Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0579

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/579 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

C/2024/929

IO L, 2024/579, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/579/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/579/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/579

12.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/579 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Indiana, Kansas, agus South Dakota, ráigeanna a deimhníodh idir 22 Eanáir 2024 agus an 25 Eanáir 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údarás tréidliachta na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.

(8)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sna Stáit Aontaithe.

(10)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sna Stáit Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach á cur san áireamh, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, Roinn B san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.619, US-2-620 agus US-2.621 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.618:

US (na Stáit Aontaithe)

Na Stáit Aontaithe

US-2.619

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

22.1.2024

 

US-2.620

N, P1

 

25.1.2024

 

US-2.621

N, P1

 

23.1.2024’

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.619, US-2-620 agus US-2.621 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.618:

‘Na Stáit Aontaithe

US-2.619

State of Kansas

Mitchell 09

Mitchell County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 98.2867624°W 39.3931939°N)

US-2.620

State of Indiana

Daviess 02

Daviess County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 87.0310067°W 38.8873553°N)

US-2.621

State of South Dakota

Edmunds 13

Edmunds County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 198.9313438°W 45.5352191°N)’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, Roinn B san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.619, US-2-620 agus US-2.621 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.618:

US (na Stáit Aontaithe)

Na Stáit Aontaithe

US-2.619

POU, RAT

N, P1

 

22.1.2024

 

GBM

P1

 

22.1.2024

 

US-2.620

POU, RAT

N, P1

 

25.1.2024

 

GBM

P1

 

25.1.2024

 

US-2.621

POU, RAT

N, P1

 

23.1.2024

 

GBM

P1

 

23.1.2024’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/579/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top