EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1620

Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

PE/35/2024/INIT

IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1620

19.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1620 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2024

lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Nochtadh leis an taithí a fuarthas ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), atá ag brath go mór ar chur chun feidhme náisiúnta bhearta AML/CFT, gur ann do laigí ní hamháin maidir le feidhmiú éifeachtúil chreat sin an Aontais ach freisin maidir le moltaí idirnáisiúnta a chomhtháthú. De bharr na laigí sin, tá bacainní nua ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, de dheasca rioscaí laistigh den mhargadh inmheánach mar aon le bagairtí seachtracha atá roimhe.

(2)

Mar gheall ar chineál trasteorann na coireachta agus fáltas ó choireacht, cuirtear i mbaol iarrachtaí chóras airgeadais an Aontais a mhéid a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Is gá na hiarrachtaí sin a fheabhsú ar leibhéal an Aontais trí údarás a chruthú a bheidh freagrach as rannchuidiú le cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe sa réimse sin. Sa bhreis air sin, ba cheart don údarás sin cur chuige comhchuibhithe a shaothrú chun creat coisctheach AML/CFT atá ag an Aontas cheana, agus go sonrach maoirseacht AML/CFT agus comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna), a neartú. Leis an gcur chuige sin, tá sé beartaithe éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta agus i gcleachtais mhaoirseachta a laghdú agus struchtúir a thabhairt isteach a théann chun tairbhe d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ar bhealach cinntithe agus ba cheart, dá dhroim sin, é a bheith bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart údarás de chuid an Aontais um fhrithsciúradh airgid agus um chomhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (‘an tÚdarás’) a bhunú. Tá cruthú an Údaráis ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil agus leormhaith ar eintitis faoi oibleagáid a bhfuil riosca ard ag baint leo i dtaca le sciúradh airgid/maoiniú na sceimhlitheoireachta (‘ML/TF’), chun cineálacha cur chuige coiteanna le haghaidh na n-eintiteas eile uile faoi oibleagáid a neartú, agus chun anailísí comhpháirteacha agus comhar idir FIUnna a éascú.

(4)

Tá an Rialachán seo ina chuid de phacáiste cuimsitheach a bhfuil sé d’aidhm aige creat AML/CFT an Aontais a neartú. Le chéile, is é a bheidh sa Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an creat dlíthiúil lena rialófar na ceanglais AML/CFT a bheidh le comhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid agus a bheidh mar bhonn taca faoi chreat institiúideach AML/CFT an Aontais.

(5)

Chun maoirseacht AML/CFT a thabhairt chuig leibhéal éifeachtúil agus aonfhoirmeach ar fud an Aontais, is gá na cumhachtaí seo a leanas a sholáthar don Údarás: maoirseacht dhíreach ar líon áirithe eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid san earnáil airgeadais, lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse cripteashócmhainní; faireachán agus anailís agus malartú faisnéise a bhaineann le rioscaí ML/TF lena ndéantar difear don mhargadh inmheánach; comhordú agus formhaoirseacht ar mhaoirseoirí AML/CFT ón earnáil airgeadais; comhordú agus formhaoirseacht ar mhaoirseoirí AML/CFT ón earnáil seach-airgeadais, lena n-áirítear comhlachtaí féinrialála; agus comhordú FIUnna, agus tacaíocht dóibh.

(6)

Is é an bealach is iomchuí chun maoirseacht AML/CFT agus comhar a thabhairt i gcrích idir FIUnna ar leibhéal an Aontais inniúlachtaí maoirseachta dírí agus indírí maidir le heintitis faoi oibleagáid a chomhcheangal, agus sásra um thacaíocht agus um chomhordú le haghaidh FIUnna a sholáthar freisin. Dá bhrí sin, is gá don Údarás neamhspleáchas agus ardleibhéal saineolais theicniúil a chomhcheangal agus is gá é sin a bhunú i gcomhréir le Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.

(7)

Ba cheart na socruithe maidir le suíomh an Údaráis a leagan síos i gcomhaontú ceanncheathrún idir an tÚdarás agus an Ballstát ina bhfuil a shuíomh lonnaithe. Ba cheart a shonrú sa chomhaontú ceanncheathrún na coinníollacha chun an suíomh a bhunú agus na buntáistí a thabharfaidh an Ballstát don Údarás agus dá fhoireann. Ba cheart an comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích go tráthúil sula gcuirfidh an tÚdarás tús lena chuid oibríochtaí.

(8)

Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus suíomh an Údaráis á roghnú acu, lena áirithiú, i bhfianaise chineál an Údaráis, go bhfágfaidh a shuíomh gur féidir leis a chúraimí agus a chumhachtaí a chur i gcrích go hiomlán, foireann ardcháilithe agus speisialaithe a earcú, deiseanna oiliúna leormhaithe a thairiscint i leith ghníomhaíochtaí AML/CFT, agus i gcás inarb ábhartha, dul i gcomhar go dlúth le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais; agus, chun rioscaí clú a sheachaint, tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le breithniú a dhéanamh, bunaithe ar fhaisnéis ábhartha inchomparáide atá ar fáil go poiblí, amhail tuairiscí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), ar conas a thugtar aghaidh go leormhaith ar rioscaí ML/TF sa Bhallstát ina bhfuil an suíomh le bheith lonnaithe. Ina theannta sin, tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis na critéir seo a leanas a chur san áireamh chun suíomh an Údaráis a roghnú: dearbhú gur féidir an tÚdarás a chur ar bun ar an láthair ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; inrochtaineacht an tsuímh; saoráidí leormhaithe oideachais a bheith ann do leanaí na mball foirne; rochtain iomchuí ar mhargadh an tsaothair, ar an tslándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus céilí na mball foirne araon; agus cothromaíocht gheografach. Agus na critéir sin á mbreithniú, ba cheart suíomh an Údaráis a bheith in Frankfurt am Main, an Ghearmáin.

(9)

Tá sé d’aidhm ag cumhachtaí an Údaráis caoi a thabhairt dó ar fheabhas a chur ar mhaoirseacht AML/CFT san Aontas ar bhealaí éagsúla. Maidir le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart don Údarás comhlíonadh uile-ghrúpa a áirithiú leis na ceanglais a leagtar síos i gcreat AML/CFT agus aon ghníomh eile ón Aontas atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus lena bhforchuirtear oibleagáidí lena mbaineann AML/CFT ar institiúidí airgeadais. Maidir le maoirseoirí airgeadais, ba cheart don Údarás, go háirithe, athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na maoirseoirí airgeadais uile a gcúraimí go leormhaith. Ba cheart dó imscrúdú a dhéanamh freisin ar chlistí córasacha maoirseachta a eascraíonn as sáruithe ar dhlí an Aontais, nó as neamhchur i bhfeidhm nó cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais. Maidir le maoirseoirí seach-airgeadais, lena n-áirítear comhlachtaí féinrialála i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Údarás athbhreithnithe piaraí ar chaighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta a chomhordú agus a iarraidh ar mhaoirseoirí seach-airgeadais a áirithiú go n-urramaítear ceanglais AML/CFT ina réimse inniúlachta. Ba cheart don Údarás a bheith in ann gníomhú i gcásanna ina bhféadfadh maoirseoirí seach-airgeadais dlí an Aontais a shárú nó gan dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus, i gcás nach gceartaítear sáruithe den sórt sin i gcomhréir le moltaí an Údaráis, ba cheart dó rabhaidh a eisiúint do chontrapháirtithe na maoirseoirí seach-airgeadais dá ndéantar difear. Ba cheart don Údarás feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT a éascú san earnáil airgeadais agus earnáil seach-airgeadais araon. Ar an iomlán, ba cheart don Údarás rannchuidiú leis na cleachtais mhaoirseachta a thabhairt le chéile agus le hardchaighdeáin mhaoirseachta a chur chun cinn. Sa bhreis air sin, ba cheart don Údarás déanamh anailísí comhpháirteacha ag FIUnna a chomhordú agus tacaíocht a thabhairt dó, nó a iarraidh go seolfaí anailísí comhpháirteacha, agus ba cheart dó seirbhísí TF agus intleachta saorga a chur ar fáil do FIUnna chun a gcumais anailíse sonraí a fheabhsú, chomh maith le huirlisí le haghaidh comhroinnt shlán faisnéise, lena n-áirítear trí FIU.net a óstáil, ar córas TF tiomnaithe é trínar féidir le FIUnna dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú le chéile agus, i gcás inarb iomchuí, lena gcontrapháirtithe ó thríú tíortha agus ó thríú páirtithe.

(10)

D’fhonn rialacha AML/CFT a neartú ar leibhéal an Aontais, soiléireacht na rialacha sin a fheabhsú agus comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta agus reachtaíocht eile á háirithiú an tráth céanna, agus éifeachtúlacht chur chun feidhme bhearta AML/CFT a mhéadú, lena n-áirítear san earnáil seach-airgeadais, is gá ról comhordúcháin an Údaráis ar leibhéal an Aontais a bhunú i ndáil le heintitis faoi oibleagáid san earnáil airgeadais agus earnáil seach-airgeadais araon chun cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí náisiúnta agus cóineasú maoirseachta a chur chun cinn. Dá dhroim sin, ba cheart sainordú a thabhairt don Údarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a ullmhú, agus treoirlínte, moltaí agus tuairimí a ghlacadh agus é mar aidhm leis sin a áirithiú, i gcás ina bhfanfaidh maoirseacht i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, go mbeidh feidhm ag na cleachtais agus na caighdeáin mhaoirseachta chéanna i bprionsabal maidir leis na heintitis inchomparáide uile. Sa bhreis air sin, ba cheart a chur de chúram ar an Údarás faireachán agus tomhas a dhéanamh ar mhéid an chóineasaithe agus ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas dlíthiúil agus na n-ardchaighdeán maoirseachta ag údaráis mhaoirseachta agus ag eintitis faoi oibleagáid. Ba cheart forbairt modheolaíochta maoirseachta a chur ar iontaoibh an Údaráis, de thoradh a shaineolais an-speisialaithe, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe. Maidir le gnéithe áirithe den mhodheolaíocht, lenar féidir tagarmharcanna cainníochtúla comhchuibhithe a ionchorprú, amhail cineálacha cur chuige chun próifíl riosca na n-eintiteas faoi oibleagáid a aicmiú, lena n-áirítear a bpróifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh, ba cheart iad a mhionsonrú i mbearta rialála ceangailteacha is infheidhme go díreach – caighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme – agus rioscaí ML/TF i maoirseacht stuamachta á gcur i gcuntas, chun idirghníomhaíocht éifeachtach idir maoirseacht AML/CFT agus maoirseacht stuamachta a áirithiú. Maidir le gnéithe eile den mhodheolaíocht, ar gá discréid mhaoirseachta níos leithne a bheith ann ina leith, amhail cineálacha cur chuige i leith measúnú a dhéanamh ar rialuithe inmheánacha eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart iad a chumhdach le treoirlínte, moltaí agus tuairimí neamhcheangailteacha ón Údarás. Leis an modheolaíocht mhaoirseachta chomhchuibhithe, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na modheolaíochtaí maoirseachta atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, iad a ghiaráil i ndáil le gnéithe maoirseachta eile de na heintitis faoi oibleagáid san earnáil airgeadais, go háirithe i gcás inarb ann d’idirghníomhaíocht idir maoirseacht AML/CFT agus maoirseacht stuamachta. Go sonrach, ba cheart an mhodheolaíocht mhaoirseachta atá le forbairt ag an Údarás a bheith comhlántach le treoirlínte agus ionstraimí eile atá forbartha ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena mionsonraítear cineálacha cur chuige údarás maoirseachta stuamachta i leith rioscaí ML/TF a chur i gcuntas sa mhaoirseacht stuamachta, chun idirghníomhaíocht éifeachtach idir maoirseacht AML/CFT agus maoirseacht stuamachta a áirithiú. Le modheolaíocht mhaoirseachta chomhchuibhithe, bheifí in ann uirlisí maoirseachta coiteanna a fhorbairt freisin le haghaidh idirghníomhaíochtaí le heintitis faoi oibleagáid, agus iarrataí ar shonraí uathu, ar fud an chórais maoirseachta uile. Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann forbairt uirlisí den sórt sin a chomhordú i bhfoirm ceistneoirí struchtúrtha, agus iad bunaithe ar líne nó as líne, agus iad comhtháthaithe in aon ardán amháin le haghaidh idirghníomhaíocht le heintitis faoi oibleagáid agus i measc maoirseoirí laistigh den chóras. Ní hamháin go n-éascódh ardán den sórt sin próisis mhaoirseachta agus cineálacha cur chuige maoirseachta comhchuibhithe, ach sheachnófaí leis freisin ceanglais tuairiscithe dhúblacha agus forchur ualaigh iomarcaigh ar eintitis faoi oibleagáid atá faoi mhaoirseacht, bíodh sin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

(11)

Chun cionta preideacáide an sciúrtha airgid a leathnú chun neamhchur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chuimsiú, is gá tuiscint a chothú ar bhagairtí agus ar leochaileachtaí sa réimse sin ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid, ar leibhéal na maoirseoirí agus ar leibhéal an Aontais. Agus a chúraimí maoirseachta á ndéanamh aige i ndáil le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart don Údarás a áirithiú, dá bhrí sin, go bhfuil córais leormhaithe i bhfeidhm ag na heintitis sin chun ceanglais a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme. Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise an róil lárnaigh atá aige maidir le córas maoirseachta éifeachtach a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Údarás tacú le cóineasú maoirseachta sa réimse sin chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht leormhaith ar a mhéid a chomhlíonann institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais ceanglais a bhaineann le cur chun feidhme smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Tá an fhaisnéis a bhailítear trí chúraimí maoirseachta agus cóineasaithe an Údaráis ina hacmhainn ar féidir leis an Aontas tarraingt uirthi chun tuiscint a fháil ar rioscaí a bhaineann le neamhchur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus is féidir í a bheith ina rannchuidiú le bearta maolaitheacha éifeachtacha a shainaithint. Chuige sin, ba cheart don Údarás tarraingt ar an taithí agus ar an eolas atá aige chun rannchuidiú le measúnú riosca a fhorbairt ar leibhéal an Aontais i ndáil le neamhchur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

(12)

Ba cheart é a chur de chúram ar an Údarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an leabhar rialacha comhchuibhithe arna bhunú i Rialachán (AE) 2023/1113, i Rialachán (AE) 2024/1624 agus i dTreoir (AE) 2024/1640 a chomhlánú. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú formhuiniú a dhéanamh ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun go mbeidh éifeacht cheangailteach leo ó thaobh dlí.

(13)

Ba cheart é a chur de chúram ar an Údarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, i gcás inár gá, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE

(14)

Níor cheart na dréachtchaighdéain theicniúla agus cur chun feidhme a bheith faoi réir a leasuithe ach amháin in imthosca an-srianta agus urghnácha, os rud é gurb é an tÚdarás an gníomhaí is giorra don teagmháil le creat AML/CFT agus a bhfuil an t-eolas is fearr aige ar an gcreat sin. Chun próiseas rianúil gasta a áirithiú maidir le glacadh na gcaighdeán sin, ba cheart cinneadh ón gCoimisiún tacú le dreachtchaighdeáin theicniúla agus a bheith faoi réir teorann ama.

(15)

Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus moltaí atá dírithe ar eintitis faoi oibleagáid, maoirseoirí nó FIUnna á bhforbairt aige, ba cheart don Údarás, mar riail, comhairliúcháin phoiblí oscailte a sheoladh, mura rud é go bhfuil na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus tionchar na mbeart lena mbaineann nó leis an bpráinn ar leith a bhaineann leis an ábhar. Ba cheart dul i mbun na gcomhairliúchán poiblí chun anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na bearta nua agus leis na ceanglais atá á dtabhairt isteach leo, agus chun a áirithiú go mbeidh deis ag na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhféadfadh a réimse inniúlachta a bheith i gceist, a n-ionchur agus a gcomhairle a sholáthar. I bhfianaise ríthábhacht ról na sochaí sibhialta, lena n-áirítear an saol acadúil, iriseoirí iniúchacha, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, thar na blianta maidir le patrúin choiriúla a shainaithint agus maidir le conas is féidir creat AML/CFT an Aontais a neartú chun mí-úsáid choiriúil ar an margadh inmheánach a chosc, ba cheart don Údarás aird ar leith a thabhairt ar an ionchur a sholáthraíonn an tsochaí shibhialta. Ba cheart dó rannpháirtíocht iomchuí na sochaí sibhialta agus sirtheoireachtaí gníomhacha dá thuairimí a áirithiú le linn a phróisis ceaptha beartais.

(16)

Ós rud é nach ann d’aon socrú sách éifeachtach chun déileáil le teagmhais AML/CFT lena mbaineann gnéithe trasteorann, is gá córas maoirseachta AML/CFT comhtháite a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais lena n-áirithítear cur i bhfeidhm ardcháilíochta comhsheasmhach mhodheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT agus lena gcuirtear chun cinn comhar éifeachtúil idir na húdaráis inniúla ábhartha uile. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an tÚdarás agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta AML/CFT a bheith ina gcóras maoirseachta AML/CFT le chéile. Ba cheart córas maoirseachta AML/CFT a bheith bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhar de mheon macánta, lena n-áirítear malartuithe faisnéise agus sonraí a bhaineann le maoirseacht, chun a chur ar chumas an Údaráis agus na n-údarás maoirseachta a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Rachadh córas maoirseachta AML/CFT chun tairbhe d’údaráis mhaoirseachta agus dúshláin shonracha rompu, mar shampla vis-à-vis riosca ML/FT géaraithe nó de dheasca easpa acmhainní, ós rud é gur cheart cúnamh frithpháirteach a bheith ar fáil laistigh den chóras sin arna iarraidh sin. D’fhéadfadh sé freisin gurbh éard a bheadh i gceist leis an gcúnamh frithpháirteach sin malartú agus iasachtaí pearsanra, gníomhaíochtaí oiliúna agus malartuithe dea-chleachtas. Thairis sin, d’fhéadfadh an Coimisiún tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun athchóirithe a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu an comhrac in aghaidh sciúradh airgid a threisiú.

(17)

I bhfianaise ról tábhachtach athbhreithnithe téamacha i maoirseacht AML/CFT ar fud an Aontais, ós rud é go bhfágann siad gur féidir an leibhéal neamhchosanta ar rioscaí i ndáil le heintitis faoi oibleagáid faoi mhaoirseacht a shainaithint agus a chur i gcomparáid, agus ós rud é nach dtairbhíonn maoirseoirí i mBallstáit éagsúla de na hathbhreithnithe sin faoi láthair, is gá don Údarás athbhreithnithe téamacha náisiúnta a shainaithint ag a bhfuil raon feidhme agus tráthchlár comhchosúil agus lena n-áirithítear a gcomhordú ar leibhéal an Aontais. Chun staideanna a sheachaint ina bhféadfadh cumarsáid chontrártha a bheith i gceist le heintitis faoi mhaoirseacht, ba cheart ról comhordúcháin an Údaráis a bheith teoranta d’idirghníomhaíocht le húdaráis mhaoirseachta ábhartha, agus níor cheart aon idirghníomhaíocht dhíreach le heintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith ina cuid de. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Údarás féachaint an bhféadfaí tráthchlár na n-athbhreithnithe téamacha náisiúnta a ailíniú nó a shioncronú agus aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha a bheith ag iarraidh a dhéanamh, bíodh sin go comhpháirteach nó eile, a éascú.

(18)

Fágann úsáid éifeachtúil sonraí go ndéantar faireachán níos fearr ar eintitis faoi oibleagáid agus go mbíonn siad níos comhlíontaí. Dá bhrí sin, ba cheart an mhaoirseacht dhíreach agus indíreach araon a dhéanann an tÚdarás agus údaráis mhaoirseachta ar na heintitis uile faoi oibleagáid ar fud chóras maoirseachta AML/CFT a bheith ag brath ar rochtain ghasta ar shonraí agus faisnéis ábhartha maidir leis na heintitis faoi oibleagáid féin agus na gníomhaíochtaí agus na bearta maoirseachta a dhéantar ina leith, faoi réir tréimhsí coinneála teoranta i gcomhréir leis an gcreat cosanta sonraí is infheidhme. Chuige sin, agus a rúnda agus a íogaire atá an fhaisnéis á chur san áireamh, ba cheart don Údarás bunachar sonraí AML/CFT lárnach a bhunú ina mbeadh faisnéis a bheadh bailithe ó na húdaráis mhaoirseachta uile, agus ba cheart dó an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’aon údarás maoirseachta agus údarás neamh-AML/CFT laistigh den chóras, i gcás inar gá, ar bhonn rúnda agus riachtanas eolais. Ba cheart a chumhdach freisin leis na sonraí a bhailítear na gnéithe ábhartha de tharraingt siar nósanna imeachta údarúcháin agus measúnuithe ‘cuí córa’ ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta eintiteas aonair faoi oibleagáid mar chuirfeadh sé sin ar chumas údarás maoirseachta agus údarás neamh-AML/CFT easnaimh fhéideartha eintiteas sonrach agus daoine aonair sonracha a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun solais i mBallstáit eile a bhreithniú go cuí. Ba cheart faisnéis staidrimh faoi údaráis mhaoirseachta agus FIUnna a áireamh sa bhunachar sonraí freisin. Leis na sonraí agus an fhaisnéis uile a bhailítear, chuirfí ar a chumas don Údarás formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú cuí agus éifeachtacht chóras maoirseachta AML/CFT. Leis an bhfaisnéis ón mbunachar sonraí, chuirfí ar a chumas don Údarás freagairt go tráthúil ar laigí féideartha agus cásanna de neamhchomhlíonadh de chuid eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil ar fud chóras maoirseachta AML/CFT sa bhunachar sonraí, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag údaráis mhaoirseachta catagóirí eile sonraí a chur isteach sa bhreis orthu sin a bheartaítear go díreach leis an Rialachán seo. Ar an gcaoi chéanna, is é an tÚdarás is fearr a bheadh in ann a shainaithint, agus an bunachar sonraí á bhainistiú aige agus anailís á déanamh aige ar na sonraí arna gcur isteach, cé na pointí sonraí breise nó na catagóirí sonraí breise a d’fhéadfaí a iarraidh ar údaráis mhaoirseachta chun éifeachtacht an bhunachair sonraí a threisiú. Chun cuidiú le tacar sonraí comhleanúnach agus struchtúrtha a thiomsú, a stóráil agus a úsáid, is gá formáid, nósanna imeachta, amlínte agus mionsonraí eile maidir le raon feidhme agus cineál na sonraí atá le tarchur chuig an mbunachar sonraí a shonrú tuilleadh. Chun na críche sin, ba cheart don Údarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Leis na sonraíochtaí dá bhforáiltear sna caighdeáin theicniúla rialála, chinnfí an leibhéal iomchuí mionsonraithe le haghaidh catagóirí sonracha faisnéise a bhfuiltear ag dréim leis go dtarchuirfear iad i ndáil leis na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí maoirseachta nó catagóirí eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart prionsabal na comhréireachta agus sainordú an Údaráis san earnáil seach-airgeadais a chur san áireamh sna sonraí a bhailítear maidir le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais. Sa bhreis air sin, ós rud é go dtabharfadh an tÚdarás isteach formhaoirseacht ar leibhéal an Aontais san earnáil seach-airgeadais den chéad uair, agus go n-éilítear le Treoir (AE) 2024/1640 coigeartuithe sa chreat institiúideach náisiúnta le haghaidh maoirseachta ar gá iad a thrasuí, is gá foráil a dhéanamh do thréimhse leordhóthanach chun comhtháthú na faisnéise ó údaráis mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais sa tacar sonraí a ullmhú. Go sonrach, ba cheart sonraí ón earnáil seach-airgeadais a chur isteach sa bhunachar sonraí laistigh de 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, arb ionann sin agus bliain amháin tar éis an spriocdháta chun Treoir (AE) 2024/1640 a thrasuí. Ba cheart údaráis mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais a bheith in ann na sonraí sin a chur isteach ar bhonn deonach roimh an dáta sin, áfach. Ba cheart na sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhunachair sonraí a choinneáil go ceann tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis an dáta a bheidh siad bailithe ag an Údarás. Tá an tréimhse choinneála sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun críche gníomhaíochtaí maoirseachta arna ndéanamh ag an Údarás agus ag na húdaráis mhaoirseachta. Áirithíonn fad na tréimhse coinneála sonraí freisin go mbíonn rochtain i gcónaí ag an Údarás agus na húdaráis mhaoirseachta ar an bhfaisnéis is gá faoin measúnú riosca, faoi na gníomhaíochtaí gnó, agus faoi na rialuithe arna gcur i bhfeidhm ar eintitis aonair faoi oibleagáid agus faoi na sáruithe arna ndéanamh acu chun a gcuid dualgas a chur i gcrích, a cheanglaíonn orthu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le cásanna thar thréimhse níos faide. Tá an tréimhse choinneála sin riachtanach go háirithe ós rud é gur cheart do na húdaráis mhaoirseachta tromchúis, fad agus minicíocht an tsáraithe, i measc nithe eile, a chur i gcuntas chun leibhéal na smachtbhannaí nó na mbeart atá le cur i bhfeidhm a chinneadh, rud a éilíonn anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le cásanna thar thréimhse thagartha níos faide. Ar an gcaoi chéanna, tá an tréimhse choinneála sin riachtanach freisin maidir le faisnéis a eascraíonn as measúnuithe ‘cuí córa’ ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain faisnéise ag na húdaráis mhaoirseachta chun a mheas an bhfuil dea-chlú orthu, an ngníomhaíonn siad ar bhealach macánta agus ionraic, agus an bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá acu chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích, agus chun a áirithiú go bhfuil faireachán leanúnach á dhéanamh ar na coinníollacha sin mar a cheanglaítear le Treoir (AE) 2024/1640. Ba cheart sonraí pearsanta a scriosadh i gcás nach gá iad a choinneáil a thuilleadh. I bhfianaise chuspóir an bhunachair sonraí agus úsáid na faisnéise atá ann ag rannpháirtithe éagsúla chóras maoirseachta AML/CFT, níor cheart aon sonraí a chumhdaítear le pribhléid dhlíthiúil a bheith ann.

(19)

Chun cosaint atá níos éifeachtaí agus nach bhfuil chomh hilroinnte sin a áirithiú ar chreat airgeadais an Aontais, ba cheart don Údarás maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar líon teoranta de na heintitis faoi oibleagáid is mó riosca. Ós rud é nach bhfuil rioscaí ML/TF comhréireach le méid na n-eintiteas faoi mhaoirseacht, ba cheart critéir eile a chur i bhfeidhm chun na heintitis is mó riosca a shainaithint. Go háirithe, ba cheart dhá chatagóir a bhreithniú: institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais trasteorann a bhfuil ardriosca ag baint leo agus ag a bhfuil gníomhaíocht i líon suntasach Ballstát, arna roghnú go tréimhsiúil; agus, i gcásanna eisceachtúla, aon eintiteas nach ndéanann a mhaoirseoir náisiúnta aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ná go tráthúil ar a sháruithe ábhartha ar na ceanglais is infheidhme. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, ba cheart don Údarás nó do na maoirseoirí airgeadais a bheith in ann a iarraidh go n-aistreofaí maoirseacht ón leibhéal náisiúnta chuig leibhéal an Aontais, agus bonn cirt cuí leis sin. I gcás ina dtíolacfaidh an tÚdarás iarrataí den sórt sin ar aistriú, ba cheart don Choimisiún iad a scrúdú agus ba cheart iad a fhormheas nó a dhiúltú trí bhíthin cinneadh oifigiúil, agus an bonn cirt a bheidh tíolactha á chur i gcuntas. I gcás ina gcuireann na maoirseoirí airgeadais iarrataí den sórt sin ar aistriú faoi bhráid an Údaráis agus ina mbaineann tarmligean deonach cúraimí agus cumhachtaí leo, ba cheart é a bheith faoin Údarás cinneadh a dhéanamh faoina riachtanaí atá an t-aistriú, agus maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar an eintiteas faoi oibleagáid nó ar an ngrúpa i dtrácht i gcás ina gcinnfidh sé go n-éilítear amhlaidh le leasanna an Aontais agus le sláine chóras AML/CFT. Na heintitis uile a mbeadh cumhachtaí maoirseachta díreacha á bhfeidhmiú ag an Údarás ina leith, tagann siad faoin gcatagóir ‘eintitis roghnaithe faoi oibleagáid’.

(20)

Ba cheart measúnú a dhéanamh gach 3 bliana ar an gcéad chatagóir d’institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, nó grúpaí d’institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, bunaithe ar mheascán de chritéir oibiachtúla a bhaineann lena láithreacht agus lena ngníomhaíocht trasteorann, agus critéir i ndáil lena bpróifíl riosca ML/TF. Níor cheart a áireamh sa phróiseas roghnúcháin ach institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó grúpaí d’institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, arb ann dóibh i líon suntasach Ballstát, is cuma cé acu a oibríonn siad trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sna Ballstáit, agus a mbeadh maoirseacht ar leibhéal an Aontais níos oiriúnaí ina leith dá bhrí sin.

(21)

Ba cheart an measúnú tréimhsiúil ar phróifíl riosca institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais chun críche roghnú le haghaidh maoirseacht dhíreach a bheith ag brath ar shonraí a bheidh le soláthar ag na maoirseoirí airgeadais nó, i gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid a bheidh roghnaithe cheana, ag an Údarás. Sa bhreis air sin, ba cheart don Údarás a áirithiú go gcuirfidh maoirseoirí airgeadais an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe, agus ba cheart dó comhordú a dhéanamh ar an measúnú ar phróifíl riosca na n-eintiteas ar leibhéal an ghrúpa. Le caighdeán teicniúil cur chun feidhme, ba cheart róil faoi seach an Údaráis agus na maoirseoirí airgeadais sa phróiseas measúnaithe a shonrú. Ba cheart don Údarás a áirithiú go ndéanfar ailíniú, i gcás inarb iomchuí, idir an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an bpróifíl riosca chun críche roghnúcháin de bhun an Rialacháin seo, agus an mhodheolaíocht chun an measúnú ar phróifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh na n-eintiteas faoi oibleagáid ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú, ar modheolaíocht í a bheidh le forbairt de réir na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 40(2) de Threoir (AE) 2024/1640.

(22)

I bhfianaise éagsúlacht leathan láithreach na gcineálacha cur chuige arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta i leith na meastóireachta ar phróifíl riosca iarmharaigh na n-eintiteas faoi oibleagáid, tá an próiseas forbartha rialála ar mhodheolaíocht chomhchuibhithe mhionchoigeartaithe agus mhionsonraithe trínar féidir measúnú a dhéanamh ar riosca iarmharach le torthaí inchomparáide ag teacht chun cinn agus ba cheart tús a chur leis ar bhonn na hoibre a dhéanann ÚBE a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an modheolaíocht i leith aicmiú an riosca iarmharaigh atá le glacadh chun eintitis roghnaithe faoi oibleagáid a shainaithint den chéad uair a bheith níos simplí agus na cineálacha cur chuige éagsúla a chuirtear i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú. Ba cheart don Údarás athbhreithniú a dhéanamh ar a mhodheolaíocht gach 3 bliana, agus éabhlóid an eolais ábhartha á cur i gcuntas.

(23)

Leis na critéir roghnúcháin deiridh ba cheart cothrom iomaíochta a áirithiú i measc eintitis faoi oibleagáid ar a ndéantar maoirseacht dhíreach agus, chuige sin, níor cheart aon discréid a fhágáil faoin Aontas ná faoi údaráis mhaoirseachta agus cinneadh á dhéanamh faoin liosta eintiteas faoi oibleagáid a bheidh faoi réir maoirseacht dhíreach. Dá bhrí sin, i gcás ina n-oibreoidh eintiteas ar leith faoi oibleagáid ar a ndéantar measúnú ar bhonn trasteorann agus ina dtiocfaidh sé laistigh den chatagóir ardriosca de bhun na modheolaíochta comhchuibhithe, ba cheart a mheas go gcáilíonn sé mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

(24)

Chun trédhearcacht agus soiléireacht a sholáthar do na hinstitiúidí ábhartha, ba cheart don Údarás liosta de na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ó thús tréimhse roghnúcháin, tar éis fíorú a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis arna soláthar ag na maoirseoirí airgeadais do na critéir maidir le gníomhaíochtaí trasteorann agus don mhodheolaíocht próifíle riosca. Dá bhrí sin, is den tábhacht, i dtús gach tréimhse roghnúcháin, go soláthródh na maoirseoirí airgeadais ábhartha agus, más gá, na heintitis faoi oibleagáid iad féin, faisnéis staidrimh atá cothrom le dáta don Údarás chun go gcinnfear an liosta institiúidí airgeadais atá incháilithe lena measúnú i gcomhréir leis na critéir iontrála measúnaithe a bhaineann lena n-oibríochtaí trasteorann. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na maoirseoirí airgeadais an tÚdarás a chur ar an eolas faoin gcatagóir próifíle riosca faoina dtagann institiúid airgeadais ina ndlínsí de bhun na modheolaíochta a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála. Ba cheart don Údarás tús a chur ansin leis an maoirseacht dhíreach ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid 6 mhí tar éis fhoilsiú an liosta. Tá gá leis an am sin chun aistriú cúraimí maoirseachta ón leibhéal náisiúnta chuig leibhéal an Aontais a ullmhú go hiomchuí, lena n-áirítear comhfhoireann maoirseachta a chruthú agus aon socrú oibre ábhartha leis na maoirseoirí airgeadais ábhartha a ghlacadh.

(25)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta a áirithiú i measc eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid leanúint de bheith faoi mhaoirseacht dhíreach an Údaráis go ceann 3 bliana ar a laghad, fiú más amhlaidh, tar éis thráth an roghnúcháin agus le linn na 3 bliana sin, a scoireann an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid d’aon cheann de na critéir maidir le gníomhaíocht trasteorann nó lena mbaineann riosca a chomhlíonadh de dheasca, mar shampla, scor, comhdhlúthú, leathnú nó ath-leithdháileadh féideartha gníomhaíochtaí a dhéantar trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ba cheart don Údarás a áirithiú freisin go ndéanfar am leordhóthanach a chur i leataobh i dtreo is go bhféadfaidh na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus a n-údaráis mhaoirseachta aistriú maoirseachta ón leibhéal náisiúnta go leibhéal an Aontais a ullmhú. Dá bhrí sin, ba cheart gach roghnú ina dhiaidh sin tosú 12 mhí roimh dhul in éag na tréimhse 3 bliana maoirseachta ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid a bhí ann roimhe sin.

(26)

Ba cheart don Údarás maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid san earnáil airgeadais ag a bhfuil próifíl ardriosca i gcás ina n-oibríonn na heintitis sin i sé Bhallstát ar a laghad, bíodh sin trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas. I gcásanna den sórt sin, bheadh breisluach suntasach ag baint le maoirseacht an Údaráis ar leibhéal an Aontais i gcomparáid le maoirseacht ilroinnte idir na Ballstáit bhaile agus na Ballstáit óstacha trí dheireadh a chur leis an ngá atá le maoirseoirí náisiúnta na mBallstát baile agus na mBallstát óstach a bheith ag comhordú agus ag ailíniú na mbeart a dhéantar maidir le codanna éagsúla den ghrúpa céanna. Chun maoirseacht aonchineálach ar ghrúpaí agus anailís níos mionsonraithe ar riosca na n-eintiteas trasteorann a ndéantar measúnú orthu a áirithiú, ba cheart an measúnú ar riosca ML/TF na n-eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid de ghrúpa a dhéanamh i gcónaí ar leibhéal an ghrúpa, agus scór riosca uile-ghrúpa amháin a bheith mar thoradh air sin a bheadh le breithniú chun críche an roghnúcháin. Ba cheart an grúpa iomlán a mheas ansin mar an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. Cé go n-athraíonn líon beacht na n-eintiteas a d’fhéadfadh na critéir maidir le riosca agus gníomhaíochtaí trasteorann le haghaidh maoirseacht dhíreach a chomhlíonadh agus go mbraitheann sé ar a samhail ghnó agus ar a bpróifíl riosca ó thaobh sciúradh airgid tráth an mheasúnaithe, is gá a áirithiú go ndéanfar athroinnt optamach, fhorchéimnitheach agus dhinimiciúil inniúlachtaí idir an tAontas agus na húdaráis náisiúnta sa chéad chéim den Údarás a bheith ann. Chun líon leordhóthanach agus raon leormhaith cineálacha grúpaí agus eintiteas ardriosca a ndéantar maoirseacht ar leibhéal an Aontais orthu a áirithiú, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an Údarás chun maoirseacht a dhéanamh an tráth céanna ar suas le 40 grúpa agus eintiteas, ar a laghad le linn an chéad phróisis roghnúcháin. I gcás ina gcáileodh níos mó ná 40 eintiteas do mhaoirseacht dhíreach bunaithe ar a bpróifíl ardriosca, ba cheart don Údarás an 40 eintiteas a oibríonn, cibé trí bhunaíochtaí nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, sa líon is airde Ballstát a roghnú as a measc. I gcás nach leor an critéar sin chun bheith in ann 40 eintiteas a roghnú, go háirithe i gcás ina n-oibríonn roinnt eintiteas faoi oibleagáid sa líon céanna Ballstát – mar shampla, i gcás ina bhfuil eintitis 39, 40 agus 41 go léir ag oibriú sa líon céanna Ballstát – ba cheart an tÚdarás a bheith in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu, agus ba cheart dó na heintitis sin ag a bhfuil an cóimheas is airde idir líon na n-idirbheart le tríú tíortha agus líon iomlán a n-idirbheart a roghnú. Sna próisis roghnúcháin iardain, agus an taithí ar mhaoirseacht a bheidh faighte le linn an chéad phróisis roghnúcháin ina bonn leis sin, bheadh sé tairbheach an líon eintiteas atá faoina mhaoirseacht a mhéadú don Údarás freisin cumhdach iomlán an mhargaidh inmheánaigh faoina mhaoirseacht a áirithiú. Chuige sin, i gcás ina gcáileodh níos mó ná 40 eintiteas do mhaoirseacht dhíreach bunaithe ar a bpróifíl ardriosca, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann, i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, a chomhaontú maoirseacht a dhéanamh ar líon éagsúil sonrach eintiteas nó grúpaí ar mó ná 40 é. Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an líon sonrach sin, ba cheart don Údarás a acmhainní dílse a chur i gcuntas ó thaobh a acmhainneachta an líon riachtanach ball foirne maoirseachta agus tacaíochta a leithdháileadh nó a fhostú sa bhreis air sin agus ba cheart dó a áirithiú go mbeidh an méadú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna indéanta. An tráth céanna, d’fhéadfaí cumhdach iomlán an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí mhaoirseacht a dhéanamh ar eintiteas amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit. Sna Ballstáit nach mbeidh aon eintiteas sainaitheanta iontu tar éis an ghnáthphróisis roghnúcháin, ba cheart an mhodheolaíocht riosca atá ceaptha don phróiseas roghnúcháin, lena n-áirítear na critéir chun rogha a dhéanamh idir roinnt eintiteas a bhfuil próifíl ardriosca acu, a chur i bhfeidhm chun eintiteas amháin a roghnú.

(27)

Ba cheart do na gníomhartha ábhartha a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm chreat AML/CFT dul i gcomhar le chéile i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis a chumhdaítear sna Conarthaí. Chun a áirithiú gur mar shásra comhtháite a fheidhmeoidh córas maoirseachta AML/CFT atá comhdhéanta den Údarás agus d’údaráis mhaoirseachta, agus go mbeidh rioscaí dlínse-shonracha agus saineolas maoirseachta áitiúil curtha i gcuntas go cuí agus úsáidte i gceart, ba cheart maoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid a dhéanamh i bhfoirm comhfhoirne maoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, foirne cigireachta tiomnaithe ar an láthair. Ba cheart na foirne sin a bheith faoi stiúir ball foirne den Údarás a chomhordaíonn gníomhaíochtaí maoirseachta uile na foirne (‘comhordaitheoir JST’). Ba cheart comhordaitheoir JST agus baill foirne eile an Údaráis a leithdháiltear ar an gcomhfhoireann maoirseachta a bheith bunaithe i gceanncheathrú an Údaráis ach ba cheart iad a bheith in ann a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí maoirseachta ó lá go lá a dhéanamh in aon Bhallstát ina bhfuil a chuid oibríochtaí ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. Chuige sin, ba cheart do na maoirseoirí airgeadais cúnamh a thabhairt chun socruithe oibre atá rianúil agus solúbtha a áirithiú do chomhaltaí uile na foirne maoirseachta. Ba cheart an tÚdarás a bheith i gceannas ar bhunú agus ar chomhdhéanamh na comhfhoirne maoirseachta, agus ba cheart do na maoirseoirí áitiúla atá páirteach i maoirseacht an eintitis a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach dá mbaill foirne ceaptha ar an bhfoireann, agus próifíl riosca an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ina ndlínse, mar aon le méid foriomlán a ghníomhaíochta, á gcur san áireamh an tráth céanna. Ba cheart do gach maoirseoir a bhfuil baint aige leis an maoirseacht ar ghrúpa comhalta a cheapadh don chomhfhoireann maoirseachta. I gcásanna inarb íseal riosca ghníomhaíochtaí an eintitis faoi oibleagáid i mBallstát ar leith, áfach, ba cheart an maoirseoir airgeadais sa Bhallstát sin a bheith in ann a roghnú, i gcomhaontú le comhordaitheoir JST, gan comhalta a cheapadh ar an gcomhfhoireann maoirseachta. I gcás nach gceapfar aon chomhalta ar an gcomhfhoireann maoirseachta, ba cheart pointe teagmhála a bheith ag an maoirseoir airgeadais ábhartha fós d’aon ábhair agus freagrachtaí a bhaineann leis an gcomhfhoireann maoirseachta.

(28)

Chun a áirithiú gur féidir leis an Údarás a oibleagáidí maoirseachta a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil maidir le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann fáil a bheith aige ar aon doiciméad inmheánach agus faisnéis is gá chun a chúraimí a fheidhmiú agus, chun na críche sin, ba cheart na cumhachtaí imscrúdúcháin ginearálta a bheith tugtha do na húdaráis mhaoirseachta uile faoin dlí riaracháin náisiúnta. Chuige sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú chuig an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, chuig daoine nádúrtha atá fostaithe aige, chuig daoine dlítheanacha a bhaineann leis agus chuig páirtithe atá ar conradh aige, amhail: an t-eintiteas faoi oibleagáid féin nó aon duine dlítheanach laistigh den eintiteas faoi oibleagáid; fostaithe an eintitis faoi oibleagáid agus daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí; conraitheoirí seachtracha; agus tríú páirtithe a mbeidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid i ndiaidh a ghníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu.

(29)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag an Údarás gníomhaíochtaí, laistigh d’eintiteas, a cheangal, chun comhlíonadh eintiteas faoi oibleagáid le creat AML/CFT a fheabhsú, lena n-áirítear treisiú nósanna imeachta inmheánacha agus athruithe ar an struchtúr rialachais, ag dul chomh fada le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a chur as oifig, gan dochar do chumhachtaí údarás maoirseachta ábhartha eile den eintiteas roghnaithe céanna faoi oibleagáid. Tar éis fionnachtana a bhaineann le neamhchomhlíonadh nó comhlíonadh pháirteach leis na ceanglais is infheidhme ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart é a bheith in ann bearta nó nósanna imeachta sonracha a fhorchur le haghaidh cliaint ar leith nó catagóirí cliant lena mbaineann ardrioscaí ML/TF. Ba cheart cigireachtaí ar an láthair a bheith ina sainghné thráthrialta den mhaoirseacht sin, agus d’fhéadfadh foirne tiomnaithe iad a chur i gcrích. Má theastaíonn ó chineál sonrach cigireachta ar an láthair, mar shampla maidir le duine nádúrtha i gcás inarb ionann an t-áitreabh gnó agus áit chónaithe phríobháideach an duine, údarú ón údarás breithiúnach náisiúnta, ba cheart don Údarás iarratas a dhéanamh ar an údarú sin.

(30)

Ba cheart raon iomlán cumhachtaí maoirseachta a bheith ag an Údarás i ndáil le heintitis ar a ndéantar maoirseacht dhíreach chun comhlíonadh leis na ceanglais is infheidhme a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na cumhachtaí sin i gcásanna nach gcomhlíonann an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a cheanglais, i gcásanna nach dócha go gcomhlíonfaí ceanglais áirithe, chomh maith le cásanna inarb amhlaidh nach bhfuil nósanna imeachta ná rialuithe inmheánacha iomchuí chun bainistíocht fhónta ar rioscaí ML/TF eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a áirithiú. D’fhéadfaí feidhmiú na gcumhachtaí sin a dhéanamh trí chinntí ceangailteacha atá dírithe ar eintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid.

(31)

Sa bhreis ar chumhachtaí maoirseachta chun bearta riaracháin a chur i bhfeidhm, agus chun comhlíonadh a áirithiú, in aon chás de sháruithe ar cheanglais is infheidhme go díreach, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann smachtbhannaí airgid a fhorchur ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid. I gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, ba cheart don Údarás smachtbhannaí airgid a chur i bhfeidhm i gcónaí. Ba cheart na smachtbhannaí sin a bheith comhréireach agus athchomhairleach, ba cheart éifeacht phionósach agus dhíspreagthach a bheith leo, agus ba cheart prionsabal ne bis in idem a chomhlíonadh leo. Ba cheart na méideanna uasta smachtbhannaí airgid a bheith i gcomhréir leis na cinn a bhunaítear le Treoir (AE) 2024/1640 agus a bheith ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta uile ar fud an Aontais. Ba cheart méideanna bunúsacha na bpionós sin a chinneadh laistigh de na teorainneacha a bhunaítear le creat AML/CFT, agus cineál na gceanglas a bheidh sáraithe á chur i gcuntas. Chun go gcuirfidh an tÚdarás tosca géaraitheacha nó maolaitheacha i gcuntas go leormhaith, ba cheart a bheith in ann coigeartuithe a dhéanamh ar an méid bunúsach ábhartha. Chun deireadh a chur go tráthúil leis an gcleachtas gnó díobhálach, ba cheart a chumhachtú do Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur ar an duine dlítheanach nó nádúrtha scor den iompar ábhartha. Chun feasacht ar na heintitis uile faoi oibleagáid a ardú, trína mholadh dóibh cleachtais ghnó a ghlacadh i gcomhréir le creat AML/CFT, ba cheart na smachtbhannaí airgid agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh. Ba cheart an córas nochta maidir le bearta riaracháin chomh maith leis na smachtbhannaí airgid agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag an Údarás agus arna sonrú sa Rialachán seo a ailíniú go dlúth leis an gcóras nochta ar an leibhéal náisiúnta, mar a fhoráiltear le Treoir (AE) 2024/1640. Ba cheart an dlínse a bheith ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí arna nglacadh ag an Údarás, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, chomh maith lena ndliteanas neamhchonarthach a chinneadh.

(32)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí na húdaráis atá i gceannas ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ar an leibhéal náisiúnta a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon sárú ar oibleagáid den sórt sin ag eintitis roghnaithe faoi oibleagáid. Chuige sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an maoirseoir airgeadais sa Bhallstát ábhartha agus a threorú dó an fhaisnéis sin a chur in iúl don údarás náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na smachtbhannaí sin.

(33)

I gcás eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid, tá maoirseacht AML/CFT le bheith go príomha ar an leibhéal náisiúnta, agus freagracht agus cuntasacht iomlán ag údaráis náisiúnta inniúla i leith maoirseacht dhíreach. Ba cheart cumhachtaí leormhaithe maoirseachta indírí a dheonú don Údarás chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí maoirseachta ar an leibhéal náisiúnta comhsheasmhach agus ar ardcháilíocht ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart dó measúnuithe a dhéanamh ar staid an chóineasúcháin maoirseachta agus tuairiscí a fhoilsiú lena fhionnachtana. Ba cheart a chumhachtú dó bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí, lena n-áirítear moltaí aonair atá dírithe ar mhaoirseoirí airgeadais mar thoradh ar an measúnú, d’fhonn cleachtais mhaoirseachta chomhchuibhithe agus ardleibhéil a áirithiú ar fud an Aontais. D’fhéadfadh moltaí maidir le bearta leantacha sonracha a bheith i moltaí aonair agus ba cheart don mhaoirseoir airgeadais gach iarracht a dhéanamh ar na bearta sin a chomhlíonadh. I gcás nach gcuireann maoirseoir airgeadais na bearta leantacha chun feidhme, ba cheart don Údarás na bearta leormhaithe agus riachtanacha a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(34)

Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann freisin easaontais idir maoirseoirí airgeadais a réiteach maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid san earnáil airgeadais. Chun comhar cuiditheach a áirithiú, ba cheart don Údarás, ar an gcéad ásc, iarracht a dhéanamh ar an easaontas a réiteach trí chéim idir-réitigh a mbeidh teorainn ama shocraithe ag gabháil léi. I gcás nach mbaintear na torthaí inmhianaithe amach leis an gcéim idir-réitigh, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann cinneadh ceangailteach a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar na maoirseoirí sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht áirithe, chun an t-ábhar a réiteach agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais.

(35)

Chun feidhmiú cuí agus éifeachtacht chóras maoirseachta AML/CFT a choimirciú, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann cásanna de mhainneachtain chórasach maoirseacht a dhéanamh de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais mar thoradh ar neamhchur i bhfeidhm nó cur i bhfeidhm míchuí beart náisiúnta lena dtrasuitear treoracha an Aontais a shainaithint agus gníomhú ina leith. Chuige sin, agus gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin nós imeachta um shárú a sheoladh de bhun CFAE, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith déanta. I gcás ina suífidh an tÚdarás go bhfuil sárú á dhéanamh, tar éis dó an méid sin a chur in iúl don mhaoirseoir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó deis a thabhairt do mhaoirseoirí airgeadais eile faisnéis faoin ábhar a sholáthar, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann, má mheasann sé gurb iomchuí sin, moladh a eisiúint chuig an maoirseoir lena mbaineann, ina leagfar amach na bearta a bheidh le déanamh chun an sárú a cheartú. I gcás nach mbeidh na heasnaimh a bheidh sainaitheanta leigheasta, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tuairim a eisiúint freisin lena gceanglófaí ar an maoirseoir an moladh arna eisiúint ag an Údarás a chomhlíonadh.

(36)

Maidir le heintitis áirithe faoi oibleagáid san earnáil airgeadais nach gcomhlíonann ceanglais an ghnáthphróisis roghnúcháin, d’fhéadfadh sé, mar sin féin, go mbeadh próifíl ardriosca bhunúsaigh nó iarmharaigh acu fós ó thaobh ML/TF de, nó d’fhéadfadh sé go ndéanfaidís, go n-athróidís nó go leathnóidís gníomhaíochtaí lena mbaineann ardriosca, nach bhfuil maolaithe ag leibhéal comhréireach rialuithe inmheánacha, as a dtagann sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais AML/CFT. Más ann do thásca maidir le sáruithe féideartha tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais AML/CFT is infheidhme, d’fhéadfadh sé gur comhartha mórfhaillí iad ar thaobh an eintitis faoi oibleagáid. Ba cheart an t-údarás maoirseachta a bheith in ann freagairt leormhaith a thabhairt ar aon sárú féideartha agus cosc a chur ar theacht chun cinn na rioscaí agus ar mhórfhaillí i gcur i bhfeidhm ceanglas AML/CFT a bheith ann dá dheasca sin. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh freagairt ar an leibhéal náisiúnta leordhóthanach ná tráthúil, go háirithe nuair is ann do thásca gur tharla sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha cheana ar leibhéal an eintitis. Sna cásanna sin, ba cheart don Údarás a iarraidh ar an maoirseoir áitiúil bearta sonracha a dhéanamh chun an staid a leigheas, lena n-áirítear a iarraidh go ndéanfadh an maoirseoir áitiúil smachtbhannaí airgeadais nó bearta comhéigneacha eile a eisiúint. Chun cosc a chur ar theacht chun cinn rioscaí ML/TF, ba cheart an sprioc-am le haghaidh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta a bheith gearr go leor.

(37)

Ba cheart fógra a thabhairt don Údarás i gcás ina dtagann meathlú tapa agus suntasach ar chás eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid maidir lena chomhlíonadh le ceanglais is infheidhme agus a neamhchosaint ar rioscaí ML/TF, go háirithe i gcás ina bhféadfaí díobháil shuntasach a dhéanamh do chlú roinnt Ballstát nó an Aontais trí chéile mar thoradh ar an meathlú sin.

(38)

Ba cheart deis a bheith ag an Údarás aistriú cúraimí agus cumhachtaí maoirseachta a bhaineann le heintiteas sonrach faoi oibleagáid a iarraidh ar a thionscnamh féin i gcás neamhghníomhaíochta, nó i gcás mainneachtain nó neamhábaltacht a threoracha a leanúint laistigh den sprioc-am a sholáthraítear. Ós rud é gur ghá cinneadh lánroghnach ar thaobh an Údaráis chun cúraimí agus cumhachtaí maidir le heintiteas faoi oibleagáid a aistriú gan iarraidh shonrach ón maoirseoir airgeadais chuig an Údarás, ba cheart don Údarás iarraidh shonrach chuige sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh atá comhleanúnach le creat na gcúraimí atá leithdháilte ar an Údarás laistigh de chreat AML/CFT, ba cheart údar iomchuí a chur san áireamh in iarraidh an Údaráis, agus ba cheart fad tréimhse an ath-leithdháilte cúraimí agus cumhachtaí ar an Údarás a shonrú. An tráthchlár le haghaidh ath-leithdháileadh cumhachtaí, ba cheart é a bheith ag comhfhreagairt don am a theastaíonn ón Údarás chun déileáil leis na rioscaí ar leibhéal an eintitis, agus níor cheart é a bheith níos faide ná tréimhse 3 bliana. Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann síneadh a iarraidh ar an tréimhse ama sin i gcás nach mbeidh aghaidh tugtha go hiomlán ar na sáruithe a bheidh sainaitheanta. Ba cheart an síneadh sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, agus níor cheart é a bheith níos faide ná 3 bliana. Ba cheart don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndéantar cumhachtaí agus cúraimí chun maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas a aistriú chuig an Údarás go pras, agus in aon chás gan moill mhíchuí. Ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(39)

Chun feabhas a chur ar chleachtais mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais, ba cheart don Údarás athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar mhaoirseoirí seach-airgeadais, agus ba cheart athbhreithnithe piaraí ar údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála a áireamh iontu freisin. Chuige sin, ba cheart don Údarás an creat modheolaíochta le haghaidh athbhreithnithe den sórt sin a fhorbairt, lena n-áirítear rialacha chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus athbhreithnithe piaraí á ndéanamh agus maidir le fionnachtana a tharraingt suas agus maidir leis an mbreithniú a bheidh le déanamh ar mheastóireachtaí ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse chosc ML/TF, agus cinneadh á dhéanamh maidir le pleanáil athbhreithnithe piaraí agus a n-inneachar. D’fhonn cóineasú cleachtas maoirseachta a chothú, ba cheart don Údarás tuairiscí a fhoilsiú ina mbeidh fionnachtana ó na hathbhreithnithe piaraí sin, lena n-áirítear easnaimh agus dea-chleachtais arna sainaithint. D’fhéadfadh treoirlínte nó moltaí atá dírithe ar na húdaráis phoiblí ábhartha a bheith ag gabháil leis na tuairiscí sin, lena n-áirítear údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála. Ba cheart comhlachtaí féinrialála a bheith in ann a bheith rannpháirteach in athbhreithnithe piaraí i gcás ina mbeidh suim léirithe acu déanamh amhlaidh.

(40)

Chun cur le héifeachtúlacht chur chun feidhme bhearta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais freisin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh freisin ar sháruithe féideartha nó cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais ag maoirseoirí san earnáil sin, mar aon le húdaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála. I gcás ina suíonn an tÚdarás go bhfuil sárú ann, ba cheart é a bheith in ann moladh a eisiúint i leith an mhaoirseora seach-airgeadais nó an údaráis maoirseachta lena mbaineann ina sonrófar na bearta atá le déanamh chun é a cheartú. I gcás nach mbeidh aon ghníomhaíocht iomchuí déanta mar fhreagairt ar an moladh sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann rabhadh a thabhairt freisin do chontrapháirtithe ábhartha an údaráis maoirseachta nó an mhaoirseora seach-airgeadais. Ní dochar cumhachtaí an Údaráis moltaí agus rabhaidh den sórt sin a eisiúint do chumhachtaí an Choimisiúin nósanna imeachta um shárú a thionscnamh i gcoinne Ballstát i gcás ina mbraitheann sé staid inarb ann do neamhchur chun feidhme nó droch-chur chun feidhme dhlí an Aontais, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi na Conarthaí.

(41)

Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann freisin easaontais idir maoirseoirí seach-airgeadais a réiteach maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais. Chun comhar cuiditheach a áirithiú, ba cheart don Údarás iarracht a dhéanamh ar na heasaontais a réiteach trí chéim idir-réitigh a mbeidh teorainn ama shocraithe ag gabháil léi. Ag deireadh na céime idir-réitigh, ba cheart don Údarás tuairim a eisiúint maidir le conas an t-easaontas a réiteach.

(42)

I bhfianaise chineál trasteorann ML/TF, tá comhar éifeachtach agus éifeachtúil, malartú faisnéise agus gníomhaíocht chomhordaithe idir FIUnna ríthábhachtach. Chun feabhas a chur ar chomhordú agus comhar den sórt sin, ba cheart cúraimí agus cumhachtaí a chur ar iontaoibh an Údaráis lena gcuirfear ar chumas an Údaráis agus FIUnna a bheith ina sásra um thacaíocht agus um chomhordú le chéile do FIUnna. Chuige sin, ba cheart dóthain acmhainní daonna, airgeadais agus TF a bheith ag an Údarás, agus ba cheart, i gcás inar gá, iad a scaradh ó thaobh eagrúcháin de ón bhfoireann a bhfuil na cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis á ndéanamh acu. Braitheann rath an tsásra um thacaíocht agus um chomhordú do FIUnna ar an Údarás agus FIUnna a bheith ag oibriú i gcomhar le chéile de mheon macánta agus ar iad a bheith ag malartú na faisnéise ábhartha uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh. I gcás easaontas idir FIUnna i ndáil le comhar agus malartú faisnéise, ba cheart an tÚdarás a chur ar an eolas faoi sin dá réir agus ba cheart é a bheith in ann gníomhú mar idirghabhálaí idir na FIUnna ábhartha.

(43)

Chun anailís a dhéanamh ar ghníomhaíocht amhrasach lena ndéantar difear do dhlínsí iomadúla, ba cheart FIUnna a fhaigheann tuairiscí nasctha a bheith in ann anailísí comhpháirteacha a dhéanamh go héifeachtúil ar chásanna leasa choitinn. Chuige sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann na hanailísí comhpháirteacha ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha trasteorann a mholadh, a thionscnamh agus a chomhordú, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, leis na bealaí iomchuí uile. Ba cheart anailís chomhpháirteach a spreagadh i gcás ina bhfuil gá le ceann de bhun fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais agus i gcomhréir leis na modhanna agus na critéir arna bhforbairt ag an Údarás chun cásanna atá ábhartha maidir le déanamh anailísí comhpháirteacha a roghnú agus a chur in ord tosaíochta. Ba cheart do FIUnna gach iarracht a dhéanamh ar ghlacadh le cuireadh an Údaráis páirt a ghlacadh in anailís chomhpháirteach. Ba cheart do FIU a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh in anailís chomhpháirteach na cúiseanna lena dhiúltú a mhíniú don Údarás. I gcás inarb ábhartha, ba cheart na cúiseanna sin a sholáthar do FIU a shainaithin an gá leis an anailís chomhpháirteach a dhéanamh. Ar thoiliú sainráite a fháil ó na FIUnna atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach, ba cheart rochtain a thabhairt d’fhoireann an Údaráis a thacaíonn le déanamh na hanailíse comhpháirtí ar na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá, lena n-áirítear na sonraí agus an fhaisnéis a bhaineann le hábhar an cháis.

(44)

Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann a iarraidh ar FIUnna anailís chomhpháirteach a thionscnamh faoi imthosca sonracha, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh faisnéis curtha in iúl don Údarás ag sceithirí nó iriseoirí iniúchacha nó i gcás ina mbeadh breisluach ag baint leis an anailís chomhpháirteach ar chásanna casta agus trasteorann. Ba cheart do FIUnna a mbeidh iarrtha orthu a bheith rannpháirteach in anailís chomhpháirteach an tÚdarás a fhreagairt gan mhoill á léiriú dó an bhfuil siad toilteanach a bheith rannpháirteach san anailís chomhpháirteach agus, mura bhfuil siad toilteanach a bheith rannpháirteach, a gcúiseanna leis sin a thabhairt.

(45)

Tá sé ríthábhachtach, ag céim luath, naisc le faisnéis atá i seilbh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus i seilbh tríú páirtithe ábhartha a shainaithint chun a áirithiú go roghnófar na cásanna trasteorann is ábhartha, lena n-áirítear na cásanna sin ar gá anailís oibríochtúil fhorleathan a dhéanamh orthu. I ndáil leis sin, agus faoi réir thoiliú na FIUnna uile a mbeidh léirithe acu go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh in anailís chomhpháirteach, ba cheart foireann an Údaráis a údarú chun sonraí na FIUnna sin a chrosmheaitseáil, ar bhonn amas a fháil/gan amas a fháil, leis an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag FIUnna eile agus ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear Europol. Ba cheart don Údarás a áirithiú go n-úsáidfear an teicneolaíocht úrscothach is forbartha dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cosanta príobháideachais, chun faisnéis a chrosmheaitseáil ar bhonn amas a fháil/gan amas a fháil. Is sampla é feidhmiúlacht meaitseála chóras FIU.net de réiteach a fhágann gur féidir le FIU a shuí i bhfíor-am an bhfuil cur amach ag FIU tíre eile nó ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais cheana ar ábhar a bhfuil a chuid sonraí faoi ainm bréige, lena seachnaítear próiseáil neamhriachtanach sonraí pearsanta. I gcás amais, ba cheart don Údarás an fhaisnéis lenar gineadh amas a chomhroinnt leis na FIUnna a bhfuil baint acu leis an anailís chomhpháirteach. Sna himthosca sin, ba cheart don Údarás an fhaisnéis a mbeidh an t-amas spreagtha aici a chomhroinnt le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ó FIU a sholáthraíonn an fhaisnéis.

(46)

Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas chun anailís chomhpháirteach a bhunú tapa agus éifeachtúil, ba cheart an tÚdarás a bheith freagrach as bunú agus comhdhéanamh na foirne anailíse comhpháirtí agus as comhordú na foirne sin.

(47)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar oibríochtúil éifeachtach ann i gcásanna trasteorann idir an tÚdarás agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Chun a áirithiú, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar obair leantach éifeachtach ar thorthaí na n-anailísí comhpháirteacha ar chásanna trasteorann, ba cheart don Údarás torthaí na n-anailísí comhpháirteacha a thuairisciú d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) nó iad a tharchur chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i gcás ina léirítear le torthaí anailíse comhpháirtí go bhféadfadh sé go ndearnadh cion coiriúil a bhféadfadh OIPE nó OLAF a n-inniúlachtaí a fheidhmiú ina leith. Thairis sin, faoi réir chomhaontú na FIUnna uile atá rannpháirteach in anailís chomhpháirteach, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann torthaí na hanailíse comhpháirtí sin a tharchur chuig Europol agus chuig Eurojust i gcás ina léirítear le torthaí na hanailíse comhpháirtí sin go bhféadfadh sé go ndearnadh cion coiriúil ar ina leith a d’fhéadfadh Europol agus Eurojust a n-inniúlachtaí a fheidhmiú. Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann faisnéis straitéiseach, amhail tíopeolaíochtaí agus táscairí riosca, a mhalartú le OIPE, OLAF, Europol agus Eurojust.

(48)

De bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (8), tá an tÚdarás le haon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith, i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 25(2) agus (3) den Rialachán sin, a thuairisciú dó gan moill mhíchuí. De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/20131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá an tÚdarás le haon fhaisnéis a tharchur do OLAF gan mhoill i ndáil le cásanna féideartha de chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le forálacha infheidhme na n-ionstraimí dlí lena rialaítear iad, ba cheart do OIPE agus do OLAF an tÚdarás a chur ar an eolas faoi na bearta a bheidh arna ndéanamh i ndáil leis an bhfaisnéis arna soláthar agus faoi aon torthaí ábhartha.

(49)

Chun feabhas a chur ar éifeachtacht anailísí comhpháirteacha, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann modhanna agus nósanna imeachta a bhunú chun anailísí comhpháirteacha a dhéanamh. Bunaithe ar an aiseolas arna sholáthar ag na FIUnna a bhfuil baint acu le hanailísí comhpháirteacha, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar a ndéanamh, chun na ceachtanna a foghlaimíodh a shainaithint. Le hathbhreithnithe den sórt sin, ba cheart a chur ar chumas an Údaráis tuairiscí leantacha agus conclúidí a eisiúint a bheidh le comhroinnt leis na FIUnna uile, gan faisnéis rúnda nó shrianta a nochtadh, agus é mar aidhm leis sin na modhanna agus na nósanna imeachta um dhéanamh anailísí comhpháirteacha a mhionchoigeartú agus a fheabhsú tuilleadh, lena ndéanfaí na hanailísí féin a fheabhsú agus a chur chun cinn ar deireadh.

(50)

Chun an comhar idir FIUnna agus an tÚdarás a éascú agus a fheabhsú, lena n-áirítear chun anailísí comhpháirteacha a dhéanamh, ba cheart do na FIUnna ball foirne amháin nó níos mó ná sin in aghaidh FIU a tharmligean chuig an Údarás (‘toscairí FIU náisiúnta’). Ba cheart do na toscairí FIU náisiúnta tacú le foireann an Údaráis na cúraimí uile a bhaineann le FIUnna a dhéanamh, lena n-áirítear anailísí comhpháirteacha a dhéanamh agus measúnuithe ar bhagairtí agus anailísí straitéiseacha ar bhagairtí, rioscaí agus modhanna ML/TF a ullmhú. Agus iad fós faoi údarás a FIU tarmligin, ba cheart do thoscairí FIU a bheith neamhspleách agus uathrialach ó thaobh oibríochta de agus iad i mbun a gcúraimí agus a ndualgas faoin Rialachán seo. Níor cheart dóibh treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó rialtais nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile. Ba cheart a gcúraimí agus a ndualgais a bheith gan dochar do rialacha slándála agus rúndachta FIUnna.

(51)

Cé is moite d’anailísí comhpháirteacha, ba cheart don Údarás cineálacha éagsúla cúnaimh fhrithpháirtigh a spreagadh agus a éascú idir FIUnna, lena n-áirítear oiliúint agus malartuithe foirne chun feabhas a chur ar fhothú acmhainneachta agus chun malartú eolais agus dea-chleachtas a chumasú i measc FIUnna. Fágann ról an Údaráis maidir le tacaíocht a thabhairt do FIUnna ina ngníomhaíochtaí deis ar leith a bheith aige rochtain FIUnna ar bhunachair sonraí agus ar uirlisí atá ríthábhachtach chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise airgeadais a éascú. Ba cheart don Údarás an deis sin a thapú, thar ceann na FIUnna uile, chun conarthaí le soláthraithe na n-uirlisí agus na mbunachar sonraí sin a shocrú trí idirbheartaíocht, chomh maith le hoiliúint ábhartha dá fhoireann agus d’fhoireann na FIUnna. Ba cheart ról idirghabhála a bheith ag an Údarás freisin i gcás easaontais idir FIUnna. Chuige sin, ba cheart FIUnna a bheith in ann easaontais a bhaineann le comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise idir FIUnna, a tharchur chuig an Údarás le haghaidh idirghabhála i gcás ina mainníonn siad na heasaontais sin a réiteach trí theagmháil dhíreach agus idirphlé.

(52)

Ba cheart don Údarás FIU.net a bhainistiú, a óstáil agus a choinneáil ar bun. Ba cheart don Údarás an córas a choinneáil cothrom le dáta, agus na riachtanais arna gcur in iúl ag FIUnna á gcur i gcuntas. Chuige sin, ba cheart don Údarás a áirithiú go n-úsáidfear gach tráth an teicneolaíocht úrscothach is forbartha dá bhfuil ar fáil chun FIU.net a fhorbairt, faoi réir anailís costais is tairbhe. Ós rud é nár cheart don Údarás brath ar sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí ach amháin le haghaidh cúraimí neamhriachtanacha, níor cheart dó óstáil agus bainistiú FIU.net a sheachfhoinsiú. Níor cheart rochtain a bheith ag an Údarás ar inneachar na faisnéise a mhalartaítear laistigh de FIU.net, ach amháin i gcás inarb é faighteoir beartaithe na faisnéise sin é. Chun bheith in ann faisnéis a sheoladh, a fháil agus a chrosmheaitseáil, ba cheart nód oibríochtúil sa chóras FIU.net a sholáthar don Údarás.

(53)

Chun cleachtais mhaoirseachta agus cleachtais lena mbaineann FIU atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú agus chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach coiteann, aonfhoirmeach agus comhleanúnach, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann treoirlínte agus moltaí a eisiúint atá dírithe ar na heintitis uile faoi oibleagáid, nó ar chatagóir díobh, agus ar na húdaráis mhaoirseachta agus na FIUnna uile, nó ar chatagóirí díobh. D’fhéadfaí na treoirlínte agus na moltaí a eisiúint de bhun cumhachtú sonrach sna gníomhartha is infheidhme ón Aontas, nó ar thionscnamh an Údaráis, i gcás inar gá creat AML/CFT a neartú ar leibhéal an Aontais.

(54)

Chun cúnamh optamach a sholáthar do FIUnna agus, ar an gcaoi sin, éifeachtacht an tsásra um thacaíocht agus um chomhordú do FIUnna a mhéadú, ba cheart an tÚdarás agus FIUnna a bheith in ann éifeachtacht gníomhaíochtaí FIU a neartú, agus dea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun cinn. Bheadh athbhreithnithe piaraí ar an ionstraim is fearr chun measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar chleachtais den sórt sin, agus dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de chúram ar an Údarás athbhreithnithe piaraí den sórt sin a eagrú, bunaithe ar mhodhanna agus ar rialacha nós imeachta chun athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh, a bheadh le forbairt go lárnach ag an Údarás. Chun go mbeidh siad úsáideach, ba cheartathbhreithnithe piaraí a bheith cuimsitheach agus ba cheart gach gné ábhartha de chúraimí FIUnna a leagtar amach i gCaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640 a chumhdach leo. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leo, inter alia, leormhaitheas acmhainní FIUnna, na bearta arna gcur chun feidhme chun neamhspleáchas agus uathriail oibríochtúil FIUnna a áirithiú, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise arna próiseáil ag FIUnna a chosaint, na feidhmeanna a bhaineann le tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a fháil, na feidhmeanna a bhaineann le hanailísí oibríochtúla agus straitéiseacha FIUnna agus a scaipeadh, agus socruithe agus cleachtais intíre agus trasteorann FIUnna maidir le comhar. D’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar na hathbhreithnithe piaraí go n-eiseodh an tÚdarás treoirlínte a mbeadh sé d’aidhm acu aon dea-chleachtais arna sainaithint a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh.

(55)

Tá bunú struchtúir rialachais láidir laistigh den Údarás fíor-riachtanach chun feidhmiú éifeachtach na gcúraimí a dheonaítear don Údarás a áirithiú, agus le haghaidh próiseas cinnteoireachta éifeachtúil agus oibiachtúil. De dheasca chastacht agus éagsúlacht na gcúraimí a thugtar don Údarás sa réimse maoirseachta agus FIU araon, ní féidir le comhlacht rialaithe aonair na cinntí a dhéanamh, faoi mar a bhíonn i gceist go minic i ngníomhaireachtaí díláraithe. Cé gur gá d’ionadaithe de chuid na n-údarás iomchuí nó FIUnna cineálacha áirithe cinntí a ghlacadh, amhail cinntí maidir le hionstraimí coiteanna, agus de bharr gur gá rialacha vótála CFAE a urramú leo, éilíonn cinntí áirithe eile, amhail na cinntí maidir le heintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid, nó maidir le húdaráis aonair, comhlacht cinnteoireachta níos lú a bheith ann, ar comhlacht é ar cheart dá chomhaltaí a bheith faoi réir socruithe cuntasachta iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart Bord Ginearálta agus Bord Feidhmiúcháin a bheith ag an Údarás.

(56)

Chun an saineolas ábhartha a áirithiú, ba cheart dhá chomhdhéanamh a bheith ag an mBord Ginearálta. I gcás na gcinntí uile maidir le glacadh gníomhartha lena bhfuil feidhm ghinearálta, amhail na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, na treoirlínte, na moltaí, agus na tuairimí a bhaineann le FIUnna, ba cheart é a bheith comhdhéanta de cheannairí FIUnna na mBallstát (‘Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU’). I gcás na gcineálacha céanna gníomhartha a bhaineann le maoirseacht dhíreach nó indíreach a dhéanamh ar eintitis airgeadais nó seach-airgeadais faoi oibleagáid, ba cheart é a bheith comhdhéanta de cheannairí mhaoirseoirí AML/CFT arb údaráis phoiblí iad (‘Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta’). Na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Ginearálta, ba cheart dóibh iarrachtaí a dhéanamh ar ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Ba cheart do na páirtithe uile díriú ar chothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mBord Ginearálta.

(57)

Chun próiseas cinnteoireachta rianúil a bheith ann, ba cheart na cúraimí a roinnt go soiléir: ba cheart don Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU cinneadh a dhéanamh maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus bearta comhchosúla le haghaidh FIUnna, agus ba cheart don Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta cinneadh a dhéanamh maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus bearta comhchosúla le haghaidh eintitis faoi oibleagáid. Ba cheart an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, i gcomhréir le nósanna imeachta atá le sainiú i gcomhaontú leis an mBord Feidhmiúcháin, a bheith in ann a thuairim a sholáthar freisin don Bhord Feidhmiúcháin ar na dréachtchinntí uile maidir le heintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid atá molta ag na Comhfhoirne Maoirseachta. In éagmais na tuairime sin, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin na cinntí a dhéanamh. Aon uair a dhiallann an Bord Feidhmiúcháin ina chinneadh críochnaitheach ón tuairim arna soláthar ag an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, ba cheart dó na cúiseanna atá leis sin a mhíniú i scríbhinn.

(58)

Chun críoch vótála agus cinntí a dhéanamh, ba cheart ionadaí vótála amháin a bheith ag gach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart do cheannairí údaráis mhaoirseachta na n-eintiteas faoi oibleagáid i ngach Ballstát ionadaí buan a cheapadh mar chomhalta vótála an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. De rogha air sin, ag brath ar ábhar an chinnidh nó an chláir oibre i gcomhthéacs cruinniú ar leith den Bhord Ginearálta, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta Ballstáit a bheith in ann ionadaí ad hoc a cheapadh. Na socruithe praiticiúla a bhaineann leis an gcinnteoireacht agus leis an vótáil a dhéanann comhaltaí an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, ba cheart iad a leagan síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Ghinearálta, a bheidh le forbairt ag an Údarás.

(59)

Chun go bhfaighidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU cúnamh maidir le gach cinneadh ábhartha a ullmhú faoina shainordú, ba cheart buanchoiste lena mbaineann comhdhéanamh níos teoranta a bheith ag tacú leis. Ba cheart don bhuanchoiste tacú le hobair an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU agus a dhualgais a chomhlíonadh chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chun a leasa sin amháin. Ba cheart dó oibriú i ndlúthchomhar le toscairí FIU agus le foireann an Údaráis atá i gceannas ar chúraimí a bhaineann le FIUnna, agus a bheith trédhearcach go hiomlán a mhéid a bhaineann leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU.

(60)

Ba cheart do Chathaoirleach an Údaráis cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus ceart vótála a bheith aige nuair a dhéantar cinntí trí thromlach simplí, mura bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a bheith ina chomhalta neamhvótála ar an mBord Ginearálta. Chun dea-chomhar a bhunú le hinstitiúidí ábhartha eile, ba cheart an Bord Ginearálta a bheith in ann breathnóirí neamhvótála eile a ligean isteach, go háirithe ionadaithe arna n-ainmniú ag Bord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus gach ceann de na trí Bhord Maoirseachta Eorpacha, eadhon ÚBE, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí — ÚEUM), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (dá ngairtear ‘ÚMEnna’ i dteannta a chéile) le haghaidh an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, agus OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE le haghaidh an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU, i gcás ina ndéantar ábhair a thagann faoina sainorduithe faoi seach a phlé nó a chinneadh. Chun a áirithiú go dtabharfar cuireadh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais freastal ar na cruinnithe ar ghá iad a bheith i láthair iontu, nó a mbeadh tairbhe ag baint le hiad a bheith i láthair iontu, ba cheart a shainiú go soiléir i rialacha nós imeachta an Bhoird Ghinearálta na himthosca faoinar cheart na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais, chomh maith le breathnóirí eile, a ligean isteach sna cruinnithe. Agus na codanna ábhartha de na rialacha nós imeachta á ndréachtú, ba cheart don Údarás téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta a chomhaontú leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais. Glacfar leis gur ann do chomhaontú den sórt sin i gcás ina mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht ar áireamh cheana sna socruithe oibre déthaobhacha nó sna meabhráin tuisceana a shainordaítear leis an Rialachán seo. Chun próiseas cinnteoireachta rianúil a bheith ann, ba cheart cinntí an Bhoird Ghinearálta a dhéanamh le tromlach simplí, seachas cinntí a bhaineann le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí, ar cheart iad a dhéanamh le tromlach cáilithe ionadaithe ó na Ballstáit, i gcomhréir le rialacha vótála na gConarthaí.

(61)

Ba cheart a bheith i gcomhlacht rialaithe an Údaráis an Bord Feidhmiúcháin, é comhdhéanta de Chathaoirleach an Údaráis agus cúigear comhaltaí lánaimseartha, lena n-áirítear an Leas-Chathaoirleach, agus iad ceaptha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar thogra ón mBord Ginearálta bunaithe ar an ngearrliosta d’iarrthóirí cáilithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún. D’fhonn próiseas cinnteoireachta gasta agus éifeachtúil a áirithiú, ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar chúraimí uile an Údaráis a bheartú agus a fhorghníomhú seachas i gcás ina ndéantar cinntí sonracha a leithdháileadh go sainráite ar an mBord Ginearálta. Chun oibiachtúlacht agus gastacht iomchuí an phróisis cinnteoireachta i réimse na maoirseachta dírí ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid a áirithiú, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin na cinntí ceangailteacha uile arna ndíriú ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid a dhéanamh. Ba cheart ionadaithe na maoirseoirí airgeadais ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe a bheith in ann freastal ar phlé an Bhoird Feidhmiúcháin. Sa bhreis air sin, i dteannta ionadaí ón gCoimisiún, ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a bheith freagrach in éineacht as cinntí riaracháin agus buiséadacha an Údaráis.

(62)

Chun go bhféadfar cinntí a dhéanamh go pras, ba cheart cinntí uile an Bhoird Feidhmiúcháin, lena n-áirítear cinntí ina bhfuil ceart vótála ag an gCoimisiún, a dhéanamh trí thromlach simplí, agus vóta réitigh ag Cathaoirleach an Údaráis i gcás ina bhfuil comhionannas vótaí ann. Chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht fhónta airgeadais ar an Údarás, maidir le cinntí ina bhfuil ceart vótála ag an gCoimisiún agus ina ndiallann an Bord Feidhmiúcháin ó thuairim an Choimisiúin, ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a bheith in ann údar críochnúil a thabhairt leis an diall sin.

(63)

Chun feidhmiú neamhspleách an Údaráis a áirithiú, ba cheart do chúigear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus do Chathaoirleach an Údaráis gníomhú go neamhspleách agus chun leasa an Aontais ina iomláine. Ba cheart dóibh, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, a bheith ionraic discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó tairbhí áirithe. Chun nach dtabharfaí le tuiscint go bhféadfadh comhaltaí de Bhord Feidhmiúchán an Údaráis a stádas mar chomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a úsáid chun ceapachán ardchéime a ghnóthú san earnáil phríobháideach i ndiaidh a dtéarma oifige, agus chun aon choinbhleacht leasa i ndiaidh na fostaíochta poiblí a chosc, ba cheart tréimhse mharana do chúigear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus do Chathaoirleach an Údaráis a thabhairt isteach.

(64)

Ba cheart don Chomhairle Cathaoirleach an Údaráis a cheapadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla tar éis do Pharlaimint na hEorpa iad a fhormheas. Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Bord Ginearálta araon a bheith in ann éisteachtaí na n-iarrthóirí ar phost an Chathaoirligh ar an Údarás, a bheidh gearrliostaithe ag an gCoimisiún, a stiúradh. Chun a áirithiú go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rogha eolasach agus an t-iarrthóir is fearr á roghnú acu agus go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta sa phróiseas ceapacháin, ba cheart an Bord Ginearálta a bheith in ann tuairim phoiblí ar thorthaí a éisteachtaí a eisiúint, nó a thuairim a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Chathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh ar an Údarás go seachtrach agus tuairisc a thabhairt ar chur i gcrích chúraimí an Údaráis.

(65)

Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh bunaithe ar ghearrliosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún. Chun go bhféadfaí an rogha is fearr a dhéanamh, ba cheart beirt iarrthóirí ar a laghad a bheith ar an ngearrliosta, arna roghnú ag an gCoimisiún bunaithe ar fhiúntas agus scileanna riaracháin, buiséadacha agus bainistíochta ardleibhéil a bhfuil fianaise leo, a bheadh le léiriú ag na hiarrthóirí gearrliostaithe le linn nós imeachta roghnúcháin oscailte. Ba cheart Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis a bheith ina bhall foirne nó ina ball foirne riaracháin sinsearach den Údarás, a bheith i gceannas ar bhainistíocht laethúil an Údaráis, agus a bheith freagrach as riar an bhuiséid, as soláthar, as earcú agus as soláthar foirne.

(66)

Is luachanna bunúsacha de chuid an Aontais iad an comhionannas idir mná agus fir agus an éagsúlacht, a chuireann sé chun cinn i ngníomhaíochtaí uile an Aontais. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta sna réimsí sin le himeacht ama, is gá níos mó dul chun cinn a dhéanamh chun ionadaíocht chothrom a bheith ann sa chinnteoireacht, cibé ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta é sin. Ba cheart príomhchomhlacht rialaithe an Údaráis, an Bord Feidhmiúcháin, a bheith coláisteach agus ba cheart é a bheith comhdhéanta de Chathaoirleach an Údaráis agus de chúigear comhaltaí neamhspleácha eile, agus ba cheart an bhainistíocht laethúil a chur de chúram ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ba cheart na daoine sin go léir a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte faoi threoir critéir fhiúntasbhunaithe aonair go príomha. An tráth céanna, tá sé beartaithe gurb é an toradh a bheidh ar na ceapacháin i dteannta a chéile go mbeidh an tÚdarás á stiúradh go coláisteach ag grúpa a mbeidh saineolas sách éagsúil aige agus a mbeidh cúlra sách éagsúil aige agus a mbeidh ionadaíocht atá sách cothrom ó thaobh inscne de ann. Ós rud é go bhfuil sé de chúram ar an gCoimisiún gearrliostaí na n-iarrthóirí ar phost an Chathaoirligh ar an Údarás, ar phost comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus ar phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a ullmhú, ba cheart é a bheith faoi threoir ag riachtanas toradh comhchoiteann na gceapachán a mheas. Go sonrach, ba cheart do na hiarrthóirí gearrliostaithe a chur ar chumas na n-údarás ceapacháin iomchuí ceapacháin a dhéanamh a d’fhágfadh, sa deireadh thiar, éagsúlacht agus cothromaíocht inscne leordhóthanach a bheith ann i measc ardbhainistíocht an Údaráis.

(67)

Chun cearta na bpáirtithe lena mbaineann a chosaint go héifeachtach, ar chúiseanna gontachta nós imeachta, agus chun an t-ualach ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a laghdú, ba cheart don Údarás deis a thabhairt do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha athbhreithniú a iarraidh ar chinntí a dhéantar faoi na cumhachtaí maoirseachta dírí a thugtar don Údarás leis an Rialachán seo agus a dhírítear orthu, nó a bhaineann go díreach agus go haonarach leo. Ba cheart neamhspleáchas agus oibiachtúlacht na dtuairimí a thugann an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin a áirithiú trí chúigear neamhspleácha, a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, a bheith air, i measc slite eile.

(68)

Is gá na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha a sholáthar don Údarás ionas gur féidir leis na cuspóirí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun feidhmiú cuí an Údaráis a ráthú, ba cheart cistiú a sholáthar, ag brath ar na cúraimí agus na feidhmeanna, trí mheascán de tháillí a thoibhítear ar eintitis áirithe faoi oibleagáid agus ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais. Chun a áirithiú gur féidir leis an Údarás a chúraimí a chomhlíonadh mar mhaoirseoir díreach nó indíreach ar eintitis faoi oibleagáid, ba cheart sásra leormhaith a thabhairt isteach chun táillí a chinneadh agus a bhailiú. A mhéid a bhaineann leis na táillí a thoibhítear ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus ar eintitis neamhroghnaithe áirithe faoi oibleagáid, ba cheart an mhodheolaíocht chun iad a ríomh agus próiseas bailithe táillí a fhorbairt i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Ba cheart na táillí a thoibhítear ar eintitis áirithe faoi oibleagáid a ríomh de réir phrionsabal na comhréireachta, agus cibé acu a bheidh na heintitis faoi oibleagáid cáilithe do mhaoirseacht dhíreach, a bpróifíl riosca agus a láimhdeachas á gcur i gcuntas, go háirithe. Ba cheart an mhodheolaíocht a chalabrú sa chaoi agus go n-áiritheofar go bhfágfaidh próifíl riosca níos ísle go mbeidh ranníocaíocht táille níos lú ann i gcoibhneas le méid an eintitis. Beidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais le cinneadh ag údarás buiséadach an Aontais tríd an nós imeachta buiséadach. Chuige sin, ba cheart don Údarás ráiteas ar mheastacháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó rialacha airgeadais a ghlacadh freisin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

(69)

Ba cheart na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis, chomh maith le cur i láthair chuntais bhliantúla an Údaráis, a bheith i gcomhréir le forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (12) a mhéid a bhaineann le comhar le OIPE agus éifeachtacht imscrúduithe OLAF.

(70)

Chun calaois inmheánach, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile laistigh den Údarás a chosc agus a chomhrac go héifeachtach, ba cheart é a bheith faoi réir Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a mhéid a bhaineann le comhar le OIPE agus éifeachtacht imscrúduithe OLAF. Aontóidh an tÚdarás do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle ó Pharlaimint na hEorpa agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13), ar cheart di a bheith in ann na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh de réimse a hinniúlachta.

(71)

Mar a luaitear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2013 dar teideal ‘Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán’, is den riachtanas é ardleibhéal cibear-athléimneachta a áirithiú in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais mar gheall ar thimpeallacht bhagartha atá níos naimhdí. Dá réir sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin bainistíocht riosca TF iomchuí, rialachas TF inmheánach láidir agus cistiú slándála TF leordhóthanach a áirithiú. Mar riail, ba cheart 10 % ar a laghad de chaiteachas TF an Údaráis a leithdháileadh go trédhearcach ar shlándáil TF dhíreach. D’fhéadfaí an ranníocaíocht leis an tSeirbhís Cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a áireamh sa cheanglas caiteachais íosta sin. Ba cheart don Údarás oibriú go dlúth le CERT-EU agus mórtheagmhais a thuairisciú do CERT-EU agus don Choimisiún freisin laistigh de 24 uair an chloig.

(72)

Ba cheart an tÚdarás a bheith freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon as a chúraimí a fhorghníomhú agus an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart don Údarás tuairisc ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.

(73)

Ba cheart foireann an Údaráis a bheith comhdhéanta de ghníomhairí sealadacha, gníomhairí conarthacha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, lena n-áirítear na toscairí náisiúnta arna gcur ar fáil don Údarás ag FIUnna ach a leanann de bheith faoi údarás a FIU tarmligin. Ba cheart don Údarás, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme ábhartha a ghlacadh i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (14) ón gComhairle (‘Rialacháin Foirne’).

(74)

Chun a áirithiú go láimhseálfar le faisnéis rúnda amhlaidh, ba cheart comhaltaí uile chomhlachtaí rialaithe an Údaráis, foireann uile an Údaráis, lena n-áirítear an fhoireann ar iasacht agus an fhoireann arna cur ar fáil don Údarás, mar aon le haon duine a dhéanann cúraimí don Údarás ar bhonn conarthach, a bheith faoi réir oibleagáid na sicréideachta gairmiúla, lena n-áirítear aon srianta agus oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, agus a bhaineann le cúraimí sonracha an Údaráis. Níor cheart, áfach, oibleagáidí rúndachta ná oibleagáidí sicréideachta gairmiúla cosc a chur ar an Údarás dul i gcomhar le húdaráis nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais nó le húdaráis nó comhlachtaí ábhartha náisiúnta eile, faisnéis a mhalartú leo, nó faisnéis a nochtadh dóibh, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí faoi seach a chur i gcrích agus i gcás ina ndéantar foráil i ndlí an Aontais do na hoibleagáidí sin i leith comhair agus malartú faisnéise.

(75)

Gan dochar do na hoibleagáidí rúndachta ag a bhfuil feidhm maidir le foireann an Údaráis agus maidir le hionadaithe an Údaráis i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, ba cheart an tÚdarás a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). I gcomhréir leis na srianta maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil a bhaineann le cúraimí maoirseachta agus cúraimí tacaíochta agus comhordúcháin FIU an Údaráis, níor cheart an rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin dá bhforáiltear sa Rialachán sin a leathnú chuig faisnéis rúnda arna láimhseáil ag foireann an Údaráis. Go háirithe, aon sonraí oibríochtúla, nó aon fhaisnéis a bhaineann leis na sonraí oibríochtúla sin, den Údarás agus de na FIUnna, arna láimhseáil ag foireann an Údaráis mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht agus comhordú FIUnna a dhéanamh, ba cheart a mheas gur sonraí rúnda iad. Maidir le cúraimí maoirseachta, ba cheart, i bprionsabal, rochtain ar fhaisnéis nó sonraí an Údaráis, na maoirseoirí airgeadais, nó na n-eintiteas faoi oibleagáid a fhaightear mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le maoirseacht dhíreach, a láimhseáil mar fhaisnéis rúnda agus mar shonraí rúnda freisin agus níor cheart iad a bheith faoi réir a nochta. Ba cheart, áfach, a bheith in ann faisnéis rúnda a bhaineann le nós imeachta maoirseachta a nochtadh go hiomlán nó go páirteach do na heintitis faoi oibleagáid ar páirtithe iad sa nós imeachta maoirseachta sin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile i gcosaint a rún gnó.

(76)

Gan dochar d’aon socruithe teanga sonracha a d’fhéadfaí a ghlacadh laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT agus le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (16) maidir leis an Údarás agus ba cheart don Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh aon seirbhísí aistriúcháin a bhféadfadh gá a bheith leo d’fheidhmiú an Údaráis, seachas seirbhísí ateangaireachta, a sholáthar.

(77)

Gan dochar d’oibleagáidí Ballstát agus a n-údarás, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta ar bhonn an Rialacháin seo chun ML/TF a chosc a mheas a bheith ag teastáil chun cúram arna dhéanamh chun leasa an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil arna dhílsiú don Údarás faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a chur i gcrích. Le Rialachán (AE) 2018/1725, ceanglaítear ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus é ag ullmhú gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a bhfuil tionchar acu ar an gcosaint do chearta agus saoirsí daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás na gcaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme a bheidh le forbairt ag an Údarás. Chun a áirithiú go mbeidh próiseas rianúil ann chun na gníomhartha sin a ullmhú agus a ghlacadh, i gcás ina measfaidh an tÚdarás go ngabhann breisluach le dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cheana ag céim forbartha na ngníomhartha sin, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin agus a údarú a fháil chun dul ar aghaidh leis an gcomhairliúchán.

(78)

Mar thoradh ar fhostaithe eintiteas faoi oibleagáid nó grúpaí a bheith ag tabhairt tuairisc ar neamhrialtachtaí, is féidir faisnéis chriticiúil a bheith ag an Údarás ar leibhéal comhlíonta foriomlán institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais le ceanglais AML/CFT. Ar an gcuma chéanna, is féidir tuairisc a bheith á tabhairt ag fostaithe údarás maoirseachta, comhlachtaí féinrialála a dhéanann feidhmeanna maoirseachta agus FIUnna cuidiú leis an Údarás agus a ról maidir le maoirseacht ardcháilíochta a áirithiú agus tacú le forbairt faisnéise airgeadais éifeachtaí sa mhargadh inmheánach ina iomláine á chomhlíonadh aige. Is gá dearbhuithe leordhóthanacha a bheith ag na fostaithe sin, áfach, go láimhseálfar a dtuairiscí le leibhéal ard rúndachta agus nach nochtfar a sonraí pearsanta in imthosca ar bith. Chuige sin, ba cheart bearta a bheith i bhfeidhm ag an Údarás chun rúndacht na dtuairiscí ar neamhrialtachtaí a choimeád. Agus a rialacha inmheánacha chun tuairiscí ar sháruithe féideartha ar rialacha AML/CFT a láimhseáil á mbunú aige, ba cheart don Údarás a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do thuairiscí ó fhostaithe eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid agus féadfaidh sé nósanna imeachta a leagan amach chun déileáil le tuairiscí atriallacha, rabharta tuairiscí agus cásanna ina gcuirtear tuairiscí isteach, a bhaineann le sáruithe nach dtagann faoi shainordú an Údaráis. Sa bhreis air sin, ba cheart daoine a dhéanann sáruithe a bhaineann le AML/CFT a thuairisciú don Údarás a bheith cáilithe don chosaint a thugtar faoi Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhunaítear inti.

(79)

Ba cheart don Údarás caidreamh comhoibritheach a bhunú le comhlachtaí. oifigí agus gníomharieachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Europol, Eurojust, OIPE agus ÚMEnna. Chun maoirseacht trasteorann a fheabhsú agus comhar níos fearr idir maoirseoirí stuamachta agus AML/CFT a chur chun cinn, ba cheart don Údarás caidreamh comhoibritheach a bhunú freisin leis na húdaráis atá inniúil chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid san earnáil airgeadais, lena n-áirítear BCE maidir le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (20), agus freisin le húdaráis réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), le húdaráis ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus le húdaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (35), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Chuige sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann comhaontuithe nó meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin, lena n-áirítear maidir le haon mhalartú faisnéise is gá chun cúraimí faoi seach an Údaráis agus na gcomhlachtaí sin a chomhlíonadh. Ba cheart don Údarás a dhícheall a dhéanamh faisnéis a chomhroinnt leis na comhlachtaí sin ar iarraidh uathu, laistigh de na teorainneacha a bhaineann le srianta dlíthiúla, lena n-áirítear reachtaíocht maidir le cosaint sonraí. Sa bhreis air sin, ba cheart don Údarás malartú faisnéise éifeachtach a chumasú idir na maoirseoirí airgeadais uile i gcóras maoirseachta AML/CFT agus na húdaráis réamhluaite agus ba cheart an comhar agus na malartuithe faisnéise sin a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha agus éifeachtúil.

(80)

Tá comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise ina bhfóraim chomhair agus malartaithe faisnéise idir údaráis inniúla agus eintitis faoi oibleagáid i roinnt Ballstát atá ag dul i dtábhacht i gcónaí. I bhfianaise shainordú an Údaráis sciúradh airgid, cionta preideacáide an sciúrtha airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun an sprioc sin a shaothrú. Ba cheart faisnéis a mhalartaítear faoi raon feidhme comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise a bheith comhsheasmhach le raon feidhme shainordú an Údaráis. I gcás ina ngníomhódh an tÚdarás mar mhaoirseoir díreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid nó chun tacú le FIUnna atá ina gcuid de chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise in aon Bhallstát, d’fhéadfadh sé dul chun tairbhe don Údarás a bheith rannpháirteach inti freisin, faoi na coinníollacha arna gcinneadh ag an údarás nó na húdaráis phoiblí náisiúnta ábhartha a chuireann comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise den sórt sin ar bun, agus lena dtoiliú sainráite.

(81)

Ós rud é go bhfuil comhar idir údaráis mhaoirseachta, riaracháin agus forfheidhmithe dlí ríthábhachtach chun ML/TF a chomhrac go rathúil, agus go bhfuil cúraimí nó sainorduithe sonracha ar údaráis agus comhlachtaí áirithe de chuid an Aontais sa réimse sin, ba cheart don Údarás a áirithiú go mbeidh sé in ann dul i gcomhar leis na húdaráis agus na comhlachtaí sin, go háirithe OLAF, Europol, Eurojust, agus OIPE. Más gá socruithe oibre sonracha a bhunú nó meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích idir an tÚdarás agus na comhlachtaí agus na húdaráis sin, ba cheart an tÚdarás a bheith in ann déanamh amhlaidh. Ba cheart na socruithe a bheith de chineál straitéiseach agus teicniúil, níor cheart comhroinnt aon fhaisnéise rúnda ná oibríochtúla atá i seilbh an Údaráis a thabhairt le tuiscint leo agus ba cheart cuntas a thabhairt iontu i dtaobh cúraimí atá déanta cheana ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais maidir le ML/TF a chosc agus a chomhrac.

(82)

Ós rud é gur minic a bhíonn cionta preideacáide mar aon le coir an sciúrtha airgid féin de chineál domhanda, agus i bhfianaise go n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid san Aontas le tríú tíortha, agus iontu, tá comhar éifeachtach leis na húdaráis tríú tír ábhartha uile i ndáil le maoirseacht ar FIUnna agus i ndáil le feidhmiú FIUnna ríthábhachtach chun creat AML/CFT an Aontais a neartú. I bhfianaise mheascán uathúil an Údaráis de mhaoirseacht dhíreach agus indíreach agus cúraimí agus cumhachtaí FIU a bhaineann le comhar, ba cheart dó a bheith in ann ról gníomhach a ghlacadh sna socruithe comhair sheachtraigh sin. Go sonrach, ba cheart a chumhachtú don Údarás teagmhálaithe a fhorbairt agus dul i mbun socruithe riaracháin le húdaráis i dtríú tíortha ag a bhfuil inniúlachtaí rialála agus maoirseachta, agus inniúlachtaí a bhaineann le FIUnna. D’fhéadfadh sé go mbeadh tairbhe ar leith le ról an Údaráis i gcás ina bhfuil baint ag idirghníomhaíocht roinnt údaráis phoiblí agus FIUnna ón Aontas le húdaráis tríú tír le hábhair faoi raon feidhme chúraimí an Údaráis. Sna cásanna sin, ba cheart ról ceannasach a bheith ag an Údarás chun an idirghníomhaíocht sin a éascú.

(83)

I bhfianaise a chúraimí agus a chumhachtaí i réimse AML/CFT, is maith is féidir leis an Údarás tacú le gníomhaíocht an Choimisiúin i bhfóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear FATF, d’fhonn ionadaíocht aontaithe, choiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais a chur chun cinn sna fóraim sin. Mar sin, ba cheart don Údarás cabhrú leis an gCoimisiún ina chuid gníomhaíochtaí mar chomhalta de FATF, agus rannchuidiú le hionadaíocht an Aontais agus le cosaint a leasanna i bhfóraim idirnáisiúnta. I bhfianaise a thábhachtaí atá na meastóireachtaí frithpháirteacha a rinne FATF agus Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um Meastóireacht ar Bhearta Frithsciúrtha Airgid agus um Maoiniú na Sceimhlitheoireachta – MONEYVAL, agus i gcás ina mbaineann na meastóireachtaí sin leis na Ballstáit, ba cheart d’fhoireann an Údaráis iad féin a chur ar fáil agus dul i gcomhar leis na foirne measúnaithe atá freagrach as na meastóireachtaí a dhéanamh, i gcás inar gá.

(84)

Ó bheartaítear go mbeidh raon iomlán cumhachtaí ag an Údarás a bhaineann le maoirseacht dhíreach agus indíreach agus formhaoirseacht ar na heintitis uile faoi oibleagáid agus go mbeidh raon iomlán cúraimí air ina leith sin, is gá go bhfanfaidh na cumhachtaí sin comhdhlúite laistigh d’aon chomhlacht amháin ón Aontas agus nach n-eascróidh inniúlachtaí contrártha as sin le comhlachtaí eile ón Aontas. Dá bhrí sin, níor cheart do ÚBE a chúraimí agus a chumhachtaí a bhaineann le AML/CFT a choinneáil a luaithe a bheidh an Rialachán seo infheidhme go hiomlán, agus ba cheart na hairteagail chomhfhreagracha i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a scriosadh. Ba cheart na hacmhainní a leithdháiltear ar ÚBE le haghaidh chomhlíonadh na gcúraimí agus na gcumhachtaí sin a aistriú chuig an Údarás. Ós rud é gur cheart do na trí ÚME uile dul i gcomhar leis an Údarás, agus gur cheart dóibh a bheith ábalta freastal ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta ina gcomhdhéanamh maoirseachta mar bhreathnóirí, ba cheart an deis chéanna a thabhairt don Údarás i leith chruinnithe Bhord Maoirseoirí na ÚMEnna. I gcás ina ndéanfaidh na Boird Maoirseoirí faoi seach plé nó cinneadh ar ábhair atá ábhartha do chúraimí agus do chumhachtaí an Údaráis a chur i gcrích, ba cheart don Údarás a bheith ábalta páirt a ghlacadh ina gcruinnithe mar bhreathnóir. Ba cheart na hairteagail maidir le comhdhéanaimh an Bhoird Maoirseoirí i Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 a leasú dá bhrí sin dá réir sin.

(85)

Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann chun pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú, chomh maith le modheolaíocht a bhunú chun méid na táille a thoibheofar ar gach eintiteas roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid atá faoi réir táillí a ríomh agus an nós imeachta do bhailiú na dtáillí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(86)

Ba cheart don Údarás an chuid is mó dá chúraimí agus dá chumhachtaí a ghlacadh air féin i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 1 Iúil 2025. Ba cheart tús a chur le maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ó 2028. Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt don Údarás leis sin a cheanncheathrú a bhunú sa Bhallstát mar a chinntear leis an Rialachán seo.

(87)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(88)

Thug BCE an tuairim uaidh an 16 Feabhra 2022 (25).

(89)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (26),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNÚ, STÁDAS DLÍTHIÚIL AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Bunú agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis seo an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (‘an tÚdarás’).

2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo, go háirithe na cinn sin a leagtar amach in Airteagal 6, agus faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1113, Treoir (AE) 2024/1640 agus Rialachán (AE) 2024/1624, chomh maith le gach treoir, rialachán agus cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a thugann cúraimí don Údarás, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640, agus treoracha eile lena mbronntar cúraimí ar údaráis mhaoirseachta.

3.   Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail, cobhsaíocht agus sláine chóras airgeadais an Aontais agus cuífheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint tríd an méid seo a leanas:

(a)

cosc a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú (‘ML/TF’);

(b)

rannchuidiú le rioscaí agus bagairtí ML/TF ar fud an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint agus a mheasúnú, mar aon le rioscaí agus bagairtí a thagann ó lasmuigh den Aontas ag a bhfuil tionchar ar an margadh inmheánach nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu air sin;

(c)

maoirseacht ardcháilíochta a áirithiú sa réimse a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘AML/CFT’) ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(d)

rannchuidiú le cóineasú maoirseachta i réimse AML/CFT tríd an margadh inmheánach;

(e)

rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas sa bhraiteoireacht a dhéanann Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘FIUnna’) ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha;

(f)

tacú le malartú faisnéise idir FIUnna, agus idir FIUnna agus údaráis inniúla eile, agus an malartú sin a chomhordú.

Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe de bhun Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Airteagal 2 de Threoir (AE) 2024/1640, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid’ institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais, nó grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, atá faoi mhaoirseacht dhíreach an Údaráis de bhun Airteagal 13;

(2)

ciallaíonn ‘eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid’ institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais, nó grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, seachas eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;

(3)

ciallaíonn ‘córas maoirseachta AML/CFT’ an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta sna Ballstáit;

(4)

ciallaíonn ‘údarás neamh-AML/CFT’:

(a)

údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(b)

an Banc Ceannais Eorpach (BCE), nuair a dhéanann sé na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(c)

údarás réitigh arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;

(d)

údarás ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE;

(e)

údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (35), de Rialachán (AE) 2023/1114.

Airteagal 3

Stádas dlíthiúil

1.   Beidh an tÚdarás ina chomhlacht de chuid an Aontais ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus réadmhaoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis ionadaíocht thar a cheann.

Airteagal 4

Suíomh

Is in Frankfurt am Main, an Ghearmáin, a bheidh suíomh an Údaráis.

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS

ROINN 1

Cúraimí agus cumhachtaí

Airteagal 5

Cúraimí

1.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas i leith rioscaí a bhaineann le ML/TF atá roimh an margadh inmheánach:

(a)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí i ndáil le ML/TF;

(b)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí i ndáil lena gcórais AML/CFT a bhfuil tionchar acu, nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar an margadh inmheánach;

(c)

faisnéis a bhailiú agus a anailísiú óna ghníomhaíochtaí maoirseachta féin agus gníomhaíochtaí na maoirseoirí agus na n-údarás maoirseachta maidir le laigí a sainaithníodh i gcur i bhfeidhm rialacha AML/CFT ag eintitis faoi oibleagáid, neamhchosaint ar riosca na n-eintiteas faoi oibleagáid, na smachtbhannaí a fhorchuirtear agus na gníomhaíochtaí feabhais a dhéantar;

(d)

bunachar sonraí lárnach AML/CFT a bhunú den fhaisnéis a bhailítear ó údaráis mhaoirseachta nó a eascraíonn as gníomhaíochtaí an Údaráis, agus é a choimeád cothrom le dáta;

(e)

anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear sa bhunachar sonraí lárnach agus na hanailísí sin a chomhroinnt le maoirseoirí, údaráis mhaoirseachta agus údaráis neamh-AML/CFT ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda;

(f)

tacú leis an anailís ar rioscaí ML/TF agus le neamhchur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a dhéanann difear don mhargadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;

(g)

tacú le comhar agus malartú faisnéise idir eintitis faoi oibleagáid agus maoirseoirí, údaráis mhaoirseachta agus údaráis neamh-AML/CFT agus an comhar agus an malartú sin a éascú agus a neartú chun comhthuiscint ar rioscaí agus bagairtí ML/TF atá roimh an margadh inmheánach a fhorbairt, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí le haghaidh comhroinnt faisnéise i réimse AML/CFT;

(h)

foilseacháin a eisiúint agus oiliúint a chur ar fáil, chomh maith le seirbhísí eile ar éileamh, chun aird a tharraingt ar rioscaí ML/TF agus chun aghaidh a thabhairt orthu;

(i)

aon chás ina bhfaigheann an tÚdarás amach, agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, go ndearna Ballstát Treoir (AE) 2024/1640 a thrasuí go mícheart nó go neamhiomlán a thuairisciú don Choimisiún;

(j)

aon chúram sonrach eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna gníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a dhéanamh.

2.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid na ceanglais is infheidhme maidir leo de bhun Rialachán (AE) 2024/1624 agus Rialachán (AE) 2023/1113, lena n-áirítear oibleagáidí a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme;

(b)

athbhreithnithe agus measúnuithe maoirseachta a dhéanamh ar leibhéal na n-eintiteas aonair agus ar leibhéal an ghrúpa chun a chinneadh cibé acu is leor na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid chun na ceanglais is infheidhme maidir leo a chomhlíonadh, agus ar bhonn na n-athbhreithnithe agus na measúnuithe maoirseachta sin, ceanglais shonracha, bearta riaracháin a chur i bhfeidhm, agus smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagail 21, 22 agus 23;

(c)

páirt a ghlacadh i maoirseacht uile-ghrúpa, go háirithe i gcoláistí maoirseachta AML/CFT, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid ina chuid de ghrúpa a bhfuil a cheanncheathrú nó fochuideachtaí nó brainsí dá chuid lasmuigh den Aontas;

(d)

córas a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid chun eolas a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus na n-údarás maoirseachta, lena n-áirítear trí shonraí a bhailiú ó na heintitis sin trí cheistneoirí struchtúrtha agus uirlisí eile ar líne nó as líne.

3.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le maoirseoirí airgeadais:

(a)

liosta cothrom le dáta de mhaoirseoirí airgeadais laistigh den Aontas a choinneáil ar bun;

(b)

measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh acmhainní, cumhachtaí agus straitéisí leordhóthanacha ag na maoirseoirí airgeadais uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh i réimse AML/CFT, agus torthaí na measúnuithe sin a chur ar fáil;

(c)

bearta iomchuí a dhéanamh, mar fhreagairt ar iarraidh ó mhaoirseoirí airgeadais ar an Údarás glacadh le maoirseacht dhíreach nó ar thionscnamh an Údaráis féin, in imthosca eisceachtúla lena gceanglaítear idirghabháil an Údaráis agus a bhaineann le comhlíonadh nó neamhchosaint ar riosca na n-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid;

(d)

feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a éascú;

(e)

rannchuidiú, i gcomhar le maoirseoirí airgeadais, le cóineasú cleachtas maoirseachta agus le hardchaighdeáin mhaoirseachta a chur chun cinn i réimse AML/CFT, lena n-áirítear i ndáil le fíorú ar chomhlíonadh cheanglais AML/CFT a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;

(f)

an fhoireann agus malartú faisnéise a chomhordú i measc maoirseoirí airgeadais san Aontas i réimse AML/CFT;

(g)

cúnamh a chur ar fáil, i réimse AML/CFT, do mhaoirseoirí airgeadais, tar éis dóibh iarrataí sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear iarrataí idirghabháil idir maoirseoirí airgeadais;

(h)

easaontais a réiteach, le héifeacht cheangailteach, idir maoirseoirí airgeadais maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs coláistí maoirseachta AML/CFT, tar éis iarraidh shonrach dá dtagraítear i bpointe (g);

4.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le maoirseoirí seach-airgeadais:

(a)

liosta cothrom le dáta de mhaoirseoirí seach-airgeadais laistigh den Aontas a choinneáil ar bun;

(b)

athbhreithnithe piaraí ar chaighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta i réimse AML/CFT a chomhordú;

(c)

i réimse AML/CFT, imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha nó ar neamhchur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag maoirseoirí seach-airgeadais agus ag údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, moltaí a eisiúint maidir le conas na sáruithe sainaitheanta a leigheas agus, i gcás nach gcomhlíonann na maoirseoirí nó na húdaráis phoiblí na moltaí, rabhaidh a eisiúint ina sainaithnítear na bearta atá le cur chun feidhme chun éifeachtaí an tsáraithe a mhaolú;

(d)

athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus cumhachtaí leormhaithe ag na maoirseoirí seach-airgeadais uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh i réimse AML/CFT;

(e)

rannchuidiú le cóineasú cleachtas maoirseachta agus cur chun cinn ardchaighdeán maoirseachta i réimse AML/CFT;

(f)

feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a éascú;

(g)

cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais, tar éis a n-iarrataí sonracha, amhail iarrataí ar idirghabháil a dhéanamh idir maoirseoirí seach-airgeadais i gcás easaontais maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs choláistí maoirseachta AML/CFT.

I gcás ina ndéantar an mhaoirseacht ar earnálacha sonracha a tharmligean ar an leibhéal náisiúnta chun comhlachtaí féinrialála, feidhmeoidh an tÚdarás na cúraimí a leagtar amach sa chéad fhomhír i ndáil le formhaoirseacht a bheith á déanamh ag údaráis mhaoirseachta ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

5.   Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le FIUnna agus lena ngníomhaíochtaí sna Ballstáit:

(a)

liosta cothrom le dáta de FIUnna san Aontas a choinneáil ar bun;

(b)

faireachán a dhéanamh ar athruithe ar chreat dlíthiúil FIUnna, agus ar a n-eagrúchán, ag díriú ar acmhainní chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

(c)

tacú le hobair FIUnna agus cur le comhar agus comhordú feabhsaithe idir FIUnna;

(d)

rannchuidiú le cásanna ábhartha a shainaithint agus a roghnú chun go ndéanfaidh FIUnna anailísí comhpháirteacha;

(e)

modhanna agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt chun go ndéanfaidh FIUnna anailísí comhpháirteacha ar chásanna trasteorann;

(f)

anailísí comhpháirteacha a bheidh á gcur i gcrích ag FIUnna a bhunú, a chomhordú, a eagrú agus a éascú;

(g)

cúnamh a chur ar fáil do FIUnna, ar a n-iarrataí sonracha, amhail iarrataí ar idirghabháil i gcás easaontais idir FIUnna;

(h)

athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí FIUnna atá dírithe ar a gcomhsheasmhacht agus ar a n-éifeachtacht a neartú agus ar dhea-chleachtais a shainaithint;

(i)

uirlisí agus seirbhísí a fhorbairt agus a chur ar fáil do FIUnna chun cumais anailísithe FIUnna a fheabhsú, mar aon le seirbhísí agus uirlisí TF agus intleachta saorga le haghaidh comhroinnt faisnéise shlán, lena n-áirítear trí FIU.net a óstáil;

(j)

saineolas maidir le modhanna braiteoireachta, anailíse agus scaipthe i leith idirbhearta amhrasacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun cinn;

(k)

ar iarraidh ó FIUnna, oiliúint agus cúnamh speisialaithe a sholáthar do FIUnna, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh, faoi raon feidhme chuspóirí an Údaráis agus i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus buiséadacha atá ar fáil dó;

(l)

tacú, ar iarraidh ó FIUnna, lena n-idirghníomhaíocht le heintitis faoi oibleagáid trí shaineolas a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear feabhas a chur ar a bhfeasacht agus ar nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí agus idirbhearta amhrasacha a bhrath agus iad a thuairisciú do na FIUnna;

(m)

measúnuithe agus anailísí straitéiseacha ar bhagairtí, ar rioscaí agus ar mhodhanna ML/TF arna sainaithint ag FIUnna a ullmhú agus a chomhordú.

6.   Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm agus, i gcás ina mbeidh an dlí sin ón Aontas comhdhéanta de threoracha, an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na treoracha sin. I gcás ina mbeidh an dlí is infheidhme comhdhéanta de rialacháin, agus i gcás ina dtabharfar leis na rialacháin sin roghanna do na Ballstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm freisin lena gcuirtear na roghanna sin i bhfáth.

Airteagal 6

Cumhachtaí an Údaráis

1.   Maidir leis na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, beidh ag an Údarás na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha mar a shonraítear in Airteagail 17 go 21 agus an chumhacht chun smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar a shonraítear in Airteagail 22 agus 23.

Beidh na cumhachtaí agus na hoibleagáidí atá ag maoirseoirí airgeadais i réimse AML/CFT faoi dhlí is infheidhme an Aontais ag an Údarás freisin, mura bhforáiltear dá mhalairt leis an Rialachán seo.

A mhéid is gá chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar mhaoirseoirí airgeadais, trí threoracha, úsáid a bhaint as a gcumhachtaí i réimse AML/CFT, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus i gcomhréir leo, i gcás nach dtugtar na cumhachtaí sin don Údarás leis an Rialachán seo.

Chun na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír a fheidhmiú, féadfaidh an tÚdarás cinntí ceangailteacha atá dírithe ar eintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid a eisiúint. Beidh an chumhacht ag an Údarás bearta riaracháin a chur i bhfeidhm agus smachtbhannaí airgid a fhorchur as neamhchomhlíonadh na gcinntí a dhéantar i bhfeidhmiú na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 21, i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   Maidir le maoirseoirí agus le húdaráis mhaoirseachta, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a)

a cheangal go gcuirfear isteach faisnéis nó doiciméid, lena n-áirítear mínithe i scríbhinn nó ó bhéal, atá riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis staidrimh agus faisnéis a bhaineann le próisis nó socruithe inmheánacha maoirseoirí náisiúnta agus údarás maoirseachta, agus rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin sna ceistneoirí struchtúrtha coiteanna agus as uirlisí eile ar líne agus as líne arna bhforbairt ag an Údarás agus an fhaisnéis sin a bhaint astu;

(b)

treoirlínte agus moltaí a eisiúint;

(c)

iarrataí ar ghníomhú agus treoracha a eisiúint maidir le bearta atá le déanamh i ndáil le heintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid de bhun Chaibidil II, Roinn 4;

(d)

idirghabháil a dhéanamh ar iarraidh ó mhaoirseoir airgeadais nó ó mhaoirseoir seach-airgeadais;

(e)

ar iarraidh ó mhaoirseoirí airgeadais, easaontais idir maoirseoirí airgeadais a réiteach, le héifeacht cheangailteach, lena n-áirítear i gcomhthéacs choláistí maoirseachta AML/CFT.

3.   Maidir le FIUnna sna Ballstáit, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a)

sonraí agus anailísí neamhoibríochtúla a iarraidh ar FIUnna, i gcás inar gá iad chun measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, ar leochaileachtaí agus ar rioscaí atá roimh an margadh inmheánach i ndáil le ML/TF;

(b)

faisnéis agus staidreamh a bhailiú i ndáil le cúraimí agus gníomhaíochtaí FIUnna;

(c)

faisnéis agus sonraí is gá le haghaidh tionscnamh, seoladh agus comhordú anailísí comhpháirteacha a fháil agus a phróiseáil, mar a shonraítear in Airteagal 40;

(d)

treoirlínte agus moltaí a eisiúint.

4.   Chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5(1) a dhéanamh, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a)

dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 49;

(b)

dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 53;

(c)

treoirlínte agus moltaí a eisiúint, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 54;

(d)

tuairimí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 55.

ROINN 2

Córas maoirseachta AML/CFT

Airteagal 7

Comhar laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT

1.   Beidh an tÚdarás freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach chóras maoirseachta AML/CFT.

2.   Beidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta faoi réir dualgas comhair de mheon macánta, agus oibleagáid faisnéis a mhalartú chun críocha AML/CFT i gcomhréir leis an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113, Rialachán (AE) 2024/1624 agus Treoir (AE) 2024/1640.

3.   Ar iarraidh ón Údarás, cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis uile a bhaineann le heintitis faoi oibleagáid a fhanann faoi mhaoirseacht dhíreach ar an leibhéal náisiúnta ar fáil don Údarás is gá chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun Airteagal 5(1), (3) agus (4), i gcás ina mbeidh rochtain dhlíthiúil ag na húdaráis mhaoirseachta ar an bhfaisnéis sin.

4.   Tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta cúnamh don Údarás le linn sainiúlachtaí a gcreataí dlíthiúla náisiúnta faoi seach a shainaithint agus a chur i gcuntas, go háirithe i gcás ina bhfuil forálacha náisiúnta lena dtrasuitear reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á gcur i bhfeidhm ag an Údarás.

Airteagal 8

Modheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT

1.   I gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh an tÚdarás modheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT a bheidh cothrom le dáta agus comhchuibhithe a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, lena mionsonrófar an cur chuige rioscabhunaithe i leith na maoirseachta ar eintitis faoi oibleagáid san Aontas. Beidh an mhodheolaíocht sin comhdhéanta de threoirlínte, moltaí, tuairimí agus bearta agus ionstraimí eile de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear go háirithe caighdeáin rialála agus theicniúla cur chun feidhme, ar bhonn na gcumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.   Agus an mhodheolaíocht mhaoirseachta á forbairt, déanfaidh an tÚdarás idirdhealú idir eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear ar bhonn a ngníomhaíochtaí agus shaghas agus chineál na rioscaí ML/TF a bhfuil siad neamhchosanta orthu. Beidh ar a laghad na heilimintí seo a leanas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta agus beidh sí rioscabhunaithe:

(a)

tagarmharcanna agus modheolaíocht chun eintitis faoi oibleagáid a aicmiú ina gcatagóirí riosca ar bhonn a bpróifíle riosca iarmharaigh, ar leithligh le haghaidh gach catagóire eintiteas faoi oibleagáid;

(b)

cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar fhéinmheasúnuithe eintiteas faoi oibleagáid i dtaobh riosca ML/TF;

(c)

cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear a mbeartais agus a nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe maidir le ML/TF a chosc;

(d)

cineálacha cur chuige i leith meastóireacht mhaoirseachta ar thosca riosca a bhaineann go bunúsach le custaiméirí, gaolmhaireachtaí gnó, idirbhearta agus bealaí seachadta eintiteas faoi oibleagáid, chomh maith le tosca riosca geografacha, nó i ndáil leo.

3.   Forbróidh an tÚdarás ceistneoirí struchtúrtha agus uirlisí eile ar líne nó as líne a úsáidfidh an tÚdarás agus na maoirseoirí chun sonraí agus faisnéis ó eintitis faoi oibleagáid a iarraidh, a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú, lena n-áirítear na sonraí ar a mbeifear ag brath agus eilimintí na modheolaíochta maoirseachta a liostaítear i mír 2 á gcur i bhfeidhm.

Áiritheofar leis na huirlisí arna bhforbairt ag an Údarás go mbaileofar sonraí agus faisnéis oibiachtúil agus inchomparáide a bhaineann le AML/CFT ó eintitis faoi oibleagáid agus cumasófar leo malartú éifeachtúil tapa faisnéise idir na maoirseoirí agus an tÚdarás.

Féachfaidh an tÚdarás leis na huirlisí sin a fhorbairt a luaithe a bheidh an mhodheolaíocht mhaoirseachta infheidhme ar fud chóras maoirseachta AML/CFT ina iomláine.

4.   Leis an modheolaíocht mhaoirseachta léireofar ardchaighdeáin mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus tógfar ar chaighdeáin agus treoir idirnáisiúnta ábhartha. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú agus nuashonrú go tráthrialta ar a mhodheolaíocht mhaoirseachta, agus éabhlóid na rioscaí a dhéanann difear don mhargadh inmheánach á cur i gcuntas, lena n-áirítear rioscaí agus bagairtí arna sainaithint ag údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus FIUnna. Cuirfear i gcuntas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta, a mhéid is féidir, na dea-chleachtais agus an treoir a d’fhorbair socraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta.

Airteagal 9

Athbhreithnithe téamacha

1.   Tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig gach bliain, soláthróidh údaráis mhaoirseachta faisnéis don Údarás maidir le hathbhreithnithe maoirseachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a dhéanamh, ar bhonn téamach, le linn na bliana dár gcionn nó le linn an téarma maoirseachta agus arb é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh ar rioscaí ML/TF nó ar ghné shonrach de na rioscaí sin a bhfuil eintitis iomadúla faoi oibleagáid neamhchosanta orthu an tráth céanna. Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a)

raon feidhme gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte ó thaobh na catagóire agus an lín eintiteas faoi oibleagáid a áirítear agus ábhar an athbhreithnithe;

(b)

tráthchlár gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte;

(c)

saghsanna pleanáilte, cineál agus minicíocht na ngníomhaíochtaí maoirseachta atá le déanamh i ndáil le gach athbhreithniú téamach, lena n-áirítear aon chigireacht ar an láthair nó saghsanna eile idirghníomhaíochta dírí le heintitis faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme.

2.   Faoi dheireadh gach bliana, déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis pleanáil chomhdhlúite, de na hathbhreithnithe téamacha a bheartaíonn na húdaráis mhaoirseachta a dhéanamh le linn na bliana dár gcionn, a chur faoi bhráid an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

3.   I gcás ina dtabharfar údar le comhordú ar leibhéal an Aontais le raon feidhme agus ábharthacht uile-Aontais na n-athbhreithnithe téamacha, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha go comhpháirteach iad agus comhordóidh an tÚdarás iad. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha a mholadh bunaithe ar na hanailísí atá ar fáil ar bhagairtí, ar leochaileachtaí agus ar rioscaí sa mhargadh inmheánach. Déanfaidh an Bord Ginearálta, ina chomhdhéanamh maoirseachta, liosta a tharraingt suas d’athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha. Déanfaidh an Bord Ginearálta ina chomhdhéanamh maoirseachta tuairisc a tharraingt suas a bhaineann le seoladh, ábhar agus toradh gach athbhreithnithe théamaigh chomhpháirtigh. Foilseoidh an tÚdarás an tuairisc sin ar a shuíomh gréasáin.

4.   Comhordóidh an tÚdarás gníomhaíochtaí na n-údarás maoirseachta agus éascóidh sé pleanáil agus forghníomhú na n-athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 3. Aon idirghníomhaíocht dhíreach le heintitis faoi oibleagáid seachas eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhthéacs aon athbhreithnithe théamaigh, fanfaidh sí faoi fhreagracht eisiach an údaráis maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin faoi oibleagáid agus ní fhorléireofar í mar aistriú cúraimí ná cumhachtaí a bhaineann leis na heintitis sin laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT.

5.   I gcás nach mbeidh athbhreithnithe téamacha pleanáilte ar an leibhéal náisiúnta faoi réir cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais, féachfaidh an tÚdarás, i gcomhpháirt leis na húdaráis mhaoirseachta, an gá agus an bhféadfaí tráthchlár na n-athbhreithnithe téamacha sin a ailíniú nó a shioncronú, agus éascóidh sé malartú faisnéise agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis mhaoirseachta a dhéanann na hathbhreithnithe téamacha sin. Éascóidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht freisin is mian leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha a dhéanamh go comhpháirteach nó ar bhealach comhchosúil i gcomhthéacs a n-athbhreithnithe téamacha faoi seach.

6.   Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar torthaí agus conclúidí na n-athbhreithnithe téamacha a sheolann roinnt údaráis mhaoirseachta ar an leibhéal náisiúnta a chomhroinnt leis na húdaráis mhaoirseachta uile, seachas faisnéis rúnda a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid. Sa chomhroinnt faisnéise sin, áireofar aon chonclúid choiteann a thagann as malartuithe faisnéise nó as gníomhaíocht chomhpháirteach nó chomhordaithe lena mbaineann roinnt údaráis mhaoirseachta.

Airteagal 10

Cúnamh frithpháirteach i gcóras maoirseachta AML/CFT

1.   Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas a fhorbairt:

(a)

ionstraimí agus uirlisí cóineasúcháin praiticiúla nua chun cineálacha cur chuige maoirseachta coiteanna agus dea-chleachtais choiteanna a chur chun cinn;

(b)

uirlisí agus modhanna praiticiúla le haghaidh cúnamh frithpháirteach tar éis an mhéid seo a leanas:

(i)

iarrataí sonracha ó údaráis mhaoirseachta;

(ii)

tarchur easaontas idir údaráis mhaoirseachta maidir leis na bearta atá le déanamh go comhpháirteach ag údaráis mhaoirseachta éagsúla i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid.

2.   Éascóidh agus spreagfaidh an tÚdarás ar a laghad na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

cláir oiliúna earnála agus thrasearnála, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta;

(b)

malartuithe foirne agus úsáid a bhaint as scéimeanna iasachta, nascadh agus cuairteanna gearrthéarmacha;

(c)

malartuithe dea-chleachtas maoirseachta idir údaráis mhaoirseachta i gcás ina bhfuil saineolas forbartha ag údarás amháin i réimse sonrach de chleachtais mhaoirseachta AML/CFT.

3.   Féadfaidh gach údarás maoirseachta iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a bhaineann lena chúraimí maoirseachta a chur faoi bhráid an Údaráis, agus sonrú á dhéanamh ar an gcineál cúnaimh atá á lorg aige ó fhoireann an Údaráis, foireann ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta, nó meascán de sin. Má bhaineann an iarraidh le gníomhaíochtaí i ndáil le maoirseacht eintiteas sonrach faoi oibleagáid, déanfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun cúnamh a sholáthar a tharchur chun an Údaráis. Coimeádfaidh an tÚdarás agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tráthrialta an fhaisnéis faoi réimsí sonracha saineolais agus faoi inniúlachtaí údarás maoirseachta chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar a bhaineann lena gcúraimí maoirseachta.

4.   I gcás ina n-iarrfar ar an Údarás cúnamh a sholáthar chun cúraimí maoirseachta sonracha a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le heintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach mionsonraí, san iarraidh uaidh, ar na cúraimí ar lena n-aghaidh a iarrtar tacaíocht. Ní fhorléireofar an cúnamh mar aistriú, ón údarás maoirseachta iarrthach chun an Údaráis, de chúraimí maoirseachta, de chumhachtaí, nó de chuntasacht chun maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.

5.   I gcás ina mbeidh an tÚdarás den tuairim go bhfuil an iarraidh iomchuí agus indéanta, déanfaidh sé gach iarracht an cúnamh iarrtha a chur ar fáil, lena n-áirítear trína acmhainní daonna féin a shlógadh agus trína áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta acmhainní a shlógadh ar bhonn deonach.

6.   Faoi dheireadh gach bliana, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis cumraíocht maoirseachta na n-acmhainní daonna in iúl don Bhord Ginearálta a leithdháilfidh an tÚdarás ar an gcúnamh a iarrtar faoi mhír 3 den Airteagal seo a sholáthar le linn na bliana dár gcionn. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar infhaighteacht acmhainní daonna toisc aon cheann de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4) a bheith á chomhlíonadh, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis é sin in iúl don Bhord Ginearálta i gcumraíocht na maoirseachta.

7.   Fanfaidh aon idirghníomhaíocht idir foireann an Údaráis agus an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi fhreagracht eisiach an údaráis maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas sin. Ní fhorléireofar an idirghníomhaíocht sin mar aistriú cúraimí nó cumhachtaí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT.

Airteagal 11

Bunachar sonraí lárnach AML/CFT

1.   Déanfaidh an tÚdarás bunachar sonraí lárnach faisnéise a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta de bhun an Airteagail seo.

Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis ar fáil d’údaráis mhaoirseachta, d’údaráis neamh-AML/CFT, d’údaráis náisiúnta eile agus do chomhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) nó Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), agus do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, eadhon, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) (‘ÚMEnna’ i dteannta a chéile), ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Déanfaidh an tÚdarás anailís freisin ar an bhfaisnéis a bhaileofar agus féadfaidh sé torthaí a anailíse a chomhroinnt ar a thionscnamh féin le húdaráis mhaoirseachta, i gcás ina n-éascófaí a ngníomhaíochtaí maoirseachta dá ndéanfaí amhlaidh, agus, i gcás inarb ábhartha, le heintitis faoi oibleagáid.

2.   Tarchuirfidh na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chuig an Údarás, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid, ionas go gcuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí:

(a)

liosta de na húdaráis mhaoirseachta agus de na comhlachtaí féinrialála uile ina mBallstát ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis faoina sainordú, a gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an phríomh-mhaoirseora nó an tsásra comhordúcháin;

(b)

faisnéis staidrimh i dtaobh catagóirí agus líon na n-eintiteas faoi oibleagáid faoi mhaoirseacht in aghaidh na catagóire ina mBallstát agus faisnéis bhunúsach i dtaobh phróifíl riosca na n-eintiteas sin;

(c)

na bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm agus na smachtbhannaí airgid a forchuireadh i gcúrsa maoirseacht a dhéanamh ar eintitis aonair faoi oibleagáid mar fhreagairt ar sháruithe ar cheanglais AML/CFT, agus an méid seo a leanas ag gabháil leo:

(i)

na forais leis an mbeart riaracháin a chur i bhfeidhm nó leis an smachtbhanna airgid a fhorchur, amhail cineál an tsáraithe;

(ii)

faisnéis ghaolmhar maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na torthaí as ar eascair an beart riaracháin atá á chur i bhfeidhm nó an smachtbhanna airgid atá á fhorchur;

(d)

aon chomhairle nó tuairim a bhaineann le rioscaí ML/TF a sholáthraítear d’údaráis eile i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, aistarraingt nósanna imeachta údarúcháin, agus measúnuithe ‘cuí córa’ ar scairshealbhóirí nó comhaltaí de chomhlacht bainistíochta eintiteas aonair faoi oibleagáid;

(e)

torthaí a measúnuithe ar phróifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais uile a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(1);

(f)

torthaí agus tuairiscí athbhreithnithe téamacha agus gníomhaíochtaí maoirseachta cothrománacha eile maidir le réimsí nó gníomhaíochtaí ardriosca;

(g)

faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinne siad le bliain féilire anuas, arna bailiú de bhun Airteagal 40(5) de Threoir (AE) 2024/1640;

(h)

faisnéis staidrimh i dtaobh na foirne agus acmhainní eile maoirseoirí agus údarás maoirseachta.

Ní áireofar san fhaisnéis a sholáthrófar de bhun na chéad fhomhíre tagairt d’amhras sonrach arna thuairisciú de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624.

Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí, ina theannta sin, an fhaisnéis a eascraíonn óna ghníomhaíochtaí i réimse na maoirseachta dírí a chomhfhreagraíonn do na catagóirí faisnéise a liostaítear sa chéad fhomhír, chomh maith le torthaí an phróisis measúnaithe riosca a rinne an tÚdarás de bhun Airteagal 12.

3.   Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis mhaoirseachta faisnéis eile a sholáthar i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta aon fhaisnéis a sholáthraítear a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is gá sin nó ar iarraidh ón Údarás.

4.   Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí aon sonraí nó faisnéis is ábhartha chun críocha gníomhaíochtaí maoirseachta AML/CFT arna soláthar ag údaráis neamh-AML/CFT, ag údaráis agus comhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais Threoir 2008/48/CE, Threoir 2009/110/CE, Threoir 2009/138/CE, Threoir 2014/17/AE, Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Threoir 2014/56/AE, Threoir 2014/65/AE nó Threoir (AE) 2015/2366, nó ag ÚMEnna.

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír cásanna ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin a bheith in amhras go bhfuiltear ag féachaint le ML/TF nó go bhfuiltear á dhéanamh nó go bhfuil riosca méadaithe ann ina leith i dtaca le heintiteas faoi oibleagáid, agus i gcás inar tháinig na forais réasúnacha sin chun cinn i gcomhthéacs fheidhmiú a gcúraimí faoi seach. Áireofar sa bhunachar sonraí chomh maith faisnéis ábhartha a fuair na húdaráis nó na comhlachtaí a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (36) lena n-áirítear BCE agus é ag gníomhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i gcomhthéacs maoirseachta leanúnaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le measúnuithe ar shamhlacha gnó, measúnuithe ar shocruithe rialachais, nósanna imeachta údarúcháin, measúnuithe ar éadálacha sealúchas cáilitheach, measúnuithe ‘cuí córa’ agus nósanna imeachta a bhaineann le ceadúnais a tharraingt siar.

5.   Féadfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, iarraidh réasúnaithe ar fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo a dhíriú chun an Údaráis, más gá an fhaisnéis sin dá ngníomhaíochtaí maoirseachta. Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar na hiarrataí sin agus soláthróidh sé an fhaisnéis a iarradh ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda agus go tráthúil. Déanfaidh an tÚdarás an t-údarás nó an comhlacht, a sholáthair an fhaisnéis iarrtha ar dtús, a chur ar an eolas faoi chéannacht an údaráis nó an chomhlachta iarrthaigh, céannacht aon eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann, an chúis atá leis an iarraidh ar fhaisnéis chomh maith le cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh an fhaisnéis don údarás nó don chomhlacht iarrthach. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gan an fhaisnéis iarrtha a chur ar fáil, soláthróidh sé údar réasúnaithe leis an gcinneadh sin.

6.   Forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

an nós imeachta, na formáidí agus na hamlínte chun faisnéis a tharchur de bhun mhíreanna 2 agus 3;

(b)

raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur, agus idirdhealuithe ábhartha idir eintitis faoi oibleagáid, amhail a bpróifíl riosca, á gcur i gcuntas;

(c)

raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur i ndáil le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais;

(d)

an cineál faisnéise ar gá toiliú a fháil roimh ré ón údarás maoirseachta a thionscain í chun go bhféadfaidh an tÚdarás í a nochtadh, de bhun iarraidh réasúnaithe nó ar a thionscnamh féin;

(e)

an leibhéal ábharthachta is gá a bheith ag sárú chun go mbeidh oibleagáid ar údarás maoirseachta faisnéis faoin sárú a tharchur de bhun mhír 2, pointe (c);

(f)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh an tÚdarás breis faisnéise a iarraidh de bhun mhír 3;

(g)

na saghsanna faisnéise breise atá le tarchur chun an Údaráis de bhun mhír 3.

Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Nollaig 2025.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo.

7.   Féadfar sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhréir leis an Airteagal seo a choinneáil i bhfoirm inaitheanta ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana tar éis don Údarás na sonraí a bhailiú, agus scriosfar na sonraí sin ag deireadh na tréimhse sin. Bunaithe ar mheasúnú tráthrialta ar a riachtanas, féadfar sonraí pearsanta a scriosadh sula rachaidh an tréimhse sin in éag ar bhonn cás ar chás.

ROINN 3

Maoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid

Airteagal 12

Measúnú ar institiúidí creidmheasa agus ar institiúidí airgeadais chun iad a roghnú le haghaidh maoirseacht dhíreach

1.   Chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le maoirseoirí airgeadais, measúnú tréimhsiúil ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, agus ar ghrúpaí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, i gcás ina n-oibríonn siad, cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoi shaoirse seirbhísí a sholáthar, i sé Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear an Ballstát baile, is cuma cé acu a dhéantar na gníomhaíochtaí trí bhonneagar ar an gcríoch lena mbaineann nó go cianda.

2.   Soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta, agus na heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir measúnú tréimhsiúil, aon fhaisnéis is gá don Údarás chun an measúnú tréimhsiúil dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

3.   Déanfaidh an tÚdarás próifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh eintitis faoi oibleagáid a ndéantar measúnú air de bhun mhír 1 a aicmiú mar phróifílí ísle, meánacha, substaintiúla nó arda, bunaithe ar na tagarmharcanna agus de réir na modheolaíochta a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5. I gcás inar cuid de ghrúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais an t-eintiteas measúnaithe faoi oibleagáid, aicmeofar an phróifíl riosca ar leibhéal uile-ghrúpa.

4.   Bunófar an mhodheolaíocht chun na próifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh a aicmiú, ar leithligh ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí eintiteas faoi oibleagáid seo a leanas:

(a)

institiúidí creidmheasa;

(b)

bureaux de change;

(c)

gnóthais chomhinfheistíochta;

(d)

soláthraithe creidmheasa seachas institiúidí creidmheasa;

(e)

institiúidí ríomhairgid;

(f)

gnólachtaí infheistíochta,

(g)

institiúidí íocaíochta;

(h)

gnóthais árachais saoil;

(i)

idirghabhálaithe árachais saoil;

(j)

soláthraithe seirbhíse cripteashócmhainní;

(k)

institiúidí airgeadais eile.

5.   I gcás gach catagóire de na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 4, beidh na tagarmharcanna chun riosca bunúsach a mheasúnú sa mhodheolaíocht measúnúcháin bunaithe ar na catagóirí tosca riosca i ndáil le custaiméirí, táirgí, seirbhísí, idirbhearta, bealaí seachadta agus limistéir gheografacha. Bunófar na tagarmharcanna le haghaidh na dtáscairí riosca bhunúsaigh seo a leanas ar a laghad in aon Bhallstát ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid:

(a)

i leith riosca a bhaineann le custaiméir: líon na gcustaiméirí neamhchónaitheacha ó thríú tíortha arna sainaithint de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624 agus láithreacht agus líon na gcustaiméirí atá sainaitheanta mar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil;

(b)

i leith na dtáirgí agus na seirbhísí a thairgtear:

(i)

tábhacht agus méid trádála na dtáirgí agus na seirbhísí atá sainaitheanta mar na cinn is leochailí i leith rioscaí ML/TF ar leibhéal an mhargaidh inmheánaigh sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais, nó ar leibhéal na tíre, sa mheasúnú riosca náisiúnta;

(ii)

i gcás soláthraithe seirbhíse seoltán airgid, tábhacht na ngníomhaíochtaí bliantúla comhiomlána astaithe agus glactha atá ag gach seoltóir sna tíortha a shainaithnítear de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624;

(iii)

líon coibhneasta na dtáirgí, na seirbhísí agus na n-idirbheart a thugann leibhéal suntasach cosanta do phríobháideachas agus do chéannacht na gcliant nó foirm eile anaithnideachta;

(c)

i leith limistéir gheografacha:

(i)

méid bliantúil na seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí agus na seirbhísí cripteashócmhainní comhfhreagracha, arna soláthar ag eintitis d’earnáil airgeadais an Aontais i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624;

(ii)

líon agus sciar na gcliant baincéireachta comhfhreagraí agus na gcliant cripteashócmhainní i dtríú tíortha a shainaithnítear de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624.

6.   I gcás gach catagóire eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 4, áireofar sa mheasúnú ar riosca iarmharach sa mhodheolaíocht measúnúcháin tagarmharcanna chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na mbeartas, na rialuithe agus na nósanna imeachta inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid chun a riosca bunúsach a mhaolú.

7.   Forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí íosta a bheidh le déanamh ag institiúid creidmheasa nó ag institiúid airgeadais faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cibé acu trí bhonneagar nó go cianda, chun a mheas go bhfuil sí ag oibriú i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sí bunaithe;

(b)

an mhodheolaíocht atá bunaithe ar na tagarmharcanna dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 chun próifíl riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, a aicmiú mar íseal, meánach, substaintiúil nó ard.

Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo.

8.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar na tagarmharcanna agus ar an modheolaíocht gach 3 bliana ar a laghad. I gcás ina gceanglófar leasuithe, cuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála leasaithe faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 13

Liostú na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid

1.   Institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, agus grúpaí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, a bhfuil a bpróifíl riosca iarmharaigh aicmithe mar phróifíl ardriosca iarmharaigh de bhun Airteagal 12, cáileoidh siad mar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.

2.   Mar sin féin, i gcás ina sainaithneofar níos mó ná 40 eintiteas de bhun mhír 1, féadfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, teacht ar chomhaontú maidir leis an roghnú a theorannú do líon sonrach éagsúil eintiteas nó grúpaí atá níos mó ná 40.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le líon sonrach éagsúil na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an tÚdarás a acmhainní dílse san áireamh ó thaobh a acmhainneachta de chun an líon riachtanach foirne maoirseachta agus tacaíochta a leithdháileadh nó a fhostú sa bhreis air sin agus áiritheoidh sé go mbeidh an méadú is gá ar na hacmhainní airgeadais agus daonna indéanta.

De bhun an chinnidh faoin uaslíon, is é a bheidh sna heintitis roghnaithe faoi oibleagáid ná na heintitis sin faoi oibleagáid atá cáilithe faoi mhír 1 atá ag oibriú sa líon is airde Ballstát cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar,

I gcás ina mbeidh níos mó ná an líon uasta socraithe d’eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chritéir dá dtagraítear sa tríú fomhír, roghnóidh an tÚdarás, ó na heintitis faoi oibleagáid a roghnófaí i gcomhréir leis an bhfomhír sin agus a oibríonn sa líon is lú de na Ballstáit, iad siúd ag a bhfuil an cóimheas is airde de mhéid na n-idirbheart le tríú tíortha le méid iomlán na n-idirbheart arna thomhas le linn na bliana airgeadais deireanaí.

3.   I gcás, i mBallstát, nach gcáilíonn aon institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais ná grúpa institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais atá bunaithe, údaraithe nó cláraithe sa Bhallstát sin, nó ag a bhfuil fochuideachta ann, agus a bhfuil a bpróifíl riosca aicmithe mar phróifíl ardriosca, mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás próiseas roghnúcháin breise sa Bhallstát sin, ar bhonn na modheolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (b).

Tar éis an phróisis roghnúcháin bhreise, is cáilithe mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a bheidh an institiúid creidmheasa, an institiúid airgeadais nó an grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, atá bunaithe nó cláraithe sa Bhallstát sin a bhfuil a bpróifíl riosca aicmithe mar phróifíl ardriosca.

I gcás ina bhfuil próifíl riosca ag roinnt institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó ag grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, sa Bhallstát atá i gceist, atá aicmithe mar phróifíl ardriosca, cáileoidh an t-eintiteas a oibríonn sa líon is airde Ballstát, cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, mar an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. I gcás ina n-oibríonn roinnt institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, sa líon céanna Ballstát, cáileoidh an t-eintiteas ag a bhfuil an cóimheas is airde idir méid na n-idirbheart le tríú tíortha agus méid iomlán na n-idirbheart arna dtomhas le linn na bliana airgeadais deireanaí mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

4.   Tosóidh an tÚdarás an chéad phróiseas roghnúcháin faoin 1 Iúil 2027 agus tabharfaidh sé an roghnúchán i gcrích laistigh de 6 mhí ón dáta tosaithe. Déanfar an próiseas roghnúcháin gach 3 bliana tar éis dháta tosaithe an chéad roghnúcháin, agus tabharfar i gcrích é laistigh de 6 mhí i gcás gach próisis roghnúcháin. Foilseoidh an tÚdarás liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid gan moill mhíchuí ar an bpróiseas roghnúcháin a thabhairt i gcrích. Tosóidh an tÚdarás an mhaoirseacht dhíreach ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid 6 mhí tar éis fhoilsiú an liosta.

5.   Sula bhfoilseofar liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis ábhartha neamh-AML/CFT ar an eolas faoi thorthaí an phróisis measúnúcháin agus aicmiúcháin ar riosca bunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir measúnú.

6.   Leanfaidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid de bheith faoi réir maoirseacht dhíreach ag an Údarás go dtí go dtosóidh an tÚdarás an mhaoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid bunaithe ar liosta a bhunaítear don tréimhse roghnúcháin ina dhiaidh sin nach n-áirítear an t-eintiteas sin faoi oibleagáid ann a thuilleadh.

Airteagal 14

Aistriú breise cúraimí agus cumhachtaí maoirseachta dírí in imthosca eisceachtúla arna iarraidh sin do mhaoirseoir airgeadais

1.   Féadfaidh maoirseoir airgeadais iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Údaráis go nglacfadh an tÚdarás maoirseacht dhíreach air féin agus na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh maidir le heintiteas neamhroghnaithe áirithe faoi oibleagáid.

Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus é mar aidhm aghaidh a thabhairt ar leibhéal an Aontais ar riosca méadaithe ML/TF nó ar mhainneachtana comhlíonta ag eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach ardchaighdeán maoirseachta a áirithiú.

2.   Déanfar an méid seo a leanas leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a shainaithint ar ina leith atá an maoirseoir airgeadais den tuairim gur cheart don Údarás maoirseacht dhíreach a ghlacadh;

(b)

na cúiseanna a bhfuil gá le maoirseacht dhíreach AML/CFT ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a lua;

(c)

an dáta aistrithe atá beartaithe agus an tréimhse dá n-iarrtar aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shainaithint agus údar cuí a thabhairt leo; agus

(d)

an fhaisnéis tacaíochta, na sonraí agus an fhianaise uile is gá a chur ar fáil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh.

3.   Beidh tuairisc ag gabháil le hiarraidh an mhaoirseora airgeadais ina léireofar stair mhaoirseachta agus próifíl riosca an eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann. Inti, cuirfear an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas faoin iarraidh agus faoin amlíne atá beartaithe.

4.   Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse ama lenar féidir cúraimí agus cumhachtaí a aistriú faoin dáta a mholtar san iarraidh, cibé acu is faide. Ní chomhaontóidh an tÚdarás leis an aistriú maoirseachta dírí arna iarraidh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur féidir leis an maoirseoir iarrthach a léiriú neamhéifeachtúlacht na mbeart maoirseachta arna bhforchur ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid i ndáil le sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais is infheidhme;

(b)

go ndéanann an riosca méadaithe ML/TF nó na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais is infheidhme difear do roinnt eintiteas laistigh de ghrúpa eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, agus go gcomhaontaíonn na maoirseoirí airgeadais ábhartha go mbeadh gníomhaíocht mhaoirseachta chomhordaithe ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt orthu;

(c)

go mbaineann an iarraidh le heaspa acmhainneacht shealadach, oibiachtúil agus inléirithe ar leibhéal an mhaoirseora airgeadais chun aghaidh a thabhairt go leormhaith agus go tráthúil ar an riosca ML/TF a bhaineann le heintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid.

5.   I gcás ina gcinnfidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 4, glacfaidh sé cinneadh a bheidh dírithe ar an maoirseoir airgeadais iarrthach agus ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann lena dtabharfar fógra dóibh gur glacadh leis an iarraidh. Sonrófar sa chinneadh an dáta a ghlacfaidh an tÚdarás maoirseacht dhíreach agus ré maoirseachta den sórt sin. Ón dáta a bheidh maoirseacht dhíreach le glacadh ag an Údarás, measfar gur eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid é an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann chun críocha an Rialacháin seo.

Ag deireadh ré na maoirseachta dírí ag an Údarás, a leagtar amach sa chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar na cúraimí agus na cumhachtaí a bhaineann le maoirseacht dhíreach an eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann a aistriú ar ais go huathoibríoch chuig an maoirseoir airgeadais, mura rud é go gcuireann an tÚdarás síneadh le cur i bhfeidhm an chinnidh sin tar éis iarraidh chomhfhreagrach arna déanamh ag an maoirseoir airgeadais i gcomhréir le míreanna 1 go 4.

6.   I gcás ina ndiúltóidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis iarraidh an mhaoirseora airgeadais, soláthróidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn, ag cur in iúl go soiléir cé na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 nár comhlíonadh. Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an maoirseoir airgeadais sula ndéanfaidh sé cinneadh agus áiritheoidh sé go gcuirfear an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas faoi thoradh an phróisis.

Airteagal 15

Comhar laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT chun críoch maoirseachta dírí

1.   Gan dochar do chumhacht an Údaráis de bhun Airteagal 21(3), pointe (a), faisnéis a thuairiscíonn eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, ar bhonn leanúnach, a fháil go díreach, nó rochtain dhíreach a bheith aige uirthi, soláthróidh maoirseoirí airgeadais an fhaisnéis uile is gá don Údarás chun na cúraimí a thugtar don Údarás a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí eile an Aontais is infheidhme.

2.   I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh maoirseoirí airgeadais cúnamh don Údarás maidir le hullmhú agus cur chun feidhme aon ghnímh i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), a mhéid a bhaineann leis na heintitis roghnaithe uile faoi oibleagáid, lena n-áirítear cúnamh i ngníomhaíochtaí fíorúcháin. Leanfaidh siad na treoracha atá tugtha ag an Údarás agus na cúraimí sin á ndéanamh.

3.   Forbróidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha faoina mbeidh ar mhaoirseoirí airgeadais cúnamh a thabhairt don Údarás de bhun mhír 2;

(b)

próiseas an mheasúnaithe thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 12(1), lena n-áirítear róil na n-údarás maoirseachta agus an Údaráis maidir le measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear sa mhír sin;

(c)

na socruithe oibre chun cúraimí agus cumhachtaí maoirseachta a aistriú chuig an Údarás nó ón Údarás go dtí an leibhéal náisiúnta tar éis próiseas roghnúcháin, lena n-áirítear socruithe maidir le leanúnachas nósanna imeachta maoirseachta nó imscrúduithe atá ar feitheamh;

(d)

na nósanna imeachta chun cinntí a ullmhú agus a ghlacadh maidir le heintitis faoi oibleagáid a roghnú;

(e)

na rialacha mionsonraithe agus na socruithe maidir le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhfhoirne maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2).

Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026.

Cumhachtaítear don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

Airteagal 16

Comhfhoirne maoirseachta

1.   Bunófar comhfhoireann maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar gach eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. Beidh gach comhfhoireann maoirseachta comhdhéanta d’fhoireann ón Údarás agus ó na maoirseoirí airgeadais atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid ar an leibhéal náisiúnta. Ceapfar baill na comhfhoirne maoirseachta i gcomhréir le mír 4 agus oibreoidh siad faoi chomhordú baill foirne ainmnithe ón Údarás (‘comhordaitheoir JST’).

2.   Áiritheoidh comhordaitheoir JST comhordú na hoibre laistigh den chomhfhoireann maoirseachta. Leanfaidh baill na comhfhoirne maoirseachta treoracha chomhordaitheoir JST a mhéid a bhaineann lena gcúraimí sa chomhfhoireann maoirseachta. Beidh an méid sin gan dochar dá gcúraimí agus dá ndualgais laistigh dá maoirseoirí airgeadais faoi seach.

Féadfaidh gach maoirseoir airgeadais a cheapann níos mó ná ball foirne amháin chuig an gcomhfhoireann maoirseachta de bhun mhír 4, duine amháin díobh a ainmniú mar fho-chomhordaitheoir (‘fo-chomhordaitheoir náisiúnta’). Tabharfaidh na fo-chomhordaitheoirí náisiúnta cúnamh do chomhordaitheoir JST maidir le heagrú agus comhordú na gcúraimí sa chomhfhoireann maoirseachta, go háirithe maidir leis na baill foirne a cheap an maoirseoir airgeadais céanna leis an bhfo-chomhordaitheoir náisiúnta ábhartha. Féadfaidh an fo-chomhordaitheoir náisiúnta treoracha a thabhairt do bhaill na comhfhoirne maoirseachta arna gceapadh ag an maoirseoir airgeadais céanna, ar choinníoll nach mbeidh na treoracha sin ag teacht salach ar na treoracha arna dtabhairt ag comhordaitheoir JST.

3.   Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí comhfhoirne maoirseachta:

(a)

na hathbhreithnithe agus na measúnuithe maoirseachta a dhéanamh ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid;

(b)

cigireachtaí ar an láthair a chomhordú ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus bearta maoirseachta a ullmhú i gcás inar gá;

(c)

páirt a ghlacadh in ullmhú na ndréachtchinntí is infheidhme maidir leis an eintiteas roghnaithe áirithe faoi oibleagáid a bheidh le moladh don Bhord Ginearálta agus don Bhord Feidhmiúcháin, agus na hathbhreithnithe, na measúnuithe agus na cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) á gcur san áireamh;

(d)

idirchaidreamh a dhéanamh le maoirseoirí airgeadais i gcás inar gá sin chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú in aon Bhallstát ina bhfuil eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid bunaithe.

4.   Beidh an tÚdarás freagrach as bunú agus comhdhéanamh comhfhoirne maoirseachta. Ceapfaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais lena mbaineann duine amháin nó níos mó óna bhfoireann mar bhall nó mar bhaill de chomhfhoireann maoirseachta. Féadfar ball a cheapadh ina bhall de bhreis agus comhfhoireann maoirseachta amháin.

5.   Rachaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais i gcomhar le chéile agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le húsáid ball foirne maidir leis na comhfhoirne maoirseachta.

6.   Forbróidh an tÚdarás rialacha agus nósanna imeachta oibríochtúla inmheánacha maidir le comhdhéanamh na gcomhfhoirne maoirseachta, go háirithe maidir le baill foirne ó gach maoirseoir airgeadais, stádas na mball foirne ó mhaoirseoirí airgeadais, leithdháileadh acmhainní daonna ag an Údarás ar na comhfhoirne maoirseachta, lena n-áiritheofar go mbeidh na foirne sin comhdhéanta de bhaill foirne a bhfuil leibhéal leordhóthanach eolais, saineolais agus taithí acu, agus a mbeidh eolas, cúlraí, saineolas agus taithí acu atá éagsúil a ndóthain.

Airteagal 17

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus daoine nádúrtha atá fostaithe acu nó daoine dlítheanacha a bhaineann leo, agus tríú páirtithe a ndearna na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu agus daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha atá cleamhnaithe leo, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus le dlí eile an Aontais is infheidhme a dhéanamh.

2.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar gan moill mhíchuí, á áirithiú go bhfuil sí soiléir, cruinn agus iomlán. Féadfaidh dlíodóirí, atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán i gcás an fhaisnéis a sholáthrófar a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

3.   I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás an fhaisnéis arna hiarraidh de bhun mhír 1, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann.

Airteagal 18

Imscrúduithe ginearálta

1.   Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó aon duine nádúrtha atá fostaithe aige nó aon duine dlítheanach a bhaineann leis, atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát.

Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus taifid na ndaoine lena mbaineann agus cóipeanna nó sleachta a thógáil ó na leabhair agus na taifid;

(c)

rochtain a fháil ar thuairiscí iniúchóireachta inmheánaí, deimhniú cuntas, agus aon bhogearra, bunachar sonraí, uirlis TF nó meán leictreonach eile chun faisnéis a thaifeadadh;

(d)

rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a bhaineann le próisis chinnteoireachta, lena n-áirítear iad siúd a forbraíodh le halgartaim nó le próisis dhigiteacha eile;

(e)

mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó dhuine ar bith dá dtagraítear in Airteagal 17 nó óna ionadaithe nó hionadaithe, nó óna fhoireann nó óna foireann;

(f)

agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air nó uirthi chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe.

2.   Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 17 faoi réir imscrúduithe a sheoltar ar bhonn cinneadh ón Údarás. I gcás ina gcuirfidh duine bac ar dhéanamh an imscrúdaithe, soláthróidh maoirseoir airgeadais an Bhallstáit ina bhfuil an t-áitreabh ábhartha lonnaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an cúnamh is gá, lena n-áirítear rochtain an Údaráis ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17 a éascú, ionas gur féidir na cumhachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú.

Airteagal 19

Cigireachtaí ar an láthair

1.   Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17. Maidir le daoine nádúrtha arb ionann a n-áitreabh gnó agus a n-áit chónaithe phríobháideach, lorgóidh agus gheobhaidh an tÚdarás údarú breithiúnach le haghaidh cigireacht ar an láthair. I gcás inar gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a sheoladh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha sin.

2.   Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh feidhmiú na gcigireachtaí ar an láthair a chur de chúram ar chomhfhoireann maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar fhoireann thiomnaithe, a bhféadfadh baill den chomhfhoireann maoirseachta a bheith uirthi i gcás inarb infheidhme. Beidh an tÚdarás freagrach as bunú agus comhdhéanamh na bhfoirne cigireachta ar an láthair, a dhéanfar i gcomhar leis na maoirseoirí airgeadais.

3.   Féadfaidh foireann an Údaráis agus daoine eile arna n-údarú ag an Údarás chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag an Údarás agus, maidir le daoine nádúrtha arb ionann a n-áitreabh gnó agus a n-áit chónaithe phríobháideach, ar údarú breithiúnach a fháil le haghaidh cigireacht ar an láthair de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Beidh na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 21 ag foireann an Údaráis agus ag daoine eile arna n-údarú ag an Údarás.

4.   Beidh na daoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17 faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar bhonn cinneadh ón Údarás.

5.   Déanfaidh an fhoireann agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag maoirseoir airgeadais an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, ag gníomhú dóibh faoi mhaoirseacht agus comhordú an Údaráis, cúnamh gníomhach a thabhairt d’fhoireann an Údaráis agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an Údarás. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 3 acu. Beidh an ceart ag foireann mhaoirseoirí airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann freisin páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.

6.   I gcás ina gcuireann duine in aghaidh cigireacht ar an láthair a ordaítear de bhun an Airteagail seo, soláthróidh maoirseoir airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitreabh gnó agus leabhar cuntais nó taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach mbeidh an chumhacht sin ar fáil don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann, úsáidfidh sé a chumhachtaí chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile.

Airteagal 20

Údarú ag údarás breithiúnach

1.   Má theastaíonn údarú ag údarás breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ó chigireacht ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 19, déanfaidh an tÚdarás iarratas ar údarú den sórt sin.

2.   I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 1, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh an Údaráis barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a bheartaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an Údarás mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe i ndáil leis na forais atá ag an Údarás chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus cineál rannpháirtíocht an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad an Údaráis a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Údaráis faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Bearta riaracháin

1.   Chun a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an Údarás na bearta riaracháin a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, chun a cheangal ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid na bearta is gá a dhéanamh i gcás:

(a)

ina bhfionntar go bhfuil gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á sárú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;

(b)

ina bhfuil tásca leordhóthanacha agus inléirithe ag an Údarás gur dócha go sáróidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gur féidir le cur i bhfeidhm birt riaracháin tarlú an tsáraithe a chosc nó an riosca a bhaineann leis a laghdú;

(c)

bunaithe ar chinneadh a bhfuil údar cuí leis ag an Údarás, nach bhfuil na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, lena chionta preideacáide nó le maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu.

2.   Chun críocha Airteagal 6(1), beidh an chumhacht ag an Údarás, go háirithe, na bearta riaracháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

moltaí a dhéanamh;

(b)

ordú a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid comhlíonadh a dhéanamh, lena n-áirítear bearta ceartaitheacha sonracha a chur chun feidhme;

(c)

ráiteas poiblí a eisiúint ina sainaithnítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;

(d)

ordú a éisiúint lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar agus staonadh ón iomparaíocht sin a dhéanamh an athuair;

(e)

gnó, oibríochtaí nó líonra institiúidí atá comhdhéanta den eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a shrianadh nó a theorannú, nó dífheistiú gníomhaíochtaí a cheangal;

(f)

athruithe ar an struchtúr rialachais a éileamh;

(g)

i gcás ina bhfuil eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid faoi réir údarú, a mholadh don údarás a dheonaigh é an t-údarú sin a tharraingt siar nó a chur ar fionraí; i gcás nach leanfaidh an t-údarás a dheonaigh an t-údarú sin an moladh ón Údarás fionraí nó tarraingt siar a dhéanamh, iarrfaidh an tÚdarás air na cúiseanna leis sin a sholáthar i scríbhinn.

3.   Trí bhíthin na mbeart riaracháin dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an tÚdarás, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal go soláthrófar aon sonra nó faisnéis is gá chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a chomhlíonadh gan moill mhíchuí, chun a cheangal go gcuirfear aon doiciméad faoina bhráid, nó ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;

(b)

a cheangal go n-athneartófar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha;

(c)

a cheangal go gcuirfear beartas sonrach nó ceanglais shonracha i bhfeidhm a bhaineann le catagóirí cliant nó cliant aonair, idirbhearta, gníomhaíochtaí nó bealaí seachadta lena mbaineann rioscaí móra ML/TF;

(d)

a cheangal go gcuirfear bearta chun feidhme chun rioscaí ML/TF a laghdú i ngníomhaíochtaí agus i dtáirgí eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;

(e)

cosc sealadach a chur ar aon duine a fheidhmíonn freagrachtaí bainistíochta san eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, nó ar aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta in eintitis faoi oibleagáid a fheidhmiú.

4.   Beidh sprioc-amanna ceangailteacha ag gabháil leis na bearta riaracháin dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb ábhartha, lena gcur chun feidhme. Déanfaidh an tÚdarás obair leantach agus measúnú ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna n-iarraidh ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

5.   Tabharfaidh maoirseoirí airgeadais fógra don Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina dtiocfaidh siad ar an eolas faoi cheann amháin nó níos mó de thásca gur sháraigh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2023/1113 nó Rialachán (AE) 2024/1624.

6.   Beidh na bearta riaracháin a chuirfear i bhfeidhm éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 22

Smachtbhannaí airgid

1.   Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh an tÚdarás smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás ina sáróidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí, ceanglas de chuid Rialachán (AE) 2023/1113 nó Rialachán (AE) 2024/1624, nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé cinneadh ceangailteach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina bhfionnfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis go ndearna eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, d’aon ghnó nó le faillí, sárú tromchúiseach, leantach nó córasach ar cheanglais atá infheidhme go díreach agus atá i Rialachán (AE) 2023/1113 nó i Rialachán (AE) 2024/1624, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhannaí airgid, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Déanfar smachtbhannaí airgid arna bhforchur i leith sáruithe den sórt sin, de réir imthosca gach cáis aonair, a fhorchur i dteannta, nó in ionad, na mbeart riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

3.   Déanfar méid bunúsach na smachtbhannaí airgid dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uile-ghrúpa nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000 nó 1 % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;

(b)

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 ná 0,5 % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;

(c)

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000;

(d)

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000;

(e)

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar chinntí an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000.

4.   Déanfar na méideanna bunúsacha a shainítear laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 3 a choigeartú, i gcás inar gá, trí thosca géaraitheacha nó maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach. Maidir leis an tairbhe a dhíorthaítear ón sárú nó ó na caillteanais do na tríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, i gcás inar féidir iad a chinneadh, cuirfear iad le méid iomlán an smachtbhanna tar éis na comhéifeachtaí a chur i bhfeidhm.

5.   Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

6.   Maidir leis an méid uasta smachtbhanna le haghaidh na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), ní rachaidh sé thar 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis faoi oibleagáid sa bhliain ghnó roimhe sin, tar éis na comhéifeachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm.

7.   Maidir leis an méid uasta pionóis le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 3, pointí (c) agus (d), ní rachaidh sé thar EUR 10 000 000, tar éis na comhéifeachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm.

8.   I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

9.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar mhaoirseoirí airgeadais imeachtaí a thionscnamh d’fhonn gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go bhforchuirfear smachtbhannaí airgid iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640 agus aon reachtaíocht náisiúnta ábhartha lena dtugtar cumhachtaí sonracha nach gceanglaítear faoi láthair le dlí an Aontais. Beidh smachtbhannaí airgid arna bhforchur éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Beidh an chéad fhomhír infheidhme maidir le smachtbhannaí airgid atá le forchur ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid i leith sáruithe ar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640 agus maidir le haon smachtbhanna airgid atá le forchur ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid atá freagrach faoin dlí náisiúnta as sárú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

10.   Beidh na smachtbhannaí airgid a fhorchuirfidh an tÚdarás éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Agus méid an smachtbhanna airgid á cinneadh, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar chumas an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid an smachtbhanna airgid a íoc agus, i gcás ina bhféadfadh an smachtbhanna airgid difear a dhéanamh do chomhlíonadh na rialála stuamachta, rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid le dlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 23

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil chun iallach a chur orthu seo a leanas:

(a)

eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid deireadh a chur le sárú, i gcás ina mainneoidh sé beart riaracháin arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 21(2), pointe (b), (d), (e) nó (f), agus Airteagal 21(3) a chomhlíonadh;

(b)

duine dá dtagraítear in Airteagal 17(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a ceanglaíodh le cinneadh de bhun Airteagal 6(1);

(c)

duine dá dtagraítear in Airteagal 17(1) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird agus faisnéis eile a sholáthraítear le linn imscrúdú a sheoltar de bhun Airteagal 18 a chomhlánú agus a cheartú.

2.   Beidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur go dtí go ndéanfaidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó an duine lena mbaineann an beart riaracháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3.   D’ainneoin mhír 2, ní sháróidh méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, i gcás daoine dlítheanacha, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shocraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.   Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón Údarás. I gcás, ar dhul in éag na tréimhse sin, nár chomhlíon an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid an beart riaracháin go fóill, féadfaidh an tÚdarás íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí.

5.   Féadfar an cinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh tráth níos déanaí le héifeacht chúlghabhálach suas go dtí dáta chur i bhfeidhm an bhirt riaracháin.

Airteagal 24

Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imeachtaí

1.   Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le pionós airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur faoi Airteagail 22 nó 23, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoi fhionnachtana an Údaráis. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Bord Feidhmiúcháin a chuid cinntí.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 25

Bearta riaracháin, smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh

1.   Foilseoidh an tÚdarás gach cinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil nó lena gcuirfear i bhfeidhm bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointí (c) go (g), a ghlacfar maidir le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), díreach tar éis don duine ar a gcuirfear na smachtbhannaí a bheith curtha ar an eolas faoin gcinneadh sin. Áireofar ar a laghad san fhoilsiú an fhaisnéis maidir le saghas agus cineál an tsáraithe, céannacht an duine atá faoi smachtbhannaí, agus méid an smachtbhanna airgid nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, i gcás inarb infheidhme.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbaineann an foilsiú le bearta riaracháin ar féidir iad a achomharc agus nach bhfuil sé d’aidhm acu sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha a leigheas, féadfaidh an tÚdarás foilsiú na mbeart riaracháin sin a chur siar go dtí dul in éag an spriocdháta le haghaidh achomhairc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Ar dhul in éag an spriocdháta le haghaidh athbhreithniú ar an gcinneadh ón mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin nó, i gcás nár iarr an t-eintiteas faoi oibleagáid athbhreithniú den sórt sin, ar dhul in éag an spriocdháta le haghaidh achomhairc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, foilseoidh an tÚdarás an fhaisnéis maidir le hiarraidh ar athbhreithniú nó achomharc. Foilseoidh an tÚdarás aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an athbhreithnithe nó an achomhairc sin díreach tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. Foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirfear ar neamhní cinneadh smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, nó beart riaracháin a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 21(1), pointe (a).

3.   D’ainneoin an cheanglais dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil foilsiú chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach díréireach tar éis measúnú cás ar chás, nó i gcás ina gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl i mbaol leis an bhfoilsiú, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

(a)

moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna gan é a fhoilsiú;

(b)

an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, má áirithítear le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach; sa chás sin, cuirfidh an tÚdarás foilsiú na sonraí ábhartha siar ar feadh tréimhse réasúnta má shamhlaítear laistigh den tréimhse sin nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le foilsiú anaithnid;

(c)

gan an cinneadh a fhoilsiú i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais i mbaol; nó

(ii)

comhréireacht fhoilsiú an chinnidh maidir le bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (a), i gcás ina meastar gur mionbhearta iad bearta den sórt sin.

4.   Cuirfidh an tÚdarás aon fhoilseachán de bhun an Airteagail seo ar fáil ar a shuíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana.

Airteagal 26

Smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú agus méideanna na smachtbhannaí agus na n-íocaíochtaí sin a leithdháileadh

1.   Beidh smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 22 agus 23 in-fhorfheidhmithe.

Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar an forfheidhmiú ar a chríoch. Maidir leis an ordú chun forfheidhmiú a dhéanamh, déanfar é a chur i gceangal leis an gcinneadh chun smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagail 22 agus 23 gan aon fhoirmiúlacht cé is moite de bharántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chuige sin ag rialtas gach Ballstáit, ar údarás é a gcuirfidh rialtas gach Ballstáit an tÚdarás agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith.

Nuair atá na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar forfheidhmiúchán a chur ar fionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

2.   Déanfar méideanna na smachtbhannaí airgid agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna mbailiú a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur

1.   Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfionnann an tÚdarás go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfaidh an tÚdarás foireann neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an fhoireann imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ar an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sí a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar an mBord Feidhmiúcháin. Forbróidh an tÚdarás nósanna imeachta inmheánacha chun na rialacha a chinneadh lena rialófar roghnú bhaill na foirne imscrúdúcháin neamhspleáiche, go háirithe maidir le heolas, cúlra, saineolas agus taithí na mball sin.

2.   Déanfaidh an fhoireann imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúil arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n-imscrúdaithe á gcur san áireamh, agus déanfaidh sí comhad iomlán ina mbeidh a cuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin.

Chun a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an fhoireann imscrúdúcháin faisnéis a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19.

Nuair atá a cuid cúraimí á gcur i gcrích aici, beidh rochtain ag an bhfoireann imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile a bhailíonn an chomhfhoireann maoirseachta trína gníomhaíochtaí maoirseachta.

3.   Tar éis don fhoireann imscrúdúcháin a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sí an comhad ina bhfuil a cuid fionnachtana a chur faoi bhráid Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis, tabharfaidh sí deis do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an fhoireann imscrúdúcháin a cuid fionnachtana a bhunú ach amháin ar fhíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdaithe barúil a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a cuid fionnachtana á chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúchán ag an bhfoireann imscrúdúcháin, tabharfaidh sí fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní leathnófar an ceart rochtana ar an gcomhad chun faisnéis rúnda a chumhdach, faisnéis a dhéanann difear do thríú páirtithe.

5.   Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil fionnachtana na foirne imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 24(1), a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn II déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdaithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé smachtbhanna airgid a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22 agus beart riaracháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 i dteannta, nó in ionad, smachtbhanna airgid a fhorchur.

6.   Ní bheidh an fhoireann imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Feidhmiúcháin ná ní dhéanfaidh sí idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 100.

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír faoin 1 Eanáir 2027.

8.   Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina bhfionnann sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, tásca tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh an tÚdarás ó smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 28

Athbhreithniú arna dhéanamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Údaráis lena bhforchuirtear smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an smachtbhanna airgid nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú nó an méid de nó di a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 29

Socruithe teanga faoin maoirseacht dhíreach

1.   Déanfaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais na socruithe a ghlacadh dá gcumarsáid laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT, lena n-áirítear an teanga (na teangacha) a bheidh le húsáid.

2.   Aon doiciméad a chuireann eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir nósanna imeachta maoirseachta an Údaráis go haonarach faoi bhráid an Údaráis; féadfar é a dhréachtú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, arna roghnú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó ag an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann.

3.   Féadfaidh an tÚdarás, na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir nósanna imeachta maoirseachta an Údaráis go haonarach comhaontú chun ceann de theangacha oifigiúla an Aontais a úsáid go heisiach ina gcuid cumarsáide scríofa, lena n-áirítear i dtaca le cinntí maoirseachta an Údaráis.

4.   I gcás ina ndéanfar comhaontú maidir le húsáid eisiach teanga amháin dá dtagraítear i mír 3 a chúlghairm ina dhiaidh sin, ní dhéanfaidh an chúlghairm sin difear ach do na gnéithe de nós imeachta maoirseachta an Údaráis nach bhfuil curtha i gcrích go fóill.

5.   I gcás ina n-iarrfaidh rannpháirtithe in éisteacht ó bhéal éisteacht a fháil i dteanga oifigiúil an Aontais seachas teanga nós imeachta maoirseachta an Údaráis, tabharfar réamhfhógra leordhóthanach den cheanglas sin don Údarás ionas gur féidir leis na socruithe riachtanacha a dhéanamh.

ROINN 4

Maoirseacht indíreach ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid

Airteagal 30

Measúnuithe ar staid an chóineasaithe maoirseachta

1.   Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe tréimhsiúla ar chuid de na gníomhaíochtaí nó ar na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le ceann amháin, roinnt díobh, nó na maoirseoirí airgeadais go léir, agus chomh maith leis sin ar a n-uirlisí agus a n-acmhainní. Mar chuid de gach measúnú, déanfaidh an tÚdarás measúnú ar a mhéid a dhéanann maoirseoir airgeadais a chúraimí i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1640 agus a dhéanann sé na bearta is gá chun caighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta ardleibhéil chomhsheasmhacha a áirithiú. Cuirfear san áireamh sna measúnuithe leibhéal comhchuibhithe na gcineálacha cur chuige maoirseachta agus, chuige sin, áireofar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm mhodheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT, ina hiomláine nó i bpáirt, a forbraíodh de bhun Airteagal 8, agus cumhdófar leo na maoirseoirí airgeadais uile laistigh de thimthriall measúnúcháin amháin. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, plean timthrialla measúnúcháin. Féadfaidh an Bord Ginearálta, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin plean nua a ghlacadh. Déanfaidh an tÚdarás fad gach timthrialla measúnúcháin a chinneadh, agus ní rachaidh sé thar 7 mbliana.

Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar na maoirseoirí airgeadais a athbhreithníodh sa timthriall céanna agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Ag deireadh gach timthrialla measúnúcháin, cuirfidh an tÚdarás a chuid fionnachtana faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Is iad foireann an Údaráis agus, tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, foireann maoirseoirí airgeadais nach bhfuil faoi réir athbhreithniú a dhéanfaidh na measúnuithe, ar bhonn deonach. I gcás inarb ábhartha, tabharfar aird chuí sna measúnuithe ar na meastóireachtaí, measúnuithe nó tuairiscí go léir arna ndréachtú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha ag a bhfuil inniúlacht sa réimse chun ML/TF a chosc. Féadfar aird chuí a thabhairt sna measúnuithe freisin ar an bhfaisnéis a leagtar amach i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT arna bhunú de bhun Airteagal 11.

3.   Cuirfidh an tÚdarás tuairisc le chéile ina leagfar amach torthaí gach measúnaithe. Cuirfear dréachtleagan den tuairisc faoi bhráid an mhaoirseora airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe chun barúlacha a fháil ina leith, sula ndéanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta é a bhreithniú. Laistigh de sprioc-am a chinnfidh an tÚdarás, déanfaidh an maoirseoir airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe barúlacha a thíolacadh maidir leis an dréacht-tuairisc. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an tuairisc chríochnaitheach a ghlacadh, ag cur san áireamh bharúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm na modheolaíochta measúnúcháin. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuairisc ar aon bheart leantach sonrach is gá don mhaoirseoir airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe a ghlacadh, a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach mar thoradh ar an measúnú. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh freisin i bhfoirm treoirlínte agus moltaí ón mBord Ginearálta. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh freisin i bhfoirm moltaí aonair arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin. Ní fhoilseofar na bearta leantacha aonair sin ach amháin le toiliú an mhaoirseora airgeadais lena mbaineann agus i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán amháin, sa chaoi nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná tagairtí do mhaoirseoirí airgeadais sonracha san áireamh sa leagan foilsithe den tuairisc.

4.   Déanfaidh maoirseoirí airgeadais a ndícheall na bearta leantacha sonracha a dhírítear chucu mar thoradh ar an measúnú a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh maoirseoirí airgeadais nuashonruithe tráthrialta a sholáthar don Údarás maidir leis na cineálacha beart atá curtha chun feidhme acu mar fhreagairt ar an tuairisc dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 31

Obair choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a chomhordú agus a éascú

1.   Áiritheoidh an tÚdarás, laistigh de raon feidhme a chumhachtaí agus gan dochar do chumhachtaí na maoirseoirí airgeadais ábhartha, go ndéanfar coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a bhunú agus a fheidhmiú go comhsheasmhach le haghaidh bunaíochtaí oibriúcháin eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid i roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640. Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás:

(a)

coláiste a bhunú, i gcás nár bunaíodh coláiste den sórt sin fós cé go bhfuil na coinníollacha maidir lena bhunú a leagtar amach in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640 comhlíonta, agus cruinnithe coláistí a thionól agus a eagrú;

(b)

cúnamh a thabhairt le heagrú cruinnithe coláiste, i gcás ina n-iarrfaidh na maoirseoirí airgeadais ábhartha amhlaidh;

(c)

cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;

(d)

an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a chomhroinnt i gcomhar leis na maoirseoirí airgeadais d’fhonn obair an choláiste a éascú agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealach inrochtana d’údaráis an choláiste;

(e)

gníomhaíochtaí agus cleachtais mhaoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a mbeidh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu, nó a bhféadfadh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith neamhchosanta orthu, a mheas;

(f)

i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na maoirseoirí airgeadais i gcrích;

2.   Chun críocha mhír 1, beidh cearta rannpháirtíochta iomlána ag baill foirne an Údaráis sna coláistí maoirseachta AML/CFT, agus beidh siad in ann páirt a ghlacadh ina ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích go comhpháirteach ag beirt mhaoirseoirí airgeadais nó níos mó.

Airteagal 32

Iarrataí ar ghníomhú in imthosca eisceachtúla tar éis tásca de sháruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha

1.   Tabharfaidh maoirseoirí airgeadais fógra don Údarás i gcás ina dtiocfaidh meath tapa suntasach ar staid aon eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid maidir lena chomhlíonadh le Rialachán (AE) 2024/1624, Rialachán (AE) 2023/1113, aon fhorálacha dlíthiúla eile arna nglacadh chun na Rialacháin sin a chur chun feidhme nó aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir agus ar a neamhchosaint ar rioscaí ML/TF, go háirithe i gcás ina bhféadfadh meath den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar roinnt Ballstát nó ar an Aontas ina iomláine nó ina bhféadadh meath den sórt sin an bonn a bhaint de shláine chóras airgeadais an Aontais.

2.   Féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfaighidh sé tásca ar sháruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ag eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, a iarraidh ar a mhaoirseoir airgeadais a méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tásca den sórt sin a imscrúdú, a bhféadfadh baint a bheith acu le sáruithe ar dhlí an Aontais nó, i gcás ina bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de threoracha nó i gcás ina dtugtar leis roghanna go sainráite do na Ballstáit, sáruithe ar an dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais; agus

(b)

machnamh a dhéanamh ar smachtbhannaí a fhorchur ar an eintiteas sin i leith sáruithe den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme go díreach nó leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear treoracha.

Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, a iarraidh ar mhaoirseoir airgeadais eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid cinneadh aonair a ghlacadh a bheadh dírithe ar an eintiteas sin, á cheangal air gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais is infheidhme go díreach nó faoin dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas. Ní chuirfidh na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo bac ar bhearta maoirseachta leanúnacha a bheidh á ndéanamh ag an maoirseoir airgeadais ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid.

3.   Féadfar iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a thionscnamh i gcás ina bhfuil tásca ag an Údarás gur ann do shárú tromchúiseach, leantach nó córasach:

(a)

tar éis do mhaoirseoirí airgeadais fógraí a thabhairt de bhun mhír 1;

(b)

mar thoradh ar bhailiú faisnéise an Údaráis féin, a bhfuil bunús maith léi; nó

(c)

ar fhaisnéis a fháil ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, nó ó aon fhoinse faisnéise iontaofa agus inchreidte eile.

4.   Comhlíonfaidh an maoirseoir airgeadais lena mbaineann aon iarraidh a sheoltar chuige i gcomhréir le mír 2, agus cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas a luaithe is féidir, agus laistigh de 10 lá oibre ó fhógra na hiarrata sin ar a dhéanaí, faoi na bearta atá déanta aige, nó na bearta atá ar intinn aige a dhéanamh, leis an iarraidh sin a chomhlíonadh.

5.   I gcás nach gcomhlíontar iarraidh dá dtagraítear i mír 2 nó nach soláthrófar don Údarás faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh nó a bhí beartaithe a dhéanamh chun í a chomhlíonadh laistigh de 10 lá oibre ó fhógra na hiarrata, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar an gCoimisiún cead a dheonú chun na cúraimí agus na cumhachtaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(1) a bhaineann le maoirseacht dhíreach ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a aistriú go sealadach ón maoirseoir airgeadais lena mbaineann chuig an Údarás.

6.   Beidh an méid seo a leanas san iarraidh ón Údarás chuig an gCoimisiún de bhun mhír 5:

(a)

cur síos ar na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais is infheidhme go díreach ag an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid agus míniú ar an bhfáth a dtagann na sáruithe sin laistigh de raon feidhme inniúlacht an Údaráis, de bhun mhíreanna 2 agus 3;

(b)

míniú ar an bhfáth nach ndearnadh, mar thoradh ar an iarraidh ar an maoirseoir airgeadais dá dtagraítear i mír 2, aon ghníomhaíocht a ghlacadh laistigh den teorainn ama a shocraítear i mír 4, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis nár thíolaic an maoirseoir airgeadais aon fhreagra;

(c)

fad ama beartaithe de 3 bliana ar a mhéad, ar lena linn a fheidhmeoidh an tÚdarás na cúraimí agus na cumhachtaí ábhartha i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann;

(d)

cur síos ar na bearta atá ar intinn ag an Údarás a ghlacadh i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 2.

(e)

aon chumarsáid ábhartha idir an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais lena mbaineann.

7.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 6, beidh mí amháin ag an gCoimisiún ón dáta a gheofar an iarraidh ón Údarás chun cinneadh a bhfuil údar cuí leis a ghlacadh i dtaobh aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí ábhartha a údarú nó cur ina choinne. Tabharfar fógra faoin gcinneadh don Údarás, a chuirfidh an maoirseoir airgeadais agus an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas go láithreach faoi sin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcinneadh.

8.   Ar an deichiú lá oibre tar éis fógra a bheith tugtha don Údarás faoin gcinneadh lena n-údaraítear aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, measfar an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith ina eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid chun críocha fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagail 17 go 23. Socrófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún teorainn ama d’fheidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí sin, a n-aistreofar ar ais chuig an maoirseoir airgeadais lena mbaineann go huathoibríoch iad ar dhul in éag na teorann ama sin.

9.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an maoirseoir airgeadais lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar shíneadh a chur le cur i bhfeidhm an chinnidh lena n-údaraítear aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí. Cuirfear an iarraidh sin isteach 2 mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh.

Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

cur síos ar na bearta atá déanta ag an Údarás i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann agus ar na bearta breise atá ar intinn aige a dhéanamh;

(b)

réasúnú maidir leis an bhfáth a dtugann na bearta sin atá fágtha aghaidh ar sháruithe a thagann fós faoi raon feidhme inniúlacht an Údaráis, de bhun mhír 2;

(c)

fad ama beartaithe de 3 bliana ar a mhéad le haghaidh fheidhmiú leanúnach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus Airteagail 17 go 23 i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid;

(d)

aon chumarsáid ábhartha idir an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an ndeonófar an síneadh laistigh den teorainn ama a luaitear i mír 7. Aon síneadh a dheonófar de bhun na míre seo, ní fhéadfar é a dheonú ach aon uair amháin.

Airteagal 33

Easaontais idir maoirseoirí seach-airgeadais i gcásanna trasteorann a réiteach

1.   Féadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí airgeadais teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo arna iarraidh sin do mhaoirseoir airgeadais amháin nó níos mó ná sin de bhun Airteagail 46, 47, 49 nó 54 de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcásanna eile ina n-easaontaíonn maoirseoir airgeadais le nós imeachta nó le hábhar gníomhaíochta, le gníomhaíocht atá beartaithe nó le neamhghníomhaíocht maoirseora seach-airgeadais eile a mhéid a dhéanann sé difear dá chúraimí agus dá fhreagrachtaí maoirseachta féin i ndáil le heintiteas sonrach neamhroghnaithe faoi oibleagáid nó le heintitis iomadúla neamhroghnaithe faoi oibleagáid.

2.   I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 49 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir airgeadais eile, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha neamhroghnaithe faoi oibleagáid, agus i gcásanna ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis;

(b)

gurb é conclúid maoirseora airgeadais, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla, go bhfuil easaontas ann;

(c)

go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir airgeadais eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an maoirseoir iarrtha.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ar aon iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe ábhartha i dtaobh an measann sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh agus an bhfuil sé ar intinn aige gníomhú ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan síos don idir-réiteach idir na maoirseoirí airgeadais, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear i ndlí an Aontais agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Chun críocha na céime idir-réitigh, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí. I gcás inar gá nó ina bhforáiltear i ndlí an Aontais, eiseoidh sé tuairim maidir le conas an t-easaontas a réiteach.

5.   I gcás nach dtagann na maoirseoirí airgeadais ar chomhaontú le linn na céime idir-réitigh dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach leanann siad an tuairim arna heisiúint ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás a chur de cheangal ar na maoirseoirí sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh an cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na maoirseoirí airgeadais. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na maoirseoirí airgeadais cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú, nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí an Aontais is infheidhme.

6.   Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na maoirseoirí airgeadais gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhíreanna 4 agus 5, agus, i gcás inarb infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 5.

7.   Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na maoirseoirí airgeadais maidir le fíorais atá faoi réir cinneadh de bhun mhír 5 comhoiriúnach le cinneadh den sórt sin.

8.   Sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 84, leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach cineál agus saghas na n-easaontas atá ann idir na maoirseoirí airgeadais, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

Airteagal 34

Gníomhaíocht i gcás mainneachtana córasacha maoirseachta

1.   I gcás nár chuir maoirseoir airgeadais bearta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/1640, nó forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin, i bhfeidhm, nó inar chuir sé bearta i bhfeidhm ar bhealach ar dealraitheach gur sárú ar dhlí an Aontais é as a n-eascraíonn mainneachtana córasacha ina mhaoirseacht a dhéanann difear d’eintitis iomadúla faoi oibleagáid agus a bhaineann an bonn d’éifeachtacht chóras maoirseachta AML/CFT, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a thionscnamh ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ar a thionscnamh féin i gcás ina bhfuil tásca aige ar shárú den sórt sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi arna bailiú ag an Údarás agus a chúraimí á ndéanamh aige de bhun an Rialacháin seo.

Féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a dhéanamh freisin ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm ar iarraidh a bhfuil bunús maith léi a fháil ó mhaoirseoir airgeadais amháin nó níos mó, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún.

I gcás ina n-iarrtar imscrúdú ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír, cuirfidh an tÚdarás in iúl go cuí don pháirtí a bhfuil an iarraidh á déanamh aige conas atá sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an ábhar agus cibé an bhfuil údar le himscrúdú ar an sárú líomhnaithe. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás dul ar aghaidh le himscrúdú, cuirfidh sé é sin in iúl ar dtús don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann.

3.   Déanfaidh an maoirseoir airgeadais is ábhar d’imscrúdú de bhun mhír 2 gach faisnéis a sholáthar don Údarás gan mhoill a iarrfaidh an tÚdarás chun críoch a imscrúdaithe, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi a gcuirtear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais.

4.   I gcás ina meastar é a bheith iomchuí agus riachtanach, féadfaidh an tÚdarás freisin, tar éis dó an maoirseoir airgeadais is ábhar don imscrúdú a chur ar an eolas, deis a thabhairt do gach maoirseoir airgeadais eile faisnéis a tharchur chuig an Údarás a mheasann siad a bheith ábhartha nó iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig aon mhaoirseoir airgeadais eile. Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin, gan moill mhíchuí, faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás.

5.   Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná 6 mhí ón dáta a tionscnaíodh a imscrúdú, moladh a dhíriú chuig an maoirseoir airgeadais atá faoi réir imscrúdú, ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.

Sula n-eiseoidh sé moladh den sórt sin, rachaidh an tÚdarás i dteagmháil leis an maoirseoir airgeadais i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí an rannpháirtíocht sin chun réiteach a fháil ar mhainneachtana córasacha maoirseachta a bhfuil sárú ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu, chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.

Laistigh de 10 lá oibre ón moladh a fháil, cuirfidh an maoirseoir airgeadais an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá ar intinn aige a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

6.   I gcás nár chomhlíon an maoirseoir airgeadais dlí an Aontais laistigh de mhí amháin ó dháta faighte mholadh an Údaráis, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas faoi sin nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an maoirseoir airgeadais an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin.

Eiseoidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin laistigh de 3 mhí ón dáta a ghlacfar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin.

Cuirfidh an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún.

7.   Laistigh de 10 lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 6 a fháil, cuirfidh an maoirseoir airgeadais an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá ar intinn aige a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh. Agus gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna is ábhar do thuairim fhoirmiúil, comhlíonfaidh an maoirseoir airgeadais an tuairim fhoirmiúil sin.

ROINN 5

Formhaoirseacht ar an earnáil seach-airgeadais

Airteagal 35

Athbhreithnithe piaraí

1.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tráthrialta ar chuid de ghníomhaíochtaí na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó orthu go léir, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht i dtorthaí maoirseachta a neartú. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na maoirseoirí seach-airgeadais a ndéanfar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. I gcás inarb ábhartha, agus measúnuithe á bpleanáil agus á ndéanamh, tabharfar aird chuí ar na meastóireachtaí, ar na measúnuithe agus ar na tuairiscí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse AML/CFT. Féadfar aird chuí a thabhairt sna measúnuithe freisin ar an bhfaisnéis atá i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT arna bhunú de bhun Airteagal 11 den Airteagal seo.

Cuirfear san áireamh sna modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír gnéithe sonracha an chreata maoirseachta i gcásanna ina gcuirtear maoirseacht de chúram ar chomhlachtaí féinrialála, lena n-áirítear ról an údaráis phoiblí atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin de bhun Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, agus saintréithe sonracha na maoirseoirí sna cásanna sin.

2.   Déanfaidh foireann an Údaráis athbhreithnithe piaraí i gcomhpháirt leis an bhfoireann ábhartha de chuid na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin amháin:

(a)

leorgacht na gcumhachtaí agus na n-acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla, méid an neamhspleáchais, agus na socruithe rialachais agus na caighdeáin ghairmiúla de chuid an mhaoirseora seach-airgeadais chun cur i bhfeidhm éifeachtach Chaibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640 a áirithiú;

(b)

an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;

(c)

cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag maoirseoirí seach-airgeadais a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do mhaoirseoirí seach-airgeadais eile dá nglacfaí iad;

(d)

an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí airgid arna bhforchur agus na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéanfar na forálacha sin a chomhlíonadh.

4.   Ullmhóidh an tÚdarás tuairisc ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2024/1640 a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí an tuairisc athbhreithnithe piaraí sin a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuairisc ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 54 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 55 den Rialachán seo. Déanfaidh na maoirseoirí seach-airgeadais agus na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640 a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí eisithe a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 54(3) den Rialachán seo.

5.   Foilseoidh an tÚdarás fionnachtana an athbhreithnithe piaraí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi ar a laghad. Cuirfidh sé tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go mbreithníonn sé gur ghá rialacha an Aontais is infheidhme maidir le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais nó maidir le maoirseoirí seach-airgeadais a chomhchuibhiú tuilleadh ó thaobh an Aontais de.

6.   Cuirfidh an tÚdarás tuairisc leantach ar fáil 2 bhliain tar éis fhoilsiú na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na maoirseoirí seach-airgeadais a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí an tuairisc leantach a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a fháil, maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Cuimseofar sa tuairisc leantach measúnú ar leorgacht agus ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rinne na maoirseoirí seach-airgeadais a bhí faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an tÚdarás fionnachtana na tuairisce leantaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

7.   Chun críocha an Airteagail seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean oibre athbhreithnithe piaraí gach 2 bhliain, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Léireofar sa phlean oibre athbhreithnithe piaraí sin na ceachtanna a foghlaimíodh ó phróisis athbhreithnithe piaraí roimhe sin agus ón bplé a rinneadh sa Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin plean nua a ghlacadh. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh sa phlean oibre d’athbhreithniú piaraí, agus áireofar sa doiciméad clársceidealaithe aonair é dá dtagraítear in Airteagal 65. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás a chinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.

8.   I gcás ina mbaineann athbhreithnithe piaraí le gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann comhlachtaí féinrialála i mBallstát amháin nó níos mó, áireofar san athbhreithniú piaraí measúnú ar bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640 ag an údarás poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhm go leormhaith agus go héifeachtach.

9.   I gcás ina mbaineann athbhreithnithe piaraí le gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann comhlachtaí féinrialála i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, ní cheanglófar ar na comhlachtaí féinrialála sin a bheith rannpháirteach. Mar sin féin, i gcás ina léiríonn siad gur spéis leo a bheith rannpháirteach in athbhreithniú piaraí, beidh cead ag foireann na gcomhlachtaí sin a gcuirtear cúraimí maoirseachta ar a n-iontaoibh a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí sin.

Airteagal 36

Obair choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a chomhordú agus a éascú

1.   Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de raon feidhme a chumhachtaí agus gan dochar do chumhachtaí na maoirseoirí ábhartha seach-airgeadais de bhun Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1640, cúnamh a thabhairt coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a chur ar bun agus a fheidhmiú le haghaidh eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais a oibríonn bunaíochtaí i roinnt Ballstát i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a mholadh go mbunófaí coláiste i gcás nár bunaíodh aon choláiste den sórt sin cé go measann an tÚdarás go dtugann neamhchosaint ar riosca ML/TF an eintitis faoi oibleagáid agus scála a ghníomhaíochtaí trasteorann údar cuí le coláiste a bhunú, agus le cruinnithe coláiste a chomhghairm agus a eagrú;

(b)

cúnamh a thabhairt cruinnithe coláiste a eagrú agus sa mheasúnú i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí tríú tír sa choláiste, i gcás ina n-iarrann na maoirseoirí ábhartha seach-airgeadais amhlaidh;

(c)

cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;

(d)

cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí seach-airgeadais an fhaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a chomhroinnt chun obair an choláiste a éascú agus chun an fhaisnéis sin a bheith inrochtana do na maoirseoirí sa choláiste;

(e)

gníomhaíochtaí agus cleachtais éifeachtacha agus éifeachtúla mhaoirseachta a chur chun cinn, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu;

(f)

cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais, ar iarrataí sonracha uathu, lena n-áirítear iarrataí ar idirghabháil a dhéanamh idir maoirseoirí seach-airgeadais sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 50(2) agus (3) de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   Chun críocha mhír 1, beidh cearta rannpháirtíochta iomlána ag foireann an Údaráis i gcoláistí maoirseachta AML/CFT. Ar chomhaontú ó na maoirseoirí seach-airgeadais lena mbaineann, beidh foireann an Údaráis ábalta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an choláiste arna ndéanamh go comhpháirteach ag beirt mhaoirseoirí seach-airgeadais nó níos mó ná sin, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair ar eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais seachas iad sin a chumhdaítear le hAirteagal 3, pointe (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624.

Airteagal 37

Rabhaidh faoi sháruithe ar dhlí an Aontais ag maoirseoirí seach-airgeadais agus údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála

1.   I gcás ina bhfuil forais ag an Údarás chun bheith in amhras nach bhfuil gníomhartha an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo curtha i bhfeidhm ag maoirseoir seach-airgeadais nó ag údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ina ndealraítear go sáraíonn sé dlí an Aontais, cuirfidh sé an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann ar an eolas faoi na sáruithe amhrasta sin agus déanfaidh sé imscrúdú orthu.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh an tÚdarás gníomhú arna iarraidh sin do mhaoirseoir seach-airgeadais nó d’údarás poiblí amháin nó níos mó ná sin, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de bhun Airteagal 90.

2.   Beidh an tÚdarás ábalta an fhaisnéis uile a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá imscrúdú a iarraidh ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoi conas a dhéantar gníomhartha an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, ach cé is moite d’fhaisnéis a chumhdaítear le pribhléid dhlíthiúil, mura bhfuil feidhm ag na díolúintí a leagtar amach in Airteagal 21(2), an dara fomhír, agus in Airteagal 70(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1624 agus in Airteagal 52(3), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1640.

Déanfaidh an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann, gan mhoill, an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil don Údarás.

Aon uair a chruthaítear nó a mheastar nach leor an fhaisnéis a iarrtar ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann chun an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach a fháil chun an sárú amhrasta a imscrúdú, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe, a dhíriú go díreach chuig maoirseoirí eile nó chuig údaráis phoiblí eile a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála.

Soláthróidh seolaí na hiarrata sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás gan moill mhíchuí.

3.   Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná 6 mhí óna imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an maoirseoir nó chuig an údarás poiblí lena mbaineann ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá chun an sárú a shainaithnítear a leigheas.

Sula n-eiseofar an moladh sin, rachaidh an tÚdarás i dteagmháil leis an maoirseoir nó leis an údarás poiblí lena mbaineann i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí an teagmháil sin a dhéanamh chun an sárú a réiteach, agus iarracht á déanamh aige teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá chun na críche sin.

Déanfaidh an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann, laistigh de 10 lá oibre ón moladh a fháil, an tÚdarás a chur ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an sárú a réiteach.

4.   I gcás nach bhfuil an sárú a shainaithnítear dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, réitithe ag an maoirseoir ná ag an údarás poiblí laistigh de mhí amháin ón moladh ón Údarás a fháil, eiseoidh an tÚdarás rabhadh ina sonrófar an sárú agus ina sainaithneofar na bearta a bheidh le cur chun feidhme ag seolaithe an rabhaidh chun a éifeachtaí a mhaolú.

Déanfar an rabhadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhíriú chucu seo a leanas:

(a)

i gcás maoirseoir seach-airgeadais, chuig na maoirseoirí contrapháirteacha i mBallstáit eile agus, i gcás inar comhlacht féinrialála é an maoirseoir, chuig a údarás poiblí;

(b)

i gcás údarás poiblí, chuig na comhlachtaí féinrialála atá faoina fhormhaoirseacht.

5.   A luaithe a bheidh an sárú réitithe ag an maoirseoir nó ag an údarás poiblí lena mbaineann, cuirfidh an tÚdarás seolaithe an rabhaidh ina leith dá dtagraítear i mír 4 ar an eolas gur réitíodh an sárú agus go bhfuil deireadh leis na bearta maolaitheacha.

Airteagal 38

Easaontais idir maoirseoirí seach-airgeadais i gcásanna trasteorann a réiteach

1.   Féadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo arna iarraidh sin do mhaoirseoir seach-airgeadais amháin nó níos mó ná sin de bhun Airteagail 46, 47, 50 nó 54 de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcásanna eile ina n-easaontaíonn maoirseoir seach-airgeadais le nós imeachta nó le hábhar gníomhaíochta, le gníomhaíocht atá beartaithe nó le neamhghníomhaíocht maoirseora eile seach-airgeadais a mhéid a dhéanann sé difear dá chúraimí agus dá fhreagrachtaí maoirseachta féin i ndáil le heintiteas sonrach faoi oibleagáid nó le heintitis iomadúla faoi oibleagáid.

2.   I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 50 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir seach-airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir seach-airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir eile seach-airgeadais nó le maoirseoirí eile seach-airgeadais, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha faoi oibleagáid, agus ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis,

(b)

go dtagann maoirseoir seach-airgeadais ar an tátal ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas ann;

(c)

go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir seach-airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir eile seach-airgeadais ar bheart ar leith a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nár ghlac an maoirseoir iarrtha cinneadh a shásaíonn an iarraidh.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ar aon iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe ábhartha i dtaobh an measann sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh agus an bhfuil sé ar intinn aige gníomhú ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Socróidh an tÚdarás teorainn ama don idir-réiteach idir na maoirseoirí seach-airgeadais agus aon tréimhsí ama ábhartha a shonraítear i ndlí an Aontais agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh aige. Chun críocha na céime idir-réitigh, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí. I gcás inar gá nó ina bhforáiltear i ndlí an Aontais, eiseoidh an tÚdarás tuairim maidir le conas an t-easaontas a réiteach.

ROINN 6

An sásra um thacaíocht agus um chomhordú le haghaidh FIUnna

Airteagal 39

Comhar idir an tÚdarás agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais

1.   Beidh an tÚdarás freagrach as comhar atá éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘FIUnna’) faoi chuimsiú an tsásra um thacaíocht agus um chomhordú le haghaidh FIUnna. Chuige sin, déanfaidh an tÚdarás tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí FIUnna agus comhordú ina leith.

2.   Beidh an tÚdarás agus FIUnna faoi réir dualgas comhair de mheon macánta, lena n-áirítear maidir le hanailísí comhpháirteacha a dtacaíonn an tAontas leo nó a dhéanann sé a thionscnamh, agus faoi réir oibleagáid i dtaobh faisnéis a mhalartú atá riachtanach chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.

3.   Beidh acmhainní daonna, airgeadais agus TF tiomnaithe ag an Údarás chun tacú leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus áiritheoidh sé, i gcás inar gá, deighilt eagraíochtúil na foirne a thiomnaítear do na cúraimí sin ón bhfoireann a dhéanann na cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis.

Féadfaidh FIU an tÚdarás a chur ar an eolas i gcás mainneachtain ag FIU eile comhar a dhéanamh. Sa chás sin, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí.

Airteagal 40

Anailísí comhpháirteacha a dhéanamh

1.   Déanfaidh an tÚdarás modhanna agus critéir a leagan síos chun cásanna a roghnú agus a chur in ord tosaíochta atá ábhartha maidir le hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640, le cúnamh ón Údarás.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an tÚdarás, ar bhonn bliantúil, liosta de réimsí tosaíochta a tharraingt suas maidir le hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta sin i gcás ina sainaithnítear réimsí tosaíochta nua.

3.   Más rud é, de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640 agus ag féachaint do na critéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sainaithníonn FIU Ballstáit gá ionchasach le hanailís chomhpháirteach a dhéanamh le FIU amháin nó le roinnt FIUnna i mBallstáit eile, tabharfaidh sé fógra don Údarás faoi sin.

Déanfaidh an tÚdarás na fógraí uile a gheofar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a chlárú agus déanfaidh sé measúnú ar ábharthacht an cháis i gcomhréir leis na modhanna agus na critéir dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina measann an tÚdarás go bhfuil an cás ábhartha, cuirfidh sé FIUnna sna Ballstáit ábhartha uile ar an eolas laistigh de 5 lá ón bhfógra tosaigh agus iarrfaidh sé orthu páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach. Chuige sin, bainfidh an tÚdarás úsáid as bealaí slána cumarsáide. Déanfaidh FIUnna sna Ballstáit ábhartha uile breithniú i dtaobh páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach.

4.   Má aontaíonn FIU amháin eile ar a laghad páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach, áiritheoidh an tÚdarás go seolfar an anailís chomhpháirteach laistigh de 20 lá ón measúnú tosaigh dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, mura dtugann práinn an ábhair údar cuí le sprioc-am níos giorra a fhorchur.

5.   Aon FIU a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh i gcur i gcrích na hanailíse comhpháirtí, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin i scríbhinn don an Údarás, laistigh de 5 lá ón gcuireadh a fháil. Cuirfidh an tÚdarás an míniú sin ar fáil gan mhoill do FIU a shainaithin an gá atá le hanailís chomhpháirteach.

6.   Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach, tabharfar rochtain d’fhoireann an Údaráis a thacaíonn leis an anailís chomhpháirteach ar na sonraí uile a bhaineann le hábhar an cháis agus beidh siad ábalta na sonraí sin a phróiseáil chun tacú leis an anailís chomhpháirteach.

I gcás ina ndiúltaíonn FIU rochtain a thabhairt d’fhoireann an Údaráis ar na sonraí a bhaineann le hábhar an cháis, áiritheoidh sé go soláthrófar an fhaisnéis ar bhealach eile nach gcuireann bac ar fhoireann an Údaráis tacaíocht oibríochtúil a sholáthar don anailís chomhpháirteach, ná nach gcuireann isteach go héifeachtach ar shlí eile ar a gcumas an tacaíocht sin a sholáthar.

I gcás ina ndiúltaíonn roinnt FIUnna rochtain a thabhairt ar na sonraí a bhaineann le hábhar an cháis, déanfaidh an tÚdarás athmheasúnú i dtaobh an dtugann na cúraimí a dhéanfadh a fhoireann údar cuí lena thacaíocht don anailís chomhpháirteach, agus déanfaidh sé breithniú i dtaobh a mholadh go leanfaidh an anailís chomhpháirteach ar aghaidh d’uireasa a thacaíochta ina ionad sin.

7.   Soláthróidh an tÚdarás na huirlisí agus an tacaíocht oibríochtúil uile is gá chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh, i gcomhréir leis na modhanna agus na nósanna imeachta atá forbartha. Go sonrach, déanfaidh an tÚdarás bealach cumarsáide atá tiomnaithe agus slán a chur ar bun chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh, agus soláthróidh sé an comhordú teicniúil iomchuí, lena n-áirítear tacaíocht TF, chomh maith le tacaíocht bhuiséadach agus lóistíochta.

8.   Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach, beidh foireann an Údaráis a thacaíonn leis an anailís chomhpháirteach údaraithe chun sonraí na FIUnna sin a chrosmheaitseáil, ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, le sonraí arna gcur ar fáil ag FIUnna eile agus ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais laistigh dá sainorduithe faoi seach.

I gcás amais, comhroinnfidh an tÚdarás leis na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach an fhaisnéis a spreag an t-amas a mhéid a d’údaraigh soláthraí na faisnéise í a chomhroinnt agus a mhéid atá an fhaisnéis riachtanach chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh.

Chun críocha na míre seo, úsáidfidh an tÚdarás, ar bhealach comhréireach, córas atá ceaptha chun crosmheaitseáil a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Áiritheofar leis an gcóras sin leibhéal slándála agus rúndachta a bheidh comhréireach le cineál agus méid na faisnéise crosmheaitseáilte. Sonrófar sna modhanna agus sna nósanna imeachta atá le bunú chun na hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh de bhun Airteagal 43(1) agus sna socruithe oibre atá le tabhairt i gcrích de bhun Airteagal 94(2) na modhanna chun an chrosmheaitseáil a dhéanamh ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 41

Tuairisciú agus tarchur thorthaí na n-anailísí comhpháirteacha

1.   I gcás ina léiríonn torthaí anailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó gníomhaíochtaí coiriúla eile á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh an tÚdarás gan moill mhíchuí torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise do OIPE.

2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le OIPE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an fhormáid a shonrú atá le húsáid ag an Údarás chun faisnéis a thuairisciú do OIPE.

Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Meitheamh 2026.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

3.   I gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tarchuirfidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise chuig OLAF.

4.   Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach agus i gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go ndearnadh cion coiriúil a bhféadfadh Europol a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), déanfaidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a tharchur chuig Europol.

5.   Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach agus i gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go ndearnadh cion coiriúil a bhféadfadh Eurojust a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), tarchuirfidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise chuig Eurojust.

6.   Féadfaidh an tÚdarás, OIPE, Europol, Eurojust agus OLAF faisnéis straitéiseach agus faisnéis neamhoibríochtúil eile, amhail tíopeolaíochtaí agus táscairí riosca, a mhalartú sna réimsí laistigh dá n-inniúlacht.

Déanfar na coinníollacha maidir le malartú na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leagan síos sna socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 94.

Airteagal 42

Iarrataí ón Údarás ar anailís chomhpháirteach a thionscnamh

1.   I gcás ina sainaithníonn an tÚdarás go bhféadfadh gá a bheith le hanailís chomhpháirteach a dhéanamh de bhun Airteagal 40 den Rialachán seo nó Airteagal 31 de Threoir (AE) 2024/1640, cuirfidh sé na FIUnna lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus iarrfaidh sé orthu páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach.

2.   Cuirfidh FIUnna lena mbaineann an tÚdarás ar an eolas gan moill mhíchuí, agus déanfaidh siad a ndícheall é sin a dhéanamh laistigh de 5 lá ón iarraidh a fháil, faoina gcinneadh maidir leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina ndiúltaíonn FIU a n-iarrtar air páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach d’iarraidh arna déanamh ag an Údarás de bhun mhír 1, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na cúiseanna lena chinneadh gan moill mhíchuí, agus déanfaidh siad a ndícheall é sin a dhéanamh laistigh de 5 lá ón iarraidh a fháil más féidir.

Airteagal 43

Athbhreithniú ar na modhanna agus na nósanna imeachta, le haghaidh anailísí comhpháirteacha, agus chun anailísí comhpháirteacha a dhéanamh

1.   Bunóidh an tÚdarás modhanna agus nósanna imeachta chun anailísí comhpháirteacha a dhéanamh agus déanfaidh sé iad a athbhreithniú go tréimhsiúil agus iad a nuashonrú i gcás inar gá. Beidh feidhm freisin ag an gceanglas i leith athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh i leith na modhanna agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 40(1).

2.   Féadfaidh FIUnna a bhí rannpháirteach in anailís chomhpháirteach nó a raibh baint ar shlí eile acu le hanailís chomhpháirteach a n-aiseolas a sholáthar don Údarás maidir le déanamh na hanailíse, lena n-áirítear aiseolas ar an tacaíocht oibríochtúil arna soláthar ag an Údarás i bpróiseas na hanailíse comhpháirtí, chomh maith le haiseolas ar thoradh na hanailíse, ar na modhanna agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm de bhun mhír 1, ar na huirlisí atá ar fáil agus ar an gcomhordú idir na FIUnna rannpháirteacha. Ní dhéanfar aiseolas atá lipéadaithe mar aiseolas rúnda a chomhroinnt le FIUnna eile.

3.   Ar bhonn an aiseolais dá dtagraítear i mír 2, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an tÚdarás tuairisc leantach a eisiúint maidir le déanamh na hanailíse comhpháirtí, lena n-áirítear moltaí sonracha i gcomhair coigeartuithe maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh, agus conclúidí maidir le toradh na hanailíse comhpháirtí. Comhroinnfear an tuairisc leantach leis na FIUnna uile, gan faisnéis rúnda ná faisnéis shrianta maidir leis an gcás a nochtadh. Comhroinnfear na conclúidí agus na moltaí a bhaineann le déanamh na hanailíse comhpháirtí leis na FIUnna uile a bhí rannpháirteach san anailís chomhpháirteach sin, agus le gach FIU eile a mhéid nach bhfuil faisnéis rúnda ná faisnéis shrianta sna conclúidí agus sna moltaí sin.

Airteagal 44

Toscairí FIU náisiúnta

1.   Déanfaidh FIU gach Ballstáit ball foirne amháin nó níos mó ná sin a tharmligean chuig an Údarás. Beidh gnátháit oibre thoscaire FIU náisiúnta ag suíomh an Údaráis.

2.   Beidh stádas fhoireann FIU tarmligin ag toscairí FIU tráth a gceapacháin agus ar feadh tréimhse iomlán a dtarmligin. Ceapfaidh na Ballstáit a dtoscaire FIU ar bhonn ardleibhéal taithí cruthaithe atá ábhartha agus praiticiúil i réimse chúraimí FIU. Fanfaidh an toscaire faoi údarás FIU tarmligin agus comhlíonfaidh sé rialacha slándála agus rúndachta FIU tarmligin, lena n-áirítear an dlí náisiúnta ábhartha.

3.   Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU diúltú do dhuine a ceapadh mar thoscaire FIU mura gcomhlíonann an duine sin na critéir dá dtagraítear i mír 2. 3 bliana a bheidh i dtéarma oifige thoscairí FIU, a bheidh in-athnuaite uair amháin le toiliú FIU tarmligin

4.   Tacóidh toscairí FIU leis an Údarás chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5(5) a chomhlíonadh. Chuige sin, tabharfar rochtain do thoscairí FIU, ar feadh thréimhse an tarmligin, ar shonraí agus ar fhaisnéis an Údaráis a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

5.   Tabharfar rochtain do thoscairí FIU ar aon sonraí atá inrochtana ag a FIU tarmligin chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a dhéanamh.

6.   Cinnfidh an Bord Feidhmiúcháin cearta agus oibleagáidí thoscairí FIU i ndáil leis an Údarás, agus tuairim an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU á cur san áireamh. Áiritheoidh FIUnna go gcomhlíonfaidh a dtoscaire FIU na cearta agus na hoibleagáidí sin.

Airteagal 45

Cúnamh frithpháirteach i réimse an chomhair idir FIUnna

1.   I gcomhthéacs comhar a chur chun cinn idir FIUnna, agus tacú le hobair FIUnna, déanfaidh an tÚdarás, agus riachtanais FIUnna á gcur san áireamh aige, cineálacha cur chuige, modhanna agus dea-chleachtais choiteanna a chur chun cinn. Déanfaidh an tÚdarás freisin, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas a eagrú agus a éascú:

(a)

cláir oiliúna, lena n-áirítear maidir leis an nuálaíocht theicneolaíoch;

(b)

malartuithe pearsanra agus scéimeanna iasachta foirne, lena n-áirítear foireann FIU a thabhairt ar iasacht ó Bhallstát chuig an Údarás;

(c)

malartuithe cleachtas idir FIUnna, lena n-áirítear saineolas i réimse sonrach a chomhroinnt;

(d)

uirlisí agus seirbhísí TF a fhorbairt nó a sholáthar chun acmhainneachtaí anailíse FIUnna a fheabhsú.

2.   Féadfaidh FIU iarraidh ar chúnamh a bhaineann le cúraimí FIU a chur faoi bhráid an Údaráis, ina sonrófar an cineál cúnaimh atá á lorg aige ó fhoireann an Údaráis, ó fhoireann FIU amháin nó níos mó ná sin, nó teaglaim díobh sin. Áiritheoidh FIU a iarrann cúnamh go dtabharfar rochtain ar aon fhaisnéis agus sonraí atá riachtanach chun an cúnamh sin a sholáthar. Déanfaidh an tÚdarás faisnéis a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta maidir le réimsí sonracha saineolais agus maidir le hacmhainneacht FIUnna cúnamh frithpháirteach a sholáthar a bhaineann le cúraimí FIUnna.

3.   Déanfaidh an tÚdarás gach iarracht an cúnamh arna iarraidh a sholáthar, lena n-áirítear trí bhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht atá le soláthar lena acmhainní daonna féin chomh maith le comhordú agus éascú a dhéanamh ar sholáthar aon chineál cúnaimh ag FIUnna eile ar bhonn deonach.

4.   Ag tús gach bliana, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Ginearálta ar an eolas i gcomhdhéanamh FIU faoi na hacmhainní daonna is féidir leis an Údarás a leithdháileadh ar sholáthar an chúnaimh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. I gcás ina dtarlaíonn athruithe ar infhaighteacht acmhainní daonna mar gheall ar chomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU ar an eolas faoi sin.

Airteagal 46

Idirghabháil idir FIUnna

1.   Féadfaidh an tÚdarás réiteach a éascú i gcás easaontas idir dhá FIU nó níos mó ná sin maidir le cásanna aonair a bhaineann le comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise, faoi Threoir (AE) 2024/1640. Is é is cuspóir don idirghabháil sin réiteach a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla idir na FIUnna agus tuairim neamhcheangailteach a ghlacadh.

2.   I gcás nach féidir easaontas a réiteach trí theagmháil dhíreach agus idirphlé idir na FIUnna lena mbaineann, seolfaidh an tÚdarás nós imeachta idirghabhála arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na FIUnna sin. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh freisin nós imeachta idirghabhála a sheoladh ar a thionscnamh féin. Ní dhéanfar idirghabháil ach amháin le comhaontú na FIUnna uile lena mbaineann.

3.   Seolfar an nós imeachta idirghabhála os comhair an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU. Féachfaidh comhaltaí uile an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU, seachas cinn na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo, le réiteach a fháil idir tuairimí na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo agus comhaontóidh siad tuairim neamhcheangailteach. I gcás inarb ábhartha, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta idirghabhála i gcáil chomhairleach.

4.   Glacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU rialacha nós imeachta le haghaidh nósanna imeachta idirghabhála, lena n-áirítear na spriocdhátaí is infheidhme.

5.   I gcás ina ndiúltaíonn FIU a mbaineann easaontas leis a bheith rannpháirteach sa nós imeachta idirghabhála, cuirfidh sé an tÚdarás agus na FIUnna eile a mbaineann an t-easaontas leo ar an eolas faoi na cúiseanna atá lena chinneadh laistigh den tréimhse a shonraítear sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.

6.   Laistigh de 3 mhí ó ghlacadh na tuairime neamhcheangailtí dá dtagraítear i mír 3, tuairisceoidh na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo don Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU maidir leis na bearta a rinne siad mar fhreagairt ar an tuairim nó, i gcás nach ndearna siad bearta, maidir leis na cúiseanna nach ndearna siad amhlaidh.

Airteagal 47

FIU.net

1.   Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh óstáil FIU.net leormhaith, gan bhriseadh agus slán, agus déanfaidh sé bainistiú, cothabháil agus forbairt FIU.net a áirithiú. Agus riachtanais FIUnna á gcur san áireamh aige, áiritheoidh an tÚdarás go n-úsáidfear an teicneolaíocht is airde leibhéal agus is sláine atá ar fáil do FIU.net, faoi réir anailís costais is tairbhe.

2.   Áiritheoidh an tÚdarás feidhmiú gan bhriseadh FIU.net agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é. I gcás inar gá chun tacú le malartú faisnéise agus comhar idir FIUnna nó chun an malartú sin a neartú agus bunaithe ar riachtanais FIUnna, déanfaidh an tÚdarás feidhmiúlachtaí uasghrádaithe nó breise FIU.net a dhearadh agus a chur chun feidhme, nó a chur ar fáil ar shlí eile.

3.   Beidh an tÚdarás freagrach freisin as na cúraimí seo a leanas a bhaineann le FIU.net:

(a)

bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú a chosnaíonn sonraí pearsanta;

(b)

aon ghníomhaíochtaí tástála a phleanáil, a chomhordú, a bhainistiú agus tacú leo;

(c)

acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú;

(d)

oiliúint a chur ar fáil maidir le húsáid theicniúil FIU.net ag úsáideoirí deiridh.

4.   Chun na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a chomhlíonadh, tabharfar an chumhacht don Údarás conarthaí nó comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí de a thabhairt i gcrích nó a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, tar éis iniúchtaí iomchuí a dhéanamh ar a gcaighdeáin slándála.

5.   Déanfaidh an tÚdarás na bearta is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste le haghaidh FIU.net.

6.   Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU, ag gníomhú dó d’aon toil, a chinneadh an rochtain atá ag FIU, ag a chontrapháirtí i dtríú tír, nó ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, ar FIU.net a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil forais aige chun a chreidiúint go gcuirfeadh an rochtain sin cur chun feidhme Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640 agus slándáil agus rúndacht na faisnéise atá i seilbh FIUnna agus a mhalartaítear tríd an gcóras FIU.net i mbaol, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ábhair imní ann maidir le heaspa neamhspleáchais agus uathrialach FIU.

I gcás ina nglacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU cinneadh lena gcuirtear rochtain FIU ar FIU.net ar fionraí, gníomhóidh an Bord Ginearálta d’aon toil trí vóta chomhaltaí uile an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU, seachas ceann FIU i dtrácht.

Saineoidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na critéir maidir le rochtain ar FIU.net a chur ar fionraí agus glacfaidh sé rialacha nós imeachta le haghaidh fionraí den sórt sin.

Airteagal 48

Athbhreithniú piaraí

1.   Déanfaidh an tÚdarás próiseas athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí FIUnna a chur ar bun de bhun Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640 chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí FIU a neartú agus chun malartú dea-chleachtas idir FIUnna a éascú. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na FIUnna a athbhreithnítear agus forbróidh sé freisin rialacha nós imeachta chun athbhreithnithe piaraí a dhéanamh.

I gcás inarb ábhartha, agus athbhreithnithe piaraí á bpleanáil agus á ndéanamh, tabharfar aird chuí ar na meastóireachtaí, na measúnuithe agus na tuairiscí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh an tÚdarás foireann athbhreithnithe piaraí ar bun, ar foireann í a bheidh comhdhéanta d’fhoireann an Údaráis agus d’ionadaithe ó na FIUnna atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí.

3.   Áireofar san athbhreithniú piaraí ar ghníomhaíochtaí FIU measúnú ar na nithe seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:

(a)

leormhaitheas acmhainní FIU, lena n-áirítear acmhainní daonna agus teicniúla agus TF, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh;

(b)

na bearta a chuirtear chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil neamhspleáchas agus uathriail oibríochtúil ag FIU agus nach bhfuil sé faoi réir tionchar míchuí;

(c)

na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun slándáil agus rúndacht faisnéise a chosaint;

(d)

feidhm FIU chun tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha agus nochtaí eile a fháil, lena n-áirítear líon agus cineál na nochtaí a fhaightear agus a gcáilíocht;

(e)

na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha ag eintitis faoi oibleagáid a fheabhsú, go háirithe i ndáil lena gcáilíocht;

(f)

rochtain FIU ar fhaisnéis bhreise agus úsáid na faisnéise breise sin chun a anailís a shaibhriú;

(g)

na huirlisí a úsáideann FIU chun anailís a dhéanamh;

(h)

a mhéid a thacaíonn anailís agus scaipeadh FIU le riachtanais oibríochtúla na n-údarás atá inniúil chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(i)

comhar intíre idir FIU agus údaráis inniúla eile;

(j)

comhar trasteorann idir FIU agus FIUnna ó Bhallstáit eile.

4.   Ullmhóidh an tÚdarás tuairisc ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na FIUnna atá rannpháirteach san fhoireann athbhreithnithe piaraí an tuairisc athbhreithnithe piaraí sin a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Áireofar sa tuairisc dea-chleachtais a shainaithnítear agus, i gcás inarb ábhartha, bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach mar thoradh ar an athbhreithniú piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 54 agus i bhfoirm tuairime de bhun Airteagal 55. Déanfaidh FIUnna gach iarracht cloí le haon treoirlínte agus moltaí a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 54.

5.   Foilseoidh an tÚdarás fionnachtana an athbhreithnithe piaraí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fhaigheann an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur ghá rialacha an Aontais is infheidhme i leith FIUnna a chomhchuibhiú tuilleadh ó thaobh an Aontais de.

6.   Cuirfidh an tÚdarás tuairisc leantach ar fáil 2 bhliain tar éis fhoilsiú na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na FIUnna atá rannpháirteach san fhoireann athbhreithnithe piaraí an tuairisc leantach a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Áireofar sa tuairisc leantach measúnú ar leormhaitheas agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rinne na FIUnna a bhí faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuairisceathbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an tÚdarás fionnachtana na tuairisceleantaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

7.   Chun críocha an Airteagail seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean oibre athbhreithnithe piaraí gach 2 bhliain, ina léireofar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithnithe piaraí a bhí ann roimhe seo agus an plé a tionóladh sa Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU. Beidh an plean oibre athbhreithniú piaraí ina chuid leithleach den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil agus áireofar é sa doiciméad clársceidealaithe aonair. Beidh gach FIU rannpháirteach sna hathbhreithnithe piaraí a bhaineann leis.

ROINN 7

Ionstraimí coiteanna

Airteagal 49

Caighdeáin theicniúla rialála

1.   I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh. An tráth céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar teoranta ag na gníomhartha reachtacha ar a bhfuil siad bunaithe.

Sula dtíolacfaidh an tÚdarás chuig an gCoimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn ar leith atá ag baint leis an ábhar.

Laistigh de 3 mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil rialála a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh é a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí. Féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh go páirteach amháin, nó le leasuithe, i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh nó é a ghlacadh go páirteach nó le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, agus míneoidh sé cén fáth nach nglacann sé é nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh.

Seolfaidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe arna moladh ag an gCoimisiún agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin 6 seachtaine, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó go bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha, nó féadfaidh sé diúltú dó.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún an dréacht sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Mura féidir leis an Údarás an teorainn ama nua sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin in am trátha.

3.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh chuig an gCoimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe gan dréacht a bheith faighte aige ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn ar leith atá ag baint leis an ábhar.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar an dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó ar na cinntí sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 49 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 4 bliana ón 26 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná sé 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana, tuairisc a tharraingt suas maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé caighdeán teicniúil rialála, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 49, 51 agus 52 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh.

Airteagal 51

Agóidí i gcoinne caighdeáin theicniúla rialála

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne caighdeán teicniúil rialála laistigh de thréimhse 3 mhí ón dáta a thabharfar an fógra faoin gcaighdeán teicniúil rialála arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí.

2.   Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an caighdeán teicniúil rialála a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne caighdeán teicniúil rialála laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an caighdeán sin i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála.

Airteagal 52

Neamhfhormhuiniú nó leasú ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála

1.   I gcás nach bhformhuiníonn an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó ina leasaíonn sé é mar a fhoráiltear in Airteagal 49, cuirfidh an Coimisiún é sin in iúl don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisinéir atá freagrach, mar aon le Cathaoirleach an Údaráis, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste inniúil de Pharlaimint na hEorpa nó den Chomhairle chun a gcuid difríochtaí a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 53

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme

1.   I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Is caighdeáin theicniúla a bheidh sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus is é an t-inneachar a bheidh iontu na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin a chinneadh. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh. An tráth céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn ar leith a bhaineann leis an ábhar.

Laistigh de 3 mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh go páirteach, nó le leasuithe, ach amháin i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh nó i gcás ina mbeartaíonn sé é a ghlacadh go páirteach nó le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé ar intinn aige é a ghlacadh nó míneoidh sé na cúiseanna atá aige leis na leasuithe a dhéanamh. Seolfaidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó go bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha nó féadfaidh sé diúltú dó.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha ag an Údarás laistigh den teorainn ama a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún an dréacht sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Mura féidir leis an Údarás an teorainn ama nua sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin in am trátha.

3.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte aige ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn ar leith a bhaineann leis an ábhar.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse 6 seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

Airteagal 54

Treoirlínte agus moltaí

1.   D’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus cleachtais a bhaineann le FIU atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú, agus chun cur i bhfeidhm coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis mhaoirseachta, maoirseoirí, FIUnna, nó eintitis faoi oibleagáid.

2.   I gcás inarb iomchuí, seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás nach seolann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí, soláthróidh an tÚdarás na cúiseanna atá aige agus poibleoidh sé iad.

3.   Déanfaidh údaráis mhaoirseachta, maoirseoirí, FIUnna agus eintitis faoi oibleagáid gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de 2 mhí tar éis treoirlíne nó moladh a eisiúint, dearbhóidh gach údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an gcomhlíonann sé an treoirlíne nó an moladh sin nó an bhfuil sé ar intinn aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach gcomhlíonann údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an méid sin nó nach bhfuil sé ar intinn aige an méid sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé é sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige.

Foilseoidh an tÚdarás an fíoras nach gcomhlíonann údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an treoirlíne nó an moladh sin nó nach bhfuil sé ar intinn aige iad a chomhlíonadh. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a thugann an t-údarás maoirseachta, an maoirseoir nó FIU nach gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin a fhoilsiú. Gheobhaidh an t-údarás maoirseachta, an maoirseoir nó FIU réamhfhógra faoin bhfoilsiú sin.

Má cheanglaítear sin leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, tuairisceoidh eintitis faoi oibleagáid, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

4.   Sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointe (c), liostóidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí a d’eisigh sé.

5.   Tiocfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás in ionad na dtreoirlínte agus na moltaí a d’eisigh ÚBE nó maoirseoirí agus FIUnna roimhe sin maidir leis an ábhar céanna. Ar choinníoll go bhfuil siad fós ábhartha, leanfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag ÚBE nó ag maoirseoirí agus FIUnna de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) agus Rialachán (AE) 2023/1113 de bheith infheidhme go dtí go mbeidh feidhm ag na treoirlínte agus na moltaí nua arna n-eisiúint ag an Údarás ar an ábhar céanna. Déanfaidh an tÚdarás foráil d’idirthréimhse oiriúnach chun na treoirlínte agus na moltaí nua a chur i bhfeidhm.

Airteagal 55

Tuairimí agus comhairle theicniúil

1.   Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

2.   Féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 comhairliúchán le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais i gcás ina mbaineann lena n-inniúlacht, comhairliúchán poiblí nó anailís theicniúil.

3.   Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a chumhdaítear leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

CAIBIDIL III

EAGRÚ AN ÚDARÁIS

Airteagal 56

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Beidh struchtúr an Údaráis comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Bord Ginearálta, a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 60;

(b)

Bord Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 64:

(c)

Cathaoirleach an Údaráis, a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 69;

(d)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 71;

(e)

Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin, a fheidhmeoidh na feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 74.

ROINN 1

An bord ginearálta

Airteagal 57

Comhdhéanamh an Bhoird Ghinearálta

1.   Beidh an comhdhéanamh maoirseachta a leagtar síos i mír 2 nó an comhdhéanamh FIU a leagtar síos i mír 3 ag an mBord Ginearálta.

2.   Beidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Cathaoirleach an Údaráis, ag a bhfuil ceart vótála;

(b)

cinn údaráis mhaoirseachta na n-eintiteas faoi oibleagáid i ngach Ballstát, ag a bhfuil ceart vótála;

(c)

ionadaí amháin ón gCoimisiún, nach bhfuil ceart vótála aige.

Déanfaidh cinn na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i ngach Ballstát vóta aonair a chomhroinnt agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le hionadaí coiteann aonair, a bheidh ina bhuanionadaí nó ina ionadaí vótála ad hoc, chun críoch gach cruinnithe nó nós imeachta vótála ar leith. I gcás ina mbaineann na míreanna atá le plé ag an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta le hinniúlacht roinnt údaráis mhaoirseachta, féadfaidh ionadaí ó suas le dhá údarás maoirseachta eile, gan ceart vótála, a bheith in éineacht leis an ionadaí coiteann aonair.

Beidh gach údarás maoirseachta a bhfuil comhalta vótála aige faoi chomhaontú ad hoc nó comhaontú buan freagrach as comhalta malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, a fhéadfaidh teacht in ionad chomhalta vótála an Bhoird Ghinearálta dá dtagraítear sa dara fomhír i gcás nach mbeidh an duine sin ábalta freastal a dhéanamh.

3.   Beidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Cathaoirleach an Údaráis, ag a bhfuil ceart vótála;

(b)

cinn na FIUnna, ag a bhfuil an ceart vótála;

(c)

ionadaí amháin ón gCoimisiún, nach bhfuil ceart vótála aige.

Ainmneoidh gach FIU comhalta malartach ardleibhéil óna aonad, a fhéadfaidh teacht in ionad cheann FIU dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás nach mbeidh an duine sin ábalta freastal a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh breathnóirí a ligean isteach. Go sonrach, féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na hionadaithe ó OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE a ligean isteach mar bhreathnóirí chuig cruinnithe, i gcás ina bpléitear ábhair a thagann faoi raon feidhme a sainorduithe faoi seach. Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta ionadaí arna ainmniú ag Bord Maoirseachta BCE agus ionadaí ó gach ceann de na ÚMEnna a ligean isteach mar bhreathnóirí, i gcás ina bpléitear ábhair a thagann faoi raon feidhme a sainorduithe faoi seach

Na cúinsí faoina dtugtar cuireadh chuig cruinnithe an Bhoird Ghinearálta d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais a liostaítear sa chéad fhomhír, sonrófar iad i rialacha nós imeachta an Bhoird Ghinearálta agus léireofar iontu comhaontú ar thángthas air idir an tÚdarás agus gach ceann de na breathnóirí sin.

Féadfar breathnóirí eile a ligean isteach ar bhonn ad hoc má fhormheastar iad le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta a bhfuil vóta acu sa chomhdhéanamh ábhartha.

5.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Ghinearálta, bíodh sin i gcomhdhéanamh maoirseachta nó i gcomhdhéanamh FIU, gan ceart vótála, i gcás ina bpléifear na míreanna a chumhdaítear lena réimsí freagrachta arna gcinneadh ag Cathaoirleach an Údaráis agus dá dtagraítear in Airteagal 66(2).

Airteagal 58

Cúraimí agus cinntí a tharmligean, agus coistí inmheánacha an Bhoird Ghinearálta

1.   Féadfaidh an Bord Ginearálta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Údaráis, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a shanntar dó. Féadfaidh an Bord Ginearálta foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig Cathaoirleach an Údaráis. Féadfaidh an Bord Ginearálta an tarmligean sin a chúlghairm ag aon am.

2.   Tuairisceoidh coistí inmheánacha don Bhord Ginearálta chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na conclúidí uile ar tháinig siad orthu.

3.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na gcoistí inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 57(5).

4.   Bunóidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU buanchoiste ar a mbeidh naonúr dá chomhaltaí nó ionadaithe ag a bhfuil saineolas leormhaith óna FIU náisiúnta faoi seach, chun tacú leis agus a chúraimí de bhun Airteagal 60(3) á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear trí thograí a thíolacadh agus trí dhréachtchinntí a ullmhú.

Ní bheidh aon chumhachtaí cinnteoireachta ag an mbuanchoiste. Déanfaidh sé a chúraimí a chur i gcrích ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine agus oibreoidh sé i dtrédhearcacht iomlán leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU.

Glacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU rialacha nós imeachta an bhuanchoiste. Áiritheofar le comhdhéanamh an bhuanchoiste cothromaíocht chóir agus uainíocht chóir idir comhaltaí nó ionadaithe FIUnna náisiúnta. Is é an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU a cheapfaidh a naonúr comhaltaí.

Airteagal 59

Neamhspleáchas an Bhoird Ghinearálta

1.   Agus na cúraimí a thugtar dóibh leis an Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh Cathaoirleach an Údaráis agus comhaltaí an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta agus i gcomhdhéanamh FIU go neamhspleách agus chun leasa ghinearálta an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí ná ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, ná comhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.

3.   Ina rialacha nós imeachta, leagfaidh an Bord Ginearálta síos socruithe praiticiúla chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

Airteagal 60

Cúraimí an Bhoird Ghinearálta

1.   Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta na cinntí a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 7 go 10 chomh maith le haon chinneadh eile a ghlacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta de bhun an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a thuairim a thabhairt maidir le haon dréachtchinneadh arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin i ndáil le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, i gcomhréir le Caibidil II, Roinn 3, agus Airteagal 64(2).

Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta agus an Bord Feidhmiúcháin na nósanna imeachta agus na hamlínte a bheidh le leanúint a chomhaontú go comhpháirteach agus glacfaidh siad na nósanna imeachta agus na hamlínte a bheidh le leanúint chun an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt.

3.   Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na cúraimí agus glacfaidh sé na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i gCaibidil II, Roinn 6.

4.   Glacfaidh an Bord Ginearálta tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 7, sa chomhdhéanamh iomchuí, ag féachaint d’ábhar na hionstraime. I gcás ina mbaineann ionstraim ar leith le hábhair a bhaineann le maoirseacht agus le hábhair a bhaineann le FIU araon, déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta agus an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU araon na tuairimí, na moltaí, na treoirlínte agus na cinntí sin a ghlacadh ar leithligh. Glacfar na tuairimí, na moltaí agus na treoirlínte bunaithe ar thogra ón gcoiste inmheánach ábhartha.

5.   Vótálfaidh an Bord Ginearálta ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 49 agus ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 53 agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh, sa chomhdhéanamh iomchuí, ag féachaint d’ábhar na gcaighdeán.

6.   Rachfar i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gceachtar den dá chomhdhéanamh faoi na dréachtchinntí atá le glacadh ag an mBord Feidhmiúcháin de bhun Airteagal 64(4), pointí (a), (c), (e) agus (m). I gcás ina ndiallann an cinneadh a ghlacann an Bord Feidhmiúcháin ina dhiaidh sin ó thuairim an Bhoird Ghinearálta, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin na cúiseanna atá leis sin ar fáil i scríbhinn.

7.   Glacfaidh an Bord Ginearálta a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

8.   Gan dochar d’Airteagal 63(3) agus (4) agus d’Airteagal 68(1) agus (2), feidhmeoidh an Bord Ginearálta na cumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne ar an údarás ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar an údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt chun críche (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’) maidir le Cathaoirleach an Údaráis agus cúigear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin, le linn a sainordaithe.

Airteagal 61

Rialacha vótála an Bhoird Ghinearálta

1.   Déanfar cinntí an Bhoird Ghinearálta a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil ceart vótála mar a chinntear le hAirteagal 57(2) agus (3). I gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag Cathaoirleach an Údaráis.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Bord Ginearálta, maidir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagail 49, 53, 54 agus 55 den Rialachán seo, cinntí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) CAE.

Ní vótálfaidh Cathaoirleach an Údaráis ar na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ar na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 60(2) ná ar na cinntí a bhaineann le meastóireacht ar fheidhmíocht an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(5).

3.   Ní fhreastalóidh na comhaltaí nach bhfuil ceart vótála acu agus na breathnóirí ar aon phlé laistigh den Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid, mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó má chinneann na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a mhalairt.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 i leith chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ná i leith ionadaí BCE arna ainmniú ag Bord Maoirseachta BCE.

5.   Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghairm ag aon tráth. Gan dochar don saincheart sin ná d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh an Bord Ginearálta a dhícheall teacht ar chomhthoil agus a chinntí á nglacadh aige.

Airteagal 62

Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta

1.   Déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis cruinnithe an Bhoird Ghinearálta a thionól.

2.   Tionólfaidh an Bord Ginearálta dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh a Chathaoirligh, nó arna iarraidh sin d’aon trian ar a laghad dá chomhaltaí.

3.   Féadfaidh an Bord Ginearálta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise freastal ar a chruinnithe i gcáil breathnóra.

4.   Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta agus dá chomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.

5.   Tabharfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an Údarás cúnamh don Bhord Ginearálta.

6.   Ní fhreastalóidh Cathaoirleach an Údaráis ná an cúigear comhaltaí lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta i gcás ina ndéanfar ábhair a bhaineann le feidhmiú a sainordaithe a phlé nó a chinneadh.

ROINN 2

An bord feidhmiúcháin

Airteagal 63

Comhdhéanamh agus ceapachán an Bhoird Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Cathaoirleach an Údaráis;

(b)

an cúigear comhaltaí lánaimseartha, lena n-áirítear an Leas-Chathaoirleach.

I gcás ina ndéanann an Bord Feidhmiúcháin na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointí (a) go (l), beidh ionadaí ón gCoimisiún i dteideal a bheith rannpháirteach sna díospóireachtaí agus ní bheidh rochtain aige ach ar na doiciméid a bhaineann leis na cúraimí sin.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.   I gcás ina ndéantar plé ar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 64(2) i ndáil le heintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, féadfaidh an comhalta den Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta ón mBallstát ina bhfuil an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann bunaithe a bheith rannpháirteach sna pléití le linn chruinnithe ábhartha an Bhoird Feidhmiúcháin.

Ní bheidh an comhalta sin den Bhord Ginearálta i láthair le linn na vótála tar éis na bpléití sin.

4.   Roghnófar comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, sláine, agus seasamh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT, agus ar bhonn cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí do phost chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n-iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh.

Cuirfidh an Bord Ginearálta togra maidir le ceapadh chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta atá ullmhaithe ag an gCoimisiún. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun comhaltaí sin an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Le linn an phróisis ceapacháin, cuirfear prionsabail na cothromaíochta inscne agus geografaí san áireamh a mhéid is féidir.

5.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Le linn an 12 mhí roimh dheireadh a dtéarma oifige 4 bliana, déanfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh nó coiste níos lú a roghnófar as measc chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta, lena n-áirítear ionadaí ón gCoimisiún, measúnú ar na comhaltaí sin den Bhord Feidhmiúcháin. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú meastóireacht ar fheidhmíocht gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis sa todhchaí. Bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh a mholadh do Pharlaimint na hEorpa síneadh a chur lena dtéarma oifige. Ní fhéadfar síneadh den sórt sin a dheonú ach aon uair amháin. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra ón mBord Ginearálta a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur le téarma oifige chomhalta nó chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin lena mbaineann. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

6.   Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Urramóidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, rialtais na mBallstát agus gach comhlacht poiblí nó príobháideach eile an neamhspleáchas sin.

7.   Más rud é nach gcomhlíonann comhalta an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun dualgais an chomhalta sin a fheidhmiú nó má bhí sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa nó ón mBord Ginearálta i gceachtar comhdhéanamh, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun an comhalta sin den Bhord Feidhmiúcháin a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

8.   Le linn tréimhse 18 mí tar éis dóibh scor d’oifig a shealbhú, toirmeascfar ar iarchomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Údaráis, gabháil do ghníomhaíocht ghairme shochrach leis an méid seo a leanas:

(a)

eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;

(b)

aon eintiteas eile, i gcás ina mbeadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Údaráis a bheith mar thoradh air sin nó ina bhféadfadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Údaráis a bheith mar thoradh air sin.

Ina rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointe (e), sonróidh an Bord Feidhmiúcháin na himthosca faoina bhfuil coinbhleacht leasa den sórt sin ann nó faoina bhféadfaí a mheas gur ann do choinbhleacht leasa den sórt sin.

Airteagal 64

Cúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as pleanáil fhoriomlán agus as cur i gcrích na gcúraimí a thugtar don Údarás de bhun Airteagal 5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí uile an Údaráis cé is moite de na cinntí atá le glacadh ag an mBord Ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 60.

2.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí a dhíreofar chuig eintitis roghnaithe faoi oibleagáid chun na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a fheidhmiú, agus an togra ó chomhfhoireann maoirseachta an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 16, an togra ón bhfoireann imscrúdúcháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 27, agus an tuairim a thug an Bord Ginearálta maidir leis an gcinneadh beartaithe sin de bhun Airteagal 60(2) á gcur san áireamh. I gcás ina gcinneann an Bord Feidhmiúcháin diall ón tuairim sin, tabharfaidh sé na cúiseanna mionsonraithe leis sin i scríbhinn.

3.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí a dhíreofar chuig na húdaráis phoiblí aonair de bhun Airteagail 14, 30, agus 32 go 36.

4.   Ina theannta sin, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas:

(a)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh, faoin 30 Samhain gach bliain, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 65, agus é a tharchur mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan nuashonraithe eile den doiciméad a ghlacadh agus a tharchur;

(b)

dréachtbhuiséad bliantúil an Údaráis a ghlacadh agus feidhmeanna eile i leith bhuiséad an Údaráis a fheidhmiú;

(c)

tuairisc bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a mheasúnú agus a ghlacadh, lena n-áirítear forléargas ar chomhlíonadh a chúraimí, í a tharchur, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus í a phoibliú;

(d)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach le rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(e)

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin;

(f)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(g)

cumhachtaí an údaráis ceapacháin a fheidhmiú, maidir le foireann an Údaráis;

(h)

rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(i)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 70(5);

(j)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, a d’fhéadfadh gurb é an duine sin oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas;

(k)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar fhionnachtana agus ar mholtaí a eascraíonn as na tuairiscí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe OLAF;

(l)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ghlacadh;

(m)

gach cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha an Údaráis a bhunú agus, i gcás inar gá, maidir lena modhnú.

5.   Roghnóidh an Bord Feidhmiúcháin Leas-Chathaoirleach ar an Údarás as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad Chathaoirleach an Údaráis go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach ábalta a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

6.   Maidir leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 4, pointe (h), den Airteagal seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

7.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus aon fho-tharmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sin a chur ar fionraí ar bhonn sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 65

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

1.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil, bunaithe ar dhréacht arna thíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur i gcuntas aige agus – i dtaca leis an gclár oibre ilbhliantúil – tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Má chinneann an Bord Feidhmiúcháin gan aon ghnéithe de thuairim an Choimisiúin a chur i gcuntas, soláthróidh sé bonn cirt cuimsitheach leis an gcinneadh sin. Beidh feidhm ag an oibleagáid bonn cirt cuimsitheach a sholáthar freisin maidir le haon ghnéithe a ardóidh Parlaimint na hEorpa nuair a théitear i gcomhairle léi. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin ar aghaidh gan mhoill an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Beidh an doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, coigeartófar é dá réir.

2.   Beidh an clár oibre bliantúil comhdhéanta de chuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a mbeifear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh cur síos ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus tásc ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir cad iad na cúraimí breise a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás.

Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

4.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuil coinne leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Nuashonrófar an clársceidealú straitéiseach i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 66

Rialacha vótála an Bhoird Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin. I gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag Cathaoirleach an Údaráis, nó ag an Leas-Chathaoirleach i gcás ina dtagann sé nó sí in ionad an Chathaoirligh.

2.   Beidh ceart vótála ag ionadaí ón gCoimisiún uair ar bith a phléitear ábhair a bhaineann le hAirteagal 64(4), pointí (a) go (l), agus nuair a dhéantar cinneadh ina leith.

3.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí inar féidir le comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 67

Oifigeach um Chearta Bunúsacha

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú. Féadfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha a bheith mar bhall d’fhoireann an Údaráis cheana féin.

2.   Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

(a)

comhairle a thabhairt d’fhoireann an Údaráis maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an Údarás, i gcás ina measfaidh an tOifigeach gur gá sin nó i gcás ina n-iarrfaidh an fhoireann amhlaidh, gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;

(b)

comhlíonadh na gceart bunúsach ag an Údarás a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh air;

(c)

tuairimí neamhcheangailteacha a sholáthar maidir le cearta bunúsacha a bheith á gcomhlíonadh ag gníomhaíochtaí an Údaráis;

(d)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí an Údaráis.

3.   Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin nach lorgóidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha ná nach nglacfaidh sé nó sí aon treoracha maidir le feidhmiú chúraimí an Oifigigh.

4.   Tuairisceoidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ullmhóidh sé nó sí tuairiscí tráthrialta maidir le feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2. Cuirfear na tuairiscí sin ar fáil don Bhord Feidhmiúcháin.

ROINN 3

Cathaoirleach an údaráis

Airteagal 68

Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis

1.   Roghnófar Cathaoirleach an Údaráis ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais, sláine, seasaimh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT agus cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coinneofar Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Bord Ginearálta ar an eolas go cuí ag gach céim den nós imeachta sin go tráthúil.

Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta de bheirt iarrthóirí cháilithe ar a laghad do phost Chathaoirleach an Údaráis. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Bord Ginearálta éisteachtaí na n-iarrthóirí ar an ngearrliosta sin a stiúradh. Féadfaidh an Bord Ginearálta tuairim phoiblí a eisiúint maidir le torthaí a éisteachtaí, nó a thuairim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Cuirfidh an Coimisiún moladh maidir le ceapadh Chathaoirleach an Údaráis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun Cathaoirleach an Údaráis a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

De mhaolú ar an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún, i ndáil leis an gcéad Chathaoirleach ar an Údarás a cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh cheapachán an Chathaoirligh gan an Bord Ginearálta a bheith rannpháirteach.

2.   Gníomhóidh Cathaoirleach an Údaráis go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh sé nó sí treoracha ná ní ghlacfaidh sé nó sí iad ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais ná ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Urramóidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, rialtais na mBallstát agus gach comhlacht poiblí nó príobháideach eile an neamhspleáchas sin.

3.   4 bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis. Le linn an 12 mhí roimh dheireadh théarma oifige 4 bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh nó i gcoiste níos lú a roghnófar as measc chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta, lena n-áirítear ionadaí ón gCoimisiún, measúnú ar an gCathaoirleach. Sa mheasúnú déanfar meastóireacht ar fheidhmíocht an Chathaoirligh agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo a chur i gcuntas. Bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh do Pharlaimint na hEorpa síneadh a chur le téarma oifige an Chathaoirligh. Ní fhéadfar an síneadh sin a dheonú ach aon uair amháin. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra ón gCoimisiún a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

4.   I gcás nach gcomhlíonfaidh Cathaoirleach an Údaráis a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach é nó í i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa nó ón mBord Ginearálta i gceachtar den dá chomhdhéanamh, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun Cathaoirleach an Údaráis a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

5.   Má éiríonn an Cathaoirleach as nó mura bhfuil sé nó sí in ann freastal ar a chuid nó a cuid dualgas ar chúis ar bith eile, is é nó í an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh feidhmeanna an Chathaoirligh.

Airteagal 69

Freagrachtaí Chathaoirleach an Údaráis

1.   Is é nó í Cathaoirleach an Údaráis a fheidhmeoidh mar ionadaí an Údaráis, agus a bheidh freagrach as obair an Bhoird Ghinearálta agus an Bhoird Feidhmiúcháin a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a shocrú, na cruinnithe uile a thionól agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu agus na míreanna a bheidh le cinneadh a chur síos.

2.   Is é nó í Cathaoirleach an Údaráis a shannfaidh do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (b), réimsí sonracha freagrachta laistigh de raon feidhme chúraimí an Údaráis ar feadh thréimhse a sainordaithe.

ROINN 4

An stiúrthóir feidhmiúcháin

Airteagal 70

Ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an Údarás faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú chun leasa an Aontais, agus go neamhspleách ar aon leas sonrach.

3.   Bainisteoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tÚdarás. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Feidhmiúcháin. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

4.   Roghnófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhorais tuillteanais agus scileanna ardleibhéil doiciméadaithe riaracháin, buiséadacha agus bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus, de réir mar is iomchuí, ar shuíomhanna eile preasa agus idirlín. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta ina mbeidh ar a laghad beirt iarrthóirí atá cáilithe don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is é an Bord Feidhmiúcháin a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

5.   5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Le linn na 9 mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ina gcuirtear i gcuntas meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin, agus an mheastóireacht á cur i gcuntas aige, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin.

Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar mholadh ón gCoimisiún.

6.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh an téarma oifige ar cuireadh síneadh leis.

Airteagal 71

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú laethúil an Údaráis, agus is é a bheidh d’aidhm aige nó aici cothromaíocht inscne, agus, a mhéid is féidir, cothromaíocht gheografach, a áirithiú laistigh den Údarás. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme;

(b)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin maidir lena chur chun feidhme;

(d)

an dréacht-tuairisc bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena measúnú agus lena glacadh;

(e)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuairiscí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc thráthrialta a thabhairt don Choimisiún, don Bhord Ginearálta agus don Bhord Feidhmiúcháin maidir leis an dul chun cinn;

(f)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur;

(g)

straitéis frithchalaoise a ullmhú le haghaidh an Údaráis agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena formheas;

(h)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ullmhú;

(i)

dréachtráiteas an Údaráis ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a ullmhú, mar chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair de bhun Airteagal 78 agus a bhuiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 79;

(j)

straitéis slándála TF a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirithítear bainistíocht riosca iomchuí don bhonneagar, córais agus seirbhísí TF uile, a fhorbraíonn nó a sholáthraíonn an tÚdarás chomh maith le cistiú slándála TF leordhóthanach;

(k)

clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;

(l)

dréacht-tuairisc a ullmhú ina dtugtar tuairisc ar gach gníomhaíocht de chuid an Údaráis, ina mbeidh roinn maidir le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bearta eile is gá, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun feidhmiú an Údaráis a áirithiú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát eile amháin nó níos mó chun cúraimí an Údaráis a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Sula gcinnfidh sé oifig áitiúil a bhunú, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Feidhmiúcháin agus ó aon Bhallstát lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach lena seachnófar costais nach bhfuil aon ghá leo agus dúbailt fheidhmeanna riaracháin an Údaráis. Déanfar comhaontú leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann a thabhairt i gcrích dá réir sin.

ROINN 5

An bord riaracháin athbhreithniúcháin

Airteagal 72

Bunú agus comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin

1.   Bunóidh an tÚdarás Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin chun athbhreithniú riaracháin inmheánach a dhéanamh ar na cinntí atá déanta ag an Údarás i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a liostaítear in Airteagail 22, 23 agus 77. Bainfidh raon feidhme an athbhreithniúcháin riaracháin inmheánaigh le comhréireacht nós imeachta agus shubstainteach na gcinntí sin leis an Rialachán seo.

2.   Beidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin comhdhéanta de chúigear aonair a bhfuil dea-cháil orthu, a bhfuil cuntas teiste cruthaithe d’eolas ábhartha agus taithí ghairmiúil acu, lena n-áirítear taithí mhaoirseachta i réimse AML/CFT, cé is moite de bhaill foirne reatha an Údaráis, chomh maith leis na baill foirne reatha atá ag údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus FIUnna nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile náisiúnta nó de chuid an Aontais a mbíonn baint acu le cur i gcrích na gcúraimí a thugtar don Údarás leis an Rialachán seo. Beidh acmhainní leordhóthanacha agus saineolas leordhóthanach ag an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú chumhachtaí an Údaráis faoin Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin cinneadh ar bhonn tromlaigh triúir ar a laghad dá chúigear comhaltaí.

Airteagal 73

Comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin

1.   Is é an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin agus beirt chomhaltaí mhalartacha go ceann téarma 5 bliana, lena bhféadfar síneadh a chur uair amháin, tar éis glao poiblí ar léirithe spéise a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoir.

2.   Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail, agus ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile laistigh den Údarás. Chun na críche sin, tabharfaidh siad dearbhú poiblí gealltanas agus leasanna lena léirítear aon leas díreach nó indíreach a bhféadfaí a bhreithniú ina leith gur dochar dá neamhspleáchas é nó lena léirítear nach bhfuil aon leas den sórt sin acu.

Airteagal 74

Cinntí atá faoi réir athbhreithniú

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach chuig a ndírítear an cinneadh, nó lena mbaineann an cinneadh go díreach agus go leithleach, iarraidh ar athbhreithniú a thabhairt os comhair an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin i gcoinne cinntí a dhéanann an tÚdarás de bhun Airteagal 6(1), agus Airteagail 21, 22, 23 agus 77.

2.   Déanfar aon iarraidh ar athbhreithniú i scríbhinn, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, agus cuirfear faoi bhráid an Údaráis é laistigh de mhí amháin ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine a iarrann an t-athbhreithniú, nó ina éagmais sin, ón lá a cuireadh in iúl don duine a d’iarr an t-athbhreithniú é.

3.   Tar éis rialú maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar athbhreithniú, tabharfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin tuairim laistigh de thréimhse arb iomchuí do phráinne an cháis é agus in aon chás faoi thráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an iarraidh a fháil agus an cás chun cinneadh nua a ullmhú a tharchur chuig an mBord Feidhmiúcháin. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin i gcuntas tuairim an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin, agus glacfaidh sé cinneadh nua go pras. Leis an gcinneadh nua déanfar an cinneadh tosaigh a aisghairm agus cinneadh a bhfuil ábhar comhionann ann nó cinneadh leasaithe a chur ina ionad.

4.   Féadfar iarraidh ar chur i bhfeidhm an chinnidh atá faoi réir imeachtaí athbhreithniúcháin a chur ar fionraí a áireamh in iarraidh ar athbhreithniú de bhun mhír 2. Féadfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin, má mheasann sé go n-éilítear sin leis na himthosca, agus tuairim an Bhoird Feidhmiúcháin á cur i gcuntas, a ordú go ndéanfar cur i bhfeidhm an chinnidh i dtrácht a chur ar fionraí go dtí go nglacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh nua de bhun mhír 3. Mura ndéanfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin cinneadh maidir leis an iarraidh ar fhionraí laistigh de 14 lá, measfar an iarraidh sin a bheith diúltaithe.

5.   An tuairim a thugann an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin, agus an cinneadh nua a ghlacann an Bord Feidhmiúcháin de bhun an Airteagail seo, beidh siad réasúnaithe agus tabharfar fógra do na páirtithe fúthu.

6.   Glacfaidh an tÚdarás cinneadh lena mbunófar rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin.

Airteagal 75

Eisiamh agus agóid

1.   Ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin páirt in aon imeachtaí athbhreithniúcháin má tá aon leas pearsanta acu sna himeachtaí, má bhí baint acu cheana mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, nó má bhí siad rannpháirteach i nglacadh an chinnidh atá faoi athbhreithniú.

2.   Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go mbreithníonn comhalta den Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin nár cheart dó nó di páirt a ghlacadh in imeacht athbhreithniúcháin, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl don Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin dá réir sin.

3.   Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí athbhreithniúcháin agóid a dhéanamh in aghaidh aon chomhalta den Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin ar aon cheann de na forais a liostaítear i mír 1, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh aon agóid den sórt sin inghlactha i gcás ina ndéanfaidh páirtí sna himeachtaí athbhreithniúcháin céim nós imeachta a ghlacadh, agus é ar an eolas faoi fhoras le hagóid a dhéanamh. Ní cheadófar aon agóid a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht na gcomhaltaí.

4.   Cinnfidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin an gníomh a dhéanfar sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear comhalta malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 76

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad an Údaráis iad.

2.   Beidh buiséad an Údaráis comhardaithe ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.

3.   Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ioncam an Údaráis comhdhéanta de mheascán de na foinsí seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

na táillí a íocann na heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 77, le haghaidh cúraimí a luaitear in Airteagal 5(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) go (d), (f) agus (g).

(c)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(d)

muirir chomhaontaithe le haghaidh foilseachán, agus le haghaidh oiliúna agus aon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna FIU amháin nó níos mó nó a gcontrapháirtithe i dtríú tíortha nó údaráis neamh-AML/CFT iad a iarraidh go sonrach;

(e)

cistiú a d’fheadfadh an tAontas a thabhairt i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 81 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtacaítear le beartais an Aontais.

Déanfar méid agus tionscnamh aon ioncaim dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b), (c), (d) agus (e), den mhír seo a áireamh i gcuntais bhliantúla an Údaráis agus déanfar iad a mhionsonrú go soiléir sa tuairisc bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

4.   Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair agus costais oibríochtúla san áireamh i gcaiteachas an Údaráis.

Airteagal 77

Táillí a thoibhítear ar eintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid

1.   Toibheoidh an tÚdarás táille mhaoirseachta bhliantúil ar gach eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 13 agus ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(1). Cumhdófar leis na táillí caiteachas a thabhaigh an tÚdarás i ndáil leis na cúraimí a ghabhann leis an maoirseacht agus dá dtagraítear i gCaibidil II, Ranna 3 agus 4. Ní bheidh na táillí sin níos mó ná an caiteachas a ghabhann leis na cúraimí sin. I gcás nach dtugtar lánurraim do na critéir sin in aon bhliain faoi leith, déanfar na coigeartuithe is gá nuair a bheidh na táillí don dá bhliain ina dhiaidh sin á ríomh.

2.   Déanfar méid na táille le tobhach ar gach eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a ríomh i gcomhréir leis na socruithe atá bunaithe sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6.

3.   Déanfar na táillí a ríomh ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme.

4.   An caiteachas i ndáil leis an maoirseacht dhíreach agus indíreach ar na heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid atá faoi réir táillí sa bhliain sin, feidhmeoidh an caiteachas sin mar an bunús do ríomh na táille maoirseachta bliantúla d’aon bhliain féilire ar leith. Féadfaidh an tÚdarás réamhíocaíochtaí a éileamh i ndáil leis an táille mhaoirseachta bhliantúil, a bheidh bunaithe ar mheastachán réasúnach. Tabharfaidh an tÚdarás fógra don mhaoirseoir airgeadais ábhartha sula ndéanfar cinneadh maidir leis an leibhéal táille deiridh ionas go bhfanfaidh an mhaoirseacht costéifeachtach agus réasúnta do gach eintiteas faoi oibleagáid san earnáil airgeadais. Cuirfidh an tÚdarás an bunús do ríomh na táille maoirseachta bliantúla in iúl do na heintitis faoi oibleagáid lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oibleagáid chun na táillí a shonraítear san Airteagal seo in-fhorghníomhaithe faoin dlí náisiúnta, agus go n-íocfar na táillí dlite ina n-iomláine.

5.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart na maoirseoirí airgeadais táillí a thobhach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mhéid nár tugadh cúraimí maoirseachta don Údarás, nó i dtaca le costais a bhaineann leis an gcomhar agus an cúnamh leis an Údarás agus le gníomhú ar a threoracha, i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 100 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh ach an mhodheolaíocht a shonrú do ríomh mhéid na táille a thoibhítear ar gach eintiteas roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid atá faoi réir táillí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus an nós imeachta a shonrú do bhailiú na dtáillí sin. Agus an mhodheolaíocht á forbairt chun méid aonair na dtáillí a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a)

láimhdeachas iomlán bliantúil nó cineál comhfhreagrach ioncaim na n-eintiteas faoi oibleagáid ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde san Aontas i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme;

(b)

i dtaobh ar cháiligh an t-eintiteas faoi oibleagáid le haghaidh maoirseacht dhíreach;

(c)

aicmiú maidir le próifíl riosca ML/TF na n-eintiteas faoi oibleagáid i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (b);

(d)

tábhacht an eintitis faoi oibleagáid do chobhsaíocht chóras airgeadais nó do gheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó nó an Aontais;

(e)

nach rachaidh méid na táille atá le bailiú ó eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir lena n-ioncam nó lena láimhdeachas dá dtagraítear i bpointe (a) thar 20 % de mhéid na táille atá le bailiú ó eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ag a bhfuil an leibhéal céanna ioncaim nó láimhdeachais.

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 1 Eanáir 2027.

Airteagal 78

Bunú an bhuiséid

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Feidhmiúcháin é.

2.   Ar bhonn an dréachta sin, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

3.   Cuirfear an dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a bhreithníonn sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 CFAE.

6.   Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta leis an Údarás.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis.

8.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh buiséad ginearálta an Aontais glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

Airteagal 79

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad an Údaráis chun feidhme agus beidh aird aige ar phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 80

Tíolacadh cuntas agus urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn (bliain N+1).

2.   Faoin 31 Márta de bhliain N+1, cuirfidh an tÚdarás an tuairisc bhliantúil faoina bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Faoin 31 Marta de bhliain N+1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha an Údaráis, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Údaráis de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) a fháil dó, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim faoi chuntais chríochnaitheacha an Údaráis.

Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha siúd faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Feidhmiúcháin freisin.

5.   Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht le tuairim an Bhoird Feidhmiúcháin, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.   Faoin 15 Samhain de bhliain N+1, foilseofar nasc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig leathanaigh an tsuímh gréasáin ina bhfuil cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.

7.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

8.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 81

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú an Údaráis agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

Airteagal 82

Bearta frithchalaoise

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, chomh maith le hAirteagal 86 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, maidir leis an Údarás.

2.   Aontóidh an tÚdarás do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (42) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach maidir le foireann uile an Údaráis.

3.   Maidir leis na cinntí cistiúcháin, na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, forálfar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, i gcás inar gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an Údarás.

Airteagal 83

Slándáil TF

1.   Bunóidh an tÚdarás rialachas TF inmheánach ar leibhéal an Stiúrthóra Feidhmiúcháin lena ndéanfar an buiséad TF a bhunú agus a bhainistiú agus lena n-áiritheofar tuairisciú tráthrialta don Bhord Feidhmiúcháin maidir le comhlíonadh leis na rialacha agus caighdeáin slándála TF is infheidhme.

2.   Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar sciar leordhóthanach dá chaiteachas TF a leithdháileadh go trédhearcach chun slándáil TF a stiúradh. D’fhéadfaí an ranníocaíocht leis an tSeirbhís Chibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a áireamh sa sciar sin.

3.   Bunófar seirbhís leormhaith faireacháin, braite agus freagartha slándála TF, agus úsáid á baint as seirbhísí CERT-EU. Tuairisceofar mórtheagmhais chuig CERT-EU agus chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig ón uair a bhraitear iad.

Airteagal 84

Cuntasacht agus tuairisciú

1.   Beidh an tÚdarás cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh an tÚdarás tuairisc ar chur i gcrích na gcúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis faoin athrú atá beartaithe a chur ar struchtúr agus ar mhéid na dtáillí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 77, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar bhonn bliantúil. Maidir leis na treoirlínte agus na moltaí a d’eisigh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 54, beidh sa tuairisc faisnéis maidir le comhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí a eisíodh le linn na bliana a chumhdaítear leis an tuairisc chomh maith le haon nuashonruithe ábhartha ar chomhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí a eisíodh roimhe sin. Poibleofar an tuairisc agus áireofar inti aon fhaisnéis ábhartha eile a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc. Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an tuairisc sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa go poiblí.

3.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh Cathaoirleach an Údaráis páirt in éisteacht maidir le feidhmiú a chúraimí ag coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis ráiteas os comhair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus freagróidh sé nó sí aon cheist óna gcomhaltaí, aon uair a iarrfar sin air nó uirthi.

4.   Laistigh de 6 seachtaine ó gach cruinniú den Bhord Ginearálta, cuirfidh an tÚdarás ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead trínar féidir tuiscint a fháil ar na pléití a rinneadh laistigh den chruinniú sin, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Ní léireofar sa taifead sin pléití laistigh den Bhord Ginearálta a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid nó pléití a bhaineann le sonraí maoirseachta rúnda nó sonraí a bhaineann le FIU, mura bhforáiltear a mhalairt sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

5.   Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de 5 seachtaine tar éis an cheist a fháil.

6.   Arna iarraidh sin, tionólfaidh Cathaoirleach an Údaráis pléití rúnda ó bhéal i seomra iata le coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa, i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa faoi na Conarthaí a fheidhmiú. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.

7.   Agus Parlaimint na hEorpa á cur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le rannchuidiú na nÚdarás le gníomhaíocht an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta, ní nochtfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis a fuair sé le linn an cúram sin a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin faoi réir ceanglais rúndachta arna bhforchur ag tríú páirtithe.

CAIBIDIL V

FOIREANN AGUS COMHAR

ROINN 1

Foireann

Airteagal 85

Foráil ghinearálta

1.   Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis agus gach ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus chomh maith leis sin ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh Cathaoirleach an Údaráis agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (b), ar comhchéim le Comhalta agus Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, faoi seach, maidir le díolaíochtaí agus aois inphinsin, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (43). Maidir le gnéithe nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán seo ná faoi Rialachán (AE) 2016/300, beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile de réir analaí.

3.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

4.   Féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás, lena n-áirítear toscairí FIU.

5.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin rialacha maidir le baill foirne ó Bhallstáit atá le fostú ar iasacht san Údarás agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar is gá. Beidh san áireamh, go háirithe, ar na rialacha sin na socruithe airgeadais a bhaineann leis na hiasachtaí sin, lena n-áirítear árachas agus oiliúint. Cuirfear i gcuntas sna rialacha sin go bhfuil na baill foirne ar iasacht agus go bhfuil siad le himscaradh mar fhoireann de chuid an Údaráis. Áireofar leo sin forálacha maidir le coinníollacha an imscartha. I gcás inarb ábhartha, beidh sé mar aidhm ag an mBord Feidhmiúcháin comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha is infheidhme maidir le speansais mhisin na foirne reachtúla a aisíoc.

Airteagal 86

Pribhléidí agus díolúintí

Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus CFAE, beidh feidhm aige maidir leis an Údarás agus lena bhaill foirne.

Airteagal 87

Foireann an Údaráis a bhí fostaithe roimhe sin ag ÚBE

Maidir le gníomhairí sealadacha atá fostaithe faoi Airteagal 2, pointe (f), agus gníomhairí ar conradh atá fostaithe faoi Airteagal 3a de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, atá fostaithe san Údarás le conradh a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 2026, agus a bhí fostaithe ag ÚBE díreach sula raibh siad fostaithe ag an Údarás chun cúraimí agus gníomhaíochtaí ÚBE a bhaineann le AML/CFT a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a chur i gcrích, déanfar an cineál céanna conartha fostaíochta a thairiscint dóibh san Údarás agus faoi na coinníollacha céanna, faoi réir na teorann ar líon na bpost atá le hasbhaint ó ÚBE agus le leithdháileadh ar an Údarás. Measfar gur chaith na gníomhairí sin a seirbhís iomlán san Údarás.

Airteagal 88

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Ghinearálta agus an Bhoird Feidhmiúcháin, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, chomh maith le gach duine eile ag a bhfuil cúraimí á ndéanamh don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus Airteagal 67 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

2.   Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin nó ceaptha ag na húdaráis phoiblí agus FIUnna chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin dá bhforáiltear i mír 1.

3.   Chun na cúraimí arna dtabhairt dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, údarófar an tÚdarás, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí de chuid an Aontais nó le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta sna cásanna ina gceadaíonn na gníomhartha sin do mhaoirseoirí airgeadais faisnéis a nochtadh do na heintitis sin nó i gcás inar féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an nochtadh sin faoi dhlí an Aontais is infheidhme.

4.   Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

5.   Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (44) i bhfeidhm.

Airteagal 89

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh an tÚdarás a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (45) agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Cuimseoidh rialacha slándála an Údaráis, inter alia, forálacha chun an fhaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin rialacha slándála an Údaráis tar éis don Choimisiún iad a fhormheas.

2.   Aon chomhshocrú riaracháin maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe le húdaráis ábhartha tríú tír nó, in éagmais an chomhshocraithe sin, aon eisiúint ad hoc FRAE chuig na húdaráis sin, beidh sé nó sí faoi réir formheas roimh ré ón gCoimisiún.

Airteagal 90

Tuairisciú ar sháruithe agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

1.   Beidh bealaí tuairiscithe tiomnaithe i bhfeidhm ag an Údarás chun faisnéis arna soláthar ag daoine a thuairiscíonn sáruithe iarbhír nó sáruithe féideartha ar na nithe seo a leanas a fháil agus a láimhseáil:

(a)

Rialachán (AE) 2024/1624, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais;

(b)

Rialachán (AE) 2023/1113;

(c)

Treoir (AE) 2024/1640, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le húdaráis mhaoirseachta, comhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú feidhmeanna maoirseachta agus FIUnna.

2.   Beidh cosaint Threoir (AE) 2019/1937 ag na daoine a thuairiscíonn trí na bealaí sin agus ag na daoine lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme.

3.   Tar éis d’údaráis mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais tuairiscí a chur isteach de bhun Airteagal 60(4) de Threoir (AE) 2024/1640, beidh an tÚdarás in ann faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis mhaoirseachta sin faoin gcaoi a ndearna siad obair leantach ar na tuairiscí a fuarthas. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta sin an fhaisnéis a iarradh ar fáil go pras ach ní nochtfaidh siad faisnéis a bhféadfadh sainaithint an duine tuairiscithe a bheith mar thoradh uirthi.

ROINN 2

Comhar

Airteagal 91

Comhar leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha

1.   Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis na ÚMEnna a bhunú agus a chothabháil, go háirithe agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, treoirlínte nó moltaí á bhforbairt laistigh de shainchúram a gcúraimí faoi seach.

2.   Faoin 27 Meitheamh 2025, déanfaidh an tÚdarás meabhrán tuisceana a thabhairt i gcrích leis na ÚMEnna ina leagfar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu dul i gcomhar i gcomhlíonadh a gcúraimí faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 92

Comhar le húdaráis neamh-AML/CFT

1.   Oibreoidh an tÚdarás i gcomhar, agus malartóidh sé faisnéis, le húdaráis neamh-AML/CFT agus, ar bhonn riachtanais eolais agus ar bhonn rúndachta, le húdaráis agus le comhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoracha 2009/110/CE, 2009/138/CE, 2014/17/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2015/2366, agus leis na ÚMEnna, laistigh de theorainneacha a sainorduithe faoi seach.

2.   Tabharfaidh an tÚdarás meabhrán tuisceana i gcrích leis na húdaráis stuamachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leis na ÚMEnna agus leis na húdaráis náisiúnta eile atá inniúil chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú, ina leagfar amach i dtéarmaí ginearálta conas a oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus a mhalartóidh siad faisnéis le chéile i bhfeidhmiú a gcúraimí maoirseachta faoi dhlí an Aontais i ndáil le heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid.

I gcás ina measann sé gur gá sin, féadfaidh an tÚdarás meabhrán tuisceana a thabhairt i gcrích freisin le haon cheann de na húdaráis nó na comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 1 ina leagfar amach i dtéarmaí ginearálta conas a oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus a mhalartóidh siad faisnéis le chéile i bhfeidhmiú a gcúraimí maoirseachta faoi dhlí an Aontais i ndáil le heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid.

3.   Faoin 27 Meitheamh 2025, tabharfaidh an tÚdarás agus BCE meabhrán tuisceana i gcrích ina leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla don chomhar agus do mhalartú faisnéise i bhfeidhmiú a gcúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais.

4.   Áiritheoidh an tÚdarás comhar agus malartú faisnéise éifeachtach idir na húdaráis mhaoirseachta uile sa chóras maoirseachta AML/CFT agus na húdaráis agus na comhlachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear maidir le rochtain ar aon fhaisnéis agus sonraí i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 93

Comhpháirtíochtaí le haghaidh comhroinnt faisnéise i réimse AML/CFT

1.   I gcás inarb ábhartha chun na cúraimí dá dtagraítear i gCaibidil II a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás comhpháirtíochtaí trasteorann a bhunú chun faisnéis a chomhroinnt, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus coimircí nós imeachta breithiúnacha, nó féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí le haghaidh comhroinnt faisnéise arna mbunú i mBallstát amháin nó ar fud roinnt Ballstát agus é ina chuspóir tacú le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Beidh rannpháirtíocht an Údaráis i gcomhpháirtíocht atá ann cheana faoi réir chomhaontú na n-údarás a bhfuil an chomhpháirtíocht sin bunaithe acu.

2.   I gcás ina mbunóidh an tÚdarás comhpháirtíocht trasteorann le haghaidh comhroinnt faisnéise, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an chomhpháirtíocht ceanglais Airteagal 75(3), (4) agus (5) de Rialachán (AE) 2024/1624. Sa bhreis ar eintitis faoi oibleagáid, féadfaidh an tÚdarás cuireadh a thabhairt do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (44), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán sin, chomh maith le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil ról acu i sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, páirt a ghlacadh sa chomhpháirtíocht, i gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht sin ábhartha chun a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh. Ar thoiliú d’aon toil ó na comhaltaí rannpháirteacha, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe eile a bheith rannpháirteach, ar bhonn ócáideach, i gcruinnithe na comhpháirtíochta, i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 94

Comhar le OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE

1.   Féadfaidh an tÚdarás socruithe oibre a thabhairt i gcrích le hinstitiúidí an Aontais, le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais agus le comhlachtaí eile an Aontais a ghníomhaíonn i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair bhreithiúnaigh. Féadfaidh na socruithe oibre sin a bheith de chineál straitéiseach, oibríochtúil nó teicniúil agus beidh mar aidhm shonrach leo comhar agus malartú faisnéise a éascú idir na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh na socruithe oibre ina mbunús chun malartú sonraí pearsanta a cheadú agus ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar a Bhallstáit.

2.   Déanfaidh an tÚdarás caidreamh dlúth a bhunú agus a choimeád le OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE. Chun na críche sin, tabharfaidh an tÚdarás socruithe oibre ar leithligh chun críche le OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE ina leagfar amach mionsonraí maidir lena gcomhar. Beidh sé d’aidhm ag an gcaidreamh go háirithe malartú faisnéise oibríochtúla agus straitéisí agus malartú treochtaí i ndáil le bagairtí i ndáil le ML/TF atá os comhair an Aontais a áirithiú.

3.   Chun comhar rianúil idir an tÚdarás agus Europol, Eurojust agus OIPE a chur chun cinn agus a éascú, déanfar foráil sna socruithe oibre leo go háirithe maidir leis an bhféidearthacht oifigigh idirchaidrimh a phostú in áitribh a chéile, agus leagfar síos iontu coinníollacha chun na críche sin.

Airteagal 95

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis AML/CFT i dtríú tíortha ag a bhfuil inniúlachtaí rialála agus maoirseachta agus inniúlachtaí a bhaineann le FIU i réimse AML/CFT chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus riaracháin tríú tír. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

2.   Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt d’fhonn cleachtais chomhsheasmhacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú san Aontas agus d’fhonn comhordú agus comhar idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh ML/TF a threisiú. Déanfaidh údaráis phoiblí agus FIUnna a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

3.   I gcásanna ina mbaineann an idirghníomhaíocht idir roinnt údarás maoirseachta de chuid an Aontais agus FIUnna ar thaobh amháin agus údaráis tríú tír ar an taobh eile le hábhair laistigh de raon feidhme chúraimí an Údaráis a leagtar amach in Airteagal 5, beidh ról ceannasach ag an Údarás chun an idirghníomhaíocht sin a éascú i gcás inar gá. Beidh ról sin an Údaráis gan dochar d’idirghníomhaíochtaí tráthrialta na n-údarás maoirseachta agus FIUnna le húdaráis tríú tír.

4.   Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de na cumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach ar leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt don Choimisiún lena chúraimí a bhaineann le comhaltas an Choimisiúin sa Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus trí thacú le hobair agus le cuspóirí Ghrúpa Egmont d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 96

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis.

2.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gceart rochtana ar dhoiciméid i leith faisnéis rúnda ina gcuimseofar an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis nó sonraí an Údaráis, na maoirseoirí airgeadais nó na n-eintiteas faoi oibleagáid, a fuarthas mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus i gCaibidil II, Roinn 3, a dhéanamh;

(b)

aon sonraí oibríochtúla nó faisnéis a bhaineann leis na sonraí oibríochtúla sin de chuid an Údaráis agus FIUnna atá i seilbh an Údaráis mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i gCaibidil II, Roinn 6, a chur i gcrích.

4.   Féadfar an fhaisnéis rúnda dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a bhaineann le nós imeachta maoirseachta, a nochtadh go hiomlán nó i bpáirt do na heintitis faoi oibleagáid ar páirtithe iad sa nós imeachta maoirseachta sin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh an rochtain sin doiciméid inmheánacha an Údaráis ná doiciméid inmheánacha maoirseoirí airgeadais ná comhfhreagras eatarthu.

5.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus na rialacha maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le nósanna imeachta maoirseachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 97

Socruithe ginearálta teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle maidir leis an Údarás.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis, agus beidh siad ag teacht leis na socruithe teanga don mhaoirseacht dhíreach, arna nglacadh de bhun Airteagal 29.

3.   Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle, a sholáthróidh aistriúchán agus gach seirbhís teanga eile a theastóidh ón Údarás, seachas ateangaireacht (46).

Airteagal 98

Cosaint sonraí

1.   Measfar gur gá sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun ML/TF a chosc dá dtagraítear in Airteagal 70 de Threoir (AE) 2024/1640 agus Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2024/1624 chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don Údarás faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679.

Agus treoirlínte agus moltaí á ndréachtú aige i gcomhréir le hAirteagal 54, a mbeidh tionchar suntasach acu maidir le sonraí pearsanta a chosaint, oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Tar éis don Údarás údarú a fháil ón gCoimisiún, rachaidh sé i gcomhairle freisin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1725. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa phróiseas chun treoirlínte agus moltaí den sórt sin a dhréachtú.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh cead ag an Údarás rialacha inmheánacha a ghlacadh lena gcuirfear srian ar chur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 70 de Threoir (AE) 2024/1640 agus in Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2024/1624 a chomhlíonadh.

Airteagal 99

Dliteanas an Údaráis

1.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas a shlánú. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann leis an damáiste sin a leigheas.

2.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Airteagal 100

Gníomhartha tarmligthe

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 77 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 27 Nollaig 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 77 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 77 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 101

Comhaontú Ceanncheathrún agus dálaí oibríochta

1.   Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin i leith fhoireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach, déanfar iad a leagan síos i gComhaontú Ceanncheathrún a thabharfar i gcrích idir an tÚdarás agus an Ballstát sin tar éis fhormheas an Bhoird Feidhmiúcháin a fháil.

2.   Soláthróidh an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe na dálaí is fearr is féidir chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 102

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisc a tharraingt suas ar fheidhmíocht an Údaráis i leith a chuspóirí, a shainordaithe, a chúraimí agus a shuímh, i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiún. Tabharfar aghaidh sa tuairisc sin, go háirithe, ar an méid seo a leanas:

(a)

an gá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú an Údaráis a leasú, agus na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon leasú den sórt sin;

(b)

tionchar ghníomhaíochtaí maoirseachta agus cúraimí uile an Údaráis ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine, agus go sonrach an éifeachtacht maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

cúraimí maoirseachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le maoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid;

(ii)

maoirseacht indíreach ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid;

(iii)

formhaoirseacht indíreach ar eintitis eile faoi oibleagáid;

(c)

tionchar na ngníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht agus comhordú FIUnna, agus go háirithe comhordú na n-anailísí comhpháirteacha ar ghníomhaíochtaí agus idirbhearta trasteorann arna ndéanamh ag FIUnna;

(d)

neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;

(e)

oiriúnacht socruithe rialachais, lena n-áirítear comhdhéanamh an Bhoird Feidhmiúcháin, na socruithe vótála ann agus an caidreamh atá aige leis an mBord Ginearálta;

(f)

costéifeachtacht an Údaráis, más iomchuí, ar leithligh i ndáil lena fhoinsí áirithe cistiúcháin;

(g)

éifeachtacht an tsásra iontaofa in aghaidh chinntí an Údaráis agus na socruithe neamhspleáchais agus cuntasachta is infheidhme maidir leis an Údarás;

(h)

éifeachtacht socruithe comhair agus comhroinnt faisnéise idir an tÚdarás agus údaráis neamh-AML/CFT;

(i)

an t-idirghníomhú idir an tÚdarás agus údaráis agus comhlachtaí maoirseachta eile an Aontais, lena n-áirítear ÚBE, Europol, Eurojust, OLAF agus OIPE;

(j)

raon feidhme na maoirseachta dírí agus na critéir agus an mhodheolaíocht i dtaobh eintitis a mheasúnú agus a roghnú le haghaidh maoirseacht dhíreach;

(k)

éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí an Údaráis;

(l)

an éifeachtacht agus an cóineasú i dtaca le cleachtais mhaoirseachta arna mbaint amach ag na húdaráis inniúla agus ról an Údaráis iontu.

2.   Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:

(a)

i dtaobh an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;

(b)

i dtaobh an iomchuí cúraimí maoirseachta breise a thabhairt don Údarás maidir le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais, ina sonrófar, de réir mar is iomchuí, na cineálacha eintiteas ar cheart dóibh a bheith faoi réir na gcúraimí maoirseachta breise;

(c)

i dtaobh an iomchuí cúraimí breise a thabhairt don Údarás i réimse na tacaíochta agus an chomhordaithe ar obair FIUnna;

(d)

i dtaobh an iomchuí cumhachtaí smachtbhannaí breise a thabhairt don Údarás.

3.   I ngach dara tuairisc, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú críochnúil ar na torthaí a bhain an tÚdarás amach ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú, dá chúraimí agus dá chumhachtaí, lena n-áirítear measúnú ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós le leanúint an Údaráis ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin de.

4.   Déanfar an tuairisc agus aon togra a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 103

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar an dara fomhír;

(b)

i mír 5, scriostar pointe (h);

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (1a);

(b)

i bpointe 2, scriostar pointe (iii);

(3)

in Airteagal 8(1), scriostar pointe (l);

(4)

scriostar Airteagail 9a agus 9b;

(5)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, más rud é nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa tuairim sin, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas ar shlí thráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a choimeád nó a aischur nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfaidh an institiúid gach gníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.

Beidh cinneadh an Údaráis ar comhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.’

;

(6)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an institiúid airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.’

;

(7)

in Airteagal 33(1), scriostar an dara fomhír;

(8)

in Airteagal 40(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).’;"

(9)

in Airteagal 81, scriostar mír 2b.

Airteagal 104

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), scriostar an dara fomhír;

(2)

in Airteagal 40(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh.

(*2)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).’;"

(3)

in Airteagal 54, scriostar mír 2a.

Airteagal 105

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), scriostar an dara fomhír;

(2)

in Airteagal 40(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh.

(*3)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).’;"

(3)

in Airteagal 54, scriostar mír 2a.

Airteagal 106

Socruithe idirthréimhseacha

1.   Go dtí an 27 Meitheamh 2028, ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 ach amháin maidir le maoirseoirí airgeadais, institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais, áfach, ceanglais an Airteagail sin a chomhlíonadh cheana féin roimh an dáta sin ar bhonn deonach.

Chun an bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11 a bhunú agus a chothabháil, tabharfaidh an tÚdarás comhaontú déthaobhach i gcrích le ÚBE maidir le rochtain ar bhunachar sonraí AML/CFT, chomh maith le maoiniú agus comhbhainistiú an bhunachair sonraí sin, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Bunófar an socrú ar feadh tréimhse a chomhaontófar go frithpháirteach agus a fhéadfar a fhadú go tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2027. Le linn na tréimhse sin, beidh ÚBE in ann ar a laghad leanúint d’fhaisnéis a fháil, anailís a dhéanamh uirthi agus í a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó i gcomhréir leis an Rialachán seo, thar ceann an Údaráis agus bunaithe ar an maoiniú a chuirfidh an tÚdarás ar fáil chun na críche sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 13(2), i gcás ina gcáileodh, le linn an chéad phróisis roghnúcháin, níos mó ná 40 eintiteas faoi oibleagáid le haghaidh maoirseacht dhíreach de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an tÚdarás na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) i leith an 40 eintiteas faoi oibleagáid nó grúpa a oibríonn sa líon is airde Ballstát, bíodh sé trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

I gcás ina mbeidh níos mó ná 40 eintiteas faoi oibleagáid nó grúpa ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chritéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, roghnóidh an tÚdarás, ó na heintitis faoi oibleagáid nó na grúpaí a roghnófaí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a fheidhmíonn sa líon is lú Ballstát, iad siúd ag a bhfuil an cóimheas is airde idir líon na n-idirbheart le tríú tíortha agus líon iomlán na n-idirbheart arna dtomhas sa bhliain airgeadais dheireanach.

3.   De mhaolú ar Airteagal 13(3), ní bheidh feidhm ag an bpróiseas roghnúcháin breise a leagtar amach ann le linn an chéad phróisis roghnúcháin.

4.   De mhaolú ar Airteagal 48(7), is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht FIUnna in athbhreithnithe piaraí le linn an chéad dá phróiseas athbhreithnithe piaraí.

Airteagal 107

Tús a chur le gníomhaíochtaí an Údaráis

Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Údaráis go dtí an 31 Nollaig 2025. Chun na críche sin:

(a)

féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú go dtí go mbeidh an acmhainneacht ag an Údarás a bhuiséad féin a chur chun feidhme agus go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Feidhmiúcháin é nó í a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 70;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 62(1), go dtí go gceapfar Cathaoirleach an Údaráis, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cruinnithe an Bhoird Ghinearálta a chomóradh agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu, ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici;

(c)

de mhaolú ar Airteagal 64(4), pointe (g), go dtí go nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 70, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhachtaí an údaráis ceapacháin;

(d)

féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Údarás, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí an Údaráis a chur i gcrích faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(e)

féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí uile a chumhdófar le leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad an Údaráis a údarú agus féadfaidh an duine sin conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta an Údaráis a ghlacadh.

Airteagal 108

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 1, 4, 49, 53, 54, 55, 57 go 66, 68 go 71, 100, 101 agus 107 ón 26 Meitheamh 2024, agus beidh feidhm ag Airteagal 103 ón 31 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).

(5)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(13)   IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(14)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(16)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannas Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(21)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(22)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(23)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

(24)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(25)   IO C 210, 25.5.2022, lch. 5.

(26)   IO C 524, 29.12.2021, lch. 10.

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(28)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(29)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid, an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(30)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(31)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

(33)  Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite (IO L 158, 27.5.2014, lch. 196).

(34)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(35)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(36)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(37)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(38)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(39)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(40)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(42)   IO L 136, 31.5.1999, lch. 15

(43)  Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena socraítear díolaíochtaí shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE (IO L 58, 4.3.2016, lch. 1).

(44)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(45)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(46)  Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le tosca géaraitheacha agus le tosca maolaitheacha chun Airteagal 22 a chur i bhfeidhm

Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme ar bhealach carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 22(4) ar bhonn gach ceann de na tosca géaraitheacha agus de na tosca maolaitheacha seo a leanas:

I.

Comhéifeachtaí um choigeartú atá nasctha le tosca géaraitheacha:

1.

I gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair.

2.

I gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

3.

I gcás ina mbeidh léirithe ag an sárú laigí sistéamacha in eagar an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2.

4.

I gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 3.

5.

I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht leasúcháin déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7.

6.

I gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid tar éis dul i gcomhar leis an Údarás le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

II.

Comhéifeachtaí um choigeartú atá nasctha le tosca maolaitheacha:

1.

I gcás ina bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7.

2.

I gcás ina gcuireann an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid an sárú iomlán in iúl don Údarás go tapa agus go héifeachtach, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4.

3.

I gcás ina mbeidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sáruithe comhchosúla tarlú a thuilleadh amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.


IARSCRÍBHINN II

Liosta de na ceanglais is infheidhme go díreach dá dtagraítear in Airteagal 22(3)

1.

Is ionann na ceanglais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo, agus na cinn úd a bheidh iontu seo a leanas: Airteagail 19, 20, 21, 22, 23, 25, 26, 33, 34, 36, 39, 42, 44, 46, agus 47 de Rialachán (AE) 2024/1624.

2.

Is ionann na ceanglais maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uile-ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), den Rialachán seo agus na cinn siúd a bheidh iontu seo a leanas: Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2024/1624.

3.

Is ionann na ceanglais maidir le hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo agus na cinn úd a bheidh iontu seo a leanas: Airteagail 69, 70 agus 71 de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Airteagail 9, 13 agus 18 de Rialachán (AE) 2023/1113.

4.

Is ionann na ceanglais maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (b), den Rialachán seo agus na cinn úd a bheidh iontu seo a leanas: Airteagail 9, 10, 11, 18, 48 agus 49 de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2023/1113.

5.

Is ionann na ceanglais eile dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointí (c) agus (d), den Rialachán seo agus na cinn úd a bheidh in Airteagail 73, 77, 78 agus 79 de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Airteagail 7, 8, 10, 11, 12, 14, 16, 17, 19, 21, 24 agus 26 de Rialachán (AE) 2023/1113.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top