí phiobarchaor dhubha iomlána (suas le 4 ghram).

Is é salán maranáidithe pacáilte i gcoimeádáin aonair atá in ‘Sardeluță marinată’ in ola lus na gréine le sillí, lena gcuirtear an meán líonta sonrach (ola lus na gréine le sillí), suas le 35 % ar a mhéad den mheáchan iomlán. Ag brath ar thoilleadh an choimeádáin, cuirtear thart ar dhá nó trí phiobarchaor dhearga iomlána (suas le 4 ghram).

4.3.   Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge – an comhdhéanamh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta an táirge sin nó an fíoras go dtáirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair a úsáidtear go traidisiúnta (Airteagal 7(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014)

In 1953, mheas speisialtóirí teicneolaíochta gur amhábhar le haghaidh éisc leasaithe i bpáirt agus chun iasc stánaithe a tháirgeadh a bhí i salán: Aireacht Thionscail na Feola, na nIasc agus na Déiríochta, Îndreptar pentru industria de prelucrare a peștelui [Leabhar rialacha don tionscal próiseála iasc], Editura Tehnică, Búcairist, an Rómáin, 1953, lch. 135. De réir an leabhair rialacha, bhí salán ar cheann de na hamhábhair a úsáideadh le haghaidh éisc atá leasaithe i bpáirt in olaí glasraí.

Luadh ‘Sardeluța’ in 1957 mar amhábhar sna treoirlínte ar chaighdeáin bia a dhréachtaigh V. Gheorghe, PhD: Gheorghe, V., Peștii și delfinii în alimentație și industrie [Éisc agus deilfeanna i mbia agus i réimse an tionscail], Aireacht Thionscal na nEarraí Tomhaltais, Ard-Stiúrthóireacht um Thionscal na nIasc agus um Rialáil Iascaireachta, Búcairist, an Rómáin, 1957. De réir V. Gheorghe, ‘[…] toisc go mbaineann sé leis an bhfine chéanna leis an salán ón Muir Bhailt (cé go bhfuil sé beagán níos lú), bheadh sardeluța dea-oiriúnaithe le haghaidh táirgeadh saláin stánaithe in ola […]’.

Baineadh úsáid as sairdíní, éisc mara meánmhéide, dícheannaithe agus glanta, in 1960 mar amhábhar in oideas a shínigh Ecaterina Teișanu, ‘Sairdíní in ola’ (Teișanu, E., Conservarea cărnurilor și peștelui în gospodărie [Feoil agus éisc a chaomhnú sa bhaile], Editura Tehnică, Búcairist, 1960).

Sa bhliain 1988, ghlac an Stiúrthóireacht um Iascach agus Iascach Tionscail, arna fo-ordú don Aireacht um an Tionscal Bia agus um Tháirgí Talmhaíochta a Fháil (M.I.A.A.PA.), ar mhaithe le haonaid thionscal an bhia, Treoracha teicneolaíochta maidir le conas éisc mhara fhuar-mharanáidithe a tháirgeadh. Measadh gur amhábhair a bhí sna speicis a leanas: ‘Salán ón Muir Dhubh agus ón Muir Chaisp, ainseabhaí, sead ón Muir Dhubh, agus salán, de réir NTR 1484-83 – “Éisc dhúchasacha saillte” […]’.

Bhí comhábhair na dtáirgí sna sonraíochtaí leagtha síos cheana féin i gcaighdeáin mhonaraíochta thionscal an bhia in 1953. Mar shampla, luaitear sa Leabhar rialacha le haghaidh an tionscail próiseála iasc duilleoga labhrais, piobarchaor, púdar sillí agus púdar paiprice mhilis, síolta mustaird, lus an choire, ilspíosra, etc. (Aireacht Thionscail na Feola, na nIasc agus na Déiríochta, Îndreptar pentru industria de prelucrare a peștelui, Editura Tehnică, Búcairist, an Rómáin, 1953, lgh. 93-49.)

Tagairt eile do na comhábhair is ea ‘Caighdeán Inmheánach na Roinne (N.I.D) Uimh. 2190-74 maidir le éisc mharanáidithe fhuara atá leasaithe i bpáirt in anlann fíona agus ola agus in anlann sillí’. Luaigh sé seo, de réir an bhailiúcháin um chaighdeáin an Stáit agus rialacha inmheánacha cáilíochta teicniúla d’éisc agus do tháirgí éisc (Aireacht na Trádála Inmheánaí, Standarde de stat și norme interne tehnice de calitate pentru pește și produse din pește, Búcairist, an Rómáin, 1975), gur ‘[…] ola lus na gréine inite, fínéagar coipthe, spíosraí (piobarchaor, duilleoga labhrais, ilspíosra) […]’ a bhí mar chomhábhair.

Ina theannta sin, in 1988, d’fhormhuinigh an Stiúrthóireacht um Iascach agus Iascach Tionscail, arna fo-ordú do M.I.A.A.P.A., an Treoir teicneolaíochta maidir le conas salán a tháirgeadh in anlann fíona agus in ola mar ghéarú goile; ba é salán a bhí mar amhábhar agus ba iad ‘[…] ola lus na gréine inite, aigéad aicéiteach ag 80 % - grád bia, fíon geal ar ardchaighdeán, spíosraí (piobarchaor, duilleoga labhrais, ilspíosra iomlán) […]’ mar chomhábhair.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1966/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top