Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0191

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/191 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2024 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le sábháilteacht i dtolláin iarnróid de chuid chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh

C/2024/4

IO L, 2024/191, 9.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/191/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/191/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/191

9.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/191 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Eanáir 2024

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le ‘sábháilteacht i dtolláin iarnróid’ de chuid chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 5(11) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Bulgáirise, Gearmáinise, Polainnise, Portaingéilise agus Slóivéinise de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún (2), tá earráidí sa sainmhíniú ar ‘tollán iarnróid’ a leagtar síos i Roinne 2.4, pointe (a), den Iarscríbhinn a ghabhann leis, earráidí a chuireann isteach ar léirmhíniú ceart an téarma sin.

(2)

Dá bhrí sin ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Gearmáinise, Polainnise, Portaingéilise agus Slóivéinise de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44,

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le ‘sábháilteacht i dtolláin iarnróid’ de chuid chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394,).

(3)  Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1,).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/191/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top