Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32024R1755
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1755 of 25 June 2024 concerning the authorisation of acetic acid, calcium acetate and sodium diacetate as feed additives for fish
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1755 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2024 maidir le haigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh iasc
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1755 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2024 maidir le haigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh iasc
C/2024/4261
IO L, 2024/1755, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1755/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1755 |
26.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1755 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Meitheamh 2024
maidir le haigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh iasc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Rinneadh na substaintí aigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh na substaintí sin i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le Airteagal 10(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar aigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam le haghaidh iasc. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘leasaithigh’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 6 Iúil 2023 (3) go bhfuil aigéad aicéiteach (agus a shalainn) sábháilte do gach iasc ar an uasleibhéal molta 2 500 mg aigéad aicéiteach/kg beatha iomlán. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid ina thuairimí eile roimhe seo an 1 Feabhra 2012 (4) agus an 6 Bealtaine 2021 (5) nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag aigéad aicéiteach ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol agus go mbraitheann na rioscaí a bhaineann le húsáideoirí a láimhseálann aigéad aicéiteach ar an tiúchan, ar rioscaí iad lena n-áirítear greannú craicinn, súl agus na conaire riospráide (tiúchan 10–25 %) agus creimeadh (tiúchan > 25 %) agus gur cheart salainn aigéid aicéitigh a mheas mar ghreannaitheoir láidir lena mbaineann riosca ar leith do na súile. Chinn an tÚdarás freisin go bhféadfadh aigéad aicéiteach agus a shalainn a bheith ina leasaithigh in ábhair bheatha. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann aigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
|
(6) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, substaintí a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘leasaithigh’, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Aigéad aicéiteach, aicéatáit chailciam agus dé-aicéatáit sóidiam mar a údaraítear iad de bhun Threoir 70/524/CEE agus na réamh-mheascáin a bhfuil na breiseáin sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Eanáir 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Iúil 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe má tá siad beartaithe d’iasc.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na breiseáin bheathaithe a shonraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Iúil 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Iúil 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe má tá sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-iasc.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Iúil 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Iúil 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-iasc.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha
(IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(7):8176.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 2012;10(2):2571.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6615.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh |
||||||||||||||
|
1a260 |
Aigéad aicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Aigéad aicéiteach ≥ 99,8 % Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Aigéad aicéiteach ≥ 99,8 % C2H4O2 Uimh. CAS 64-19-7 Uisce: ≤ 0,15 % Ábhar neamh-ghalaithe ≤ 30 mg/kg Aigéad formach agus a shalainn agus ábhar eile in-ocsaídithe ≤ 0,5 g/kg Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach lena n-áirítear táirgeadh ceallalóis (mar sheachtháirge) Modh Anailíse (1) Maidir le haigéad aicéiteach a chinneadh mar aigéad aicéiteach iomlán sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, agus i mbeatha chumaisc: Crómatagrafaíocht Ian le Brath Seoltachta IC-CD (EN 17294) |
Éisc |
- |
- |
2 500 |
|
16 Iúil 2034 |
||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh |
||||||||||||||
|
1a262 |
Dé-aicéatáit sóidiam |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Dé-aicéatáit sóidiam ≥ 97 % Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Dé-aicéatáit sóidiam (ainhidriúil agus tríhiodráit) NaC4H7O4 Uimh. CAS 126-96-5 Aicéatáit sóidiam ≥ 58 % Aigéad aicéiteach ≥ 39 % Uisce ≤ 2 % Aigéad formach agus a shalainn agus ábhar eile in-ocsaídithe ≤ 1g/kg Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Modh Anailíse (2) Maidir le sóidiam a chinneadh sa bhreiseán beathaithe: EN ISO 6869: speictriméadracht ionsú adamhaigh (AAS) nó EN 15510: speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES) Maidir le dé-aicéatáit sóidiam a chinneadh mar aigéad aicéiteach iomlán sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, agus i mbeatha chumaisc: Crómatagrafaíocht Ian le Brath Seoltachta IC-CD (EN 17294) |
Éisc |
- |
- |
2 500 (mar aigéad aicéiteach) |
|
16 Iúil 2034 |
||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh |
||||||||||||||
|
1a263 |
Aicéatáit chailciam (ainhidriúil agus monaihiodráit) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Aicéatáit chailciam ≥ 98,7 % Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Aicéatáit chailciam ≥ 98,7 % C4H6CaO4 Uimh. CAS 62-54-4 Uisce ≤ 6 % Aigéad formach agus a shalainn agus ábhar eile in-ocsaídithe ≤ 1g/kg Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Modh Anailíse (3) Maidir le cailciam a chinneadh sa bhreiseán beathaithe: EN ISO 6869: speictriméadracht ionsú adamhaigh (AAS) nó EN 15510: speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES) Maidir le haicéatáit chailciam a chinneadh mar aigéad aicéiteach iomlán sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, agus i mbeatha chumaisc: Crómatagrafaíocht Ian le Brath Seoltachta IC-CD (EN 17294) |
Éisc |
- |
- |
2 500 (mar aigéad aicéiteach) |
|
16 Iúil 2034 |
||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1755/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)