This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1921
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1921 of 12 July 2024 approving a modification of a traditional term in the wine sector in accordance with Article 115(2) of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council (Palo Cortado)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1921 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena bhformheastar modhnú ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Palo Cortado)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1921 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena bhformheastar modhnú ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Palo Cortado)
C/2024/4785
IO L, 2024/1921, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1921/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1921 |
15.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1921 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2024
lena bhformheastar modhnú ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Palo Cortado’)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 115(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus (3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar mhodhnú ar an téarma traidisiúnta ‘Palo Cortado’, iarratas a chuir an Spáinn ar aghaidh, agus d’fhoilsigh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é (3). |
|
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, ba cheart, dá bhrí sin, an modhnú ar an téarma traidisiúnta ‘Palo Cortado’ a fhormheas agus a iontráil i gclár leictreonach na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An modhnú ar an téarma traidisiúnta ‘Palo Cortado’ a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, formheastar leis seo é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/33/oj).
(3) IO C, C/2024/1130, 26.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1130/oj.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1921/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)