Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1219

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1219 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

C/2024/2805

IO L, 2024/1219, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1219/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1219/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1219

25.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1219 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi naoi ráig den fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i stáit Florida (1), Kansas (1), Michigan (3), Minnesota (1) agus New Mexico (3), ráigeanna a deimhníodh idir 9 Aibreán 2024 agus an 17 Aibreán 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údarás tréidliachta na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus na bearta atá glactha aici chun leathadh an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna a tharla le déanaí i stáit Florida, Kansas, Michigan, Minnesota agus New Mexico.

(8)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna bhunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí i stáit Florida, Kansas, Michigan, Minnesota agus New Mexico a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(9)

Ina theannta sin, sholáthair Ceanada faisnéis nuashonraithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach táirgí áirithe san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(10)

Chuir Ceanada isteach faisnéis cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúige Ontario, ráig a deimhníodh an 30 Eanáir 2024 le hanailís saotharlainne (ISP cúl-trascrioptáise).

(11)

Chuir Ceanada faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne sé chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráige sin den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme.

(12)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada isteach, agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aige nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ón gcrios lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ón gcrios lena mbaineann i gCeanada óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.

(14)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh crios CA-2.231:

CA

Ceanada

CA-2.231

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

30.1.2024

11.4.2024’

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.635 go US-2.643 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.634:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.635

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

10.4.2024

 

US-2.636

N, P1

 

11.4.2024

 

US-2.637

N, P1

 

9.4.2024

 

US-2.638

N, P1

 

15.4.2024

 

US-2.639

N, P1

 

16.4.2024

 

US-2.640

N, P1

 

17.4.2024

 

US-2.641

N, P1

 

12.4.2024

 

US-2.642

N, P1

 

15.4.2024

 

US-2.643

N, P1

 

17.4.2024’

 

(b)

I gCuid 2, san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.635 go dtí US-2.643 tar éis na tuairisce ar an gcrios US-2.634:

‘Na Stáit Aontaithe

US-2.635

State of Kansas

Grant 01

Grant County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 101.1879178°W 37.7689217°N)

US-2.636

State of Minnesota

Meeker 13

Meeker County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 94.3821034°W 45.2901552°N)

US-2.637

State of Michigan

Ionia 02

Ionia County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.1987301°W 42.9714064°N)’;

US-2.638

State of Florida

Miami-Dade 03

Miami-Dade County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 80.2102564°W 25.8848166°N)

US-2.639

State of Michigan

Ionia 03

Ionia County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.0682879°W 42.9613813°N)

US-2.640

State of Michigan

Newaygo 01

Newaygo County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 86.0230039°W 43.5098903°N)

US-2.641

State of New Mexico

Roosevelt 01

Roosevelt County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 103.3347225°W 34.2907985°N)

US-2.642

State of New Mexico

Roosevelt 02

Roosevelt County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 103.4226085°W 34.3052413°N)

US-2.643

State of New Mexico

Roosevelt 03

Roosevelt County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 103.3375608°W 34.2473789°N)’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh crios CA-2.231:

CA

Ceanada

CA-2.231

POU, RAT

N, P1

 

30.1.2024

11.4.2024

GBM

P1

 

30.1.2024

11.4.2024’

(b)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.635 go US-2.643 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.634:

US

na Stáit Aontaithe

US-2.635

POU, RAT

N, P1

 

10.4.2024

 

GBM

P1

 

10.4.2024

 

US-2.636

POU, RAT

N, P1

 

11.4.2024

 

GBM

P1

 

11.4.2024

 

US-2.637

POU, RAT

N, P1

 

9.4.2024

 

GBM

P1

 

9.4.2024

 

US-2.638

POU, RAT

N, P1

 

15.4.2024

 

GBM

P1

 

15.4.2024

 

US-2.639

POU, RAT

N, P1

 

16.4.2024

 

GBM

P1

 

16.4.2024

 

US-2.640

POU, RAT

N, P1

 

17.4.2024

 

GBM

P1

 

17.4.2024

 

US-2.641

POU, RAT

N, P1

 

12.4.2024

 

GBM

P1

 

12.4.2024

 

US-2.642

POU, RAT

N, P1

 

15.4.2024

 

GBM

P1

 

15.4.2024

 

US-2.643

POU, RAT

N, P1

 

17.4.2024

 

GBM

P1

 

17.4.2024’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1219/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top