EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0223

Rialachán (AE) 2024/223 ón gComhairle an 22 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

ST/16270/2023/INIT

IO L, 2024/223, 10.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/223/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/223/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/223

10.1.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/223 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle (1), tugtar isteach bearta práinneacha agus spriocdhírithe chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite. Is féidir le himscaradh fuinnimh in-athnuaite san Aontas rannchuidiú go mór chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú, trí shlándáil soláthair an Aontais a neartú, luaineacht sa mhargadh a laghdú agus praghsanna fuinnimh a ísliú. Ós rud é go raibh nósanna imeachta deonaithe ceadanna fadálacha casta ina mbacainn mhór ar luas agus ar scála na n-infheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus i mbonneagar gaolmhar, bhí sé d’aidhm ag Rialachán (AE) 2022/2577 bearta breise práinneacha agus spriocdhírithe a thabhairt isteach chun an dlús a chur láithreach le cuid de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le teicneolaíochtaí sonracha fuinnimh in-athnuaite agus leis na cineálacha tionscadal a bhfuil an acmhainneacht is mó acu don imscaradh tapa chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2022/2577 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(2)

Tháinig Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i bhfeidhm an 20 Samhain 2023, lena dtugtar isteach athruithe ar an gcreat reachtach lena rialaítear fuinneamh in-athnuaite go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin, lena n-áirítear forálacha chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Áiríodh cuid de na bearta a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2577 i dTreoir (AE) 2018/2001 freisin trí bhíthin Treoir (AE) 2023/2413. Mar sin féin, níor léiríodh i dTreoir (AE) 2023/2413 cuid de na bearta níos eisceachtúla atá i Rialachán (AE) 2022/2577, rud a chuir teorainn le cineál eisceachtúil agus sealadach na mbeart sin. Ina ionad sin, tugadh isteach leis an Treoir sin córas buan cobhsaí agus fadtéarmach chun dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna lena mbunaítear céimeanna agus nósanna imeachta tiomnaithe lena gceanglaítear tréimhse cur chun feidhme níos faide. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit Treoir (AE) 2023/2413 a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoin 21 Bealtaine 2025, cé is moite de roinnt de na forálacha a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, a bhfuil dáta trasuímh níos luaithe acu i.e. an 1 Iúil 2024, atá díreach tar éis dháta dheireadh bailíochta Rialachán (AE) 2022/2577. Tar éis thrasuí Threoir (AE) 2023/2413, tairbheoidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite de na forálacha a thugtar isteach leis an Treoir sin chun nósanna imeachta deonaithe ceadanna a chuíchóiriú.

(3)

De bhun Rialachán (AE) 2022/2577, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin faoin 31 Nollaig 2023, i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an ghá le dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite, agus chuir sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, mhol an Coimisiún gur cheart go gcuirfí síneadh le bailíocht roinnt forálacha sa Rialachán sin.

(4)

Sa tuarascáil uaidh an 28 Samhain 2023 maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite, chinn an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh síneadh a chur le bailíocht Rialachán (AE) 2022/2577 agus mhol sé síneadh a chur le bearta roghnaithe a bhfuil an acmhainneacht is mó acu an dlús a chur le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh, atá éagsúil leis na bearta i dTreoir (AE) 2018/2001, i gcás ina ndealraíonn sé go gcothóidh na bearta sin dlús tábhachtach i bpróiseas ceadúcháin do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus do thionscadail bonneagair eangaí ghaolmhara nó go bhfuil an acmhainneacht mór acu amhlaidh a dhéanamh. Cuireadh san áireamh gur tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/2413 forálacha áirithe chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite i dTreoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear rialacha maidir leis na topaicí céanna nó cinn chomhchosúla a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2022/2577. Cuireadh san áireamh freisin i ndáil le rialacha deonaithe ceadanna arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) 2023/2413, cé is moite de na rialacha a bhaineann le dlúslimistéir fhoinsí in-athnuaite fuinnimh de bhun Airteagail 15c agus 16a den Treoir sin, go gcaithfear iad a thrasuí faoin 1 Iúil 2024, díreach tar éis dháta dheireadh bailíochta Rialachán (AE) 2022/2577.

(5)

Ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2577 i bhfeidhm, tá feabhas tagtha ar leibhéal na hullmhachta sa mhargadh leictreachais agus ar shlándáil soláthair an Aontais. Mar sin féin, tá rioscaí tromchúiseacha fós ann maidir le slándáil soláthair fuinnimh an Aontais. Is an-docht go fóill an staid dhomhanda ar an margadh gáis. Tá praghsanna gáis fós i bhfad níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim agus gabhann iarmhairtí dosheachanta leo ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Tá sé sin níos measa mar gheall ar luaineacht ard sa mhargadh a eascraíonn inter alia as cúinsí geopholaitiúla diana. Leis na heachtraí a tharla le déanaí de luaineacht mhór praghsanna i samhradh agus i bhfómhar 2023, nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain, de bharr imeachtaí mar shampla an stailc i saoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) na hAstráile, géarchéim an Mheánoirthir nó suaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt, léirítear go bhfuil na margaí fós leochaileach agus soghonta i leith turraingí measartha beag maidir leis an éileamh agus an sholáthar fiú. Faoi na dálaí sin, d’fhéadfadh an imní faoin nganntanas mar thoradh ar imeacht ar leith ar bith fiú a bheith ina chúis le freagairtí diúltacha sistéamacha ar fud an Aontais, rud a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar phraghsanna fuinnimh. Thairis sin, tá laghdú suntasach tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis na dálaí a bhí ann roimh an ngéarchéim, mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis ó phíblíne na Rúise le bliain anuas. Leis an leibhéal allmhairí gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim agus 20 billiún méadar ciúbach (bcm) de ghás ón Rúis — tuairim agus 110 bcm níos lú ná in 2021. Dá bhrí sin, tá riosca mór ann go mbeidh ganntanais gháis san Aontas.

(6)

Tá na margaí gáis domhanda fós an-docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tréimhse áirithe ama. Mar a thug an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) dá haire i dTuarascáil Mheántéarmach maidir le Gás 2023 uaithi, níor fhás soláthar GNL ró-mhór in 2022 (4 %) agus in 2023 (3 %). In Ionchas Fuinnimh Domhanda 2023 ó IEA, measann sí go mbeidh drochbhail fós ar chothromaíochtaí margaidh amach anseo d’ainneoin go bhfuil sé socraithe go dtiocfaidh na hacmhainneachtaí nua GNL ar líne ó 2025 ar aghaidh.

(7)

Tá na géardheacrachtaí sin níos measa mar gheall ar roinnt rioscaí breise, lena n-áirítear teacht aniar in éileamh GNL na hÁise, lena bhféadfaí infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda a laghdú, geimhreadh fuar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le méadú suas le 30 bcm ar an éileamh ar ghás, teagmhais adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don stóráil hidreachumhachta agus don táirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, as a n-eascródh an méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte, suaitheadh breise ar bhonneagair chriticiúla, amhail na gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022 nó suaitheadh i bpíblíne nascóirí Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, mar shampla an Úcráin, an Asarbaiseáin, agus an Meánoirthear.

(8)

I bhfianaise an chomhardaithe dhocht idir an soláthar agus an t-éileamh atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar fuinnimh beag fiú tionchar leathan a imirt ar phraghsanna gáis agus leictreachais, agus dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh do gheilleagar na hEorpa, rud a dhéanfadh difear ar an gcaoi sin dá iomaíochas, agus a dhéanfadh dochar marthanach freisin do shaoránaigh an Aontais. Mar gheall ar an staid atá ann faoi láthair, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh.

(9)

Tá ról ríthábhachtach ag imscaradh luathaithe fuinnimh in-athnuaite i straitéis an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus i dtaca le slándáil an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus le tomhaltóirí a chosaint ar luaineacht praghsanna trí éileamh foriomlán an Aontais ar ghás a laghdú. I Nuashonrú ar an Margadh Fuinnimh In-athnuaite uaithi mhí an Mheithimh 2023, dar teideal ‘Cé mhéad airgid a shábhálann tomhaltóirí na hEorpa a bhuí le foinsí in-athnuaite fuinnimh?’, mheas IEA go mbeadh meánphraghsanna mórdhíola leictreachais 8 % níos airde i margaí uile na hEorpa in 2022 gan an toilleadh in-athnuaite suiteáilte breise. In 2022, tháinig táirgeadh leictreachais níos airde ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite in ionad tuairim agus 107 TWh de ghiniúint leictreachais iontaise-bhunaithe arb ionann é agus thart ar 10 bcm gáis agus a d’fhág go raibh coigilteas de bhreis agus EUR 10 mbilliún ann.

(10)

Cé go bhfuil Rialachán (AE) 2022/2577 i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta, léiríodh sa tuarascáil ón gCoimisiún gur rannchuidigh sé go dearfach le luas imscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas a luathú, go háirithe trí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le próisis shonracha deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, agus trí fheasacht pholaitiúil a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna fuinnimh in-athnuaite. Cé go mbeidh an chuid is mó d’éifeachtaí an Rialacháin sin le feiceáil sna míonna amach romhainn, maidir leis na sonraí tosaigh atá ar fáil maidir le táirgeadh, imscaradh agus próiseas deonaithe ceadanna an fhuinnimh in-athnuaite agus na dtionscadal bonneagair gaolmhar don tréimhse tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2577 tugtar le fios leo go gcuirfear dlús leis na tionscadail sin, ar a laghad i roinnt Ballstát. De réir Eurostat, sa chéad leath de 2023, bhí táirgeadh fuinnimh in-athnuaite san Aontas níos airde ná riamh, rud a cuireadh in ionad méideanna breise gáis. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil ón gCoimisiún freisin forbairtí dearfacha maidir le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú sna míonna tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2577. De réir sonraí tosaigh an tionscail, i dtrí cheathrú de 2023, shuiteáil an tAontas níos mó acmhainneachtaí fótavoltacha gréine ná mar a rinne sé le linn 2022 ina iomláine. Tháinig méadú mór freisin ar an toilleadh gaoithe i roinnt Ballstát. Ina theannta sin, léiríonn na sonraí atá ar fáil a bailíodh sa tuarascáil ón gCoimisiún go bhfuil méadú dúbailte tagtha ar líon na gceadanna a eisíodh le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite i roinnt Ballstát ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2577 i bhfeidhm. Ina theannta sin, i mBallstát amháin ar a laghad, na tionscadail eangaí atá tábhachtach chun dul i bhfód le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú agus arb ionann iad agus os cionn 2 000 km san iomlán, tá siad ag tairbhiú den phróiseas deonaithe ceadanna luathaithe freisin.

(11)

Ós rud é go bhfuil rioscaí do sholáthairtí agus praghsanna fuinnimh fós ann, bheadh luas níos tapúla maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a imscaradh ag teastáil fós ar feadh tréimhse áirithe ama tar éis dheireadh mhí an Mheithimh 2024, chun deireadh a chur de réir a chéile leis na hallmhairí gáis ón Rúis atá fágtha. Níl aon amhras ach go neartódh sciartha níos airde fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite athléimneacht an Aontais a thuilleadh. Thairis sin, dá luaithe a chuirfear foinsí in-athnuaite fuinnimh i bhfeidhm, is ea is airde an tionchar dearfach ar athléimneacht, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, ar phraghsanna fuinnimh agus ar neamhspleáchas an Aontais ó bhreoslaí iontaise na Rúise.

(12)

Mar gheall ar an staid fuinnimh phráinneach agus éagobhsaí atá fós os comhair an Aontais, is gá síneadh a chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/2577, is é sin na forálacha sin a léirigh an acmhainneacht is mó maidir le dlús a chur láithreach le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus atá éagsúil leis na bearta a áirítear i dTreoir (AE) 2018/2001, agus, ar an gcaoi sin á áirithiú nach ndéantar an Treoir sin a dhúbláil le síneadh a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2577. Thairis sin, áirítear ar na bearta sin coimircí iomchuí chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú i bhfoirm coinníollacha sonracha maidir lena gcur i bhfeidhm. Beidh feidhm ag na bearta a áirítear i dTreoir (AE) 2018/2001 i gcomhthráth leis an Rialachán seo, agus déanfar í a chomhlánú le bearta éigeandála breise ar feadh tréimhse teoranta ama. Mura gcuirfí síneadh le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2577, chruthófaí an baol go gcuirfí moill ar an luas maidir le deonú ceadanna agus imscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus bonneagar gaolmhar, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil úsáid fhorleathan bainte acu as an Rialachán sin. Mar shampla, de réir na Gearmáine, d’fhéadfaí moill a chur ar shuiteáil tuairim agus 41 GW de chumhacht ghaoithe ar tír agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé thart ar 2 bhliain níos faide nó i gcásanna áirithe stad ar fad gan síneadh a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2577, go háirithe a mhéad a bhaineann le dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus do bhonneagar eangaí gaolmhar atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Chuirfí moill chomh maith céanna, a mheastar a bheith idir 1 agus 3 bliana, ar luas an phróisis deonaithe ceadanna maidir le roinnt tionscadal mór eangaí tarchurtha arna bpleanáil, a mbeadh na mílte ciliméadar ar fad i gceist leo.

(13)

Ceann de na bearta sealadacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2577 a bhfuil éifeachtaí dearfacha léirithe aige agus a bhfuil acmhainneacht mhór luathaithe aige amach anseo is ea toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach in Airteagal 3(1) go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus go bhfónann siad don tsláinte agus don tsábháilteacht phoiblí chun críoch maoluithe sonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an Aontais, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Le Treoir (AE) 2018/2001, trí mheán Airteagal 16f di, tugadh isteach toimhde infhrisnéise go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus go bhfónann siad don tsláinte agus don tsábháilteacht phoiblí, agus foclaíocht ann atá beagnach comhionann i gcomparáid le foclaíocht Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/2577. Dá bhrí sin, ní gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/2577 ós rud é go mbeidh feidhm ag an toimhde infhrisnéise sin de bhua Airteagal 16f de Threoir (AE) 2018/2001.

(14)

Mar sin féin, ceanglaítear le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/2577 tosaíocht a thabhairt do na tionscadail a aithnítear a bheith ar mhaithe le leas sáraitheach poiblí i gcás ina gceanglaítear cothromaíocht idir leasanna dlíthiúla i gcásanna aonair agus i gcás ina dtugann na tionscadail sin isteach ceanglais bhreise maidir le cúiteamh chun speicis a chosaint. Níl foráil den chineál céanna i dTreoir (AE) 2018/2001. Leis an gcéad abairt d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/2577, d’fhéadfaí, sa staid fuinnimh reatha práinneach atá fós éagobhsaí ar an margadh fuinnimh atá os comhair an Aontais, dlús breise a chur le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ós rud é go gceanglaítear leis ar na Ballstáit na tionscadail fuinnimh in-athnuaite sin a chur chun cinn trí thosaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag déileáil le leasanna éagsúla coinbhleachta taobh amuigh de réimse an ábhair chomhshaoil i gcomhthéacs phleanáil na mBallstát agus an phróisis deonaithe ceadanna. Léiríodh sa tuarascáil ón gCoimisiún luach na chéad abairte d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/2577 lena n-aithnítear an tábhacht choibhneasta a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite a imscaradh sa chomhthéacs deacair fuinnimh atá ann faoi láthair taobh amuigh de chuspóirí sonracha na maoluithe dá bhforáiltear sna Treoracha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/2577. I bhfianaise na staide thar a bheith dian maidir le soláthar fuinnimh atá san Aontas faoi láthair, is iomchuí síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/2577 chun aitheantas iomchuí a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag gléasraí fuinnimh in-athnuaite maidir leis an athrú aeráide agus an truailliú a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun slándáil soláthair an Aontais a áirithiú i gcomhthéacs leasanna dlíthiúla arna ndéanamh ag údaráis deonaithe ceadanna nó ag cúirteanna náisiúnta a chothromú. Ag an am céanna, is iomchuí freisin an coimirce comhshaoil a choinneáil, i gcás tionscadal a aithnítear a bheith chun leasa sháraithigh phoiblí, go nglacfar bearta iomchuí caomhnaithe speiceas, a mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais mar bhonn taca leo.

(15)

Mar a léirítear sa tuarascáil ón gCoimisiún, tá dúshláin ann i dtaca le coinníoll eile a chur i bhfeidhm maidir le maoluithe sonracha a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, eadhon an ceanglas maidir le heaspa réiteach malartach eile. Le dúshláin den sórt sin cuirtear teorainn le húsáideacht phraiticiúil an toimhde infhrisnéise go bhfuil tionscadail fuinnimh in-athnuaite, a gceangal leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin agus na sócmhainní stórála ar mhaithe le leas poiblí sáraitheach, toisc gur bac mór é a chruthú nach bhféadfaí tionscadal a chur ar bun in áit eile, más gá críoch tíre ina hiomláine a chur san áireamh, agus níos mó fós más gá teicneolaíochtaí eile fuinnimh in-athnuaite a chur san áireamh. Dá bhrí sin, chun dlús a chur le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh, a gceangal leis an eangach, agus tógáil an bhonneagair eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, ar cuspóir ríthábhachtach é a shainaithnítear sa mholadh ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 dar teideal ‘Grids, the missing link - An EU Action Plan for Grids’ [Eangacha, an lúb ar lár – Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach], is iomchuí a shonrú, chun críocha an Rialacháin seo, an chaoi is féidir na coinníollacha chun maoluithe sonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a bhaint amach, a mhéid a bhaineann le raon feidhme na gcoinníollacha ábhartha malartacha nach mór a mheas. Go háirithe, chun críocha dhlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, sna measúnuithe cás ar chás is gá chun a fháil amach an ann do réitigh mhalartacha shásúla ar an tionscadal sonrach fuinnimh in-athnuaite nó tionscadal bonneagair eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, ní mór a shonrú gur féidir le raon feidhme an mheasúnaithe ar réitigh mhalartacha réitigh a chumhdach a áirithíonn go mbainfear amach na cuspóirí céanna leis an tionscadal atá i gceist laistigh den tráthchlár céanna nó tráthchlár comhchosúil agus gan costais i bhfad níos airde a bheith mar thoradh air. Agus comparáid á déanamh idir an tráthchlár agus an costas a bhaineann le réitigh mhalartacha shásúla, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh gur gá fuinneamh in-athnuaite agus bonneagar eangaí atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a imscaradh ar bhealach brostaithe agus costéifeachtach i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus aon nuashonrú orthu arna gcur isteach de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus leis an luas a bhfuiltear ag súil leis go mbainfear amach na tosaíochtaí sin. Tá údar le sonraíocht shealadach den sórt sin i bhfianaise na staide atá ann faoi láthair sna margaí fuinnimh chun glacadh gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair eangaí lena mbaineann a éascú agus, ar an gcaoi sin, aitheantas á thabhairt don ról atá acu an t-athrú aeráide agus an truailliú a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus slándáil soláthair an Aontais a áirithiú.

(16)

Agus an maolú ábhartha dá bhforáiltear i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle (5) á chur i bhfeidhm, tá dúshláin bhreise roimh na Ballstáit maidir leis an gceanglas bearta cúiteacha a ghlacadh a bhaineann leis an ngléasra nó leis an tsuiteáil ina dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, nó maidir leis an mbonneagar eangaí gaolmhar atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Is féidir leis na dúshláin bhreise sin moilleanna suntasacha a chruthú. Dá bhrí sin, chun dlús a chur leis na tionscadail sin, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil á chaomhnú ag an am céanna, is iomchuí a shonrú, chun críche an Rialacháin seo, go bhféadfar, faoi choinníollacha dochta, na bearta cúiteacha a dhéanamh i gcomhthráth le cur chun feidhme an tionscadail. Leis na coinníollacha a leanas, is é sin nach ndéanfar difear do-aisiompaithe do na próisis éiceolaíocha atá riachtanach chun struchtúr agus feidhmeanna an láithreáin a chothabháil sula gcuirfear na bearta cúiteacha i bhfeidhm agus nach gcuirfear i mbaol comhleanúnachas foriomlán líonra Natura 2000, áiritheofar go gcaomhnófar sláine comhshaoil an láithreáin agus go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do láithreáin Natura 2000. Tá údar maith le sonrú sealadach den sórt sin a dhéanamh i bhfianaise na staide reatha sna margaí fuinnimh chun glacadh gléasraí nó suiteálacha ina dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus an bhonneagair eangaí gaolmhar a éascú.

(17)

Foráil eile a d’fhéadfadh dlús mór a chur le luas imscartha foinsí in-athnuaite fuinnimh is ea Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/2577. Leis an Airteagal sin, forchuirtear sprioc-am uasta 6 mhí chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a athchumhachtú. Tá acmhainneacht mhór ag baint le hathchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana chun giniúint cumhachta in-athnuaite a mhéadú go tapa, rud a fhágann gur féidir ídiú gáis a laghdú. Leis sin is féidir úsáid leanúnach a bhaint as láithreáin a bhfuil acmhainneacht mhór fuinnimh in-athnuaite acu, rud a laghdaíonn an gá atá le láithreáin nua a ainmniú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite. Trí ghléasra cumhachta fuinnimh gaoithe a athchumhachtú le tuirbíní níos éifeachtúla, is minic is féidir an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil ar bun, nó an acmhainneacht a mhéadú, agus tuirbíní níos mó agus níos éifeachtúla a bheith acu, ach níos lú díobh. Chomh maith leis sin, téann sé chun tairbhe don athchumhachtú go mbíonn nasc ann cheana leis an eangach, gur dócha go mbeidh glacadh níos mó ag an bpobal leis agus go bhfuil eolas ar na tionchair atá ann don chomhshaol.

(18)

San athbhreithniú uaidh de bhun Rialachán (AE) 2022/2577, chinn an Coimisiún go raibh deis ann an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil acmhainneacht níos mó acu maidir le hathchumhachtú. Le Treoir (AE) 2023/2413 tugtar isteach roinnt forálacha ina leith sin i dTreoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear sprioc-amanna uasta deonaithe ceadanna a mhéid a bhaineann le deonú ceadanna. Le hAirteagal 16b de Threoir (AE) 2018/2001, tugtar isteach sprioc-am uasta bliana chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de dhlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a athchumhachtú, agus áirítear in Airteagal 16a den Treoir sin sprioc-am 6 mhí le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe laistigh de na dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ós rud é gurb é 27 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach (AE) 2018/2001 (rud a chiallaíonn go gcaithfí na dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a bheith ainmnithe faoin 20 Feabhra 2026) an sprioc-am cur chun feidhme maidir le dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a ainmniú, agus fiú dá bhféadfaí na dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh sin a ainmniú níos luaithe, is iomchuí síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/2577. Áirítear leis an síneadh sin leasú spriocdhírithe maidir le raon feidhme Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/2577, chun a chur i bhfeidhm a theorannú do na réimsí a ainmnítear de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577. Dá gcuirfí síneadh le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) den Rialachán sin, mar aon le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de, d’áiritheofaí go mbeadh feidhm láithreach ag sprioc-am uaillmhianach deonaithe ceadanna maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe sna limistéir shonracha arna sainaithint ag na Ballstáit go deonach faoi Rialachán (AE) 2022/2577 a athchumhachtú, agus bheadh feidhm ag na sprioc-amanna uasta chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú atá i dTreoir (AE) 2018/2001 maidir leis an gcuid eile den chríoch. Thairis sin, tá sé sin comhsheasmhach leis an idirdhealú a thugtar isteach le Treoir (AE) 2023/2413 idir dlúslimistéir in-athnuaiteán agus limistéir nach bhfuil an stádas sin acu.

(19)

Le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577, ceadaítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, díolúintí a thabhairt isteach ó oibleagáidí measúnaithe áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a leagtar síos i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Tá cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577 roghnach i gcás na mBallstát. Leis an Airteagal sin, tugtar uirlis éifeachtach dóibh chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite agus na dtionscadal bonneagair gaolmhar trína áirithiú go mbeidh cothromaíocht chúramach ann idir an gá atá le foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh ar luas i bhfad níos tapa agus an gá atá le cosaint limistéar atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú. Mar a míníodh sa tuarascáil ón gCoimisiún, d’eascair torthaí dearfacha nithiúla as Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577 maidir le líon na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus na dtionscadal eangaí leictreachais a d’éirigh leo agus atá á n-imscaradh, agus maidir le hacmhainneacht luathaithe agus an nós imeachta deonaithe ceadanna a ghiorrú sna Ballstáit a bhain úsáid as. De réir thorthaí na tuarascála ón gCoimisiún bunaithe ar mheastacháin arna gcur ar fáil ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara, d’fhéadfadh idir roinnt míonna agus suas le 3 bliana fiú a bheith i gceist leis an luathú sin i gcás tionscadal amach ón gcósta.

(20)

Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh sa tuarascáil ón gCoimisiún, is cosúil gur gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577 i bhfianaise an dianteannais atá ann maidir le soláthar ar na margaí fuinnimh chun a áirithiú go gcuirfear dlús láidir láithreach le tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Is féidir leis an Airteagal sin a bheith ann ar feadh tréimhse theoranta ama, agus ba cheart é a bheith ann, leis na forálacha a áirítear i dTreoir (AE) 2018/2001 a mhéid a bhaineann le dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a ainmniú agus na limistéir le haghaidh an bhonneagair eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais agus ní chuireann sé cosc le hainmniú na limistéar sin ar bhealach ar bith.

(21)

Le Treoir (AE) 2018/2001 forchuirtear an oibleagáid ar na Ballstáit dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a ainmniú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite laistigh de sprioc-am 27 mí ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2023/2413. Fiú dá bhféadfadh na Ballstáit dlúslimistéir in-athnuaiteán a ainmniú ón nóiméad a tháinig Treoir (AE) 2023/2413 i bhfeidhm, gan fanacht leis an sprioc-am trasuímh, teastaíonn am don ainmniú sin, a mheastar a bheith níos faide ná an t-am is gá chun na limistéir thiomnaithe in-athnuaite nó eangaí dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577 a ainmniú. Is amhlaidh atá toisc nach gceanglaítear leis an Airteagal sin go mbunófaí láithreach rialacha iomchuí mar chuid den phlean lena n-ainmnítear dlúslimistéir in-athnuaiteán na réimsí sin maidir le bearta maolaithe éifeachtacha atá le glacadh chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil agus stóráil fuinnimh chomhlonnaithe sna limistéir sin agus nach dtugtar isteach leis nósanna imeachta sonracha a bheidh le leanúint sna limistéir sin. Dá bhrí sin, chun tógáil tionscadal fuinnimh in-athnuaite a éascú a thuilleadh le linn tréimhse shealadach, ba cheart síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577, ionas gur féidir leis na Ballstáit limistéir shonracha a ainmniú ar bhealach cuíchóirithe, gan dochar don fhéidearthacht dlúslimistéir foinsí in-athnuaite fuinnimh a ainmniú i gcomhthráth de bhun Threoir (AE) 2018/2001 chun a áirithiú go ndéanfar na limistéir sin a chur ar bun laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa Treoir sin.

(22)

Áirítear i dTreoir (AE) 2018/2001 foráil lena dtugtar an fhéidearthacht do na Ballstáit limistéir a ainmniú le haghaidh an bhonneagair eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais faoi choinníollacha áirithe. I bhfianaise chineál roghnach Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2577 agus Airteagal 15e de Threoir (AE) 2018/2001, níl aon riosca dlíthiúil ann go dtiocfaidh siad salach ar a chéile ós rud é gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh cén fhoráil a chuirfear i bhfeidhm nó a bheidh i bhfeidhm fiú le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin chun limistéir eangaí éagsúla a shainaithint i gcomhthráth, de réir na gcoinníollacha éagsúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí sin, faoi seach.

(23)

Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, leanann na forálacha sin, agus go háirithe, na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme.

(24)

Is prionsabal ginearálta dhlí an Aontais é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh agus tá feidhm aige maidir leis na Ballstáit uile. Trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a chur chun feidhme, fágfaidh na bearta atá beartaithe go bhféadfar na héifeachtaí a bheidh ag imscaradh níos tapa tionscadal fuinnimh in-athnuaite, go bhféadfar na héifeachtaí sin a dháileadh thar theorainneacha. Tá feidhm ag na bearta maidir le suiteálacha fuinnimh in-athnuaite sna Ballstáit agus gabhtar leo raon leathan tionscadal. I bhfianaise a chomhtháite atá margaí fuinnimh an Aontais, ba cheart aon mhéadú ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite i mBallstát a bheith tairbheach freisin do Bhallstáit eile ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus praghsanna níos ísle de. Ba cheart go gcuideodh sé le sreafaí leictreachais in-athnuaite thar na teorainneacha chuig na háiteanna is mó ina bhfuil gá leis agus go n-áiritheofaí leis go n-onnmhaireofar leictreachas a ghintear go saor chuig na Ballstáit ina bhfuil an ghiniúint leictreachais níos costasaí. Ina theannta sin, beidh tionchar ag na hacmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte sna Ballstáit ar an laghdú foriomlán ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

(25)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear ar a chumas don Chomhairle cinneadh a dhéanamh, gan dochar d’aon nós imeachta eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, maidir leis na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch, go háirithe má thagann géardheacrachtaí chun cinn maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na mbreithnithe sin, is amhlaidh atá an staid fuinnimh atá práinneach agus éagobhsaí fós agus an gá práinneach atá ann dlús láithreach a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh mar ionstraim chun na rioscaí do shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais agus do luaineacht praghsanna fuinnimh atá fós ann a mhaolú mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 122(1) CFAE. Thairis sin, is gá a chur san áireamh go bhfuil deireadh ag teacht le sainordú Pharlaimint na hEorpa, an t-am is gá chun reachtaíocht a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, chomh maith leis an ngá atá ann go mbeadh intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil ag na Ballstáit agus ag infheisteoirí maidir leis an gcreat dlíthiúil. Is gá síneadh bliana a chur le cur i bhfeidhm roinnt forálacha de Rialachán (AE) 2022/2577 agus foráil nua a chur isteach chun freagairt ar an staid leanúnach agus, dá bhrí sin, tá bonn cirt le hAirteagal 122(1) CFAE a bheith mar bhunús dlí don Rialachán seo.

(26)

Tá práinn leis an ngá le gníomhú toisc go scoirfidh Rialachán (AE) 2022/2577 d’fheidhm a bheith aige an 30 Meitheamh 2024 agus ní mór soiléireacht a bheith ag infheisteoirí agus ag údaráis a luaithe is féidir a mhéid a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil a bhfuil feidhm aige ina dhiaidh sin chun a gcinntí infheistíochta a chinntiú agus a dtionscadail a phleanáil dá réir. Dá bhrí sin, is iomchuí gníomh dlíthiúil a ghlacadh lena gcuirtear síneadh le cur chun feidhme an Rialacháin sin roinnt míonna roimh dheireadh a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, mar gheall gur tugadh foráil nua isteach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(27)

Ba cheart síneadh sealadach a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha agus ba cheart go bhfanfadh sé i bhfeidhm, mar aon leis an bhforáil nua, go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(29)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2577 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/2577

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/2577 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

‘Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na próisis deonaithe ceadanna uile a bhfuil dáta tosaigh acu laistigh dá thréimhse cur i bhfeidhm agus tá sé gan dochar d’fhorálacha náisiúnta lena mbunaítear sprioc-amanna níos giorra ná na sprioc-amanna sin a leagtar síos in Airteagal 5(1).’;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás tionscadail a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo, go dtabharfar, agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, tosaíocht sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna do thógáil agus d’oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí lena mbaineann.

Maidir le cosaint speiceas, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3a

Easpa réiteach malartach nó sásúil

1.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil aon réiteach malartach sásúil ar thionscadal le haghaidh gléasra nó suiteáil ina dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus é a nascadh leis an eangach chun críocha Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE, féadfar a mheas go bhfuil an coinníoll sin comhlíonta mura bhfuil aon réiteach malartach sásúil ann a d’fhéadfadh cuspóir céanna an tionscadail atá i gceist a bhaint amach, go háirithe maidir leis an acmhainn fuinnimh in-athnuaite chéanna a fhorbairt tríd an teicneolaíocht fuinnimh chéanna laistigh den tráthchlár céanna nó laistigh de thráthchlár comhchosúil agus gan costais i bhfad níos airde a bheith mar thoradh air.

2.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil aon réiteach malartach sásúil ar thionscnamh bonneagair eangaí is gá chun foinsí fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, chun críocha Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE, féadfar a mheas go bhfuil an coinníoll sin comhlíonta mura bhfuil aon réiteach malartach sásúil ann a d’fhéadfadh cuspóir céanna an tionscadail atá i gceist a bhaint amach, laistigh den tráthchlár céanna nó laistigh de thráthchlár comhchosúil agus gan costais i bhfad níos airde a bheith mar thoradh air.

3.   Agus bearta cúiteacha á gcur chun feidhme maidir le tionscadal le haghaidh gléasra nó suiteáil ina dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, agus maidir leis an mbonneagar eangaí gaolmhar atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa chóras leictreachais, chun críoch Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar na bearta sin i gcomhthráth le cur chun feidhme an tionscadail, mura bhfuil fianaise shoiléir ann go ndéanfadh tionscadal sonrach difear do-athraithe do na próisis éiceolaíocha atá riachtanach chun struchtúr agus feidhmeanna an láithreáin a chothabháil agus go gcuirfeadh sé i mbaol comhleanúnachas foriomlán líonra Natura 2000 sula mbeadh an cúiteamh i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaí na bearta cúiteacha sin a oiriúnú le himeacht ama, ag brath ar cibé acu a mheastar nó nach meastar go dtiocfaidh na héifeachtaí diúltacha suntasacha chun cinn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma.’

;

(4)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí dá dtagraítear in Airteagal 6 a athchumhachtú, lena n-áirítear na ceadanna a bhaineann le huasghrádú na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach i gcás ina dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht mar thoradh ar an athchumhachtú, ní mhairfidh sé níos faide ná 6 mhí lena n-áirítear measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás ina gceanglaítear sin leis an reachtaíocht ábhartha.’

;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Tráthlínte don phróiseas deonaithe ceadanna chun gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú i limistéir thiomnaithe in-athnuaite nó eangaí dá dtagraítear in Airteagal 6

Agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 5(1) á gcur i bhfeidhm, ní chomhairfear an t-am seo a leanas mar am a thagann laistigh de na sprioc-amanna sin ach amháin i gcás ina mbeidh sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna:

(a)

an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus, d’fhonn cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn; agus

(b)

an t-am le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú.’

;

(6)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2, pointe 1, Airteagal 3(2), Airteagal 3a, Airteagal 5(1), Airteagal 6 agus Airteagal 8 go dtí an 30 Meitheamh 2025.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2024.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), ón lá a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36).

(2)  Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).

(3)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(5)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/223/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top