Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1640

    Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/37/2024/INIT

    IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1640

    19.6.2024

    TREOIR (AE) 2024/1640 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 31 Bealtaine 2024

    maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an phríomhionstraim dlí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid chóras airgeadais an Aontais ar mhaithe leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta. Leis an Treoir sin leagtar amach creat dlíthiúil cuimsitheach, rud a neartaíodh a thuilleadh le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus trí thrédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a mhéadú. D’ainneoin ar baineadh amach faoin gcreat dlíthiúil sin, is léir ón taithí a fuarthas gur cheart Treoir (AE) 2015/849 a fheabhsú tuilleadh chun rioscaí a mhaolú ar bhealach leordhóthanach agus chun iarrachtaí coiriúla mí-úsáid a bhaint as córas airgeadais an Aontais chun críoch coiriúil a bhrath ar bhealach éifeachtach agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn.

    (2)

    Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/849, sainaithníodh roinnt réimsí ina mbeadh gá le leasuithe chun athléimneacht agus acmhainneacht riachtanach chóras airgeadais an Aontais a áirithiú chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc.

    (3)

    Sainaithníodh éagsúlachtaí suntasacha i gcleachtais agus i gcineálacha cur chuige na n-údarás inniúil ar fud an Aontais, chomh maith le heaspa socruithe sách éifeachtach le haghaidh comhar trasteorann i gcur chun feidhme Threoir (AE) 2015/849. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglais níos soiléire a shainiú, ar ceanglais iad ar cheart dóibh rannchuidiú le comhar réidh ar fud an Aontais agus, an tráth céanna, ligean do na Ballstáit sonraíochtaí a gcóras náisiúnta a chur san áireamh.

    (4)

    Tá an Treoir seo mar chuid de phacáiste cuimsitheach arb é is aidhm dó neartú a dhéanamh ar chreat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AML/CFT’) a neartú. Le chéile, is iad an Treoir seo, agus Rialacháin (AE) 2023/1113 (6), (AE) 2024/… (7) agus (AE) 2024/1620 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh mar chreat dlíthiúil lena rialófar na ceanglais AML/CFT a bheidh le comhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid agus a bheidh mar bhonn taca ag creat institiúideach an Aontais i ndáil le AML/CFT, lena n-áirítear bunú Údaráis um fhrithsciúradh airgid agus um chomhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AMLA’).

    (5)

    Is minic a dhéantar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Bheadh éifeacht an-teoranta ag bearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nach gcuirtear san áireamh leo comhordú agus comhar idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, na bearta a ghlacann an tAontas sa réimse sin, ba cheart iad a bheith comhoiriúnach le gníomhaíochtaí eile a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bheith ar a laghad chomh dian céanna leo. Le gníomhaíocht an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar Mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá gníomhach i gcomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. D’fhonn éifeachtúlacht chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a threisiú, ba cheart gníomhartha dlí ábhartha an Aontais a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac arna nglacadh ag FATF i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe FATF’) agus leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin ar na caighdeáin sin.

    (6)

    Agus bagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí sonracha ann i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a dhéanann difear d’earnálacha eacnamaíocha áirithe ar an leibhéal náisiúnta, laghdaítear cumas na mBallstát rannchuidiú le sláine agus fóntacht chóras airgeadais an Aontais.. Dá réir sin, is iomchuí ligean do na Ballstáit, agus na hearnálacha sin agus na rioscaí sonracha sin á sainaithint acu, cinneadh a dhéanamh iad féin ceanglais AML/CFT a chur i bhfeidhm i leith earnálacha breise seachas na hearnálacha sin a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/1624. D’fhonn éifeachtacht an mhargaidh inmheánaigh agus chóras AML/CFT an Aontais a chaomhnú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, le tacaíocht ó AMLA, a mheasúnú an bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm ceanglas AML/CFT ag na Ballstáit maidir le hearnálacha breise, mar atá beartaithe. I gcásanna ina mbainfí amach leasanna is fearr an Aontais trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le hearnálacha sonracha, ba cheart don Choimisiún an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige na ceanglais AML/CFT chur i bhfeidhm maidir leis na hearnálacha sin a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige gníomhú ar leibhéal an Aontais ina ionad sin agus ba cheart don Bhallstát staonadh ó na bearta náisiúnta atá beartaithe a dhéanamh, mura rud é gur bearta iad sin atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar riosca práinneach.

    (7)

    Catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid, tá siad faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó rialála chun a seirbhísí a sholáthar, ach i gcás catagóirí eile oibreoirí, ní rialáiltear rochtain ar an ngairm. Gan beann ar an gcreat a bhfuil feidhm aige maidir le cleachtadh na gairme nó na gníomhaíochta, gníomhaíonn gach eintiteas faoi oibleagáid mar gheatóirí do chóras airgeadais an Aontais agus ní mór dóibh scileanna sonracha AML/CFT a fhorbairt chun an cúram sin a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí oiliúint a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo dul isteach i ngairm na n-eintiteas sin ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na Ballstáit féachaint, mar shampla, an bhféadfaí cúrsaí AML/CFT a chur san áireamh sa tairiscint acadúil i ndáil leis na gairmeacha sin nó dul i gcomhar le comhlachais ghairmiúla chun oiliúint a chur ar dhaoine nuathagtha sna gairmeacha sin.

    (8)

    I gcás nach bhfuil eintitis faoi oibleagáid faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó chlárúcháin shonracha, ba cheart do na Ballstáit córais a bheith ar bun acu trínar féidir le maoirseoirí eolas cinnte a bheith acu faoi raon feidhme a bpobail maoirseachta chun a áirithiú gur féidir maoirseacht leordhóthanach a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid den sórt sin. Ní chiallaíonn sé sin gur gá do na Ballstáit ceanglais chlárúcháin shonracha AML/CFT a fhorchur i gcás nach bhfuil gá leis sin chun eintitis faoi oibleagáid a shainaithint, mar a tharlaíonn mar shampla nuair is féidir oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na gceanglas AML/CFT a shainaithint trí bhíthin an chlárúcháin CBL.

    (9)

    Maidir leis na hoifigí malairte airgeadra, oifigí briste seiceanna, soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta agus soláthraithe seirbhísí cearrbhachais, chomh maith le cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochta airgeadais measctha, ba cheart do na maoirseoirí a áirithiú gur daoine a bhfuil dea-cháil orthu na daoine a dhéanann gnó na n-eintiteas sin a bhainistiú iarbhír agus úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas sin agus go ngníomhaíonn siad de mheon macánta agus le hionracas agus go bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá acu chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh. Ba cheart a léiriú sna critéir chun a chinneadh an bhfuil duine ag cloí leis na ceanglais sin, ar a laghad, an gá chun na heintitis sin a chosaint ar mhí-úsáid a bheith á déanamh orthu ag a mbainisteoirí nó ag a n-úinéirí tairbhiúla chun críoch coiriúil. Chun cur chuige coiteann a chothú le linn do mhaoirseoirí fíorú a dhéanamh go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh ag lucht bainistíochta agus úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart do AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir chun dea-cháil, macántacht, agus an ionracais a mheas agus chun eolas agus saineolas a mheas.

    (10)

    Chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na ndaoine a bhfuil feidhm bhainistíochta acu in eintitis faoi oibleagáid, nó, a bhfuil rialú acu orthu ar bhealach eile, aon mhalartú faisnéise faoi chiontuithe coiriúla, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (9) agus Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (10). Chomh maith leis sin, ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá chun eolas agus saineolas na bainistíochta sinsearaí a fhíorú, chomh maith lena dea-cháil, macántacht agus a hionracas agus macántacht agus ionracas úinéirí tairbhiúla an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis atá ar fáil trí fhoinsí iontaofa neamhspleácha.

    (11)

    Tá rioscaí agus leochaileachtaí ag baint le scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí, go háirithe i ndáil le sciúradh airgid, bearta sriantacha an Aontais a sheachaint, éilliú agus imghabháil cánach, a bhféadfadh rioscaí áirithe do shlándáil an Aontais teacht astu ar deireadh. Mar shampla, d’fhéadfadh laigí in oibriú scéimeanna áirithe, lena n-áirítear easpa próiseas bainistithe riosca nó cur chun feidhme lag na bpróiseas sin, deiseanna éillithe a chruthú, ach d’fhéadfadh sé freisin i gcás ina mbíonn na seiceálacha lag nó gan iad a bheith á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fhoinse cistí agus ar fhoinse rachmais na n-iarratasóirí gurb airde na rioscaí go dtiocfadh na hiarratasóirí i dtír ar na scéimeanna sin chun críoch coiriúil, agus iad ag féachaint le cistí a fuarthas trí mhodhanna aindleathacha a dhlisteanú. Chun nach mbeidh tionchar ag na rioscaí a eascraíonn as feidhmiú na scéimeanna sin ar chóras airgeadais an Aontais, na Ballstáit sin a gceadaítear lena ndlí náisiúnta cearta cónaithe a dheonú mar mhalairt ar aon chineál infheistíochta, ba cheart dóibh bearta a chur ar bun chun rioscaí gaolmhara go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a mhaolú. Ar na bearta sin, ba cheart próiseas leordhóthanach bainistithe riosca a áireamh, lena n-áirítear faireachán éifeachtach ar a chur chun feidhme, seiceálacha ar phróifíl na n-iarratasóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi fhoinse a gcistí agus foinse a rachmais agus faisnéis faoi iarratasóirí a fhíorú i gcomparáid le faisnéis atá i seilbh na n-údarás inniúil.

    (12)

    Is maith is féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar bhagairtí sonracha trasteorann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an margadh inmheánach agus nach féidir le Ballstáit aonair iad a shainaithint ná a chomhrac ar bhealach éifeachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur de chúram air comhordú a dhéanamh ar mheasúnú na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann. Tá rannpháirtíocht na saineolaithe ábhartha, amhail an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus ionadaithe ó na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna) agus, i gcás inarb iomchuí, ó chomhlachtaí eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear AMLA ríthábhachtach le gurb éifeachtach próiseas measúnaithe na rioscaí. Is foinse thábhachtach faisnéise don phróiseas sin freisin na measúnuithe riosca náisiúnta agus an taithí náisiúnta. Níor cheart próiseáil sonraí pearsanta a bheith i gceist sa mheasúnú sin ar na rioscaí trasteorann a dhéanfaidh an Coimisiún. Ar aon chaoi, ba cheart do na sonraí a bheith anaithnidithe go hiomlán. Níor cheart d’údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí de chuid an Aontais ná náisiúnta a bheith rannpháirteach ach amháin má tá tionchar ag measúnú riosca an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí daoine aonair. Chun na sineirgí idir an measúnú rioscaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a uasmhéadú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint le modheolaíochtaí comhsheasmhacha a chur i bhfeidhm.

    (13)

    Is féidir le torthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla agus d’eintitis faoi oibleagáid riosca an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú, chomh maith le rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go ndéanfaí iad a sheachaint. Is den tábhacht é dá bhrí sin torthaí an mheasúnaithe riosca a chur ar fáil don phobal.

    (14)

    Na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a mbíonn éifeacht dhíreach acu ar na Ballstáit, is iad na Ballstáit iad féin i gcónaí is fearr atá in ann na rioscaí sin a shainaithint, a mheasúnú, a thuiscint agus cinneadh a dhéanamh conas iad a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát na bearta iomchuí a dhéanamh chun rioscaí an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann leis féin, a shainaithint, a mheasúnú agus a thuiscint i gceart, sin agus na rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus straitéis náisiúnta chomhleanúnach a chur ar bun lena ndéanfaí gníomh chun na rioscaí sin a mhaolú. Leis an measúnú riosca náisiúnta sin, ba cheart cur síos a dhéanamh ar struchtúr institiúideach agus ar nósanna imeachta chóras AML/CFT an Bhallstáit, chomh maith leis na hacmhainní daonna agus airgeadais atá á leithdháileadh a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil. Chun na rioscaí a thuiscint ar bhonn leanúnach, ba cheart do na Ballstáit a measúnú riosca náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus ba cheart dóibh a bheith in ann é a fhorlíonadh freisin le nuashonruithe agus measúnuithe spriocdhírithe ar na rioscaí a bhaineann le hearnálacha, táirgí nó seirbhísí sonracha.

    (15)

    Is féidir le coirpigh dul i bhfolach taobh thiar d’eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint astu sin chun fáltais aindleathacha a sciúradh, bíodh sé sin ar bhonn intíre nó thar theorainneacha. Chun na rioscaí sin a mhaolú, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na Ballstáit na rioscaí a bhaineann leis na heintitis dhlítheanacha agus na socruithe dlíthiúla atá ina gcríoch, bíodh sin toisc na heintitis a bheith bunaithe ann nó toisc iontaobhaithe de chuid iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla, a bheith bunaithe nó ina gcónaí ann, nó toisc a socrú dlíthiúil a bheith á riar acu ón áit sin. I gcás socruithe dlíthiúla, i bhfianaise cheart an tsocraitheora an dlí lena rialaítear an socrú a roghnú, tá sé tábhachtach freisin go mbeadh tuiscint ag na Ballstáit ar na rioscaí a bhaineann leis na socruithe dlíthiúla is féidir a chur ar bun faoina ndlí, beag beann ar cé acu a rialaítear iad nó nach rialaítear iad go sainráite lena ndlíthe, nó gur féidir na socraithe a chruthú trí shaoirse chonartha na bpáirtithe, ar socruithe iad a aithníonn na cúirteanna náisiúnta.

    (16)

    I bhfianaise chineál comhtháite an chórais airgeadais idirnáisiúnta agus oscailteacht gheilleagar an Aontais, téann rioscaí a bhaineann le heintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla níos faide ná críoch an Aontais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh tuiscint ag an Aontas agus ag a Bhallstáit ar an neamhchosaint atá ann i ndáil le rioscaí a eascraíonn ó eintitis dhlítheanacha eachtracha agus ó shocruithe dlíthiúla eachtracha. Le measúnú rioscaí den sórt sin, ní gá aghaidh a thabhairt ar gach eintiteas dlítheanach eachtrach aonair nó ar gach aon socrú dlíthiúil eachtrach aonair a bhfuil nasc leordhóthanach aige leis an Aontas, bíodh sin de bharr réadmhaoin a bheith ceannaithe aige nó trí chonarthaí a bheith bronnta air tar éis nós imeachta soláthair phoiblí, nó mar gheall ar idirbhearta arna ndéanamh le heintitis faoi oibleagáid lena gcuirtear ar a gcumas rochtain a fháil ar chóras airgeadais agus ar gheilleagar an Aontais. Leis an measúnú riosca, áfach, ba don Aontas agus a Bhallstáit a bheith in ann tuiscint a fháil ar chineál na n-eintiteas dlítheanach eachtrach agus na socruithe dlíthiúla eachtracha a bhaineann leas as an rochtain sin ar chóras airgeadais agus ar gheilleagar an Aontais, agus ar na cineálacha rioscaí a bhaineann leis an rochtain sin.

    (17)

    Ba cheart torthaí na measúnuithe riosca a chur ar fáil do na heintitis faoi oibleagáid ar bhealach tráthúil chun a chur ar a gcumas a rioscaí féin a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú. Is féidir na torthaí sin a chomhroinnt i bhfoirm achoimrithe, agus a chur ar fáil don phobal agus níor cheart faisnéis rúnaicmithe ná sonraí pearsanta a bheith san áireamh iontu.

    (18)

    Ina theannta sin, chun rioscaí ar leibhéal an Aontais a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú fiú go leibhéal níos airde, ba cheart do na Ballstáit torthaí a measúnuithe riosca a chur ar fáil dá chéile, don Choimisiún agus do AMLA. Níor cheart faisnéis rúnaicmithe nó sonraí pearsanta a áireamh sa chumarsáid sin mura meastar go bhfuil géarghá leo chun na cúraimí AML/CFT a dhéanamh.

    (19)

    Chun na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca náisiúnta a mhaolú ar bhealach éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit gníomhaíocht chomhsheasmhach a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta, trí údarás a ainmniú chun an fhreagairt náisiúnta a chomhordú, nó trí shásra a bhunú chun na críche sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cumhachtaí agus acmhainní leordhóthanacha ag an údarás ainmnithe nó ag an sásra bunaithe chun an cúram sin a dhéanamh go héifeachtach agus chun freagairt leordhóthanach ar na rioscaí sainaitheanta a áirithiú.

    (20)

    Chun a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht a gcóras chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit cáilíocht an staidrimh ábhartha a chothabháil agus a fheabhsú. D’fhonn cáilíocht agus comhsheasmhacht na sonraí staidrimh a bailíodh ar leibhéal an Aontais a fheabhsú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún agus do AMLA súil a choinneáil ar an staid ar fud an Aontais maidir le comhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus forléargais tráthrialta a fhoilsiú.

    (21)

    D’fhorbair FATF caighdeáin ionas go ndéanfaidh dlínsí sainaithint agus measúnú ar na rioscaí nach gcuirfí chun feidhme smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú agus leathadh, nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus ionas go ndéanfaidh siad beart chun na rioscaí sin a mhaolú. Maidir leis na caighdeáin nua sin atá tugtha isteach ag FATF, ní ghabhann siad ionad na gceanglas dian atá ann cheana na ní bhaineann siad an bonn díobh chun go gcuirfidh tíortha smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme leis na rúin ábhartha a chomhlíonadh ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaineann le leathadh arm ollscriosta agus maoiniú an mhéid sin a chosc, a chur faoi chois agus a shuaitheadh. Maidir leis na hoibleagáidí sin, mar a chuirtear chun feidhme iad ar leibhéal an Aontais le Cinntí 2010/413/CBES (11) agus (CBES) 2016/849 (12) ón gComhairle agus le Rialacháin Uimh. (AE) Uimh. 267/2012 (13) agus (AE) 2017/1509 (14) ón gComhairle, leanann siad de bheith ceangailteach ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile laistigh den Aontas. I bhfianaise na rioscaí sonracha nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, rioscaí a bhfuil an tAontas neamhchosanta orthu, is iomchuí an measúnú ar rioscaí a leathnú amach chun na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe uile arna nglacadh ar leibhéal an Aontais a chuimsiú. Le cineál riosca-íogair bhearta AML/CFT a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ní bhaintear an oibleagáid riail-bhunaithe atá ar gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas go ndéanfaí cistí nó sócmhainní eile a reo agus nach gcuirfí ar fáil iad do dhaoine nó d’eintitis ainmnithe.

    (22)

    Chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú, go háirithe na moltaí athbhreithnithe i ndáil le FATF, agus chun creat cuimsitheach a áirithiú chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme, ba cheart ceanglais a thabhairt isteach leis an Treoir seo chun rioscaí a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais gan a bheith á gcur chun feidhme nó a bheith á seachaint a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

    (23)

    Is den ríthábhacht go mbeadh cláir lárnacha d’fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil (‘cláir lárnacha’) ann chun mí-úsáid eintiteas dlítheanach, agus socruithe dlíthiúla, a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádtar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla, faisnéis faoi shocruithe i ndáil le hainmnithigh agus faisnéis faoi eintitis dhlítheanacha eachtracha agus faoi shocruithe dlíthiúla eachtracha i gclár lárnach. Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éasca ar na cláir lárnacha sin agus go bhfuil sonraí ardcháilíochta iontu, ba cheart rialacha comhsheasmhacha a thabhairt isteach maidir leis an gcaoi a mbailítear agus a stóráiltear an fhaisnéis sin sna cláir. Ba cheart an fhaisnéis a choimeádtar i gcláir lárnacha a bheith inrochtana i bhformáid atá inúsáidte go héasca agus inléite ag meaisín.

    (24)

    D'fhonn trédhearcacht a fheabhsú chun troid i gcoinne mí-úsáid a bheith á baint as eintitis dhlítheanacha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cláraithe i gclár lárnach atá lonnaithe lasmuigh den eintiteas dlítheanach, i lánchomhlíonadh dhlí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit, chun na críche sin, bunachar sonraí lárnach a úsáid a bhailíonn faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, nó an clár gnó, nó clár lárnach eile gnó. Is féidir leis na Ballstáit a chinneadh go bhfuil na heintitis faoi oibleagáid freagrach as faisnéis áirithe a sholáthar don chlár lárnach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil i ngach cás do na húdaráis inniúla agus go soláthrófar d’eintitis faoi oibleagáid í nuair a gcuirfidh siad bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm.

    (25)

    Ba cheart faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla a chlárú san áit ina bhfuil na hiontaobhaithe agus na daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu, nó ina ndéantar an socrú dlíthiúil a riar. Chun a áirithiú ndéanfar faireachán agus clárú éifeachtach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla, tá gá le comhar idir na Ballstáit freisin.. Le hidirnascadh chlárlanna na mBallstát d’uinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith inrochtana, agus ba cheart ilchlárú ar na hiontaobhais shainráite chéanna agus na socruithe dlíthiúla comhchosúla céanna laistigh den Aontas a sheachaint.

    (26)

    Ba cheart rochtain thráthúil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a áirithiú ar bhealaí a sheachnóidh aon riosca leid a thabhairt don eintiteas dlítheanach nó don iontaobhaí nó do dhuine i bpost coibhéiseach lena mbaineann.

    (27)

    Tá cruinneas na sonraí a áirítear sna cláir lárnacha bunriachtanach do na húdaráis ábhartha uile agus do na daoine eile a gceadaítear dóibh rochtain a fháil ar na sonraí sin, agus chun cinntí bailí dleathacha a dhéanamh bunaithe ar na sonraí sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfíoróidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear isteach leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha in ann aon fhaisnéis a iarraidh a theastaíonn uathu chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil agus faisnéis faoi ainmnithigh a fhíorú, chomh maith le cásanna nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nach bhféadfaí na húinéirí tairbhiúla a chinneadh Sna cásanna sin ba cheart réasúnú a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a sholáthraítear don chlár lárnach, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ábhartha uile le go mbeidh an clár in ann a fhionnadh an amhlaidh atá an cás. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh uirlisí leordhóthanacha ar fáil do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun fíoruithe a dhéanamh, lena n-áirítear fíoruithe uathoibrithe, ar bhealach a chosnaíonn cearta bunúsacha agus a sheachnaíonn torthaí idirdhealaitheacha.

    (28)

    Tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit cumhachtaí agus acmhainní leordhóthanacha do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun úinéireacht thairbhiúil agus fírinneacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dóibh a fhíorú, agus aon amhras a thuairisciú dá FIU. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin an chumhachtú chun cigireachtaí a dhéanamh ag áitreabh gnó na n-eintiteas dlítheanach agus eintiteas faoi oibleagáid a ghníomhaíonn mar iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla, cibé acu a dhéanann na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha iad nó a dhéanann údaráis eile thar a gceann iad. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm i gcás inar gairmithe dlí iad na hiontaobhaithe nó na daoine sin a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, nó i gcás inarb ionann a n-áitreabh gnó nó a n-oifigí cláraithe agus a n-áit chónaithe phríobháideach. Ba cheart na cumhachtaí sin a leathnú chuig ionadaithe eintiteas dlítheanach eachtrach agus socruithe dlíthiúla eachtracha san Aontas, i gcás ina bhfuil oifigí nó ionadaithe cláraithe san Aontas ag na heintitis dhlítheanacha agus na socruithe dlíthiúla sin.

    (29)

    I gcás ina mbaineann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach de thátal as fíorú a dhéantar ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil go bhfuil neamhréireachtaí nó earráidí san fhaisnéis sin, nó i gcás nach gcomhlíonann an fhaisnéis sin na ceanglais is gá ar shlí eile, ba cheart é a bheith indéanta ag an eintiteas an cruthúnas ar chlárú sa chlár lárnach a choinneáil siar nó a chur ar fionraí go dtí go mbeidh na hearráidí ceartaithe.

    (30)

    Eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha, ba cheart dóibh a bhfeidhmeanna a dhéanamh saor ó thionchar míchuí, lena n-áirítear aon tionchar polaitiúil nó tionscail míchuí i ndáil le fíorú faisnéise, forchur beart nó smachtbhannaí agus rochtain a thabhairt do dhaoine a bhfuil leas dlisteanach acu. Chuige sin, ba cheart beartais a bheith ar bun ag eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

    (31)

    Is maith atá eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann na daoine aonair a shainaithint, ar bhealach tapa agus éifeachtúil, ar daoine aonair iad a bhfuil eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla faoina n-úinéireacht nó faoina rialú, lena n-áirítear daoine aonair atá ainmnithe i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Má aithnítear na struchtúir úinéireachta agus rialaithe go luath, cabhraíonn sé sin feabhas a chur ar an tuiscint ar an neamhchosaint ar na rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus cabhraíonn sé freisin le bearta a ghlacadh chun na rioscaí sin a mhaolú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gceanglófaí ar eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha scagadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ina seilbh acu i gcomparáid le hainmniúcháin i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, láithreach bonn ar ainmniú den sórt sin a bheith déanta agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, chun a bhrath an gcuireann athruithe ar struchtúr úinéireachta nó rialaithe an eintitis dhlítheanaigh nó an tsocraithe dhlíthiúil leis an riosca go ndéanfaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a sheachaint. Má dhéantar a shonrú sna cláir lárnacha go bhfuil baint ag eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla le daoine nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart é a bheith ina rannchuidiú le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil agus na n-údarás atá i gceannas ar bhearta sriantacha an Aontais a chur chun feidhme.

    (32)

    Is sásra éifeachtach é tuairisc a dhéanamh ar aon neamhréireacht idir an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a choimeádtar sna cláir lárnacha agus faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ar fáil d’eintitis faoi oibleagáid agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla, chun cruinneas na faisnéise a fhíorú. Ba cheart aon neamhréireacht a shainaithnítear a thuairisciú agus a réiteach go tapa, i gcomhréir le ceanglais cosanta sonraí.

    (33)

    I gcás ina ndéanfadh tuairisciú FIUnna agus na n-údarás inniúil eile ar neamhréireachtaí dochar d’anailís a bheadh á déanamh ar idirbheart amhrasach nó d’imscrúdú coiriúil a bheadh atá idir lámha, ba cheart do na FIUnna nó do na húdaráis inniúla eile moill a chur ar thuairisciú na neamhréireachta go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna a bhain le gan tuairisciú a dhéanamh. Anuas air sin, níor cheart do FIUnna ná d’údaráis inniúla eile aon neamhréireacht a thuairisciú nuair a bheadh sé sin contrártha d’aon fhoráil rúndachta den dlí náisiúnta nó i gcás inarbh ionann é agus cion lena dtabharfaí leid.

    (34)

    Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i gcur i bhfeidhm choincheap an úinéara thairbhiúil, tá sé ríthábhachtach go mbeadh bealaí agus modhanna tuairiscithe aonfhoirmeacha ann, ar fud an Aontais, d’eintitis dhlítheanacha agus d’iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla. Chuige sin, ba cheart don fhormáid chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur isteach chuig na cláir lárnacha ábhartha a bheith aonfhoirmeach agus ráthaíochtaí ó thaobh trédhearcachta agus deimhneachta dlíthiúla de a thabhairt.

    (35)

    Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i measc foirmeacha dlíthiúla éagsúla, ba cheart a chur de cheangal freisin ar iontaobhaithe faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil agus an fhaisnéis sin a sholáthar do chlár lárnach nó do bhunachar sonraí lárnach.

    (36)

    Is den fíor-riachtanas é go mbeadh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil fós ar fáil trí na cláir lárnacha agus trí chóras idirnasctha na gclár lárnach ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis don eintiteas dlítheanach a bheith díscaoilte nó tar éis deireadh a theacht leis an gcomhshocrú dlíthiúil. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forais bhreise a chur ar fáil le dlí chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a phróiseáil chun críoch eile seachas AML/CFT, má chomhlíonann an phróiseáil sin cuspóir leasa phoiblí agus más beart riachtanach agus comhréireach í i sochaí dhaonlathach i ndáil leis an aidhm dhlisteanach atá á saothrú.

    (37)

    Ba cheart rochtain láithreach, neamhscagtha, dhíreach agus shaor a bheith ag FIUnna, ag údaráis inniúla eile agus ag comhlachtaí féinrialála ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart rochtain a bheith ag eintitis faoi oibleagáid ar chláir lárnacha freisin agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh acu. Is féidir leis na Ballstáit a roghnú rochtain ag eintitis faoi oibleagáid a chur faoi réir táille a íoc. Mar sin féin, ba cheart na táillí sin a theorannú go docht don mhéid is gá chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise a choimeádtar sna cláir sin a áirithiú agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil, agus níor cheart dóibh an bonn a bhaint den rochtain éifeachtach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

    (38)

    Is den ríthábhacht freisin é go mbeadh rochtain dhíreach, thráthúil, neamhscagtha ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ag údaráis phoiblí náisiúnta chun cur chun feidhme ceart bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, chun an riosca a chosc nach ndéanfaí iad a chur chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus chun sáruithe ar na bearta sin a imscrúdú. Ar na cúiseanna sin, na húdaráis inniúla atá inniúil maidir le bearta sriantacha den sórt sin a chur chun feidhme a shainaithnítear faoi na Rialacháin ábhartha ón gComhairle arna nglacadh ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart rochtain dhíreach, láithreach a bheith acu ar an bhfaisnéis a choimeádtar sna cláir lárnacha idirnasctha.

    (39)

    Comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil ról acu i gcreat AML/CFT an Aontais, ba cheart iad a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i bhfeidhmiú a ndualgas. Is amhlaidh atá i gcás Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), ach freisin i gcás na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) i bhfeidhmiú a cuid imscrúduithe, agus i gcás Europol agus Eurojust agus iad ag tacú le himscrúduithe arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta. Mar údarás maoirseachta, tá rochtain le tabhairt do AMLA ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil agus a ngníomhaíochtaí maoirseachta á ndéanamh aige. Chun a áirithiú gur féidir le AMLA tacú go héifeachtach le gníomhaíochtaí na FIUnna, ba cheart dó a bheith in ann rochtain a fháil freisin ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha.

    (40)

    Chun teorainn a chur leis an gcur isteach ar an gceart go n-urramófar an saol príobháideach agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a choimeádtar i gcláir lárnacha a bheith coinníollach ar leas dlisteanach a léiriú. Leis na cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit maidir lena fhíorú gurbh ann do leas dlisteanach den sórt sin, d’fhéadfaí bac a chur ar chur chun feidhme comhchuibhithe chreat AML/CFT agus ar an gcuspóir coisctheach dá gceadófaí an rochtain sin do bhaill an phobail. Is gá, dá bhrí sin, creat a cheapadh chun leas dlisteanach ar leibhéal an Aontais a aithint agus a fhíorú, agus lánurraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). I gcás ina bhfuil leas dlisteanach ann, ba cheart don phobal a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach agus le socruithe dlíthiúla. Ba cheart a thoimhdiú go bhfuil leas dlisteanach i gceist i gcás catagóirí áirithe den phobal. Níor cheart rochtain ar bhonn leasa dhlisteanaigh a bheith coinníollach ar stádas dlíthiúil nó ar fhoirm dhlíthiúil an duine a bhfuil rochtain á hiarraidh aige.

    (41)

    Tá curtha le baint amach chuspóirí an Aontais i gcomhrac an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, acadóirí agus iriseoirí iniúchacha. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, faisnéis ar den ríthábhacht dóibh í chun a gcuid feidhmeanna agus an grinnscrúdú poiblí a chur i gcrích, de réir mar is iomchuí. Níor cheart an cumas rochtain a fháil ar na cláir lárnacha a bheith coinníollach ar an meán nó ar an ardán trína ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí, ná ar thaithí roimhe sin sa réimse. Chun a chur ar chumas catagóirí den sórt sin a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus rioscaí frithbhirt a sheachaint, ba cheart dóibh a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le heintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla gan a bheith orthu nasc a léiriú leis na heintitis nó na socruithe sin. Mar a fhoráiltear faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, aon rochtain a bheadh ag úinéirí tairbhiúla ar fhaisnéis maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta, níor cheart go don rochtain sin dochar a dhéanamh do chearta ná do shaoirsí daoine eile, lena n-áirítear an ceart chun slándáil an duine. Má dhéantar a nochtadh don úinéir tairbhiúil go bhfuil daoine atá ag gníomhú chun críocha iriseoireachta nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta tar éis a sonraí pearsanta a cheadú, tá an baol ann go mbainfí an bonn de shábháilteacht iriseoirí agus comhaltaí d’eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a bhfuil imscrúduithe ar ghníomhaíochtaí coiriúla féideartha á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart atá ag iriseoirí faisnéis a fháil agus tuairimí a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus chun ról eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a áirithiú maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 23(1), pointe (d), den Rialachán sin, níor cheart d’eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha faisnéis a chomhroinnt le húinéirí tairbhiúla go raibh a gcuid sonraí á bpróiseáil ag na catagóirí sin den phobal, agus níor cheart dóibh ach a chur in iúl go ndearna daoine a bhí ag gníomhú chun críocha iriseoireachta nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a gcuid sonraí a cheadú

    (42)

    Tá sláine idirbheart gnó ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chóras airgeadais an Aontais. Chuige sin, tá sé tábhachtach go mbeidh daoine ar mian leo gnó a dhéanamh le heintitis dhlítheanacha nó le socruithe dlíthiúla san Aontas in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis faoina n-úinéirí tairbhiúla chun a fhíorú nach bhfuil baint ag a gcontrapháirtithe gnó ionchasacha le sciúradh airgid, lena chionta preideacáide ná le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Tá fianaise fhorleathan ann go ndéanann coirpigh a gcéannacht a cheilt taobh thiar de struchtúir chorparáideacha, agus trína chur ar a chumas dóibh siúd a d’fhéadfadh dul i mbun idirbheart le heintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil a bheith ar an eolas faoi chéannacht na n-úinéirí tairbhiúla, rannchuidítear le mí-úsáid eintiteas dlítheanach nó socruithe dlíthiúla chun críoch coiriúil a chomhrac. Níl idirbheart teoranta do ghníomhaíochtaí trádála nó do sholáthar nó ceannach táirgí nó seirbhísí, ach d’fhéadfaí a áireamh leis freisin, cásanna inar dócha go n-infheisteoidh duine cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó cripteashócmhainní san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil, nó an t-eintiteas dlítheanach a fháil. Dá bhrí sin, níor cheart an ceanglas maidir le leas dlisteanach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a mheas a bheith comhlíonta ach amháin ag daoine a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó tráchtála.

    (43)

    I bhfianaise chineál trasteorann an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart a aithint go bhfuil leas dlisteanach ag údaráis tríú tíortha rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil maidir le heintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla an Aontais, i gcás ina bhfuil gá leis an rochtain sin ag na húdaráis sin i gcomhthéacs imscrúduithe nó anailísí sonracha chun a gcúraimí a dhéanamh i ndáil le AML/CFT. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart eintitis atá faoi réir ceanglais AML/CFT i dtríú tíortha a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i gcláir lárnacha an Aontais nuair a cheanglaítear orthu bearta díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais AML/CFT sna tíortha sin i ndáil le heintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla atá bunaithe san Aontas. Ba cheart aon rochtain ar fhaisnéis atá sna cláir lárnacha a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus go háirithe le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Chuige sin, ba cheart a bhreithniú sna cláir lárnacha freisin an féidir le hiarrataí ó dhaoine atá bunaithe lasmuigh den Aontas teacht faoi na coinníollacha faoina bhféadfar leas a bhaint as maolú faoi Airteagal 49 den Rialachán sin. Is cásdlí socair de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) é go bhfuil an comhrac i gcoinne sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ina chuspóir a bhaineann le leas an phobail i gcoitinne, agus go bhfuil nasc ag cuspóirí slándála poiblí leis. Chun sláine imscrúduithe agus anailísí arna ndéanamh ag FIUnna tríú tír agus údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha a chaomhnú, níor cheart do chláir lárnacha aon phróiseáil a dhéanann na húdaráis sin ar a sonraí pearsanta a nochtadh do na húinéirí tairbhiúla a mhéid a dhéanfadh nochtadh den sórt sin dochar d’imscrúduithe agus d’anailísí na n-údarás sin. Chun cearta an ábhair sonraí a chaomhnú, áfach, níor cheart do na cláir lárnacha staonadh ón bhfaisnéis sin a nochtadh go dtí nach gcuirfeadh nochtadh den sórt sin imscrúdú nó anailís i mbaol a thuilleadh. Ba cheart an spriocam sin a shocrú ag uastréimhse cúig bliana, agus níor cheart síneadh a chur léi ach amháin ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi ón údarás sa tríú tír.

    (44)

    Chun córas rochtana atá solúbtha go leor agus atá in ann oiriúnú do chúinsí nua atá ag teacht chun cinn a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a dheonú, ar bhonn cás ar chás, d’aon duine ar féidir leis a léiriú go bhfuil leas dlisteanach aige nó aici atá nasctha le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú faoi chásanna leasa dhlisteanaigh a théann thar na catagóirí a shainaithnítear sa Treoir seo, agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

    (45)

    Féadfaidh coirpigh mí-úsáid a bhaint as eintitis dhlítheanacha ag am ar bith. Mar sin féin, tá céimeanna áirithe de shaolré eintiteas dlítheanach bainteach le rioscaí níos airde, amhail ag céim fhoirmiú na cuideachta, nó nuair a bhíonn athruithe ar struchtúr na cuideachta, amhail comhshó, cumasc nó deighilt, rud a fhágann gur féidir le coirpigh rialú a fháil ar an eintiteas dlítheanach. Le creat an Aontais, soláthraítear formhaoirseacht arna déanamh ag údaráis phoiblí ar na céimeanna sin de láithreacht eintitis dhlítheanaigh faoi Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis phoiblí sin a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach agus go rannchuideoidh siad le mí-úsáid eintiteas dlítheanach chun críoch coiriúil a chosc, ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis atá sna cláir lárnacha idirnasctha.

    (46)

    D’fhonn dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a áirítear sna cuntais a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoi chláir chistiúcháin an Aontais a áirithiú, ní mór d’údaráis na gclár faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla fhaighteoirí cistithe ón Aontas a bhailiú agus a stóráil ina gcórais bhainistíochta agus rialaithe. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis na gclár i mBallstáit ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a choimeádtar sna cláir lárnacha idirnasctha chun a ndualgais a chomhlíonadh chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a thuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    (47)

    Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis na mBallstát a chuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) ar na cláir lárnacha idirnasctha chun an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheanglaítear faoin Rialachán sin a bhailiú maidir le faighteoir chistí an Aontais nó conraitheoir.

    (48)

    Déanann an t-éilliú sa soláthar poiblí dochar do leas an phobail, baineann sé an bonn d’iontaoibh an phobail agus bíonn tionchar diúltach aige ar shaol na saoránach. I bhfianaise leochaileacht nósanna imeachta soláthair phoiblí maidir le héilliú, calaois agus cionta preideacáide eile, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a bhfuil inniúlachtaí acu i nósanna imeachta soláthair phoiblí a bheith in ann na cláir lárnacha a cheadú chun céannacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil na tairgeoirí faoina n-úinéireacht nó faoina rialú ar deireadh a fhionnadh, agus cásanna a shainaithint ina bhfuil baol ann go bhféadfadh coirpigh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair. Tá rochtain thráthúil ar fhaisnéis a choimeádtar sa chlár lárnach ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis phoiblí a chuireann nósanna imeachta soláthair phoiblí i gcrích a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, lena n-áirítear trí chásanna éillithe sna nósanna imeachta sin a bhrath. Ba cheart a chuimsiú i gcoincheap na n-údarás poiblí i ndáil le nósanna imeachta soláthair coincheap na n-údarás conarthach i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí agus seirbhísí, nó lamháltais chomh maith le haon údarás poiblí arna ainmniú ag na Ballstáit chun dlíthiúlacht nósanna imeachta soláthair phoiblí a fhíorú, nach údarás inniúil é chun críocha AML/CFT.

    (49)

    Le táirgí amhail scagadh custaiméirí arna dtairiscint ag soláthraithe tríú páirtí, tacaítear le heintitis faoi oibleagáid maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh. Tugann na táirgí sin léargas iomlánaíoch dóibh ar an gcustaiméir, rud a chuireann ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena n-aicmiú riosca, bearta maolaitheacha atá le cur i bhfeidhm agus amhras a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí na gcustaiméirí. Cuireann na táirgí sin freisin le hobair na n-údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar idirbhearta amhrasacha agus imscrúduithe ar chásanna sciúrtha airgid a d’fhéadfadh a bheith ann, ar a chionta preideacáide agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta trí fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhlánú le réitigh theicniúla eile a chuireann ar chumas na n-údarás inniúil léargas níos leithne a bheith acu ar scéimeanna casta coiriúla, lena n-áirítear trí dhéantóirí na coire a logánú. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach acu maidir le rianú a dhéanamh ar na gluaiseachtaí atá ag éirí níos casta agus níos gasta atá ina saintréithe de scéimeanna sciúrtha airgid. De bhua a bhfeidhme seanbhunaithe sa bhonneagar um chomhlíonadh, tá bonn cirt lena mheas go bhfuil leas dlisteanach ag soláthraithe a thairgeann an táirge sin rochtain a fháil ar fhaisnéis atá sna cláir lárnacha, ar choinníoll nach dtairgtear na sonraí a fhaightear ón gclár ach d’eintitis faoi oibleagáid agus d’údaráis inniúla san Aontas chun cúraimí a dhéanamh a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

    (50)

    Chun cineálacha éagsúla cur chuige a sheachaint maidir le coincheap an leasa dhlisteanaigh a chur chun feidhme chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, ba cheart na nósanna imeachta chun an leas dlisteanach sin a aithint a chomhchuibhiú. Ba cheart teimpléid choiteanna a áireamh leis sin chun leas dlisteanach a chur i bhfeidhm agus a aithint, rud a d’éascódh aitheantas frithpháirteach trí chláir lárnacha ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun teimpléid chomhchuibhithe agus nósanna imeachta comhchuibhithe a leagan amach.

    (51)

    Chun a áirithiú nach mbeidh ualach míchuí ag baint leis na próisis chun rochtain a thabhairt dóibh siúd a bhfuil leas dlisteanach acu a fíoraíodh roimhe sin, is féidir rochtain a athnuachan ar bhonn nósanna imeachta simplithe trína n-áirithíonn an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach go bhfuil an fhaisnéis a fuarthas roimhe sin chun críocha fíoraithe ceart agus ábhartha, agus tugtha cothrom le dáta i gcás inar gá.

    (52)

    Anuas air sin, agus é mar aidhm acu cur chuige comhréireach agus cothrom a áirithiú agus na cearta chun saoil phríobháidigh agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó fhaisnéis phearsanta maidir leis an úinéir tairbhiúil a nochtadh trí na cláir lárnacha, agus ó rochtain ar an bhfaisnéis sin, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfágfadh an fhaisnéis sin go mbeadh an t-úinéir tairbhiúil neamhchosanta ar bhaol díréireach calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin a cheangal go ndéanfaí clárú ar líne chun aon duine a iarrann faisnéis ón gclár lárnach a shainaithint, agus go ndéanfadh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu táille a íoc chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sa chlár. Mar sin féin, ba cheart na táillí sin a theorannú go docht don mhéid is gá chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá sna cláir lárnacha a áirithiú agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil, agus níor cheart dóibh an bonn a bhaint den rochtain éifeachtach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

    (53)

    Is gá iarratasóirí a shainaithint chun a áirithiú nach féidir ach le daoine a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Mar sin féin, ba cheart an próiseas sainaitheantais a chur i gcrích ar bhealach nach mbeidh idirdhealú mar thoradh air, lena n-áirítear idirdhealú bunaithe ar thír chónaithe nó ar náisiúntacht na n-iarratasóirí. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit sásraí leordhóthanacha sainaitheantais a sholáthar, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha chun a chur ar chumas daoine a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain éifeachtach a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

    (54)

    Baineadh amach le Treoir (AE) 2018/843 idirnascadh ar chláir lárnacha na mBallstát ina bhfuil faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil tríd an Ardán Lárnach Eorpach a bunaíodh le Treoir (AE) 2017/1132. Léiríodh go bhfuil an t-idirnascadh fíor-riachtanach chun go mbeidh rochtain éifeachtach trasteorann ag údaráis inniúla, ag eintitis faoi oibleagáid agus ag daoine a bhfuil leas dlisteanach acu ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Beidh gá le forbairt leanúnach chun na ceanglais rialála forbartha a chur chun feidhme roimh thrasuí na Treorach seo. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint den obair ar idirnascadh le rannpháirtíocht na mBallstát i bhfeidhmiú an chórais ina iomláine, agus é sin a áirithiú trí bhíthin idirphlé tráthrialta idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát faoi na saincheisteanna a bhaineann le hoibriú an chórais agus le forbairt an chórais amach anseo.

    (55)

    Trí idirnascadh na gclár lárnach, ba cheart rochtain náisiúnta agus trasteorann ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil na socruithe dlíthiúla atá i gclár lárnach gach Ballstáit a dheonú bunaithe ar an sainmhíniú ar leas dlisteanach, de bhua cinneadh arna dhéanamh ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach ábhartha. Lena áirithiú go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar cinntí lena dteorannaítear rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, ba cheart sásraí achomhairc i gcoinne cinntí den sórt sin a bhunú. D’fhonn a áirithiú go mbeidh clárú agus malartú faisnéise comhleanúnach agus éifeachtach ann, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh comhar ann idir an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach ina mBallstát agus a chomhpháirtithe i mBallstáit eile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt a bhaineann le hiontaobhais agus socruithe dlíthiúla comhchosúla arna rialú ag dlí Ballstáit amháin agus a riartar i mBallstát eile nó a bhfuil a n-iontaobhaí bunaithe i mBallstát eile nó a bhfuil cónaí air nó uirthi ann.

    (56)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil sonraí pearsanta fúthu á gcoimeád i gcláir lárnacha mar úinéirí tairbhiúla a chur ar an eolas faoi na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Anuas air sin, níor cheart ach sonraí pearsanta atá cothrom le dáta agus a fhreagraíonn do na húinéirí tairbhiúla iarbhír a chur ar fáil agus ba cheart na húinéirí tairbhiúla a chur ar an eolas faoina gcearta faoi chreat dlíthiúil an Aontais um chosaint sonraí agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú.

    (57)

    Cuireann rochtain mhoillithe ar fhaisnéis ag FIUnna agus ag údaráis inniúla eile ar chéannacht sealbhóirí cuntas bainc agus cuntas íocaíochta, cuntas urrús, cuntas cripteashócmhainní agus taisceadán, srian ar bhrath aistrithe cistí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, sásraí uathoibrithe láraithe, mar atá clár nó córas aisghabhála sonraí, a bhunú i ngach Ballstát mar mhodh éifeachtach chun rochtain thráthúil a fháil ar fhaisnéis maidir le céannacht sealbhóirí cuntas bainc agus cuntas íocaíochta, cuntas urrús, cuntas cripteashócmhainní agus taisceadáin, a seachshealbhóirí, agus a n-úinéirí tairbhiúla. Ba cheart go a áireamh san fhaisnéis sin an fhaisnéis stairiúil maidir le sealbhóirí cuntas custaiméara, maidir le cuntais bhainc agus cuntais íocaíochta, lena n-airítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin dúnta. Nuair a bheidh na forálacha rochtana á gcur i bhfeidhm, is iomchuí na sásraí atá ann cheana a úsáid ar choinníoll gur féidir le FIUnna náisiúnta na sonraí a fiosruithe maidir leo a rochtain ar mhodh láithreach neamhscagtha. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar an sásra sin a fhothú le faisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach chun maolú níos éifeachtaí ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaint amach. Ba cheart lán-rúndacht a áirithiú maidir le fiosrúcháin agus iarrataí den sórt sin ar fhaisnéis ghaolmhar ó FIUnna, AMLA i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus ó údaráis mhaoirseachta.

    (58)

    Is uimhreacha fíorúla iad IBANanna fíorúla arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a cheadaíonn íocaíochtaí a atreorú chuig cuntais bhainc fhisiciúla nó cuntais íocaíochta fhisiciúla. Cé gur féidir le gnólachtaí IBANanna fíorúla a úsáid chun críoch dlisteanach, mar shampla, chun an próiseas maidir le híocaíochtaí a bhailiú agus a sheoladh thar theorainneacha a chuíchóiriú, tá baint acu freisin le rioscaí méadaithe sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta toisc gur féidir iad a úsáid chun céannacht shealbhóir an chuntais a cheilt, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do FIUnna sreabhadh na gcistí a rianú, suíomh an chuntais a shainaithint agus na bearta is gá a fhorchur, lena n-áirítear an cuntas a chur ar fionraí nó faireachán a dhéanamh air. Chun na rioscaí sin a mhaolú agus rianú agus brath sreafaí aindleathacha ag FIUnna a éascú, ba cheart a áireamh sna sásraí uathoibrithe láraithe faisnéis maidir le IBANanna fíorúla a bhaineann le cuntas bainc nó le cuntas íocaíochta.

    (59)

    Chun príobháideachas a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart na sonraí íosta is gá chun imscrúduithe AML/CFT a dhéanamh a choimeád sna sásraí uathoibrithe láraithe do chuntais bhainc nó cuntais íocaíochta, cuntais urrús agus cuntais cripteashócmhainní. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cad iad na sonraí breise atá úsáideach agus comhréireach le bailiú. Nuair a bheidh na forálacha a bhaineann leis na sásraí sin á dtrasuí, ba cheart do na Ballstáit tréimhsí coinneála a leagan amach atá coibhéiseach leis an tréimhse choinneála le haghaidh doiciméadacht agus faisnéis a fhaightear laistigh de chur i bhfeidhm na mbeart díchill chuí do chustaiméirí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh eisceachtúil a chur leis an tréimhse choinneála, ar choinníoll go dtugtar cúiseanna maithe ina leith. Níor cheart an tréimhse choinneála bhreise a bheith níos faide ná 5 bliana breise. Ba cheart an tréimhse sin a bheith gan dochar don dlí náisiúnta lena leagtar amach ceanglais eile do choinneáil sonraí lena gceadaítear cinntí cás ar chás chun imeachtaí coiriúla nó riaracháin a éascú. Ba cheart rochtain ar na sásraí sin a bheith bunaithe ar bhonn riachtanais eolais.

    (60)

    Trí idirnascadh shásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát, bheadh FIUnna náisiúnta in ann faisnéis trasteorann a fháil go tapa faoi chéannacht sealbhóirí cuntas bainc agus cuntas íocaíochta, cuntas urrús, cuntas cripteashócmhainní agus taisceadán i mBallstát eile, rud a threiseodh a gcumas anailís airgeadais a dhéanamh go héifeachtach agus dul i gcomhar lena gcontrapháirtithe as Ballstáit eile. Le rochtain dhíreach trasteorann ar fhaisnéis maidir le cuntais bhainc agus cuntais íocaíochta, cuntais urrús agus cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin, chuirfí ar chumas FIUnna anailís airgeadais a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama atá gearr go leor chun cistí a rianú a dhéantar trí chuntais éagsúla, lena n-áirítear trí IBANanna fíorúla a úsáid, cásanna féideartha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhrath agus gníomhaíocht forfheidhmithe dlí a ráthú go pras. Ba cheart rochtain dhíreach a thabhairt do AMLA freisin ar na sásraí uathoibrithe láraithe idirnasctha chun tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do FIUnna faoi chuimsiú cleachtaí anailíse comhpháirtí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar rochtain dhíreach ar na sásraí uathoibrithe láraithe idirnasctha d’údaráis mhaoirseachta chun a gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach.

    (61)

    Chun an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachais a urramú, agus chun teorainn a chur le tionchar na rochtana trasteorann ar an bhfaisnéis atá sna sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta, dhéanfaí raon feidhme na faisnéise ar féidir rochtain a fháil uirthi trí chóras idirnasctha na gclár cuntas bainc (‘CICCB’) a shrianadh don íosmhéid is gá i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí chun a bheith in ann aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cuntais bhainc nó cuntais íocaíochta, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin ina sheilbh aige nó ina seilbh aici nó á rialú aige nó aici a shainaithint. Ba cheart rochtain láithreach neamhscagtha ar CICCB a dheonú do FIUnna agus do AMLA, agus do mhaoirseoirí chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcoinneoidh foireann na FIUnna ardchaighdeáin maidir le rúndacht agus le cosaint sonraí, go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur ar bun a thabharfadh ráthaíocht maidir le slándáil na sonraí de réir ardchaighdeáin teicneolaíochta.

    (62)

    Fágann idirnascadh shásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát (clárlanna lárnacha nó córais lárnacha leictreonacha aisghabhála sonraí) ina bhfuil faisnéis faoi chuntais bhainc agus cuntais íocaíochta, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin trí CICCB gur gá comhordú a dhéanamh ar chórais náisiúnta a bhfuil saintréithe éagsúla teicniúla acu. Chun na críche sin, ba cheart bearta teicniúla agus sonraíochtaí a fhorbairt lena gcuirtear san áireamh na difríochtaí idir na sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta.

    (63)

    Is tráchtearra tarraingteach do choirpigh í an réadmhaoin maidir le fáltais a ngníomhaíochtaí aindleathacha a sciúradh, toisc go bhfágann sé gur féidir fíorfhoinse na gcistí agus céannacht an úinéara thairbhiúil a cheilt. Is den tábhacht é go ndéanfadh FIUnna agus údaráis inniúla eile réadmhaoin, chomh maith le daoine nádúrtha, eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla ar leo réadmhaoin a shainaithint go ceart agus go tráthúil chun scéimeanna sciúrtha airgid a bhrath agus chun sócmhainní a reo, agus a choigistiú araon, agus le haghaidh bearta riaracháin um reo lena ndéantar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go soláthróidh na Ballstáit rochtain láithreach agus dhíreach do FIUnna agus d’údaráis inniúla eile ar fhaisnéis lenar féidir anailísí agus imscrúduithe a dhéanamh mar is ceart ar chásanna coiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le réadmhaoin. Chun rochtain éifeachtach a éascú, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce trí phointe rochtana aonair, trí mhodhanna digiteacha agus i bhformáid mheaisín-inléite i gcás inar féidir. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin faisnéis stairiúil, lena n-áirítear stair úinéireachta na réadmhaoine, na praghsanna ar a bhfuarthas an réadmhaoin san am a chuaigh thart agus eirí gaolmhara thar thréimhse shainithe san am a chuaigh thart chun a chur ar chumas FIUnna agus údarás inniúil eile sa Bhallstát sin anailís agus sainaithint a dhéanamh ar aon ghníomhaíochtaí amhrasacha a bhaineann le hidirbhearta maoine réadmhaoine, lena n-áirítear talún, a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar sciúradh airgid nó ar chineálacha eile coiriúlachta. Baineann faisnéis stairiúil den sórt sin le cineálacha faisnéise a bailíodh cheana agus idirbhearta maoine réadmhaoine á ndéanamh. Dá bhrí sin, ní fhorchuirtear aon oibleagáidí nua ar dhaoine dá ndéantar difear, lena n-áirithítear go n-urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann. I bhfianaise chineál trasteorann scéimeanna coiriúla a bhaineann le réadmhaoin go minic, is iomchuí tacar íosta faisnéise a shainaithint ar cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil air agus é a chomhroinnt lena gcontrapháirtithe i mBallstáit eile.

    (64)

    Tá FIUnna atá neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus atá uathrialach i bhfeidhm nó curtha ar bun ag na Ballstáit, nó ba cheart dóibh iad a chur ar bun, chun faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, chun naisc a bhunú idir idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha, agus bunghníomhaíocht choiriúil chun cosc a chur le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta agus chun iad a chomhrac. Is ceart don FIU a bheith ar an aon aonad aonair lárnach náisiúnta atá freagrach as tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha, tuairiscí ar ghluaiseachtaí fisiciúla trasteorann airgid thirim tríd an gCóras Faisnéise Custaim, ar idirbhearta arna dtuairisciú nuair a théitear thar thairseacha áirithe (nochtaí tairseach-bhunaithe), chomh maith le faisnéis eile atá ábhartha maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta arna cur isteach ag eintitis faoi oibleagáid, a fháil agus a anailísiú. Ba cheart neamhspleáchas oibríochtúil agus uathriail an FIU a áirithiú tríd an údarás agus an cumas a dheonú do gach FIU chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi shaoirse, lena n-áirítear an cumas cinntí uathrialacha a ghlacadh a mhéid a bhaineann le faisnéis shonrach a anailísiú, a iarraidh agus a scaipeadh. I ngach cás, ba cheart an ceart neamhspleách a bheith ag an FIU an fhaisnéis a chur ar aghaidh nó a scaipeadh chuig na húdaráis inniúla ábhartha. Ba cheart acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla leordhóthanacha a sholáthar don FIU, ar bhealach a dhaingníonn a uathriail agus a neamhspleáchas agus a chuireann ar a chumas a shainordú a fheidhmiú go héifeachtach. Ba cheart don FIU a bheith in ann na hacmhainní is gá chun a fheidhmeanna a dhéanamh a fháil agus a chur in úsáid, ar bhonn aonair nó ar bhonn gnáthaimh, saor ó aon tionchar nó cur isteach míchuí polaitiúil, rialtais nó tionscail, rud a d’fhéadfadh a neamhspleáchas oibríochtúil a chur i mbaol. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin agus laigí agus dea-chleachtais a shainaithint, ba cheart an chumhacht a thabhairt do AMLA comhordú a dhéanamh ar eagrú na n-athbhreithnithe piaraí ar FIUnna.

    (65)

    Ba cheart ardleibhéal ionracais a bheith ag foireann FIUanna agus ba cheart na scileanna iomchuí a bheith acu, agus ba cheart dóibh ardchaighdeáin ghairmiúla a choinneáil. Ba cheart nósanna imeachta a bheith ar bun ag FIUnna chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú go héifeachtach. I bhfianaise chineál a gcuid oibre, is faighteoirí iad FIUnna ar mhéideanna móra d’fhaisnéis íogair phearsanta agus airgeadais, agus tá rochtain acu ar an méid sin. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna iomchuí a bheith ag foireann FIU a mhéid a bhaineann le húsáid eiticiúil uirlisí anailíseacha mórshonraí. Thairis sin, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag gníomhaíochtaí FIUnna ar chearta bunúsacha daoine aonair, amhail an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saoil phríobháidigh agus an ceart chun maoine. Dá bhrí sin, ba cheart do FIUnna Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú a d’fhéadfadh a bheith ina bhall d’fhoireann reatha an FIU. Ba cheart a áireamh ar chúraimí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, gan bac ná moill a chur ar ghníomhaíochtaí FIUnna, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag FIU agus é a chur chun cinn, comhairle agus treoir a sholáthar don FIU maidir le himpleachtaí a bheartais agus a chleachtas ar chearta bunúsacha, grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht agus eitic ghníomhaíochtaí FIU agus tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint. Chuideodh ainmniú Oifigigh um Chearta Bunúsacha lena áirithiú, agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu, go n-urramódh agus go gcosnódh FIUnna cearta bunúsacha daoine aonair dá ndéantar difear.

    (66)

    Ba cheart do FIUnna a bheith in ann faisnéis a scaipeadh ar údaráis inniúla a bhfuil sé de chúram orthu sciúradh airgid, a chionta preideacáide, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear le húdaráis den sórt sin údaráis a bhfuil ról imscrúdaithe, ionchúisimh nó breithiúnach acu. Ar fud na mBallstát, tá róil thiomnaithe ag údaráis eile a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus ba cheart do FIUnna a bheith in ann torthaí a n-anailísí oibríochtúla nó straitéiseacha a sholáthar dóibh freisin, i gcás ina measann siad go bhfuil na torthaí sin ábhartha dá bhfeidhmeanna. Soláthraíonn torthaí na n-anailísí sin faisnéis fhiúntach le húsáid chun leideanna a fhorbairt le linn obair imscrúdaithe agus ionchúisimh. Níor cheart foinse na hidirbhearta amhrasach nó na tuairisce gníomhaíochta a nochtadh agus an scaipeadh á dhéanamh. Níor cheart bac a chur, áfach, ar FIUnna faisnéis ábhartha a scaipeadh lena n-áirítear, mar shampla, faisnéis maidir le huimhreacha IBAN nó cóid BIC nó SWIFT. Ina theannta sin, ba cheart do FIUnna a bheith in ann faisnéis eile atá ina seilbh a chomhroinnt, lena n-áirítear arna iarraidh sin d’údaráis inniúla eile. Agus a n-uathriail agus a neamhspleáchas á bhfeidhmiú acu, ba cheart do FIUnna breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh diúltú faisnéis a sholáthar tionchar a imirt ar chomhar agus ar an sprioc níos leithne maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart na diúltuithe a theorannú d’imthosca eisceachtúla, mar shampla nuair a thagann an fhaisnéis ó FIU eile nár dheonaigh toiliú lena scaipeadh ar aghaidh, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an FIU lena chreidiúint nach n-úsáidfear an fhaisnéis chun na gcríoch dár iarradh í. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don FIU cúiseanna leis an diúltú a thabhairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na cúiseanna sin a shoiléiriú nach bhfuil an fhaisnéis i seilbh FIU nó nár deonaíodh toiliú le haghaidh scaipeadh breise.

    (67)

    Tá comhar agus malartú faisnéise éifeachtach idir FIUnna agus maoirseoirí ríthábhachtach do shláine agus cobhsaíocht an chórais airgeadais. Leis an gcomhar agus an malartú faisnéise éifeachtach sin, áirithítear cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, cuirtear feabhas ar éifeachtacht chóras AML/CFT an Aontais agus cosnaítear an geilleagar ar na bagairtí a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais aindleathacha. Le faisnéis atá i seilbh FIUnna a bhaineann, mar shampla, le cáilíocht agus cainníocht na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid, le cáilíocht agus tráthúlacht fhreagairtí na n-eintiteas faoi oibleagáid ar iarrataí ar fhaisnéis ó FIUnna, agus le faisnéis maidir le tíopeolaíochtaí, treochtaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe na sceimhlitheoireachta agus maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, is féidir cabhrú le maoirseoirí réimsí a shainaithint ina bhfuil rioscaí níos airde nó ina bhfuil an comhlíonadh lag agus, ar an gcaoi sin, léargas a thabhairt dóibh ar gá maoirseacht a neartú i ndáil le heintitis nó earnálacha sonracha faoi oibleagáid. Chuige sin, ba cheart do FIUnna cineálacha áirithe faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha maoirseachta a sholáthar do mhaoirseoirí, go spontáineacha nó arna iarraidh sin dóibh.

    (68)

    Tá ról tábhachtach ag FIUnna maidir le hoibríochtaí airgeadais na líonraí sceimhlitheoireachta a shainaithint, go háirithe thar theorainneacha, agus i mbrath a n-urraitheoirí airgeadais. D’fhéadfadh faisnéis airgeadais a bheith bunriachtanach chun éascú cionta sceimhlitheoireachta mar aon le líonraí agus scéimeanna eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a nochtadh. Cothaíonn FIUnna éagsúlachtaí suntasacha maidir lena bhfeidhmeanna, a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí. Níor cheart do na héagsúlachtaí reatha difear a dhéanamh, áfach, do ghníomhaíocht FIU, go háirithe a chumas chun anailísí coisctheacha a fhorbairt mar thaca le gach údarás atá i gceannas gníomhaíochtaí faisnéise, imscrúdaithe agus breithiúnacha, agus comhar idirnáisiúnta. Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú ag FIUnna, tá sé bunriachtanach anois an tacar íosta sonraí a shainaithint ar cheart do FIUnna rochtain thapa a bheith acu ar agus ar cheart dóibh a bheith in ann é a mhalartú gan bhac lena gcontrapháirtithe ó Bhallstáit eile. I ngach cás ina bhfuil amhras faoi sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gceist, ba cheart don fhaisnéis maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta rith go díreach agus go tapa idir FIUnna gan moill mhíchuí. Tá sé riachtanach mar sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht FIUnna a fheabhsú tuilleadh, trí chumhachtaí FIUnna agus comhar eatarthu a shoiléiriú.

    (69)

    Áirítear leis na cumhachtaí atá ag FIUnna an ceart chun rochtain a fháil, go díreach nó go hindíreach, ar an bhfaisnéis ‘airgeadais’, ‘riaracháin’ agus ‘forfheidhmithe dlí’ a theastaíonn uathu chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Is é an toradh a bhí ar an easpa sainmhínithe ar na cineálacha faisnéise atá san áireamh sna catagóirí ginearálta sin gur tugadh rochtain do FIUnna ar thacair faisnéise atá an-éagsúil óna chéile, agus bhí tionchar aige sin ar fheidhmeanna anailíseacha FIUnna chomh maith lena gcumas dul i gcomhar go héifeachtach lena gcontrapháirtithe as Ballstáit eile, lena n-áirítear faoi chuimsiú cleachtaí anailíse comhpháirtí. Is gá dá bhrí sin na tacair íosta a shainiú ar fhaisnéis ‘airgeadais’, ‘riaracháin’ agus ‘forfheidhmithe dlí’ is ceart a chur ar fáil go díreach nó go hindíreach do gach FIU ar fud an Aontais. Faigheann agus stórálann FIUnna ina mbunachair sonraí freisin, nó tá rochtain acu ar fhaisnéis, a bhaineann le hidirbhearta a thuairiscítear nuair a sháraítear tairseacha sonraithe (tuairiscí tairseachbhunaithe). Is foinse thábhachtach faisnéise iad na tuairiscí sin agus baineann FIUnna úsáid fhorleathan astu i gcomhthéacs anailísí intíre agus comhpháirteacha. Dá bhrí sin, tá tuairiscí tairseachbhunaithe i measc na gcineálacha faisnéise a mhalartaítear trí FIU.net. Is réamhriachtanas tábhachtach í rochtain dhíreach le haghaidh éifeachtacht oibríochtúil agus freagrúlacht FIUnna. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rochtain dhíreach a sholáthar do FIUnna ar thacar faisnéise níos leithne ná iad siúd a cheanglaítear leis an Treoir seo. An tráth céanna, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar na Ballstáit bunachair sonraí nó cláir nua a bhunú i gcásanna ina bhfuil cineálacha áirithe faisnéise, mar shampla, faisnéis maidir le soláthar, scaipthe ar fud stórtha nó cartlanna éagsúla. I gcás nár cuireadh bunachar sonraí nó clár ar bun, ba cheart do na Ballstáit na bearta eile is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le FIUnna an fhaisnéis sin a fháil ar bhealach gasta. Thairis sin, ba cheart do FIUnna a bheith ábalta an fhaisnéis uile is gá a bhaineann lena bhfeidhmeanna a fháil go tapa ó aon eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart do FIU a bheith ábalta freisin an fhaisnéis sin a fháil ar iarraidh arna déanamh ag FIU eile agus an fhaisnéis sin a mhalartú leis an FIU iarrthach.

    (70)

    Ba cheart rochtain a mheas a bheith díreach agus láithreach nuair atá an fhaisnéis i mbunachar sonraí, i gclár nó i gcóras leictreonach aisghabhála sonraí lena gcuirtear ar chumas FIU í a fháil go díreach, trí shásra uathoibrithe, gan rannpháirtíocht idirghabhálaí. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis i seilbh eintitis nó údaráis eile, ciallaíonn rochtain dhíreach go ndéanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin í a tharchur chuig an FIU ar bhealach gasta gan cur isteach ar ábhar na sonraí arna n-iarraidh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar. Níor cheart aon scagadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach gceadófaí an fhaisnéis a sholáthar ar bhealach neamhscagtha leis na ceanglais rúndachta a ghabhann leis an bhfaisnéis. Is amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás nach féidir faisnéis chánach a sholáthar do FIUnna ach amháin tar éis comhaontú ó údarás cánach i dtríú tír, i gcás ina bhféadfadh rochtain dhíreach ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol, chomh maith le sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí arna mbailiú de bhun Threoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh chun rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis ag FIUnna a áirithiú, lena n-áirítear trí ligean do FIUnna rochtain a bheith acu faoi choinníollacha atá comhchosúil leo siúd a thairgtear d’údaráis eile ar an leibhéal náisiúnta chun a ngníomhaíochtaí anailíseacha a éascú.

    (71)

    Deonaíodh an chumhacht d’fhormhór mór na FIUnna chun gníomhú go práinneach agus toiliú le hidirbheart a chur ar fionraí nó a choinneáil siar chun na hanailísí a dhéanamh air, an t-amhras atá ann ina leith a dheimhniú agus torthaí na ngníomhaíochtaí anailíseacha a scaipeadh ar na húdaráis inniúla. Tá éagsúlachtaí áirithe ann i ndáil le fad ama na gcumhachtaí chun fionraí a dhéanamh i measc na mBallstát, áfach, rud a bhfuil tionchar aige ar ghníomhaíochtaí a bhfuil gné thrasteorann acu a chur siar trí chomhar idir FIUnna, ach a bhfuil tionchar acu ar chearta bunúsacha daoine aonair chomh maith. Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh an cumas ag FIUnna cistí nó sócmhainní coiriúla a shrianadh go pras agus cosc a chur ar scaipeadh na gcistí nó na sócmhainní sin, agus chun críocha urghabhála freisin, ba cheart an chumhacht a dheonú do FIUnna úsáid cuntais bainc nó cuntais íocaíochta nó cripteashócmhainní nó gaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí chun anailís a dhéanamh ar na hidirbhearta a dhéantar tríd an gcuntas nó tríd an ngaolmhaireacht gnó, an t-amhras atá ann ina leith a dheimhniú agus torthaí na hanailíse a scaipeadh ar na húdaráis inniúla ábhartha. Ós rud é go bhfuil tionchar fionraí den sórt sin ar an gceart chun maoine, ba cheart do FIUnna a bheith in ann idirbhearta, cuntais nó gaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun na cistí a chaomhnú, na hanailísí is gá a dhéanamh agus torthaí na n-anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla chun go bhféadfaí bearta iomchuí a ghlacadh. I bhfianaise an tionchair níos suntasaí ar chearta bunúsacha an duine dá ndéantar difear, ba cheart fionraí cuntais nó gaolmhaireachtaí gnó a fhorchur le haghaidh tréimhse níos teoranta, ar cheart é a shocrú ag 5 lá oibre. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse fionraí níos faide a shainiú i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina bhfeidhmíonn an FIU inniúlachtaí i réimse na haisghabhála sócmhainní agus ina ndéanann sé feidhmeanna chun sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil, a reo nó a choigistiú. Sna cásanna sin, ba cheart caomhnú chearta bunúsacha na ndaoine dá ndéantar difear a ráthú agus ba cheart do FIUnna a bhfeidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis na coimircí náisiúnta iomchuí. Ba cheart do FIUnna fionraí an idirbhirt, an chuntais nó na gaolmhaireachta gnó a chur ar ceal a luaithe nach mbíonn gá a thuilleadh leis an bhfionraí sin. I gcás ina sainítear tréimhse fionraí níos faide, ba cheart an deis a bheith ag daoine dá ndéantar difear, ar cuireadh a n-idirbhearta, a gcuntais nó a ngaolmhaireachtaí gnó ar fionraí, agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe fionraí os comhair cúirte.

    (72)

    In imthosca sonracha, ba cheart do FIUnna a bheith in ann a iarraidh, thar a gceann féin nó thar ceann FIU eile freisin, ar eintiteas faoi oibleagáid faireachán a dhéanamh, ar feadh tréimhse shainithe, ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí a dhéantar trí chuntas bainc nó cuntas íocaíochta nó trí chuntas cripteashócmhainní nó trí chineál eile gaolmhaireachta gnó i ndáil le daoine a bhfuil riosca suntasach sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta ag baint leo. Le faireachán níos dlúithe ar chuntas nó ar ghaolmhaireacht gnó, is féidir léargais bhreise a thabhairt don FIU ar phatrúin idirbhirt shealbhóir an chuntais agus, mar thoradh air sin, idirbhearta nó gníomhaíochtaí neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath go tráthúil, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gníomhaíocht bhreise ón FIU, lena n-áirítear an cuntas nó an ghaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bailíodh agus í a scaipeadh ar údaráis imscrúdaithe agus ionchúisimh. Ina theannta sin, ba cheart do FIUnna a bheith in ann foláireamh a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid maidir le faisnéis atá ábhartha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh. Is féidir le foláirimh den sórt sin cabhrú le heintitis faoi oibleagáid bonn eolais a chur faoina nósanna imeachta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí agus a gcomhsheasmhacht le rioscaí a áirithiú, a gcórais measúnaithe riosca agus bainistíochta riosca a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin agus faisnéis bhreise a sholáthar dóibh a d’fhéadfadh an gá le dícheall cuí feabhsaithe a spreagadh maidir le custaiméirí áirithe nó idirbhearta lena mbaineann rioscaí níos airde.

    (73)

    Chun go mbeidh trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr ann agus chun feasacht a ardú maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart do FIUnna tuairiscí ar ghníomhaíochtaí a eisiúint ar bhonn bliantúil. Ba cheart, ar a laghad, sonraí staidrimh maidir leis na tuairiscí sin ar idirbhearta amhrasacha a fuarthas, agus maidir leis an obair leantach a rinneadh ina leith, líon na n-uaireanta a rinneadh scaipeadh chuig údaráis inniúla náisiúnta agus an obair leantach a rinneadh ina leith, líon na n-iarrataí a cuireadh faoi bhráid FIUnna eile agus a fuarthas uathu a bheith sna |tuairiscí sin, chomh maidir le faisnéis faoi threochtaí agus faoi thíopeolaíochtaí a sainaithníodh. Ba cheart na tuairiscí sin a chur ar fáil go poiblí seachas na codanna dóibh a bhfuil faisnéis íogair agus rúnaicmithe iontu.

    (74)

    Uair amháin sa bhliain ar a laghad, ba cheart don FIU aiseolas a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid maidir le cáilíocht na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha, a dtráthúlacht, an cur síos ar an amhras agus aon doiciméad breise a soláthraíodh. Is féidir aiseolas den sórt sin a sholáthar d’eintitis aonair faoi oibleagáid nó do ghrúpaí eintiteas faoi oibleagáid agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis tuilleadh feabhais a chur ar chumas na n-eintiteas faoi oibleagáid idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha a bhrath agus a shainaithint, feabhas a chur ar cháilíocht na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha, feabhas a chur ar na sásraí tuairiscithe foriomlána agus léargais thábhachtacha a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid ar threochtaí, tíopeolaíochtaí agus rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Agus cineál agus minicíocht an aiseolais á gcinneadh, ba cheart do FIUnna réimsí a chur san áireamh a mhéid is féidir ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe ar ghníomhaíochtaí tuairiscithe. Chun tacú le cur chuige comhsheasmhach sna FIUnna agus aiseolas leordhóthanach a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid, ba cheart do AMLA moltaí a eisiúint do FIUnna maidir le dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige i dtreo aiseolas a sholáthar. I gcás nach gcuirfeadh sé sin obair anailíseach ná imscrúdaitheach i mbaol, d’fhéadfadh FIUnna féachaint an bhféadfaí aiseolas a sholáthar maidir le húsáid nó toradh tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha, cibé acu i ndáil le tuairiscí aonair nó ar bhealach comhiomlánaithe. Ba cheart do FIUnna aiseolas a thabhairt d’údaráis chustaim freisin, uair sa bhliain ar a laghad, maidir le héifeachtacht na dtuairiscí ar ghluaiseachtaí fisiciúla trasteorann airgid thirim agus maidir leis an obair leantach a dhéantar ina leith.

    (75)

    Is é is cuspóir don FIU faisnéis a bhailiú agus a anailísiú agus é d’aidhm aige naisc a shuí idir idirbhearta nó gníomhaíochtaí a bhfuil amhras ann fúthu agus gníomhaíocht choiriúil is bun dóibh chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus torthaí a chuid anailíse chomh maith le faisnéis bhreise a scaipeadh ar na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil forais ann lena bheith amhrasach faoi sciúradh airgid, faoina chionta preideacáide nó faoi mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith ann. Níor cheart do FIU staonadh ó mhalartú faisnéise le FIU eile ná é a dhiúltú, go spontáineach nó arna iarraidh sin, ar chúiseanna ar nós nach ndearnadh cion preideacáide a shainaithint, gnéithe de na dlíthe coiriúla náisiúnta agus difríochtaí idir sainmhínithe ar chionta preideacáide nó easpa tagartha do chionta preideacáide áirithe. Thuairiscigh FIUnna deacrachtaí i dtaca le faisnéis a mhalartú mar gheall ar dhifríochtaí idir sainmhínithe náisiúnta ar chionta preideacáide áirithe, amhail coireanna cánach, nach bhfuil comhchuibhithe le dlí an Aontais. Níor cheart do na difríochtaí sin cur isteach ar an malartú frithpháirteach, ar an scaipeadh ar údaráis inniúla eile ná ar úsáid na faisnéise sin. Ba cheart do FIUnna, go tapa, go cuiditheach agus go héifeachtach, an raon is leithne comhair idirnáisiúnta a áirithiú do FIUnna tríú tíortha i ndáil le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme le haghaidh aistrithe sonraí, Moltaí FATF agus Prionsabail Egmont maidir le Malartú Faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. Chuige sin, ba cheart FIUnna a spreagadh chun comhaontuithe déthaobhacha agus meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích le contrapháirtithe ó thríú tíortha, agus aon oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha agus an gá atá leis an smacht reachta a chosaint á gcur san áireamh.

    (76)

    Is féidir le FIU srianta agus teorainneacha áirithe a fhorchur maidir le húsáid bhreise na faisnéise a sholáthraíonn sé do FIU eile. Níor cheart don FIU is faighteoir an fhaisnéis a úsáid ach amháin chun na gcríoch dár iarradh nó dár soláthraíodh í. Ba cheart do FIU a thoiliú roimh ré a thabhairt do FIU eile i dtaobh an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla eile gan beann ar an gcineál ciona preideacáide a d’fhéadfadh a bheith ann agus cibé acu a bhí nó nach raibh an chion phreideacáide sainaitheanta tráth an mhalartaithe, chun go bhféadfar scaipeadh na faisnéise a dhéanamh go héifeachtach. Ba cheart toiliú roimh ré den sórt sin maidir le scaipeadh breise a dheonú go pras agus níor cheart é a dhiúltú mura rud é go mbeadh sé lasmuigh de raon feidhme chur i bhfeidhm fhorálacha AML/CFT nó nach mbeadh sé i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an dlí náisiúnta. Ba cheart do FIUnna míniú a sholáthar maidir le haon diúltú toiliú a dheonú.

    (77)

    Ba cheart do FIUnna saoráidí slána a úsáid, lena n-áirítear bealaí cosanta chumarsáide, chun dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú lena chéile. I ndáil leis, ba cheart córas a bhunú le haghaidh malartú faisnéise idir FIUnna Ballstát (‘FIU.net’). Ba cheart do AMLA an córas a bhainistiú agus a óstáil agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal is airde slándála agus maidir le criptiú iomlán na faisnéise a mhalartaítear. Ba cheart do FIUnna FIU.net a úsáid chun dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú lena chéile agus d’fhéadfaí é a úsáid, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir cinneadh ó AMLA, chun faisnéis a mhalartú le FIUnna tríú tíortha agus le húdaráis agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. Ba cheart do FIUnna lánleas a bhaint as feidhmiúlachtaí FIU.net. Ba cheart do na feidhmiúlachtaí sin a chur ar chumas FIUnna a sonraí a mheaitseáil le sonraí FIUnna eile ar bhealach bréagainmneach agus é mar aidhm acu ábhair spéise na FIUnna i mBallstáit eile a bhrath agus a bhfáltais agus a gcistí a shainaithint, agus cosaint iomlán ar shonraí pearsanta a háirithiú an tráth céanna. Chun naisc a shainaithint idir faisnéis airgeadais agus faisnéis choiriúil, ba cheart do FIUnna a bheith in ann úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí FIU.net chun a gcuid sonraí a chrosmheaitseáil go bréagainmneach le faisnéis atá i seilbh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a mhéid a thagann crosmheaitseáil den sórt sin faoi réim shainorduithe dlíthiúla faoi seach na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí sin agus lánurraim á tabhairt do na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

    (78)

    Is den tábhacht é go mbeadh FIUnna ag dul i gcomhar le chéile agus go ndéanfadh siad faisnéis a mhalartú lena chéile go héifeachtach. I ndáil leis sin, ba cheart do AMLA an cúnamh is gá a sholáthar, ní hamháin trí bhíthin anailísí comhpháirteacha ar thuairiscí trasteorann ar idirbhearta amhrasacha a chomhordú, ach freisin trí dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus rialála a fhorbairt maidir leis an bhformáid a bheidh le húsáid chun faisnéis a mhalartú idir FIUnna, an teimpléad chun tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a chur isteach agus an ábharthacht agus na critéir roghnúcháin atá le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an mbaineann tuairisc ar idirbhearta amhrasacha le Ballstát eile chomh maith le treoirlínte maidir le cineál, gnéithe agus cuspóirí na hanailíse oibríochtúla agus straitéisí agus maidir leis na nósanna imeachta atá le cur ar bun agus tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a bhaineann le Ballstát eile á gcur ar aghaidh agus á fáil agus leis an obair leantach atá le déanamh. Ba cheart do AMLA próiseas athbhreithnithe piaraí a chur ar bun freisin chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí FIUnna a neartú agus chun malartú dea-chleachtas idir FIUnna a éascú.

    (79)

    Tá FIUnna freagrach as tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha nó gníomhaíochta a fháil ó eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe i gcríoch a mBallstát. D’fhéadfadh idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha áirithe a thuairiscítear do FIUnna a bheith bainteach, áfach, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid i mBallstáit eile, i gcás ina n-oibríonn siad gan bhunaíocht. Sna cásanna sin, tá sé tábhachtach go scaipfidh FIUnna na tuairiscí sin ar a gcontrapháirtí sa Bhallstát lena mbaineann an idirbheart nó an ghníomhaíocht, gan coinníollacha a chur le húsáid na dtuairiscí sin. Leis an gcóras FIU.net is féidir na tuairiscí trasteorann sin a scaipeadh. Chun an fheidhmiúlacht sin a fheabhsú, tá uasghrádú á dhéanamh ar an gcóras chun gur féidir na tuairiscí sin a scaipeadh go tapa agus chun tacú le malartuithe suntasacha faisnéise idir FIUnna, agus dá bhrí sin tacú le cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo.

    (80)

    Tá gá le teorainneacha ama le haghaidh malartuithe faisnéise idir FIUnna chun an comhar tapa, éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú. Ba cheart teorainneacha ama a leagan amach chun comhroinnt éifeachtach faisnéise a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnta nó chun srianta nós imeachta a chomhlíonadh. Ba cheart teorainneacha ama níos giorra a chur ar fáil i gcásanna eisceachtúla, práinneacha a bhfuil bonn cirt leo inar féidir le FIU faighte na hiarrata rochtain dhíreach a fháil ar na bunachair sonraí ina bhfuil an fhaisnéis atáthar ag iarraidh. Sna cásanna nach féidir le FIU faighte na hiarrata an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de na teorainneacha ama socraithe, ba cheart dó an FIU iarrthach a chur ar an eolas faoi sin.

    (81)

    Téann gluaiseacht airgid aindleathaigh thar theorainneacha agus is féidir léi difear a dhéanamh do Bhallstáit éagsúla. Tá na cásanna trasteorann, a bhfuil níos mó ná dlínse amháin i gceist leo, ag éirí níos minice agus níos suntasaí, agus sin i ngeall ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid ar bhonn trasteorann freisin. Chun a bheith in ann déileáil go héifeachtach le cásanna a bhaineann le roinnt Ballstát, ba cheart do FIUnna a bheith in ann dul níos faide ná malartú simplí faisnéise chun idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha a bhrath agus a anailísiú agus an ghníomhaíocht anailíseach féin a dhéanamh go comhpháirteach. Tá saincheisteanna tábhachtacha áirithe tuairiscithe ag FIUnna a chuireann teorainn nó coinníoll le cumas na FIUnna anailís chomhpháirteach a dhéanamh. Ach anailís chomhpháirteach a dhéanamh ar idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha beidh FIUnna in ann leas a bhaint as sineirgí féideartha, úsáid a bhaint as faisnéis ó fhoinsí éagsúla, léargas iomlán a fháil ar na gníomhaíochtaí aimhrialta agus saibhriú a dhéanamh ar an anailís. Ba cheart do FIUnna a bheith in ann anailísí comhpháirteacha a dhéanamh ar idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha agus foirne anailíse comhpháirtí a chur ar bun le haghaidh cuspóirí sonracha agus tréimhse theoranta le cúnamh ó AMLA, agus a bheith rannpháirteach iontu sin. Ba cheart do AMLA FIU.net a úsáid chun go mbeidh sé in ann faisnéis a sheoladh, a fháil agus a chrosmheatsáil agus tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do FIUnna i gcomhthéacs na hanailíse comhpháirtí ar chásanna trasteorann.

    (82)

    D’fhéadfadh rannpháirtíocht tríú páirtithe, lena n-áirítear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheith ríthábhachtach maidir le toradh rathúil anailísí FIUnna, lena n-áirítear anailísí comhpháirteacha. Dá bhrí sin, is féidir le FIUnna cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach i gcás ina dtiocfadh an rannpháirtíocht sin faoi réim shainorduithe na dtríú páirtithe sin faoi seach. D’fhéadfadh rannpháirtíocht tríú páirtithe sa phróiseas anailíseach cabhrú le naisc a shainaithint idir faisnéis airgeadais agus eolas agus faisnéis choiriúil, an anailís a shaibhriú agus a chinneadh an bhfuil tásca ann go ndearnadh cion coiriúil.

    (83)

    Tá maoirseacht éifeachtach ar gach eintiteas faoi oibleagáid fíor-riachtanach chun sláine chóras airgeadais an Aontais agus an mhargaidh inmheánaigh a chosaint. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit maoirseacht AML/CFT éifeachtach neamhchlaonta a chur in úsáid agus na coinníollacha a leagan amach maidir le comhar éifeachtach, tráthúil agus marthanach idir maoirseoirí.

    (84)

    Ba cheart do na Ballstáit maoirseacht éifeachtach neamhchlaonta riosca-bhunaithe ar na heintitis uile faoi oibleagáid a áirithiú, b’fhearr gur údaráis phoiblí a dhéanfadh an méid sin trí bhíthin maoirseoir náisiúnta agus atá neamhspleách. Ba cheart do na maoirseoirí náisiúnta a bheith in ann raon cuimsitheach cúraimí a dhéanamh chun maoirseacht éifeachtach a fheidhmiú ar na heintitis uile faoi oibleagáid.

    (85)

    Tá cásanna feicthe san Aontas ar uairibh ina raibh cur chuige faillíoch i leith na maoirseachta ar dhualgais na n-eintiteas faoi oibleagáid i dtéarmaí na ndualgas maidir le frithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, is gá do mhaoirseoirí náisiúnta, mar chuid den sásra maoirseachta comhtháite a chuirtear ar bun leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2024/1620 , soiléireacht a fháil maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí faoi seach.

    (86)

    Chun measúnú agus faireachán níos éifeachtaí agus níos tráthrialta a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil na heintitis faoi oibleagáid neamhchosanta orthu agus ar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha a chuir siad ar bun chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú, agus chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme, is gá soiléiriú a dhéanamh go bhfuil na maoirseoirí náisiúnta i dteideal agus faoi cheangal araon na seiceálacha uile lasmuigh den láthair, ar an láthair agus téamacha is gá a dhéanamh agus aon fhiosrúchán agus measúnú eile a dhéanamh de réir mar a mheasann siad gur gá. Ba cheart dóibh a bheith in ann freisin go mbeidís in ann freagairt gan aon mhoill mhíchuí d’aon amhras faoi neamhchomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus ba cheart dóibh a bheith in ann bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh. Ní hamháin go gcabhróidh sin le maoirseoirí cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna sin ina bhfuil na rioscaí sonracha atá de dhlúth agus d’inneach d’earnáil soiléir agus go bhfuil tuiscint orthu, ach tabharfaidh sé na huirlisí is gá dóibh freisin chun faisnéis ábhartha a scaipeadh tuilleadh ar eintitis faoi oibleagáid chun bonn eolais a chur faoin tuiscint atá acu ar rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    (87)

    Bíonn gníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear scaipeadh faisnéise ag na maoirseoirí ar na heintitis faoi oibleagáid atá faoina maoirseacht, fíor-riachtanach chun a ráthú go mbeidh tuiscint leordhóthanach ag an earnáil phríobháideach ar chineál agus ar leibhéal na rioscaí atá rompu go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Áirítear leis sin scaipeadh ainmniúchán faoi smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe, scaipeadh ba cheart a dhéanamh láithreach a luaithe is a dhéantar ainmniúcháin den sórt sin chun a chur ar chumas na hearnála a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ós rud é go mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le cur chun feidhme ceanglas AML/CFT ag eintitis faoi oibleagáid, tá sé tábhachtach go mbeadh maoirseoirí ar an eolas faoi threoir agus foilseacháin eile arna n-eisiúint ag na húdaráis cosanta sonraí, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais tríd an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus go n-áireoidh siad an fhaisnéis sin, de réir mar is iomchuí, ina scaipeadh ar na heintitis atá faoina maoirseacht.

    (88)

    Ba cheart do mhaoirseoirí cur chuige riosca-bhunaithe a ghlacadh maidir lena gcuid oibre, rud a chuirfeadh ar a gcumas a n-acmhainní a dhíriú ar an áit is mó a bhfuil na rioscaí, agus a áirithiú an tráth céanna nach bhfágfar aon earnáil ná eintiteas neamhchosanta ar iarrachtaí coiriúla sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Chuige sin, ba cheart do mhaoirseoirí a ngníomhaíochtaí a phleanáil ar bhonn bliantúil. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh ní hamháin cumhdach rioscabhunaithe na n-earnálacha atá faoina maoirseacht a áirithiú, ach ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfuil siad in ann freagairt go pras i gcás tásca oibiachtúla agus suntasacha maidir le sáruithe laistigh d’eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear go háirithe tar éis nochtadh poiblí nó faisnéis arna cur isteach ag sceithirí. Ba cheart do mhaoirseoirí trédhearcacht a áirithiú freisin i leith na ngníomhaíochtaí maoirseachta a rinne siad, amhail coláistí maoirseachta a d’eagraigh siad agus ar ar fhreastail siad, na gníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair a rinneadh, na smachtbhannaí airgid a forchuireadh nó na bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm. Ba cheart do AMLA ról ceannasach a imirt ó thaobh tuiscint choiteann a chothú maidir le rioscaí agus, dá bhrí sin, ba cheart é a chur de chúram air na tagarmharcanna agus modheolaíocht a fhorbairt chun próifíl riosca bhunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid a mheasúnú agus a aicmiú, chomh maith leis an minicíocht a leagan síos ag a ndéanfar an phróifíl riosca sin a athbhreithniú.

    (89)

    An nochtadh fíoras do FIUnna, fíorais a bhféadfadh baint a bheith acu le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta a dhéanann maoirseoirí, is ceann de bhunchlocha mhaoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta é agus cuireann sé ar chumas na maoirseoirí aghaidh a thabhairt ar fhabhtanna i bpróiseas tuairiscithe na n-eintiteas faoi oibleagáid. Chuige sin, ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann cásanna a thuairisciú don FIU inar raibh amhras gur theip ar an eintiteas faoi oibleagáid tuairiscí arna dtíolacadh ag an eintiteas faoi oibleagáid a thuairisciú nó a chomhlánú le faisnéis bhreise, faisnéis a bhraitheann siad le linn a ngníomhaíochtaí maoirseachta. Ina theannta sin, ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann amhras faoi sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta atá ag fostaithe eintiteas faoi oibleagáid, nó daoine i bpost coibhéiseach, nó ag a lucht bainistíochta nó ag a úinéirí tairbhiúla a thuairisciú. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit córas a chur ar bun lena n-áiritheofar go gcuirfear na FIUnna ar an eolas mar is ceart agus go pras. Níor cheart a thuiscint le tuairisciú amhrais chuig an FIU go gcuirtear in ionad na hoibleagáide atá ar údaráis phoiblí aon ghníomhaíocht choiriúil a nochtann siad nó a dtagann siad ar an eolas fúithi le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha. Níor cheart faisnéis a chumhdaítear leis an bpribhléid dhlíthiúil a bhailiú ná a cheadú i gcomhthéacs cúraimí maoirseachta, ach amháin má tá feidhm ag na díolúintí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1624. Má thagann maoirseoirí ar fhaisnéis den sórt sin nó má thagann siad i seilbh na faisnéise sin, níor cheart dóibh í a chur san áireamh chun críocha a ngníomhaíochtaí maoirseachta ná í a thuairisciú don FIU.

    (90)

    Tá comhar idir maoirseoirí náisiúnta fíor-riachtanach chun cur chuige coiteann maoirseachta a áirithiú ar fud an Aontais. Le go mbeidh sé éifeachtach, ní mór an comhar sin a úsáid a mhéid is mó is féidir gan beann ar chineál nó stádas na maoirseoirí faoi seach. Sa bhreis ar an gcomhar traidisiúnta – amhail an cumas imscrúduithe a dhéanamh thar ceann údarás maoirseachta iarrthach – is iomchuí sainordú a thabhairt do bhunú coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais maidir le heintitis faoi oibleagáid a oibríonn i roinnt Ballstát trí bhunaíochtaí agus maidir le heintitis faoi oibleagáid atá mar chuid de ghrúpa trasteorann. Is féidir cuireadh a thabhairt do mhaoirseoirí airgeadais tríú tír chuig na coláistí sin faoi choinníollacha áirithe, lena n-áirítear ceanglais rúndachta atá coibhéiseach leis na ceanglais atá ar mhaoirseoirí airgeadais an Aontais agus comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le próiseáil agus tarchur sonraí pearsanta. Ba cheart do ghníomhaíochtaí coláistí maoirseachta AML/CFT a bheith comhréireach leis an leibhéal riosca ar a bhfuil an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais neamhchosanta agus le scála na gníomhaíochta trasteorann.

    (91)

    I dTreoir (AE) 2015/849, bhí ceanglas ginearálta ar mhaoirseoirí na mBallstát baile agus na mBallstát óstach dul i gcomhar le chéile. Neartaíodh an ceanglas sin ina dhiaidh sin ionas nach gcuirfí toirmeasc nó srian ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar idir maoirseoirí. In éagmais creat dlíthiúil soiléir, áfach, bunaíodh coláistí maoirseachta AML/CFT ar threoirlínte neamhcheangailteacha. Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire a bhunú chun coláistí AML/CFT a eagrú agus foráil a dhéanamh maidir le cur chuige comhordaithe a bheidh fónta ó thaobh an dlí de, lena n-aithneofar an gá atá le hidirghníomhú struchtúrtha idir maoirseoirí ar fud an Aontais. I gcomhréir lena ról comhordúcháin agus formhaoirseachta, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sainítear na coinníollacha ginearálta trínar féidir leis na coláistí maoirseachta AML/CFT feidhmiú mar is ceart.

    (92)

    D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid a oibríonn san earnáil seach-airgeadais gníomhaíochtaí a dhéanamh thar theorainneacha nó a bheith mar chuid de ghrúpaí a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos lena saineofar feidhmiú na gcoláistí maoirseachta AML/CFT le haghaidh grúpaí a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais agus seach-airgeadais araon, agus lena bhféadfar coláistí maoirseachta a chur ar bun san earnáil seach-airgeadais, agus an gá le coimircí breise a chur i bhfeidhm maidir le grúpaí nó eintitis trasteorann a sholáthraíonn seirbhísí dlí á chur san áireamh. Chun maoirseacht éifeachtach trasteorann a áirithiú san earnáil seach-airgeadais, ba cheart do AMLA tacaíocht a thabhairt d’fheidhmiú na gcoláistí sin agus a thuairim a thabhairt go tráthrialta maidir le feidhmiú na gcoláistí sin mar a théann cur chun feidhme an chreata cumasúcháin dá bhforáiltear leis an Treoir seo chun cinn.

    (93)

    I gcás ina n-oibríonn eintiteas faoi oibleagáid bunaíochtaí i mBallstát eile, lena n-áirítear trí líonra gníomhairí, ba cheart do mhaoirseoir an Bhallstáit baile a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT uile-ghrúpa a bheith á gcur i bhfeidhm ag an eintiteas faoi oibleagáid. D’fhéadfadh cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí atá bunaithe i mBallstát eile a bheith i gceist leis sin. Ba cheart do mhaoirseoir an Bhallstáit baile dul i gcomhar go dlúth le maoirseoir an Bhallstáit óstaigh agus ba cheart dó an maoirseoir sin a chur ar an eolas faoi aon saincheist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá mheasúnú ar chomhlíonadh na bunaíochta le rialacha AML/CFT an Bhallstáit óstaigh.

    (94)

    I gcás ina n-oibríonn eintiteas faoi oibleagáid bunaíochtaí i mBallstát eile, lena n-áirítear trí líonra gníomhairí, ba cheart do mhaoirseoir an Bhallstáit óstaigh an fhreagracht a choinneáil as rialacha AML/CFT a bheith á gcomhlíonadh ag an mbunaíocht a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chigireachtaí ar an láthair agus faireachán lasmuigh den láthair a dhéanamh, agus trí bhearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun dul i ngleic le sáruithe ar na ceanglais sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le cineálacha eile bonneagair d’eintitis faoi oibleagáid a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, i gcás inar leor an bonneagar sin chun a cheangal ar mhaoirseoir an Bhallstáit óstaigh maoirseacht a dhéanamh. Ba cheart do mhaoirseoir an Bhallstáit óstaigh dul i gcomhar go dlúth le maoirseoir an Bhallstáit baile agus ba cheart dó an maoirseoir sin a chur ar an eolas faoi aon saincheist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá mheasúnú ar bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT a bheith á gcur i bhfeidhm ag an eintiteas faoi oibleagáid agus le gur féidir le maoirseoir an Bhallstáit baile bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon sárú a bheadh sainaitheanta. Fós féin, i gcás ina mbraitear sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, ar rialacha AML/CFT lena gceanglaítear leigheasanna láithreacha a bhaint amach, ba cheart do mhaoirseoir an Bhallstáit óstaigh a bheith in ann bearta leighis sealadacha iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ar bearta iad is infheidhme faoi imthosca comhchosúla maidir le heintitis faoi oibleagáid atá faoina n-inniúlacht, chun dul i ngleic leis na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, i gcás inarb iomchuí, le cúnamh ó mhaoirseoir an Bhallstáit baile, nó i gcomhar leis an maoirseoir sin.

    (95)

    I réimsí nach bhfuil comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, is féidir leis na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh, fiú nuair is srianta ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh iad na bearta sin. Is amhlaidh atá, mar shampla, maidir le bearta a dhéantar chun soláthar seirbhísí cearrbhachais a rialáil, go háirithe nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin ar líne, gan aon bhonneagar sa Bhallstát. Chun a bheith comhoiriúnach le dlí an Aontais, áfach, ní mór é a bheith d’aidhm ag na bearta sin leas ginearálta a bhaint amach, ní mór dóibh a bheith neamh-idirdhealaitheach agus oiriúnach chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus ní mór dóibh gan dul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun é a bhaint amach. I gcás ina gcuireann na Ballstáit soláthar seirbhísí a rialáiltear faoi chreat AML/CFT an Aontais faoi réir ceanglais údarúcháin shonracha, amhail ceadúnas a fháil, ba cheart dóibh a bheith freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar na seirbhísí sin. Leis an gceanglas maoirseacht a dhéanamh ar na seirbhísí sin, ní dhéantar réamhbhreith ar na conclúidí a d'fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais a bhaint as comhoiriúnacht na mbeart náisiúnta le dlí an Aontais.

    (96)

    I bhfianaise na leochaileachtaí i dtaca le frithsciúradh airgid a bhaineann le heisitheoirí an ríomh-airgid, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chur de cheangal ar na soláthraithe sin atá bunaithe ar a gcríoch i bhfoirmeacha seachas brainse nó trí chineálacha eile bonneagair agus a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile pointe teagmhála lárnach a cheapadh. Ba cheart do phointe teagmhála lárnach den sórt sin, ag gníomhú dó thar ceann na hinstitiúide ceapacháin, a áirithiú go mbeidh rialacha AML/CFT á gcomhlíonadh ag na bunaíochtaí.

    (97)

    Chun comhordú níos fearr ar na hiarrachtaí a áirithiú agus chun cur go héifeachtach le riachtanais an tsásra maoirseachta chomhtháite, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar dhualgais na maoirseoirí faoi seach maidir leis na heintitis faoi oibleagáid a oibríonn i mBallstáit eile trí bhunaíochtaí nó foirmeacha eile bonneagair lena dtugtar údar le maoirsiú ag an mBallstát óstach, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair sonracha, comhréireacha.

    (98)

    Ní mór do ghrúpaí trasteorann beartais agus nósanna imeachta forleathana ar fud an ghrúpa a bheith ar bun. Chun a áirithiú go meaitseáiltear oibríochtaí trasteorann le maoirseacht leordhóthanach, is gá rialacha maoirseachta mionsonraithe a leagan amach, rud a chuirfidh ar chumas maoirseoirí an Bhallstáit baile agus maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh dul i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir, gan beann ar a gcineál nó stádas féin, agus le AMLA chun na rioscaí a mheasúnú, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na heintitis éagsúla ar cuid den ghrúpa iad, an ghníomhaíocht mhaoirseachta a chomhordú agus díospóidí a réiteach. I bhfianaise a róil comhordúcháin, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sainítear na dualgais mhionsonraithe faoi seach le haghaidh mhaoirseoirí baile agus mhaoirseoirí óstacha grúpaí, agus lena sainítear na socruithe comhair eatarthu. Ba cheart an mhaoirseacht ar chur chun feidhme éifeachtach an bheartais grúpa maidir le AML/CFT a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail agus modhanna na maoirseachta comhdhlúite mar a leagtar síos i gníomhartha dlí earnálach ábhartha an Aontais.

    (99)

    Tá malartú faisnéise agus comhar idir maoirseoirí fíor-riachtanach i gcomhthéacs na gcóras airgeadais domhanda, córais atá ag éirí níos comhtháite. Ar thaobh amháin, ba cheart do mhaoirseoirí an Aontais, lena n-áirítear AMLA, a chéile a chur ar an eolas faoi chásanna nach gceadaítear dlí tríú tír cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2024/1624. Ar an taobh eile, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann údarú a thabhairt do mhaoirseoirí comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích lena ndéanfaí foráil maidir le comhar agus malartú faisnéise rúnda lena gcontrapháirtithe i tríú tíortha, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le haistrithe sonraí pearsanta. I bhfianaise a róil formhaoirseachta, ba cheart do AMLA cúnamh a chur ar fáil de réir mar is gá chun measúnú a dhéanamh ar choibhéis na gceanglas rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí tríú tír.

    (100)

    Le Treoir (AE) 2015/849, ceadaítear do na Ballstáit an mhaoirseacht ar roinnt eintiteas faoi oibleagáid a chur de chúram ar chomhlachtaí féinrialála. Níor leor, áfach, cáilíocht agus déine na maoirseachta a rinne na comhlachtaí féinrialála sin, agus ní dhearnadh aon ghrinnscrúdú poiblí air nó baol air. I gcás ina gcinneann Ballstát maoirseacht a chur de chúram ar chomhlacht féinrialála, ba cheart dó údarás poiblí a ainmniú freisin chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta féinrialála chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart don údarás poiblí sin a bheith ina eintiteas riaracháin phoiblí agus ba cheart dó a fheidhmeanna a dhéanamh saor ó thionchar míchuí. Ní thugtar le tuiscint leis na feidhmeanna atá le feidhmiú ag an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála gur cheart don údarás feidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú vis-à-vis eintitis faoi oibleagáid, ná cinntí a dhéanamh i gcásanna aonair a láimhseálann an comhlacht féinrialála. Mar sin féin, ní chuireann sé sin cosc ar na Ballstáit cúraimí breise a leithdháileadh ar an údarás sin má mheasann siad gur gá sin chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cúraimí breise i gcomhréir le cearta bunúsacha, agus go háirithe nach gcuirfidh na cúraimí sin isteach ar fheidhmiú an chirt chun cosanta agus ar rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus cliaint.

    (101)

    Mar thoradh ar an tábhacht a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí airgid agus bearta riaracháin éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos sa dlí náisiúnta maidir le mainneachtain Rialachán (AE) 2024/1624 a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit cumhacht a thabhairt do mhaoirseoirí náisiúnta na bearta riaracháin sin a chur i bhfeidhm ar eintitis faoi oibleagáid chun an cás a leigheas i gcás sáruithe agus, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis an sárú, smachtbhannaí airgid a fhorchur. Ag brath ar na córais eagraíochtúla atá ar bun sna Ballstáit, d’fhéadfaí na bearta agus na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm freisin i gcomhar idir maoirseoirí agus údaráis eile, trí tharmligean ó na maoirseoirí chuig údaráis eile nó trí iarratas ó na maoirseoirí chuig húdaráis bhreithiúnacha. Ba cheart raon na smachtbhannaí airgid agus na mbeart riaracháin a bheith leathan go leor le go bhféadfadh na Ballstáit agus na maoirseoirí na difríochtaí idir na heintitis faoi oibleagáid, go háirithe idir institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais agus eintitis eile faoi oibleagáid, maidir lena méid, a dtréithe agus cineál a ngnó a chur san áireamh.

    (102)

    Tá réimse éagsúil smachtbhannaí airgid agus beart riaracháin ag na Ballstáit faoi láthair le haghaidh sáruithe ar na príomhfhorálacha coisctheacha atá ar bun agus cur chuige neamhréireach acu i leith sáruithe ar cheanglais maidir le frithsciúradh airgid a imscrúdú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Thairis sin, níl tuiscint choiteann ann i measc maoirseoirí maidir le cad is sárú ‘tromchúiseach’ ann agus, dá bhrí sin, ní féidir idirdhealú a dhéanamh go héasca maidir le cathain ba cheart smachtbhanna airgid a fhorchur. D’fhéadfadh an éagsúlacht sin dochar a dhéanamh do na hiarrachtaí arna ndéanamh i sciúradh airgid agus i maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus freagairt an Aontais ilroinnte. Dá bhrí sin, ba cheart critéir choiteanna a leagan síos chun an fhreagairt mhaoirseachta is iomchuí ar sháruithe a chinneadh agus ba cheart réimse beart riaracháin a sholáthar a d’fhéadfadh na maoirseoirí a chur i bhfeidhm chun sáruithe a leigheas, bíodh sé sin in éineacht le smachtbhannaí airgid nó, nuair nach bhfuil na sáruithe tromchúiseach go leor chun pionós airgid a ghearradh orthu, leo féin. Chun dreasacht a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid forálacha Rialachán (AE) 2024/1624 a chomhlíonadh, is gá cineál athchomhairleach na smachtbhannaí airgid a neartú. Dá réir sin, ba cheart íosmhéid an phionóis uasta is féidir a fhorchur i gcás sáruithe tromchúiseacha ar Rialachán (AE) 2024/1624 a ardú. Agus an Treoir seo á trasuí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanann forchur smachtbhannaí airgid agus cur i bhfeidhm na mbeart riaracháin, agus forchur smachtbhannaí coiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, prionsabal ne bis in idem a shárú.

    (103)

    I gcás eintitis faoi oibleagáid ar daoine dlítheanacha iad, tarlaíonn sáruithe ar cheanglais AML/CFT tar éis gníomhaíochta ag daoine nádúrtha, nó faoi fhreagracht na ndaoine nádúrtha sin, a bhfuil sé de chumhacht acu a ngníomhaíochtaí a stiúradh, lena n-áirítear trí ghníomhairí, dáileoirí nó trí dhaoine eile a ghníomhaíonn thar ceann an eintitis faoi oibleagáid. Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht le gníomhaíocht mhaoirseachta mar fhreagairt ar sháruithe den sórt sin, ba cheart an t-eintiteas faoi oibleagáid a chur faoi dhliteanas freisin i leith gníomhaíochtaí a dhéanann na daoine nádúrtha sin, cibé acu a dhéantar d’aon ghnó nó go faillíoch iad. Gan dochar do dhliteanas daoine dlítheanacha in imeachtaí coiriúla, léiríonn aon rún chun tairbhe a bhaint le haghaidh eintiteas faoi oibleagáid ó sháruithe go bhféadfadh teipeanna níos leithne a bheith ann i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an-eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Baineann teipeanna den sórt sin an bonn de ról an eintitis faoi oibleagáid mar gheatóir de chuid chóras airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh le haon rún tairbhe a bhaint as sárú ar cheanglas AML/CFT mar imthoisc ghéaraitheach.

    (104)

    Tá córais éagsúla ar bun ag na Ballstáit chun smachtbhannaí airgid a fhorchur, bearta riaracháin a chur i bhfeidhm agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Ina theannta sin, braitheann bearta riaracháin áirithe a bhfuil sé de chumhacht ag maoirseoirí iad a chur i bhfeidhm, amhail ceadúnas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, ar fhorghníomhú na mbeart sin ag údaráis eile. Chun freastal ar an réimse éagsúil cásanna sin, is iomchuí solúbthacht a cheadú maidir leis na modhanna atá ag maoirseoirí chun smachtbhannaí airgid a fhorchur, bearta riaracháin a chur i bhfeidhm agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Beag beann ar na modhanna a roghnaítear, tá sé de dhualgas ar Bhallstáit agus ar na húdaráis lena mbaineann a áirithiú go mbainfear amach leis na sásraí a chuirtear chun feidhme an toradh atá beartaithe, maidir le comhlíonadh a athbhunú, agus go ndéanfar smachtbhannaí airgid éifeachtacha, athchomhairleacha, comhréireacha a fhorchur.

    (105)

    D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid ceanglais AML/CFT agus go maolóidh siad ar bhealach éifeachtach na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu, ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann bearta riaracháin a chur i bhfeidhm ní hamháin chun sáruithe sainaitheanta a leigheas, ach freisin i gcás ina sainaithníonn siad gur dócha go mbeidh sáruithe ar cheanglais AML/CFT mar thoradh ar laigí sna beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, nó i gcás nach leor na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe sin chun rioscaí a mhaolú. Braitheann raon feidhme na mbeart riaracháin a chuirtear i bhfeidhm, agus an t-uainiú a dheonaítear d’eintitis faoi oibleagáid chun na gníomhaíochtaí arna n-iarraidh a chur chun feidhme, ar na sáruithe nó na laigí sonracha arna sainaithint. I gcás ina sainaithnítear iliomad sáruithe nó laigí, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag sprioc-amanna éagsúla maidir le cur chun feidhme gach birt riaracháin ar leith. I gcomhréir le sprioc phionósach agus oideachasúil na bhfoilseachán, níor cheart ach cinntí chun bearta riaracháin a chur i bhfeidhm i ndáil le sáruithe ar cheanglais AML/CFT a fhoilsiú, ach níor cheart bearta riaracháin a chur i bhfeidhm chun sárú den sórt sin a chosc a fhoilsiú.

    (106)

    Tá sé fíor-riachtanach go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin a chuirtear i bhfeidhm orthu go tráthúil chun leibhéal leordhóthanach agus comhsheasmhach cosanta a áirithiú i gcoinne sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar fud an mhargaidh inmheánaigh. I gcás ina dteipeann ar eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin a chomhlíonadh laistigh den sprioc-am a leagtar síos, is gá go mbeidh maoirseoirí in ann brú feabhsaithe a chur i bhfeidhm ar an eintiteas faoi oibleagáid chun comhlíonadh a athbhunú gan mhoill. Chuige sin, ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur amhail ón sprioc-am a leagtar síos chun comhlíonadh a athbhunú, lena n-áirítear le héifeacht chúlghabhálach nuair a dhéanfar an cinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ag céim níos déanaí. Agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á ríomh, ba cheart do mhaoirseoirí láimhdeachas foriomlán an eintitis faoi oibleagáid agus cineál agus tromchúis an tsáraithe nó na laige ar a ndíríonn an beart maoirseachta a chur san áireamh chun a éifeachtacht agus a chomhréireacht a áirithiú. I bhfianaise na sprice atá acu brú a chur ar eintiteas faoi oibleagáid beart riaracháin a chomhlíonadh, ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bheith teoranta ó thaobh ama de agus feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí. Cé gur cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann forchur íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a athnuachan go ceann uastréimhse 6 mhí eile, ba cheart breithniú a dhéanamh ar bhearta malartacha chun aghaidh a thabhairt ar chás sínte neamhchomhlíonta,, i gcomhréir leis an raon leathan beart riaracháin is féidir le maoirseoirí a chur i bhfeidhm.

    (107)

    I gcás nach gceadaítear le córas dlí an Bhallstáit smachtbhannaí airgid dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorchur ar mhodh riaracháin, is féidir na rialacha maidir le smachtbhannaí airgid a chur i bhfeidhm ar bhealach a thionscnóidh an maoirseoir an pionós agus a fhorchuirfidh na húdaráis bhreithiúnacha é. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit sin a áirithiú go mbeidh éifeacht ag cur i bhfeidhm na rialacha agus na smachtbhannaí airgid a bheidh coibhéiseach leis an éifeacht a bheidh ag na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ag na maoirseoirí. Agus na smachtbhannaí airgid sin á bhforchur, ba cheart do na húdaráis bhreithiúnacha an moladh ón maoirseoir a thionscnaíonn an pionós a chur san áireamh. Ba cheart na smachtbhannaí airgid a fhorchuirfear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    (108)

    Is féidir le heintitis faoi oibleagáid leas a bhaint as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus iad féin a bhunú ar fud an mhargaidh inmheánaigh chun a gcuid táirgí agus seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais. Ceanglaítear le córas éifeachtach maoirseachta go mbeidh maoirseoirí ar an eolas faoi na laigí a bhaineann le rialacha AML/CFT a bheith á gcomhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh maoirseoirí in ann na smachtbhannaí airgid a fhorchuirtear agus na bearta riaracháin a chuirtear i bhfeidhm ar eintitis faoi oibleagáid a chur in iúl dá chéile, i gcás ina mbeadh an fhaisnéis sin ábhartha do mhaoirseoirí eile.

    (109)

    D’fhéadfadh éifeacht láidir athchomhairleach a bheith ag foilsiú smachtbhanna airgid nó birt riaracháin i leith sárú ar Rialachán (AE) 2024/1624 i gcoinne an sárú sin a dhéanamh arís. Cuireann sé eintitis eile ar an eolas freisin faoi rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an eintiteas faoi oibleagáid a bhfuil pionós gearrtha air sula dtéann sé isteach i ngaolmhaireacht gnó agus tugann sé cúnamh do mhaoirseoirí i mBallstáit eile maidir leis na rioscaí a bhaineann le heintiteas faoi oibleagáid agus é ag oibriú ina mBallstát ar bhonn trasteorann. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an ceanglas maidir le cinntí a fhoilsiú maidir le smachtbhannaí airgid nach bhfuil aon achomharc ina gcoinne a dhearbhú, agus ba cheart é a leathnú chuig foilsiú beart riaracháin áirithe a chuirtear i bhfeidhm chun sáruithe ar cheanglais AML/CFT a leigheas agus chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chumhdach. Mar sin féin, ba cheart aon fhoilsiú den sórt sin a bheith comhréireach agus, agus cinneadh á dhéanamh ar cheart smachtbhanna airgid nó beart riaracháin a fhoilsiú, ba cheart do mhaoirseoirí tromchúis an tsáraithe agus an éifeacht athchomhairleach is dócha a bhainfidh an foilsiú amach a chur san áireamh. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh moill a chur ar fhoilsiú beart riaracháin a bhfuil achomharc ina gcoinne nuair a chuirtear i bhfeidhm na bearta sin chun sárú nach bhfuil tromchúiseach, leantach nó córasach a leigheas.

    (110)

    Tá feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) maidir le sáruithe ar Threoir (AE) 2015/849 a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin, dá dtagraítear i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937. Ós rud é go n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 leis an Treoir seo, ba cheart an tagairt do Threoir (AE) 2015/849 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a thuiscint mar thagairt don Treoir seo. An tráth céanna, is gá rialacha saincheaptha a choinneáil ar bun maidir le tuairisciú sáruithe ar cheanglais AML/CFT a chomhlánaíonn Treoir (AE) 2019/1937, go háirithe, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ar eintitis faoi oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú agus údaráis atá inniúil chun tuairiscí a fháil agus obair leantach a dhéanamh orthu a shainaithint a bhaineann le sáruithe ar rialacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

    (111)

    Tá sé ríthábhachtach beartas nua AML/CFT atá lán-chomhtháite agus comhleanúnach a bheith ann ar leibhéal an Aontais, ina mbeidh róil ainmnithe d’údaráis inniúla an Aontais agus d’údaráis inniúla náisiúnta araon agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhar rianúil agus leanúnach eatarthu. Dá bhrí sin, tá comhar idir údaráis náisiúnta AML/CFT uile agus údaráis AML/CFT uile an Aontais ríthábhachtach agus ba cheart é a shoiléiriú agus a fheabhsú. Is é dualgas na mBallstát fós foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha is gá chun a áirithiú go mbeidh sásraí éifeachtacha ar an leibhéal náisiúnta ag lucht déanta beartas, ag na FIUnna, ag maoirseoirí, lena n-áirítear AMLA, agus ag údaráis inniúla eile a bhfuil baint acu le AML/CFT, chomh maith le húdaráis chánach agus údaráis forfheidhmithe dlí agus iad ag gníomhú laistigh de raon feidhme na Treorach seo, chun cur ar a gcumas dul i gcomhar le chéile agus comhordú a dhéanamh, lena n-áirítear trí chur chuige sriantach i leith diúltú ó na húdaráis inniúla dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú arna iarraidh sin d’údarás inniúil eile. Gan beann ar na sásraí a chuirtear ar bun, ba cheart córas éifeachtach a bheith mar thoradh ar an gcomhar náisiúnta sin chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus chun cosc a chur ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe gan a bheith á gcur chun feidhme agus a bheith á seachaint.

    (112)

    Chun comhar éifeachtach, agus go háirithe malartú faisnéise, a éascú agus a chur chun cinn, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit liosta dá n-údaráis inniúla agus mionsonraí teagmhála ábhartha a chur in iúl don Choimisiún agus do AMLA.

    (113)

    Is féidir leis na maoirseoirí uile atá i gceannas ar institiúidí creidmheasa an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhrath. Faisnéis stuamachta a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, amhail faisnéis a bhaineann le hoiriúnacht agus cuibhiúlacht stiúrthóirí agus scairshealbhóirí, leis na sásraí rialaithe inmheánaigh, le rialachas nó le comhlíonadh agus bainistiú riosca, is minic a bhíonn an fhaisnéis sin fíor- riachtanach le haghaidh maoirseacht leordhóthanach AML/CFT ar na hinstitiúidí sin. Ar an gcaoi chéanna, tá faisnéis AML/CFT tábhachtach freisin chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin. Dá bhrí sin, an comhar agus an malartú faisnéise le maoirseoirí AML/CFT agus le FIU, ba cheart iad a leathnú chun na húdaráis inniúla uile a chumhdach atá i gceannas ar mhaoirseacht na n-eintiteas sin faoi oibleagáid i gcomhréir le hionstraimí dlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoracha 2013/36/AE (23), 2014/49/AE (24), 2014/59/AE (25), 2014/92/AE (26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2015/2366. Chun cur chun feidhme éifeachtach an chomhair sin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit AMLA a chur ar an eolas gach bliain faoi na malartuithe a dhéantar.

    (114)

    An comhar le húdaráis eile atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa faoi Threoracha 2014/92/AE agus (AE) 2015/2366, d’fhéadfadh sé iarmhairtí neamhbheartaithe ceanglas AML/CFT a laghdú. D’fhéadfadh institiúidí creidmheasa a roghnú gaolmhaireachta gnó a fhoirceannadh le custaiméirí nó le catagóirí custaiméirí chun riosca a sheachaint, seachas riosca a bhainistiú nó srian a chur leis na gaolmhaireachtaí sin. D’fhéadfadh na cleachtais dí-rioscaithe sin creat AML/CFT agus brath na n-idirbheart amhrasach a lagú, toisc go mbrúnn siad ar chustaiméirí dá ndéantar difear dul i muinín bealaí íocaíochta nach bhfuil chomh slán nó atá neamhrialáilte chun a riachtanais airgeadais a chomhlíonadh. An tráth céanna, d’fhéadfadh eisiamh airgeadais a bheith ann i gcás catagóirí áirithe eintiteas íocaíochta nó tomhaltóirí mar thoradh ar chleachtais fhorleathana an dí-rioscaithe in earnáil na baincéireachta. Is iad na maoirseoirí airgeadais is fearr atá in ann na cásanna sin a shainaithint inar dhiúltaigh institiúid creidmheasa a bheith páirteach i ngaolmhaireacht gnó, in ainneoin go bhféadfadh oibleagáid a bheith uirthi sin a dhéanamh ar bhonn an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2014/92/AE nó Treoir (AE) 2015/2366 chun feidhme, agus gan réasúnú bunaithe ar dhícheall cuí doiciméadaithe do chustaiméirí. Ba cheart do mhaoirseoirí airgeadais fógra a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as comhlíonadh Threoir 2014/92/AE nó Threoir (AE) 2015/2366 ag institiúid airgeadais a áirithiú, nuair a thagann na cásanna sin chun cinn nó i gcás ina bhfoirceanntar gaolmhaireachta gnó mar thoradh ar chleachtais dí-rioscaithe

    (115)

    Is gá comhar idir maoirseoirí airgeadais agus na húdaráis atá freagrach as bainistiú géarchéime a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, mar shampla i gcás údaráis ainmnithe na Scéime Ráthaithe Taiscí agus údaráis réitigh go háirithe, chun cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí an sciúradh airgid a chosc faoin Treoir seo agus cobhsaíocht airgeadais agus taisceoirí a chosaint faoi Threoir 2014/49/AE agus Treoir 2014/59/AE. Ba cheart do mhaoirseoirí airgeadais na húdaráis ainmnithe agus na húdaráis réitigh faoi na Treoracha sin, a chur ar an eolas faoi aon chás ina sainaithníonn siad dóchúlacht mhéadaithe teipe nó neamh-infhaighteacht taiscí ar fhorais AML/CFT. Ba cheart do mhaoirseoirí airgeadais na húdaráis sin a chur ar an eolas freisin faoi aon idirbheart, cuntas nó gaolmhaireacht gnó a chuir FIU ar fionraí chun gur féidir cúraimí na n-údarás ainmnithe agus na n-údarás réitigh a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil riosca méadaithe teipe nó neamh-infhaighteacht taiscí ann, beag beann ar an gcúis leis an riosca méadaithe sin.

    (116)

    Chun comhar den sórt sin a éascú i ndáil le institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, ba cheart do AMLA, i gcomhairle leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, treoirlínte a eisiúint lena sonraítear príomhghnéithe an chomhair sin, lena n-áirítear an chaoi ar cheart faisnéis a mhalartú.

    (117)

    Ba cheart na sásraí comhair a leathnú chun na húdaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht agus ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí a chumhdach freisin, ós rud é gur féidir leis an gcomhar sin éifeachtacht chreat frithsciúrtha airgid an Aontais maidir a fheabhsú.

    (118)

    Tá an malartú faisnéise agus an soláthar cabhrach idir údaráis inniúla na mBallstát fíor-riachtanach chun críocha na Treorach seo. Dá thoradh sin, níor cheart dona Ballstáit toirmeasc a chur ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná níor cheart dóibh coinníollacha a bheadh míréasúnach nó sriantach ar bhealach míchuí a chur ar mhalartú nó ar chúnamh den sórt sin.

    (119)

    Ba cheart do mhaoirseoirí a bheith in ann dul i gcomhar le chéile agus faisnéis rúnda a mhalartú, gan beann ar a gcineál nó ar a stádas faoi seach. Chuige sin, ba cheart bunús dlí leordhóthanach a bheith acu chun faisnéis rúnda a mhalartú agus chun dul i gcomhar le chéile. Maidir le malartú faisnéise agus comhar le húdaráis eile atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid nó formhaoirseacht a dhéanamh orthu faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, níor cheart d’éiginnteacht dhlíthiúil cur isteach air sin, rud a d’fhéadfadh eascairt as easpa forálacha sainráite sa réimse sin. Is tábhachtaí fós an soiléiriú ar an gcreat dlíthiúil ós rud é go bhfuil maoirseacht stuamachta, i líon áirithe cásanna, curtha de chúram ar mhaoirseoirí neamh- AML/CFT, amhail an Banc Ceannais Eorpach (BCE).

    (120)

    D’fhéadfadh faisnéis atá i seilbh maoirseoirí a bheith ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí údarás inniúil eile a dhéanamh. Chun éifeachtacht chreat AML/CFT an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit malartú faisnéise idir maoirseoirí agus údaráis inniúla eile a údarú. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha dochta maidir le húsáid na faisnéise rúnda a mhalartaítear.

    (121)

    Tá éifeachtacht chreat AML/CFT an Aontais ag brath ar chomhar idir réimse leathan údarás inniúil. Chun comhar den sórt sin a éascú, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt i gcomhar le BCE, leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, le Europol, le Eurojust agus le OIPE maidir le comhar idir na húdaráis inniúla go léir. Leis na treoirlínte sin, ba cheart cur síos a dhéanamh freisin ar an gcaoi ar cheart d’údaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid nó ar fhormhaoirseacht a dhéanamh orthu faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, ábhair imní maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

    (122)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun críocha na Treorach seo. Aithnítear sna Ballstáit gur ábhar spéise poiblí é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Mar sin féin, na húdaráis inniúla atá freagrach as sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó na húdaráis sin a bhfuil sé d’fheidhm acu sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil nó a reo agus a choigistiú, ba cheart dóibh na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), a urramú.

    (123)

    Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar ailíniú na Treorach seo le Moltaí FATF athbhreithnithe i lánchomhlíonadh dhlí an Aontais, agus go háirithe a mhéid a bhaineann le dlí an Aontais i leith cosaint sonraí lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí a aistriú, chomh maith le cosaint na gceart bunúsach mar a chumhdaítear sa Chairt. Baineann gnéithe áirithe de chur chun feidhme na Treorach seo le bailiú, anailísiú, stóráil agus comhroinnt sonraí laistigh den Aontas agus le tríú tíortha. Níor cheart próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a cheadú, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán, ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos sa Treoir seo, agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Treoir seo, mar shampla malartú faisnéise i measc na n-údarás inniúil.

    (124)

    Tá cearta rochtana ar shonraí ag an ábhar sonraí infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche na Treorach seo. Dhéanfadh rochtain ag an ábhar sonraí, áfach, ar aon fhaisnéis a bhaineann le tuarascáil ar idirbheart amhrasach an bonn a bhaint go mór d’éifeachtacht an chomhraic in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. D’fhéadfadh údar maith, dá bhrí sin, a bheith ag eisceachtaí ón gceart sin, agus srianta ar an gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725. Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí a iarraidh go ndéanfaidh údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, nó i gcás inarb infheidhme, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, seiceáil ar dhlíthiúlacht na próiseála agus tá sé de cheart aige leigheas breithiúnach a lorg dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin. Is féidir leis an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 gníomhú freisin ar bhonn ex-officio. Gan dochar do na srianta ar an gceart chun rochtain a fháil, ba cheart don údarás maoirseachta a bheith in ann an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go ndearna sé gach fíorú is gá, agus faoin toradh maidir le dlíthiúlacht na próiseála atá i gceist.

    (125)

    Chun malartú leanúnach faisnéise idir FIUnna a áirithiú le linn na tréimhse ina gcuirtear AMLA ar bun, ba cheart don Choimisiún leanúint de FIU.net a óstáil ar bhonn sealadach. Chun rannpháirtíocht iomlán FIUnna in oibriú an chórais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún malartú tráthrialta a dhéanamh le hArdán Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais an Aontais Eorpaigh (‘Ardán FIUnna an Aontais’), grúpa neamhfhoirmiúil ina bhfuil ionadaithe ó FIUnna agus atá gníomhach ó 2006 i leith, agus ba cheart é a úsáid chun comhar a éascú i measc FIUnna agus chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhar.

    (126)

    Le caighdeáin theicniúla rialála, ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais. Ós rud é gurb é an comhlacht é a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige i réimse AML/CFT, is iomchuí é a chur de chúram ar AMLA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, dréachtchaighdeáin nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, chun iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    (127)

    Chun cineálacha comhsheasmhacha cur chuige a áirithiú i measc FIUnna agus maoirseoirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tásca a shainiú chun aicmiú a dhéanamh ar leibhéal tromchúise a bhaineann le teipeanna faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta a thuairisciú do na cláir lárnacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (29). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (128)

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag AMLA a ghlacadh lena sonraítear an ábharthacht agus na critéir roghnúcháin agus cinneadh á dhéanamh an mbaineann tuarascáil ar idirbheart amhrasach le Ballstát eile; tagarmharcanna agus modheolaíocht a leagan amach chun measúnú agus aicmiú a dhéanamh ar phróifíl riosca bhunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid agus minicíocht na n-athbhreithnithe ar phróifílí riosca; agus na critéir a leagan amach chun pointe teagmhála lárnach do sholáthraithe seirbhísí áirithe cheapadh agus feidhmeanna pointe teagmhála lárnaigh; dualgais na maoirseoirí baile agus óstacha agus na módúlachtaí comhair eatarthu a shonrú; na coinníollacha ginearálta a shonrú maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais, an teimpléad don chomhaontú i scríbhinn atá le síniú ag maoirseoirí airgeadais, aon bheart breise atá le cur chun feidhme ag na coláistí nuair a áirítear ar ghrúpaí eintitis faoi oibleagáid san earnáil seachairgeadais agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí airgeadais i dtríú tíortha; lena sonraítear na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais, an teimpléad don chomhaontú i scríbhinn atá le síniú ag maoirseoirí seach-airgeadais, coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí seach-airgeadais i dtríú tíortha agus aon bheart breise atá le cur chun feidhme ag na coláistí nuair a áirítear institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais sna grúpaí; tásca a leagan amach chun leibhéal tromchúise sáruithe ar an Treoir seo, a aicmiú agus na critéir atá le cur san áireamh nuair a bheadh leibhéal na smachtbhannaí airgid á shocrú nó bearta riaracháin á gcur i bhfeidhm agus modheolaíocht chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    (129)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht a leagan síos chun staidreamh a bhailiú; chun an fhormáid a bhunú chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur isteach chuig an gclár lárnach; chun na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a shainiú chun rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur chun feidhme ar bhonn leasa dhlisteanaigh ag na cláir lárnacha; chun an fhormáid a bhunú chun an fhaisnéis a chur faoi bhráid na sásraí uathoibrithe láraithe; chun na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla a leagan amach chun sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát a nascadh le CICCB, chun na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a leagan amach chun foráil a dhéanamh d'idirnascadh chláir lárnacha na mBallstát; agus chun na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a leagan amach chun foráil a dhéanamh d'idirnascadh sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

    (130)

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag AMLA a ghlacadh lena sonrófar an fhormáid a bheidh le húsáid chun faisnéis a mhalartú idir FIUnna na mBallstát, chomh maith leis an teimpléad a shonrú atá le húsáid chun comhaontuithe comhair idir maoirseoirí an Aontais agus contrapháirtithe tríú tíortha a thabhairt i gcrích. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    (131)

    Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear leis an gCairt, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

    (132)

    Is luachanna bunúsacha de chuid an Aontais iad an comhionannas idir mná agus fir agus an éagsúlacht, luachanna a bhfuil sé de rún aige iad a chur chun cinn ar fud raon iomlán ghníomhaíochtaí an Aontais. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta sna réimsí sin, tá gá le níos mó chun ionadaíocht chothrom a bhaint amach sa chinnteoireacht, bíodh sin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Gan dochar do chur i bhfeidhm príomhúil na gcritéar bunaithe ar fhiúntas, agus cinn a n-údarás maoirseachta náisiúnta agus FIUnna á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit féachaint le cothromaíocht inscne, éagsúlacht agus cuimsiú a áirithiú, agus crosbhealaí eatarthu a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh ionadaíocht chothrom chuimsitheach a áirithiú freisin agus a n-ionadaithe á roghnú acu chuig Boird Ghinearálta AMLA.

    (133)

    Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt.

    (134)

    Chuir breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCásanna Uamtha C-37/20 agus C-601/20 WM and Sovim SA v Luxembourg Business Registers (31) ar neamhní an leasú a rinneadh le Treoir (AE) 2018/843 ar Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2015/849 a mhéid a ceanglaíodh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain i ngach cás ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus eintiteas dlítheanach eile atá ionchorpraithe laistigh dá gcríoch. Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé tábhachtach an fhoráil sin a oiriúnú trína shoiléiriú nár cheart ach daoine nó eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll céanna maidir le rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2015/849 a leasú. Téann impleachtaí an bhreithiúnais sin thar Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2015/849 agus bheadh impleachtaí comhchosúla i gceist le haghaidh na bhforálacha lena ndéantar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil socruithe dlíthiúla a rialáil. Chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas an chothromaíocht cheart amach idir cosaint na gceart bunúsach agus saothrú cuspóra dhlisteanaigh lena mbaineann leas ginearálta amhail córas airgeadais an Aontais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, is iomchuí dá bhrí sin leasuithe ar Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2015/849 a thabhairt isteach. Ba cheart 1 bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo a dheonú do na Ballstáit chun na dlíthe, na rialacháin agus na bearta riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun na leasuithe sin a thrasuí. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé creat AML/CFT de chuid an Aontais atá comhréireach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh na leasuithe sin a thrasuí a luaithe is féidir roimh an sprioc-am sin.

    (135)

    I bhfianaise an ghá atá ann cur chuige comhchuibhithe a chur chun feidhme go práinneach maidir le rochtain ar chláir lárnacha ar bhonn leas dlisteanach a léiriú, ba cheart do na Ballstáit na forálacha ábhartha a thrasuí faoin 10 Iúil 2026. Ós rud é, áfach, le tréimhse thosaigh an chórais nua maidir le rochtain ar bhonn leas dlisteanach a léiriú, gur dócha go mbeidh buaicphointe sna héilimh a bheidh le próiseáil ag na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, níor cheart feidhm a bheith ag na sprioc-amanna chun rochtain a dheonú don chéad 4 mhí de chur i bhfeidhm an chórais nua. Ba cheart do na Ballstáit pointí rochtana aonair a bhunú le haghaidh faisnéis faoi chláir réadmhaoine faoin 10 Iúil 2029. Ba cheart sásraí uathoibrithe láraithe lena gceadaítear sealbhóirí cuntas bainc nó cuntas íocaíochta, cuntas urrús, cuntas cripteashócmhainní agus taisceadán a shainaithint a idirnascadh faoin dáta sin freisin.

    (136)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon sásra comhordaithe comhleanúnach a bhunú chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (137)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (32), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

    (138)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (33).

    (139)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2015/849 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    ROINN 1

    Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na bearta is infheidhme maidir le hearnálacha atá neamhchosanta ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta ar an leibhéal náisiúnta;

    (b)

    na ceanglais i ndáil le clárú, sainaithint agus seiceálacha ar bhainistíocht shinsearach agus ar úinéirí tairbhiúla eintiteas faoi oibleagáid;

    (c)

    na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát;

    (d)

    cláir um úinéireacht thairbhiúil agus cláir cuntas banc a bhunú agus an rochtain orthu agus an rochtain ar fhaisnéis réadmhaoine;

    (e)

    freagrachtaí agus cúraimí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna);

    (f)

    freagrachtaí agus cúraimí comhlachtaí a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid;

    (g)

    comhar idir údaráis inniúla agus comhar le húdaráis a chumhdaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2024/1624.

    Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

    (1)

    ciallaíonn ‘maoirseoir airgeadais’ maoirseoir atá i gceannas ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais;

    (2)

    ciallaíonn ‘maoirseoir seach-airgeadais’ maoirseoir atá i gceannas ar an earnáil seach-airgeadais;

    (3)

    ciallaíonn ‘earnáil seach-airgeadais’ na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (4)

    ciallaíonn ‘eintiteas faoi oibleagáid’ duine nádúrtha nó dlítheanach a liostaítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/1624 nach bhfuil díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagail 4, 5, 6 nó 7 den Rialachán sin;

    (5)

    ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe nó, mura bhfuil oifig chláraithe ag an eintiteas faoi oibleagáid, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;

    (6)

    ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát seachas an Ballstát baile, ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid bunaíocht, amhail fochuideachta nó brainse, nó ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí bhonneagar.

    (7)

    ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);

    (8)

    ciallaíonn ‘coláiste maoirseachta AML/CFT’ struchtúr buan le haghaidh comhar agus comhroinnt faisnéise chun maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpa nó eintiteas a oibríonn i mBallstát óstach nó i dtríú tír;

    (9)

    ciallaíonn ‘dréachtbheart náisiúnta’ téacs gnímh, cibé foirm atá aige, a mbeidh éifeacht dhlíthiúil aige a luaithe a achtófar é, agus an téacs á ullmhú ag céim ullmhúcháin ina bhféadfar leasuithe substaintiúla a dhéanamh fós;

    (10)

    ciallaíonn ‘cuntas urrús’ cuntas urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);

    (11)

    ciallaíonn ‘urrúis’ ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).

    ROINN 2

    Bearta náisiúnta in earnálacha atá neamhchosanta ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta

    Airteagal 3

    Earnálacha neamhchosanta a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta

    1.   I gcás ina sainaithníonn Ballstát go bhfuil, sa bhreis ar eintitis faoi oibleagáid, eintitis in earnálacha eile neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach maidir leis na heintitis bhreise sin.

    2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn acu Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm ina iomláine nó cuid de a chur i bhfeidhm maidir le heintitis in earnálacha eile. Beidh an méid seo a leanas ag gabháil le fógra den sórt sin:

    (a)

    bonn cirt leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca leis an rún sin;

    (b)

    measúnú ar an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm den sórt sin ar sholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach;

    (c)

    ceanglais Rialachán (AE) 2024/1624 a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát iad a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin;

    (d)

    téacs na ndréachtbheart náisiúnta, chomh maith le haon nuashonrú orthu, i gcás ina bhfuil athrú suntasach déanta ag an mBallstát ar raon feidhme, ábhar nó cur chun feidhme na mbeart sin ar tugadh fógra ina leith.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit glacadh na mbeart náisiúnta, siar ar feadh 6 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 2.

    Ní bheidh feidhm ag an gcur siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcásanna ina bhfuil an beart náisiúnta dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach láithreach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Sa chás sin, beidh réasúnú ag gabháil leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an bhfáth nach gcuirfidh an Ballstát a ghlacadh siar.

    4.   Roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 (AMLA) tuairim mhionsonraithe a eisiúint i dtaobh na ngnéithe seo a leanas den bheart atá á bheartú:

    (a)

    an bhfuil sé leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, go háirithe a mhéid a bhaineann na rioscaí arna sainaithint ag an mBallstát leis an margadh inmheánach;

    (b)

    an bhféadfadh sé bacainní a chur ar shaorghluaiseacht seirbhísí nó caipitil nó ar shaoirse bunaíochta soláthraithe seirbhíse laistigh den mhargadh inmheánach nach bhfuil comhréireach leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, arb é is aidhm don bheart iad a mhaolú.

    Leis an tuairim mhionsonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar freisin an bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais.

    5.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach iomchuí gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 2 mhí tar éis dó an tuairim mhionsonraithe dá dtagraítear i mír 4 a fháil, tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige ina leith.. Déanfaidh an Coimisiún trácht ar an ngníomhaíocht arna moladh ag an mBallstát.

    6.   I gcás ina léireoidh an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le mír 4, an dara fomhír, staonfaidh an Ballstát lena mbaineann ó na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a ghlacadh, mura bhfuil sé d’aidhm ag na bearta náisiúnta sin aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach láithreach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

    7.   I gcás ina mbeidh forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 curtha i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit an 9 Iúil 2024 maidir le hearnálacha eile seachas eintitis faoi oibleagáid, féadfaidh siad Rialachán (AE) 2024/1624, a chur i bhfeidhm ina iomláine, nó cuid de, a chur i bhfeidhm maidir leis na hearnálacha sin.

    Faoin 10 Eanáir 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na hearnálacha arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a bhfuil feidhm ag ceanglais Rialachán (AE) 2024/1624 ina leith, agus tabharfaidh siad bonn cirt maidir le neamhchosaint na n-earnálacha sin ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Laistigh de 6 mhí ón bhfógra sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le AMLA, tuairim mhionsonraithe a eisiúint de bhun mhír 4. I gcás ina measann an Coimisiún nach iomchuí gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais, beidh feidhm ag mír 5.

    8.   Faoin 10 Iúil 2028 agus gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na hearnálacha ar chinn na Ballstáit Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm ina iomláine maidir leo nó cuid de a chur i bhfeidhm maidir leo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Ceanglais a bhaineann le soláthraithe seirbhíse áirithe

    1.   Oifigí malairte airgeadra agus oifigí briste seiceanna, agus soláthraithe seirbhíse d'iontaobhais nó do chuideachtaí, áiritheoidh na Ballstáit go beidh siad ceadúnaithe nó cláraithe.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach soláthraí seirbhísí cearrbhachais rialáil.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis faoi oibleagáid seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi réir íoscheanglais chlárúcháin a chuireann ar chumas maoirseoirí iad a shainaithint.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina mbeidh na heintitis faoi oibleagáid seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó chlárúcháin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, nó faoi réir rialacha náisiúnta lena rialáiltear rochtain ar an ngairm nó lena gcuirtear faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó chlárúcháin í agus lena gcuirtear ar chumas maoirseoirí a shainaithint.

    Airteagal 5

    Ceanglais a bhaineann le cearta cónaithe a dheonú mar mhalairt ar infheistíocht

    1.   Ballstáit a bhfágann a ndlí náisiúnta gur féidir cearta cónaithe a dheonú mar mhalairt ar aon chineál infheistíochta, amhail aistrithe caipitil, ceannach nó ligean ar cíos maoine, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh gníomhaíochta a rannchuidíonn le leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit, cuirfidh siad na bearta seo a leanas ar a laghad ar bun chun na rioscaí gaolmhara a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a mhaolú:

    (a)

    próiseas bainistithe riosca, lena n-áirítear rioscaí a shainaithint, a aicmiú agus a mhaolú faoi chomhordú údaráis ainmnithe;

    (b)

    bearta lena ndéantar foráil maidir le maolú a dhéanamh ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, ar rioscaí iad a bhaineann le hiarratasóirí ar chearta cónaithe arna ndeonú mar mhalairt ar infheistíocht, lena n-áirítear:

    (i)

    go ndéanfadh an t-údarás ainmnithe seiceálacha ar phróifíl an iarratasóra, lena n-áirítear faisnéis a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmais an iarratasóra;

    (ii)

    go ndéanfaí faisnéis faoi iarratasóirí a fhíorú i gcomparáid le faisnéis atá i seilbh údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (44)(a) agus (c), de Rialachán (AE) 2024/1624 faoi réir urramú an dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta is infheidhme agus i gcomparáid le liostaí de dhaoine aonair agus d’eintitis atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais;

    (iii)

    go ndéanfaí athbhreithnithe tréimhsiúla ar iarratasóirí meánriosca agus ardriosca.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme an phróisis bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), lena n-áirítear trí é a mheasúnú ar bhonn bliantúil.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na rioscaí arna sainaithint faoin measúnú riosca arna dhéanamh de bhun Airteagal 8.

    4.   Foilseoidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil maidir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, a bhaineann le cearta cónaithe a bheith á ndeonú mar mhalairt ar infheistíocht. Beidh na tuairiscí sin ar fáil go poiblí agus beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh iontu:

    (a)

    líon na n-iarratas a fuarthas agus líon thíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí;

    (b)

    líon na gceadanna cónaithe a deonaíodh nó a diúltaíodh agus na cúiseanna le diúltuithe den sórt sin;

    (c)

    aon éabhlóid a bhraitear sna rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, a bhaineann le cearta cónaithe a bheith á ndeonú mar mhalairt ar infheistíocht.

    5.   Faoin 10 Iúil 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta arna nglacadh faoi mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar leis an bhfógra sin míniú ar na bearta sin bunaithe ar an measúnú riosca ábhartha arna dhéanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8.

    6.   Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na bearta ar thug na Ballstáit fógra ina leith de bhun mhír 5.

    7.   Faoin 10 Iúil 2030, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar na bearta ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 5 chun na rioscaí sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus, i gcás inar gá, eiseoidh sé moltaí.

    Airteagal 6

    Seiceálacha ar bhainistíocht shinsearach agus ar úinéirí tairbhiúla eintiteas áirithe faoi oibleagáid

    1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar mhaoirseoirí a fhíorú go mbeidh dea-cháil ar chomhaltaí na bainistíochta sinsearaí sna heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) chomh maith le cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochta airgeadais measctha agus ar úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas sin agus go ngníomhóidh siad ar bhonn macánta ionraic. Beidh an t-eolas agus an saineolas is gá ag bainistíocht shinsearach na n-eintiteas sin chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

    2.   Maidir leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a), (b), (d), (e), (f) agus (h) go (o), de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí na bearta is gá chun cosc a chur ar dhaoine a chiontaítear i sciúradh airgid, a chionta preideacáide ábhartha nó maoiniú na sceimhlitheoireachta nó ar a gcomhpháirtithe óna bheith creidiúnaithe go gairmiúil, ó fheidhm bainistíochta sinsearaí a bheith acu sna heintitis faoi oibleagáid sin nó óna bheith ina n-úinéirí tairbhiúla orthu.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh maoirseoirí ar bhonn riosca-íogair an bhfuil ceanglais mhíreanna 1 agus 2 á gcomhlíonadh i gcónaí. Go háirithe, fíoróidh siad an bhfuil dea-cháil ar bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, agus an ngníomhaíonn sí le macántacht agus ionracas agus an bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá aici chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta á dhéanamh, nó go ndearnadh é nó go ndearnadh iarracht é a dhéanamh, nó go bhfuil riosca méadaithe ina leith in eintiteas faoi oibleagáid.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí a iarraidh go mbainfear aon duine a chiontaítear i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide ábhartha nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta ó bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí comhaltaí bhainistíocht shinsearach na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a bhaint nó toirmeasc sealadach a fhorchur orthu, ar comhaltaí iad nach meastar dea-cháil a bheith orthu a bheith ag gníomhú le macántacht agus ionracas, ná a bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá acu chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag maoirseoirí daoine a chiontaítear i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide ábhartha nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta, atá ina n-úinéirí tairbhiúla ar eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, a dhícheangal ó eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear tríd an gcumhacht a dheonú do mhaoirseoirí an sealúchas a dhífheistiú ag na húinéirí tairbhiúla sin in eintitis faoi oibleagáid.

    6.   Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go ndéanfaidh maoirseoirí nó aon údarás eile atá inniúil ar an leibhéal náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, go seiceálfaidh siad an bunachar sonraí lárnach AML/CFT faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1620 agus an ann do chiontú ábhartha i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann. Déanfar aon mhalartú faisnéise chun na críocha sin a chur i gcrích i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB agus le Cinneadh 2009/316/CGB mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfaidh maoirseoirí de bhun an Airteagail seo faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha leighis, lena n-áirítear leigheas breithiúnach.

    8.   Faoin 10 Iúil 2029, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    critéir chun dea-cháil, macántacht agus ionracas dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú;

    (b)

    critéir chun eolas agus saineolas dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú;

    (c)

    an chumhacht a chuirtear ar iontaoibh orthu faoin Airteagal seo a bheith á cur i bhfeidhm go comhsheasmhach ag maoirseoirí.

    Agus na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dtarraingt suas, cuirfidh AMLA sainiúlachtaí gach earnála ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid san áireamh.

    9.   Cuirfidh na Ballstáit an tAirteagal seo i bhfeidhm i ndáil leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí 3(n) agus (o) de Rialachán (AE) 2024/1624 ón 10 Iúil 2029.

    ROINN 3

    Measúnuithe riosca ar leibhéal an Aontais

    Airteagal 7

    Measúnú riosca ar leibhéal an Aontais

    1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta agus an riosca nach gcuirfí pionóis airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint a mbeadh éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann.

    2.   Faoin 10 Iúil 2028, déanfaidh an Coimisiún,, tuarascáil a tharraingt suas lena ndéanfar na rioscaí sin ar leibhéal an Aontais a shainaithint, a anailísiú agus a mheasúnú. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana, ina dhiaidh sin,. Féadfaidh an Coimisiún codanna den tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta níos minice ná sin, más iomchuí.

    I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún rioscaí nua, agus a thuarascáil á tabhairt cothrom le dáta aige, féadfaidh sé a mholadh do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí a measúnuithe riosca náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta, nó measúnuithe riosca earnála a dhéanamh, de bhun Airteagal 8 chun na rioscaí sin a mheasúnú.

    Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí, seachas na codanna sin ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe.

    3.   Cumhdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    na réimsí agus na hearnálacha den mhargadh inmheánach atá neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta;

    (b)

    cineál agus leibhéal na rioscaí a bhaineann le gach réimse agus le gach earnáil;

    (c)

    na modhanna is forleithne a úsáidtear chun fáltais aindleathacha a sciúradh, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, na modhanna sin a úsáidtear go háirithe in idirbhearta idir Ballstáit agus tríú tíortha, go neamhspleách ar thríú tír a shainaithint de bhun Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1624:

    (d)

    measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus le socruithe dlíthiúla, lena n-áirítear an neamhchosaint ar rioscaí a eascraíonn as daoine dlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha;

    (e)

    na rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go ndéanfaí iad a sheachaint.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún moltaí do na Ballstáit maidir leis na bearta atá oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit gan aon cheann de na moltaí a chur i bhfeidhm ina réimeas náisiúnta AML/CFT, tabharfaidh siad fógra ina leith sin don Choimisiún agus cuirfidh siad réasúnú mionsonraithe ar fáil ina dtabharfaidh siad na cúiseanna atá acu leis an gcinneadh sin.

    5.   Faoin 10 Iúil 2030 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh AMLA, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2024/1620, tuairim don Choimisiún maidir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an Aontas. Féadfaidh AMLA tuairimí nó nuashonruithe ar a thuairimí roimhe sin a eisiúint níos minice ná sin, i gcás ina measann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh. Na tuairimí arna n-eisiúint ag AMLA cuirfear ar fáil go poiblí iad, seachas na codanna sin ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe.

    6.   Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an obair a eagrú ar leibhéal an Aontais, cuirfidh sé na tuairimí dá dtagraítear i mír 5 san áireamh agus déanfaidh sé go mbeidh baint leis ag saineolaithe na mBallstát i réimse AML/CFT, ionadaithe ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ó FIUnna, AMLA agus comhlachtaí eile ar leibhéal an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, páirtithe leasmhara eile.

    7.   Laistigh de 2 bhliain tar éis ghlacadh na tuarascála dá dtagraítear i mír 2, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na gníomhartha a rinneadh bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin.

    Airteagal 8

    Measúnú riosca náisiúnta

    1.   Na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta agus na rioscaí nach ndéanfaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, déanfaidh gach Ballstáit measúnú riosca náisiúnta i ndáil leis na rioscaí sin a mbíonn éifeacht acu air chun iad a shainaithint, a mheasúnú, a thuiscint agus a mhaolú. Coinneoidh sé an measúnú riosca sin cothrom le dáta agus déanfaidh sé athbhreithniú air gach 4 bliana ar a laghad.

    Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina measann siad gur gá i bhfianaise staid an riosca amhlaidh, athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú riosca náisiúnta níos minice ná sin nó measúnuithe riosca earnála ad hoc a dhéanamh.

    2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás nó bunóidh sé sásra chun an fhreagairt náisiúnta ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 a chomhordú. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi chéannacht an údaráis sin nó faoin gcur síos ar an sásra. Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás ainmnithe nó na sásraí bunaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    3.   Agus na measúnuithe riosca náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 7(2) san áireamh, lena n-áirítear na hearnálacha agus na táirgí a chumhdaítear agus torthaí na tuarascála sin.

    4.   Úsáidfidh gach Ballstáit an measúnú riosca náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    a réimis AML/CFT a fheabhsú, go háirithe trí réimsí a shainaithint ina bhfuil eintitis faoi oibleagáid chun bearta feabhsaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta a bheidh le déanamh a shonrú;

    (b)

    earnálacha nó réimsí lena mbaineann riosca níos ísle nó níos mó maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a shainaithint, i gcás inarb iomchuí;

    (c)

    measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann le gach cineál duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina gcríoch agus le gach cineál socraithe dhlíthiúil a rialaítear faoin dlí náisiúnta nó a riartar ina gcríoch nó a bhfuil cónaí ar a iontaobhaithe nó ar dhaoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla ina gcríoch; agus tuiscint a bheith acu ar neamhchosaint ar rioscaí a eascraíonn as daoine dlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha;

    (d)

    cinneadh a dhéanamh maidir le tús áite a thabhairt d’acmhainní agus iad a leithdháileadh chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus cosc a chur ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe gan a bheith á gcur chun feidhme agus a bheith á seachaint;

    (e)

    a áirithiú go ndéanfar rialacha iomchuí a tharraingt suas le haghaidh gach earnála nó réimse, de réir na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta;

    (f)

    faisnéis iomchuí a chur ar fáil go pras d’údaráis inniúla agus d’eintitis faoi oibleagáid chun a measúnuithe riosca féin ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a éascú chomh maith leis an measúnú ar na rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/… chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.

    Sa mheasúnú riosca náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit cur síos ar struchtúr institiúideach agus ar nósanna imeachta ginearálta a gcóras AML/CFT, lena n-áirítear, an FIU, údaráis chánach agus ionchúisitheoirí, na sásraí le haghaidh comhar le contrapháirtithe laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha, chomh maith leis na hacmhainní daonna agus airgeadais a leithdháiltear, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil.

    5.   Agus a measúnú riosca náisiúnta á dhéanamh acu, áiritheoidh na Ballstáit rannpháirtíocht iomchuí na n-údarás inniúil agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha.

    6.   Cuirfidh na Ballstáit torthaí a measúnuithe riosca náisiúnta, lena n-áirítear nuashonruithe agus athbhreithnithe, ar fáil don Choimisiún, do AMLA agus do na Ballstáit eile. Féadfaidh Ballstát faisnéis ábhartha bhreise a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, don Bhallstát a bhfuil an measúnú riosca náisiúnta á dhéanamh aige. Cuirfear achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe ar fáil go poiblí. Ní bheidh faisnéis rúnaicmithe san achoimre sin. Aon doiciméad a scaipfear nó a chuirfear ar fáil don phobal de bhun na míre seo, ní bheidh aon fhaisnéis ann lena gceadaítear aon duine nádúrtha a shainaithint nó aon duine dlítheanach a ainmniú ann.

    Airteagal 9

    Staidreamh

    1.   Coinneoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach ar bun maidir le hábhair atá ábhartha i ndáil le héifeachtacht a gcreataí AML/CFT chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcreataí sin.

    2.   Áireofar an méid seo a leanas sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

    (a)

    sonraí lena dtomhaistear méid agus tábhacht na n-earnálacha éagsúla a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear líon na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus tábhacht eacnamaíoch gach earnála;

    (b)

    sonraí lena ndéantar céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha an chórais AML/CFT náisiúnta a thomhas, lena n-áirítear líon na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a thugtar don FIU, an obair leantach ar na tuairiscí sin, an fhaisnéis maidir le haistrithe fisiceacha airgid thirim arna gcur faoi bhráid FIU i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 mar aon leis an obair leantach a dhéantar ar an bhfaisnéis arna tabhairt agus, ar bhonn bliantúil, líon na gcásanna a imscrúdaítear, líon na ndaoine a ionchúisítear, líon na ndaoine a chiontaítear i gcionta sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, na cineálacha cionta preideacáide arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), i gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, agus luach na maoine, arna leagan amach in euro, a rinneadh a reo, a urghabháil nó a choigistiú;

    (c)

    líon agus céatadán na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a rinneadh a scaipeadh chuig údaráis inniúla eile agus, má tá fáil orthu, líon agus céatadán na dtuairiscí a ndearnadh imscrúdú breise mar thoradh orthu, mar aon leis an tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas ag na FIUnna de bhun Airteagal 27;

    (d)

    sonraí maidir le líon na n-iarrataí trasteorann ar fhaisnéis a rinne, a fuair agus a dhiúltaigh an FIU agus a d’fhreagair sé go páirteach nó go hiomlán, arna miondealú de réir thír an chontrapháirtí;

    (e)

    líon na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó na n-iarrataí idirnáisiúnta eile ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil agus faisnéis maidir le cuntais bhainc dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus i Ranna 1 agus 2 de Chaibidil II den Treoir seo a fuarthas ó chontrapháirtithe lasmuigh den Aontas nó a cuireadh chuig na contrapháirtithe sin, arna miondealú de réir údarás inniúil agus tír an chontrapháirtí;

    (f)

    na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar na maoirseoirí chomh maith le hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar an FIU chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 19 a dhéanamh;

    (g)

    líon na ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, líon na sáruithe a sainaithníodh ar bhonn gníomhaíochtaí maoirseachta agus smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a forchuireadh nó bearta riaracháin a chuir na húdaráis mhaoirseachta agus na comhlachtaí féinrialála i bhfeidhm de bhun Roinn 4 de Chaibidil IV;

    (h)

    líon agus cineál na sáruithe arna sainaithint i ndáil le hoibleagáidí Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus smachtbhannaí airgid a forchuireadh nó bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na sáruithe sin, líon na neamhréireachtaí a tuairiscíodh don chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo, chomh maith le líon na seiceálacha a rinne an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach nó a rinneadh thar a cheann de bhun Airteagal 10(11) den Treoir seo;

    (i)

    an fhaisnéis seo a leanas maidir le cur chun feidhme Airteagal 12:

    (i)

    líon na n-iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i gcláir lárnacha ar bhonn na gcatagóirí a leagtar síos in Airteagal 12(2);

    (ii)

    céatadán na n-iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a diúltaíodh faoi gach catagóir a leagtar síos in Airteagal 12(2);

    (iii)

    achoimre ar na catagóirí daoine ar deonaíodh rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dóibh faoi Airteagal 12(2), an dara fomhír;

    (j)

    líon na gcuardach ar chláir cuntas bainc nó ar shásraí aisghabhála sonraí arna ndéanamh ag údaráis inniúla, arna miondealú de réir chatagóir an údaráis inniúil, agus líon na gcuardach a rinne FIUnna agus na húdaráis maoirseachta ar idirnascadh na gclár cuntas bainc;

    (k)

    na sonraí seo a leanas maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme:

    (i)

    luach na gcistí nó na sócmhainní eile a reodh, arna mhiondealú de réir cineáil;

    (ii)

    na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar údaráis atá inniúil chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileofar agus go dtarchuirfear an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil. Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (c), (d) agus (f), a tharchur chuig AMLA freisin.

    Déanfaidh AMLA an staidreamh sin a stóráil ina bhunachar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    4.   Faoin 10 Iúil 2029, glacfaidh AMLA tuairim arna seoladh chuig an gCoimisiún maidir leis an modheolaíocht chun an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (c), (d) agus (f) agus (g) a bhailiú.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus na socruithe chun iad a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig AMLA a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    6.   Faoin 10 Iúil 2030 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh achoimre agus míniú ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, agus cuirfear ar fáil ar a shuíomh gréasáin í.

    CAIBIDIL II

    CLÁIR

    ROINN 1

    Na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil

    Airteagal 10

    Na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 an ráiteas de bhun Airteagal 63(4) den Rialachán sin agus faisnéis i ndáil le socruithe faoi ainmnithigh dá dtagraítear in Airteagal 66 den Rialachán sin a choimeád i gclár lárnach sa Bhallstát ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach cruthaithe nó ina bhfuil iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige nó aici i socrú dlíthiúil comhchosúil, bunaithe nó a bhfuil cónaí air ann, nó óna ndéantar an socrú dlíthiúil a riar. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le heintitis dhlítheanacha ná socruithe dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2024/1624.

    Beidh an fhaisnéis atá sa chlár lárnach um úinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír (‘an clár lárnach’) ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus baileofar í i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

    2.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 de chuid eintiteas dlítheanach eachtrach agus socruithe dlíthiúla eachtracha dá dtagraítear in Airteagal 67 den Rialachán sin a choimeád i gclár lárnach sa Bhallstát i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 67 den Rialachán sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh tásc sa chlár lárnach maidir leis an staid a liostaítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 lena spreagtar clárú an eintitis dhlítheanaigh eachtraigh nó an tsocraithe dhlíthiúil eachtraigh.

    3.   I gcás ina bhfuil iontaobhaithe iontaobhais shainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu i mBallstáit éagsúla, beidh deimhniú cruthúnais ar chlárú nó sliocht as an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna coimeád i gclár lárnach ag Ballstát amháin leordhóthanach chun go measfaí go bhfuil an oibleagáid chlárúcháin á comhlíonadh.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha a iarraidh ar eintitis dhlítheanacha, ar iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite agus ar dhaoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, agus ar a n-úinéirí dlíthiúla agus tairbhiúla, aon fhaisnéis is gá chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear, rúin de chuid an bhoird stiúrthóirí agus miontuairiscí a gcruinnithe, a gcomhaontuithe comhpháirtíochta, a ngníomhais iontaobhais, a gcumhacht aturnae nó a gcomhaontuithe conarthacha agus doiciméadú eile.

    5.   I gcás nach sainaithnítear aon duine mar an t-úinéir tairbhiúil de bhun Airteagal 63(3) agus Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) 2024/1624, áireofar an méid seo a leanas sa chlár lárnach:

    (a)

    ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus bonn cirt comhfhreagrach ag gabháil leis de bhun Airteagal 63(4), pointe (a) agus Airteagal 64(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (b)

    mionsonraí na ndaoine nádúrtha uile a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearaí acu san eintiteas dlítheanach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62 (1), an dara fomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1624.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ar fáil d’údaráis inniúla, agus do AMLA freisin chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, do chomhlachtaí féinrialála agus d'eintitis faoi oibleagáid. Mar sin féin, ní bheidh rochtain ag eintitis faoi oibleagáid ach ar an ráiteas a chuir an t-eintiteas dlítheanach nó an socrú dlíthiúil isteach, ach amháin má thuairiscíonn siad neamhréireacht de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1624 nó má sholáthraíonn siad cruthúnas ar na bearta atá déanta acu chun úinéirí tairbhiúla an eintitis dhlítheanaigh nó an tsocraithe dhlíthiúil a shainaithint, agus sa chás sin beidh siad in ann rochtain a fháil ar an réasúnú freisin.

    6.   Faoin 10 Iúil 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 a chur isteach chuig an gclár lárnach, lena n-áirítear seicliosta de na híoscheanglais don fhaisnéis atá le scrúdú ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2) den Treoir seo.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád sna cláir lárnacha leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta, agus cuirfidh siad sásraí ar bun chuige sin. Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:

    (a)

    fíoróidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin, go bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta;

    (b)

    na húdaráis inniúla, más iomchuí agus a mhéid nach gcuireann ceanglas den sórt seo isteach gan chúis ar a bhfeidhmeanna, tuairisceoidh siad do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a thagann dá n-aire idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh féin.

    Beidh méid agus minicíocht an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar comhréir leis na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí eintiteas dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla a shainaithnítear de bhun Airteagal 7(3), pointe (d) agus Airteagal 8(4), pointe (c).

    Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh an Coimisiún moltaí maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú agus ag eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla chun neamhréireachtaí maidir le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a shainaithint agus a thuairisciú.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar san fhaisnéis atá sna cláir lárnacha aon athrú ar úinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla agus ar shocruithe faoi ainmnithigh, tar éis iad a thaifeadadh den chéad uair sa chlár lárnach.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha an mbaineann an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá sna cláir lárnacha sin le daoine nó le heintitis atá ainmnithe i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Déanfar an fíorú sin láithreach tar éis ainmniú i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus go tráthrialta.

    Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar san fhaisnéis atá sna cláir lárnacha tásc go bhfuil baint ag an eintiteas dlítheanach le daoine nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;

    (b)

    eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil atá á rialú ag duine nó eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;

    (c)

    úinéir tairbhiúil eintitis dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

    Beidh an tásc dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo infheicthe ag aon duine nó eintiteas dá ndeonaítear rochtain ar an bhfaisnéis sna cláir lárnacha de bhun Airteagail 11 agus 12, agus fanfaidh sé de bheith ann go dtí go gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

    10.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de 30 lá oibre tar éis neamhréireacht a bheith tuairiscithe ag údarás inniúil nó ag eintiteas faoi oibleagáid, bearta iomchuí chun na neamhréireachtaí tuairiscithe a réiteach de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1624, lena n-áirítear trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sna cláir lárnacha i gcás ina bhfuil an t-eintiteas in ann an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú. Áireofar tagairt shonrach sna cláir lárnacha do na neamhréireachtaí arna dtuairisciú go dtí go réiteofar an neamhréireacht agus beidh an tagairt sin infheicthe ag aon duine nó eintiteas dá ndeonaítear rochtain faoi Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo.

    I gcás inar de chineál casta an neamhréireacht agus nach féidir leis na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha í a réiteach laistigh de 30 lá oibre, déanfaidh siad an cás a thaifeadadh chomh maith leis na bearta a rinneadh, agus déanfaidh siad aon bheart is gá chun an neamhréireacht a réiteach a luaithe is féidir.

    11.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach, cibé acu go díreach nó trí iarratas a chur faoi bhráid údarás eile, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh gnó nó oifig chláraithe eintiteas dlítheanach, chun úinéireacht thairbhiúil reatha an eintitis a shainaithint agus chun a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear isteach sa chlár lárnach cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta. Ní chuirfear srian, bac ná cosc ar cheart an eintitis atá i gceannas ar an gclár lárnach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú.

    I gcás inar eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a), (b) nó (c), de Rialachán (AE) 2024/1624, é an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige nó aici, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach seiceálacha a dhéanamh freisin, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, ag áitreabh gnó nó oifig chláraithe an iontaobhaí nó an duine i bpost coibhéiseach. Leis na seiceálacha sin, cloífear leis na coimircí seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    maidir le daoine nádúrtha, i gcás inarb ionann an t-áitreabh gnó nó an oifig chláraithe agus áit chónaithe phríobháideach an duine nádúrtha, beidh an chigireacht ar an láthair faoi réir údarú breithiúnach roimh ré;

    (b)

    déanfar aon choimirce nós imeachta atá ar bun sa Bhallstát chun an phribhléid dhlíthiúil a chosaint a urramú agus ní dhéanfar aon fhaisnéis a chosnaítear leis an bpribhléid dhlíthiúil a rochtain.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha faisnéis a iarraidh ó chláir eile, lena n-áirítear i dtríú tíortha, a mhéid atá faisnéis den sórt sin riachtanach chun feidhmeanna na n-eintiteas sin a chomhlíonadh.

    12.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sásraí uathoibrithe is gá ar fáil d’eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 7, pointe (a) agus mír 9 a dhéanamh, lena n-áirítear trí fhaisnéis atá sna cláir sin a chur i gcomparáid le faisnéis atá i seilbh foinsí eile.

    13.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar fíorú dá dtagraítear i mír 7, pointe (a) tráth a chuirtear isteach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, agus ina dtagann sé mar thoradh ar fhíorú den sórt sin go gcinneann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach go bhfuil neamhréireachtaí nó earráidí san fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, go mbeidh an t-eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach in ann eisiúint an deimhnithe bhailí ar chruthúnas cláraithe a choinneáil siar nó a dhiúltú.

    14.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar fíorú dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach, agus ina gcinneann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach de thoradh fíorú den sórt sin nach bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a thuilleadh, go mbeidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach in ann bailíocht an deimhnithe ar chlárúchán a chur ar fionraí go dtí go measfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chuirtear ar fáil in ord, ach amháin i gcás ina bhfuil na neamhréireachtaí teoranta d’earráidí cló, modhanna éagsúla traslitrithe, nó mion-mhíchruinnis nach ndéanann difear do shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla ná dá leas tairbhiúil.

    15.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach bearta éifeachtacha, comhréireacha, athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, cibé go díreach nó trí iarratas a dhéanamh ar údarás eile, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, nó smachtbhannaí airgid den sórt sin a fhorchur i leith teipeanna, lena n-áirítear teipeanna leantacha, chun faisnéis chruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta a sholáthar don chlár lárnach maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil.

    16.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Treoir seo a fhorlíonadh trí thásca a shainiú chun aicmiú a dhéanamh ar leibhéal tromchúise na dteipeanna faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta a thuairisciú do na cláir lárnach, lena n-áirítear i gcás teipeanna leantacha.

    17.   Áiritheoidh na Ballstáit, más rud é, le linn na seiceálacha arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo, nó ar aon bhealach eile, go n-aimseoidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha fíorais a d’fhéadfadh a bheith bainteach le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, go ndéanfaidh siad an méid sin a chur in iúl don FIU go pras.

    18.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh ag na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh siad a bhfeidhmeanna a chur i gcrích saor ó thionchar míchuí agus go gcuirfidh na heintitis sin chun feidhme caighdeáin dá bhfostaithe a mhéid a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht dhocht.

    19.   Déanfar na cláir lárnacha a idirnascadh trí bhíthin an Ardáin Lárnaigh Eorpaigh arna bhunú le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132.

    20.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le fáil trí na cláir lárnacha agus trí chóras idirnasctha na gclár lárnach ar feadh 5 bliana tar éis don eintiteas dlítheanach a bheith díscaoilte nó tar éis deireadh a theacht leis an socrú dlíthiúil.

    Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt an fhaisnéis sin a choinneáil, nó a cheangal go gcoinneofar an fhaisnéis sin, ar feadh uastréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar chinn na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil bhreise sin agus go bhfuil sí comhréireach chun sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar na sonraí pearsanta ó na cláir lárnacha.

    21.   Faoin 10 Iúil 2031 [7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a fhoilsiú ina mbeidh an méid seo a leanas:

    (a)

    measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna ndéanamh ag na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach, cothrom le dáta agus chruinn acu;

    (b)

    cur síos ar na príomhchineálacha neamhréireachtaí arna sainaithint ag eintitis faoi oibleagáid agus ag údaráis inniúla i ndáil leis an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád cláir lárnacha;

    (c)

    dea-chleachtais agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta sna cláir sin;

    (d)

    forléargas ar ghnéithe gach cláir lárnaigh arna chur ar bun ag na Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis maidir le sásraí chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád sna cláir sin cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta;

    (e)

    measúnú ar chomhréireacht na dtáillí a fhorchuirtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha.

    Airteagal 11

    Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar na cláir um úinéireacht thairbhiúil ag údaráis inniúla, comhlachtaí féinrialála agus eintitis faoi oibleagáid

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain láithreach, neamhscagtha, dhíreach agus saor in aisce ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha idirnasctha dá dtagraítear in Airteagal 10, gan aon fholáireamh a thabhairt don eintiteas dlítheanach nó don socrú dlíthiúil lena mbaineann.

    2.   Tabharfar rochtain, dá dtagraítear i mír 1, dóibh seo a leanas:

    (a)

    údaráis inniúla;

    (b)

    comhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú feidhmeanna maoirseachta de bhun Airteagal 37;

    (c)

    údaráis chánach;

    (d)

    údaráis náisiúnta a bhfuil freagrachtaí ainmnithe acu maidir le cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais arna sainaithint faoi na Rialacháin ábhartha ón gComhairle a ghlactar ar bhonn Airteagal 215 CFAE

    (e)

    AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 2 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620;

    (f)

    OIPE;

    (g)

    OLAF;

    (h)

    Europol agus Eurojust agus tacaíocht oibríochtúil á tabhairt acu d’údaráis inniúla na mBallstát.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus bearta díchill chuí do chustaiméirí á ndéanamh acu i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2024/1624, go mbeidh rochtain thráthúil ag eintitis faoi oibleagáid ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha idirnasctha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo.

    4.   Féadfaidh na Ballstáit a roghnú faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád ina gcláir lárnacha a chur ar fáil d’eintitis faoi oibleagáid ar tháille a íoc, a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá á coimeád sna cláir lárnacha a áirithiú agus leis an bhfaisnéis a chur ar fáil. Bunófar na táillí sin ar bhealach nach mbainfear an bonn den rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha.

    5.   Faoin 10 Deireadh Fómhair 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le liosta na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí féinrialála agus catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid ar deonaíodh rochtain dóibh ar na cláir lárnacha agus faoin gcineál faisnéise atá ar fáil d'eintitis faoi oibleagáid. Tabharfaidh na Ballstáit an fógra sin cothrom le dáta nuair a bheidh aon athruithe ar liosta na n-údarás inniúil nó catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid nó ar mhéid na rochtana a dheonaítear d’eintitis faoi oibleagáid. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an rochtain atá ag údaráis inniúla agus ag eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear aon athrú uirthi, a chur ar fáil do na Ballstáit eile.

    Airteagal 12

    Rialacha sonracha maidir le rochtain ar chláir um úinéireacht thairbhiúil do dhaoine a bhfuil leas dlisteanach acu

    1.   Maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach ar féidir leis nó léi a léiriú go bhfuil leas dlisteanach aige nó aici i sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain aige nó aici ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le húinéirí tairbhiúla eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla atá á coimeád sna cláir lárnacha idirnasctha dá dtagraítear in Airteagal 10, gan foláireamh a thabhairt don eintiteas dlítheanach nó don socrú dlíthiúil lena mbaineann:

    (a)

    ainm an úinéara thairbhiúil;

    (b)

    mí agus bliain bhreithe an úinéara thairbhiúil;

    (c)

    tír chónaithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí an úinéara thairbhiúil;

    (d)

    i gcás úinéirí tairbhiúla eintiteas dlítheanach, cineál agus méid an leasa thairbhiúil atá acu;

    (e)

    i gcás úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla, cineál na leasa tairbhiúla.

    De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain freisin ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (e) ar faisnéis stairiúil maidir le húinéireacht thairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh nó an tsocraithe dhlíthiúil, lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla a díscaoileadh nó a scoir de bheith ann sna 5 bliana roimhe sin, chomh maith le cur síos ar an struchtúr rialaithe nó úinéireachta.

    Tabharfar rochtain de bhun na míre seo trí mheán leictreonach. Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar féidir leo leas dlisteanach a léiriú in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis i bhformáidí eile freisin mura bhfuil siad in ann meán leictreonach a úsáid.

    2.   Measfar go bhfuil leas dlisteanach ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1:

    (a)

    daoine a ghníomhaíonn chun críche iriseoireachta, tuairiscithe nó aon chineál eile cur in iúl sna meáin, ar daoine iad a bhfuil baint acu le sciúradh airgid a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;

    (b)

    eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus lucht acadúil, a bhfuil baint acu le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;

    (c)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar dócha go ndéanfaidh siad idirbheart le heintiteas dlítheanach nó le socrú dlíthiúil agus ar mian leo aon nasc a chosc idir an t-idirbheart sin agus an sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta;

    (d)

    eintitis atá faoi réir ceanglais AML/CFT i dtríú tíortha, ar choinníoll gur féidir leo a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le heintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh i leith custaiméara nó i leith custaiméir ionchasach de bhun ceanglais AML/CFT sna tríú tíortha sin;

    (e)

    contrapháirtithe tríú tír údaráis inniúla AML/CFT de chuid an Aontais ar choinníoll gur féidir leo a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le heintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoi chreataí AML/CFT na dtríú tíortha sin i gcomhthéacs cás sonrach;

    (f)

    údaráis na mBallstát atá i gceannas ar Theideal I, Caibidlí II agus III de Threoir (AE) 2017/1132 a chur chun feidhme, go háirithe na húdaráis atá i gceannas ar chlárú na gcuideachtaí sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir sin, agus údaráis na mBallstát atá freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht tiontuithe, cumasc agus deighiltí cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta de bhun Theideal II den Treoir sin;

    (g)

    údaráis clár arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/1060, i leith thairbhithe chistí an Aontais;

    (h)

    údaráis phoiblí a chuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/241, i ndáil le tairbhithe faoin tSaoráid;

    (i)

    údaráis phoiblí na mBallstát i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, i ndáil leis na tairgeoirí agus na hoibreoirí dá ndámhtar an conradh faoin nós imeachta soláthair phoiblí;

    (j)

    soláthraithe táirgí AML/CFT, a mhéid nach gcuirtear táirgí arna bhforbairt ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ach do chustaiméirí ar eintitis faoi oibleagáid nó údaráis inniúla iad, agus an méid sin amháin, ar choinníoll gur féidir leis na soláthraithe sin a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhthéacs conradh le heintiteas faoi oibleagáid nó le húdarás inniúil.

    Sa bhreis ar na catagóirí a shainaithnítear faoin gcéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndeonófar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil do dhaoine eile atá in ann leas dlisteanach a léiriú maidir leis an gcuspóir sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, ar bhonn cás ar chás.

    3.   Faoin 10 Iúil 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

    (a)

    liosta na n-údarás poiblí atá i dteideal faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú de bhun mhír 2, pointí (f), (g) agus (h), agus na húdaráis phoiblí nó na catagóirí d’údaráis phoiblí atá i dteideal faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú de bhun mhír 2, pointe (i);

    (b)

    aon chatagóir bhreise daoine a bhfuarthas amach ina leith go bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna sainaithint i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ar na catagóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó maidir le haon rud a chuirtear leo, agus i gcás ar bith tabharfaidh siad an fógra sin laistigh de 1 mhí ón uair a tharla an t-athrú sin.

    An fhaisnéis arna fáil de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún ar fáil í do na Ballstáit eile.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh na cláir lárnacha taifid ar na daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis de bhun an Airteagail seo agus go mbeidh siad in ann iad a nochtadh do na húinéirí tairbhiúla nuair a dhéanfaidh siad iarraidh de bhun Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679.

    Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar aon duine a cheadaíonn an clár a shainaithint mar thoradh ar an bhfaisnéis arna soláthar leis na cláir lárnacha i gcás na ndaoine seo a leanas:

    (a)

    daoine a ghníomhaíonn chun críche iriseoireachta, tuairiscithe nó aon chineál eile cur in iúl sna meáin a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;

    (b)

    eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le cosc nó comhrac an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha ó chéannacht aon chontrapháirtí tríú tír d’údaráis inniúla AML/CFT de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe 44(a) agus (c), de Rialachán (AE) 2024/1624, na cláir lárnacha, a nochtadh chomh fada agus is gá chun anailísí nó imscrúduithe an údaráis sin a chosaint.

    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh úinéirí tairbhiúla iarraidh de bhun Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679, go gcuirfear faisnéis ar fáil dóibh maidir le feidhm nó gairm bheatha na ndaoine a cheadaigh a bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

    Chun críocha an tríú fomhír, agus rochtain á hiarraidh acu ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun an Airteagail seo, cuirfidh na húdaráis in iúl an tréimhse dá n-iarrann siad ar na cláir lárnacha staonadh ón nochtadh, tréimhse nach faide ná 5 bliana, agus na cúiseanna leis an srianadh sin, lena n-áirítear an chaoi a ndéanfadh soláthar na faisnéise cuspóir a n-anailísithe agus a n-imscrúduithe a chur i mbaol. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach nochtann cláir lárnacha céannacht an eintitis a cheadaigh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, nach ndeonófar aon síneadh a chur leis an tréimhse sin ach amháin ar bhonn iarraidh a bhfuil údar maith léi ón údarás sa tríú tír, ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad, agus ina dhiaidh sin go mbeidh ar an údarás sin iarraidh nua a bhfuil údar maith léi ar shíneadh a chur isteach.

    Airteagal 13

    Nós imeachta i ndáil le fíorú agus aitheantas frithpháirteach an leasa dhlisteanaigh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10 bearta chun a fhíorú go bhfuil an leas dlisteanach dá dtagraítear in Airteagal 12 ann ar bhonn na ndoiciméad, na faisnéise agus na sonraí a gheofar ón duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an gclár lárnach (‘iarratasóir’) agus, i gcás inar gá, ar bhonn faisnéis atá ar fáil dóibh de bhun Airteagal 12(3).

    2.   Cinnfear an ann do leas dlisteanach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    feidhm nó gairm an iarratasóra; agus

    (b)

    cé is moite de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 12(2,) an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), an nasc leis na heintitis dhlítheanacha shonracha nó na socruithe dlíthiúla sonracha a bhfuil a bhfaisnéis á lorg.

    3.   I gcás ina n-iarrfaidh duine a ndearna clár lárnach Ballstáit eile fíorú cheana féin ar a leas dlisteanach rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi cheann de na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, rochtain a fháil ar fhaisnéis, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar clár lárnach Ballstát eile fíorú an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo a chomhlíonadh trí chruthúnas a bhailiú maidir leis an leas dlisteanach arna eisiúint ag clár lárnach an Bhallstáit eile sin.

    Féadfaidh na Ballstáit an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí breise arna sainaithint ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 12(2), an dara fomhír.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha céannacht na n-iarratasóirí aon uair a bheidh rochtain acu ar na cláir. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próisis leordhóthanacha ar fáil chun céannacht an iarratasóra a fhíorú, lena n-áirítear trí úsáid modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha a cheadú mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

    5.   Chun críocha mhír 2, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí ar bun sna cláir lárnacha chun rochtain leantach a thabhairt do dhaoine a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil gan gá le measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhm ná ar a ngairm aon uair a bheidh rochtain á fáil acu ar an bhfaisnéis.

    6.   Ón 10 Samhain 2026, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha an fíorú dá dtagraítear i mír 1 agus go dtabharfaidh siad freagra don iarratasóir laistigh de 12 lá oibre.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás líon ard tobann iarrataí ar rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun an Airteagail seo, féadfar síneadh 12 lá oibre a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt don iarratasóir. Más rud é, tar éis don síneadh dul in éag, go bhfuil líon na n-iarrataí a thagann isteach fós ard, féadfar síneadh 12 lá oibre bhreise a chur leis an sprioc-am sin.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra tráthúil don Choimisiún maidir le haon síneadh dá dtagraítear sa dara mhír.

    I gcás ina gcinneann eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, eiseoidh siad deimhniú lena ndeonófar rochtain ar feadh 3 bliana. Tabharfaidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha freagra ar aon iarraidh a dhéanfaidh an duine céanna ina dhiaidh sin ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a rochtain laistigh de 7 lá oibre.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndiúltóidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ach amháin ar cheann amháin de na forais seo a leanas:

    (a)

    níor chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis nó na doiciméid is gá ar fáil de bhun mhír 1;

    (b)

    níor léiríodh leas dlisteanach maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil;

    (c)

    i gcás, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh, ina bhfuil ábhar imní réasúnach ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach nach n-úsáidfear an fhaisnéis chun na gcríoch dár iarradh í nó go n-úsáidfear an fhaisnéis chun críocha nach bhfuil bainteach le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc;

    (d)

    beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15;

    (e)

    sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, ní chumhdaítear leis an leas dlisteanach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna deonú ag clár lárnach Ballstáit eile na críocha dá bhfuil an fhaisnéis á lorg;

    (f)

    i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir i dtríú tír agus nach mbeadh sé i gcomhréir le forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis.

    Áiritheoidh na Ballstáit go bhféachfaidh na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha an bhféadfaí faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh ar an iarratasóir sula ndiúltófaí d’iarraidh ar rochtain ar na forais a liostaítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad fhomhír. I gcás ina n- iarrfaidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha faisnéis bhreise, cuirfear síneadh 7 lá oibre leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt.

    8.   I gcás ina ndiúltóidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis de bhun mhír 7, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú agus faoina gceart chun sásaimh. Déanfaidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach doiciméadú ar na céimeanna a glacadh chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh agus chun faisnéis bhreise a fháil de bhun mhír 7, an dara fomhír.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann rochtain a chúlghairm i gcás ina dtagann aon cheann de na forais a liostaítear i mír 7 chun bheith ann nó i gcás ina dtagann sé chun bheith’ ar an eolas ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach tar éis an rochtain sin a bheith deonaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn cúlghairme arna déanamh ag clár lárnach i mBallstát eile.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil leigheasanna breithiúnacha nó riaracháin curtha ar bun acu chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú nó chúlghairm na rochtana de bhun mhír 7.

    10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann an fheidhm nó an ghairm a shainaithnítear faoi mhír 2, pointe (a), a fhíorú arís ó am go ham agus in aon chás tráth nach luaithe ná 12 mhí tar éis rochtain a dheonú, ach amháin má tá forais réasúnacha ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach lena chreidiúint nach ann don leas dlisteanach a thuilleadh.

    11.   Ceanglóidh na Ballstáit ar dhaoine dár deonaíodh rochtain de bhun an Airteagail seo fógra a thabhairt don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach faoi athruithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le scor de leas dlisteanach bailí, lena n-áirítear athruithe a bhaineann lena bhfeidhm nó lena ngairm.

    12.   Féadfaidh na Ballstáit a roghnú faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád ina gcláir lárnacha a chur ar fáil do na hiarratasóirí ar tháille a íoc, a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá á coimeád sna cláir sin a áirithiú agus leis an bhfaisnéis a chur ar fáil. Bunófar na táillí sin ar bhealach nach mbainfear an bonn den rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha sin.

    Airteagal 14

    Teimpléid agus nósanna imeachta

    1.   Sainaithneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar rochtain a chur chun feidhme ar bhonn leasa dhlisteanaigh ag na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10, lena n-áirítear:

    (a)

    teimpléid chaighdeánaithe chun rochtain a iarraidh ar an gclár lárnach agus chun rochtain a iarraidh ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil maidir le heintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla;

    (b)

    teimpléid chaighdeánaithe atá le húsáid ag cláir lárnacha chun iarraidh ar rochtain ar an gclár nó ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a dheimhniú nó a dhiúltú;

    (c)

    nósanna imeachta chun aitheantas frithpháirteach leasa dhlisteanaigh a éascú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ag na cláir lárnacha i mBallstáit seachas an ceann ina ndearnadh an iarraidh ar rochtain den chéad uair agus inar glacadh léi den chéad uair lena n-áirítear nósanna imeachta chun aistriú slán faisnéise maidir le hiarratasóir a áirithiú;

    (d)

    nósanna imeachta chun go dtabharfaidh na cláir lárnacha fógra dá chéile faoi chúlghairmeacha a dhéantar ar rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun Airteagal 13(8).

    2.   Na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    Airteagal 15

    Eisceachtaí ó na rialacha maidir le rochtain ar chláir um úinéireacht thairbhiúil

    In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina bhfágfadh an rochtain dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus Airteagal 12(1) go mbeadh an t-úinéir tairbhiúil neamhchosanta ar riosca díréireach calaoise, fuadaigh, dúmháil, sracaireachta, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, nó i gcás inar mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil nó ina mbeadh sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí, forálfaidh na Ballstáit do dhíolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis phearsanta go léir maidir leis an úinéir tairbhiúil, nó ar chuid den fhaisnéis sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar díolúintí den sórt sin ar bhonn cás ar chás, ar mheastóireacht mhionsonraithe a bheith déanta, ar chineál eisceachtúil na n-imthosca agus ar dhearbhú a fháil go bhfuil na rioscaí díréireacha sin ann. An ceart chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh lena ndeonaítear díolúine agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh, déanfar iad a ráthú. Ballstát a rinne díolúintí a dheonú, foilseoidh sé sonraí staidrimh bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a tugadh agus tuairisceoidh sé na sonraí sin don Choimisiún.

    Ní bheidh feidhm ag díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo maidir leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(b), de Rialachán (AE) 2024/1624 ar oifigigh phoiblí iad.

    ROINN 2

    Faisnéis faoi chuntas bainc

    Airteagal 16

    Cláir cuntas bainc agus córais leictreonacha aisghabhála sonraí

    1.   Cuirfidh na Ballstáit sásraí uathoibrithe láraithe ar bun, amhail cláir lárnacha nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí lárnacha, lena bhféadfar aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithint a bhfuil cuntais íocaíochta nó cuntais bhainc acu, nó á rialú acu, arna sainaithint trí bhíthin IBAN, lena n-áirítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní, agus taisceadáin atá á gcoimeád ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais laistigh dá gcríoch.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le saintréithe na sásraí náisiúnta sin chomh maith leis na critéir ar dá mbun a chuimsítear faisnéis sna sásraí náisiúnta sin.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis atá á coimeád sna sásraí uathoibrithe láraithe inrochtana go díreach ar bhealach láithreach neamhscagtha do FIUnna, agus do AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620. Beidh rochtain thráthúil ag na húdaráis mhaoirseachta freisin ar an bhfaisnéis, chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Treoir seo.

    3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí uathoibrithe láraithe:

    (a)

    i gcás sealbhóirí cuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann sealbhóir cuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó le huimhir sainaitheantais uathúil chomh maith, i gcás inarb infheidhme, leis an dáta a thosaigh an duine, a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, agus an dáta a scoir sé de chumhacht a bheith aige gníomhú thar ceann an chustaiméara;

    (b)

    i gcás úinéirí tairbhiúla sealbhóirí cuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó le huimhir sainaitheantais uathúil chomh maith leis an dáta a thosaigh an duine de bheith ina úinéir tairbhiúil ar an sealbhóir cuntais custaiméara agus, i gcás inarb infheidhme, an dáta a scoir an duine sin de bheith ina úinéir tairbhiúil ar an sealbhóir cuntais custaiméara;

    (c)

    i gcás cuntais bhainc nó cuntais íocaíochta: an uimhir IBAN, nó i gcás nach sainaithnítear an cuntas íocaíochta le huimhir IBAN, sainaitheantóir uathúil an chuntais, agus dáta oscailte an chuntais agus, i gcás inarb infheidhme, dáta dúnta chuntais;

    (d)

    i gcás IBANanna fíorúla arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais: an uimhir fhíorúil IBAN, aitheantóir cuntais uathúil an chuntais a ndéantar íocaíochtaí chuig an IBAN fíorúil a atreorú chuige go huathoibríoch, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais;

    (e)

    i gcás cuntais urrús: aitheantóir uathúil an chuntais, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais;

    (f)

    i gcás cuntais cripteashócmhainní: aitheantóir uathúil an chuntais, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais.

    (g)

    i gcás taisceadán: ainm an léasaí arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó le huimhir aitheantais uathúil agus an dáta ar thosaigh an léas agus, i gcás inarb infheidhme, an dáta ar tháinig deireadh leis.

    I gcás IBAN fíorúil, is é an sealbhóir cuntais custaiméara dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bheidh mar shealbhóir ar an gcuntas a ndéantar íocaíochtaí chuig an IBAN fíorúil a atreorú chuige go huathoibríoch.

    Chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, is éard a bheidh san ainm, i gcás daoine nádúrtha, gach ainm agus sloinne agus i gcás eintitis dhlítheanacha, socruithe dlíthiúla nó eagraíochtaí eile a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu, an t-ainm faoina bhfuil siad cláraithe.

    4.   An fhormáid le haghaidh faisnéis a chur isteach chuig na sásraí uathoibrithe láraithe, féadfaidh an Choimisiúin an fhormáid sin a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    5.   Faisnéis eile a mheastar a bheith fíor-riachtanach do FIUnna, do AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620 agus d'údaráis mhaoirseachta chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí uathoibrithe láraithe.

    6.   Na sásraí uathoibrithe láraithe, déanfar iad a idirnascadh trí bhíthin córas idirnasctha na gclár cuntas bainc (‘CICCB’) atá le forbairt agus le hoibriú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh den sórt sin i gcomhar leis na Ballstáit faoin 10 Iúil 2029.

    I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát a idirnascadh le CICCB, féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil trí CICCB. Déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirfear ar fáil, trína sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta agus trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe dá dtagraítear sa mhír seo, ach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus í comhfhreagrach don chuntas bainc agus íocaíochta iarbhír, lena n-áirítear IBAN fíorúil, don chuntas urrús nó don chuntas cripteashócmhainní agus don taisceadán, iarbhír. Tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí.

    An fhaisnéis eile a mheasann na Ballstáit a bheith bunriachtanach do FIUnna agus d’údaráis inniúla eile de bhun mhír 4, ní bheidh sí inrochtana ná inchuardaithe trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le sealbhóirí cuntas bainc nó cuntas íocaíochta, lena n-áirítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin a chur ar fáil trína sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta agus trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dhúnadh an chuntais.

    Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt go ndéanfaí faisnéis den sórt sin choinneáil, nó a cheangal go ndéanfaí faisnéis den sórt sin a choinneáil ar feadh uastréimhse 5 bliana, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil sin agus go bhfuil sí comhréireach chun an sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    9.   Tabharfar rochtain láithreach neamhscagtha do FIUnna agus, chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, do AMLA, ar an bhfaisnéis maidir le cuntais íocaíochta agus cuntais bhainc arna sainaithint ag IBAN, lena n-áirítear IBAN fíorúil, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin i mBallstáit eile atá ar fáil trí CICCB. Tabharfar rochtain thráthúil d’údaráis mhaoirseachta ar an bhfaisnéis atá ar fáil trí phointe rochtana aonair CCB. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún chun an mhír seo a chur chun feidhme.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh foireann na FIUnna náisiúnta agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar CICCB ardchaighdeáin ghairmiúla ar bun maidir le rúndacht agus cosaint sonraí, go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu.

    Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír maidir le AMLA freisin i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus nuair atá sé ag gníomhú mar mhaoirseoir.

    10.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla ar bun chun slándáil na sonraí a áirithiú de réir ardchaighdeáin theicneolaíocha chun gur féidir le FIUnna agus le húdaráis mhaoirseachta an chumhacht a fheidhmiú chun an fhaisnéis atá ar fáil a rochtain agus a chuardach trí CICCB i gcomhréir le míreanna 5 agus 6.

    Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír freisin maidir le AMLA i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus nuair a bhíonn sé ag gníomhú mar mhaoirseoir.

    Airteagal 17

    Gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh idirnascadh na gclár

    1.   I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a ghlacadh chun foráil d'idirnascadh chláir lárnacha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(19), féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear tacar na sonraí teicniúla is gá chun go bhfeidhmeoidh an t-ardán a fheidhmeanna, chomh maith leis an modh ina ndéanfar na sonraí sin a stóráil, a úsáid agus a chosaint;

    (b)

    na critéir coiteanna ar dá réir a bheidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil le fáil trí chóras idirnasctha na gclár lárnacha, ag brath ar leibhéal na rochtana a dheonaíonn na Ballstáit;

    (c)

    na mionsonraí teicniúla i dtaca leis an gcaoi a gcuirfear an fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla ar fáil;

    (d)

    na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil le córas idirnasctha na gclár;

    (e)

    na socruithe teicniúla chun na cineálacha éagsúla rochtana ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 den Treoir seo, lena n-áirítear fíordheimhniú úsáideoirí trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe ábhartha a úsáid mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

    (f)

    na socruithe íocaíochta i gcás ina bhfuil an rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi réir táille a íoc de réir Airteagail 11(4) agus 13(2) agus na háiseanna íocaíochta atá ar fáil, mar shampla idirbhearta cianíocaíochta, á gcur san áireamh.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    2.   I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá chun foráil a dhéanamh d'idirnascadh sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 16(6), féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    an tsonraíocht theicniúil lena sainítear modhanna na cumarsáide a dhéantar trí mheán leictreonach chun críocha CICCB;

    (b)

    sonraíocht theicniúil na bprótacal cumarsáide;

    (c)

    na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear an tslándáil sonraí, na coimircí cosanta sonraí, úsáid agus cosaint na faisnéise atá inchuardaithe agus inrochtana trí CICCBanna;

    (d)

    na critéir coiteanna ar dá réir a fhéadtar faisnéis cuntas bainc a chuardach trí CICCB;

    (e)

    na mionsonraí teicniúla faoin gcaoi a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil trí bhíthin CICCB, lena n-áirítear fíordheimhniú úsáideoirí trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe ábhartha a úsáid mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

    (f)

    na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirfear ar fáil le CICCB.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

    3.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh teicneolaíocht chruthaithe agus cleachtais atá ann cheana. Áiritheoidh an Coimisiún, i dtaca le CICCB atá le forbairt agus le hoibriú, nach dtabhóidh forbairt an phointe rochtana aonair sin costais thar an mhéid atá sár-riachtanach chun an Treoir seo a chur chun feidhme.

    ROINN 3

    Pointe rochtana aonair ar fhaisnéis réadmhaoine

    Airteagal 18

    Pointe rochtana aonair ar fhaisnéis réadmhaoine

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain láithreach dhíreach ag na húdaráis inniúla saor in aisce ar fhaisnéis lenar féidir aon mhaoin réadmhaoine agus na daoine nádúrtha nó na heintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla ar leo an mhaoin sin a shainaithint go tráthúil, agus ar fhaisnéis lenar féidir idirbhearta a bhaineann le réadmhaoin a shainaithint agus a anailísiú. Soláthrófar an rochtain sin trí phointe rochtana aonair a bheidh le bunú i ngach Ballstát lena gceadófar d’údaráis inniúla rochtain a fháil, trí mheán leictreonach, ar fhaisnéis i bhformáid dhigiteach, a bheidh meaisín-inléite, i gcás inar féidir.

    Tabharfar rochtain ar na pointí rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1 do AMLA freisin chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad, ar fáil tríd an bpointe rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    faisnéis faoin maoin:

    (i)

    beartán cadastrach agus tagairt chadastrach;

    (ii)

    suíomh geografach, lena n-áirítear seoladh na maoine;

    (iii)

    limistéar/méid na maoine;

    (iv)

    an cineál maoine, lena n-áirítear maoin thógtha nó neamhthógtha agus ceann scríbe úsáide;

    (b)

    faisnéis maidir le húinéireacht:

    (i)

    ainm an úinéara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an úinéara;

    (ii)

    i gcás inar eintiteas dlítheanach é an t-úinéir, ainm agus foirm dhlíthiúil an eintitis dhlítheanaigh, chomh maith le huimhir aitheantais uathúil na cuideachta agus an uimhir aitheantais chánach;

    (iii)

    i gcás inar socrú dlíthiúil é an t-úinéir, ainm an tsocraithe dhlíthiúil agus an uimhir aitheantais chánach;

    (iv)

    an praghas ar a bhfuarthas an mhaoin;

    (v)

    i gcás inarb infheidhme, aon teidlíochtaí nó aon srianta;

    (c)

    faisnéis faoi eirí maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    morgáistí;

    (ii)

    srianta breithiúnacha;

    (iii)

    cearta maoine;

    (iv)

    ráthaíochtaí eile, más ann dóibh;

    (d)

    stair na húinéireachta maoine, an phraghais agus na n-eirí gaolmhara;

    (e)

    doiciméid ábhartha.

    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil níos mó ná maoin amháin san áireamh i mbeartán cadastrach, go soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil le gach maoin sa bheartán cadastrach sin.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le faisnéis stairiúil de bhun na chéad fhomhíre, pointe (d), an tréimhse ón 8 Iúil 2019 ar a laghad.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit sásraí ar bun chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dáta agus cruinn.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit bearta ar bun chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis atá á coimeád go leictreonach a sholáthar láithreach don údarás inniúil iarrthach. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin á coimeád go leictreonach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil í go tráthúil agus ar bhealach nach mbainfear an bonn de ghníomhaíochtaí an údaráis inniúil iarrthaigh.

    5.   Faoin 10 Deireadh Fómhair 2029, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

    (a)

    saintréithe an phointe rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1 arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an suíomh gréasáin ar féidir rochtain a fháil aige air;

    (b)

    liosta na n-údarás inniúil ar tugadh rochtain dóibh ar an bpointe rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1;

    (c)

    aon sonraí a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla sa bhreis orthu sin a liostaítear i mír 2.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra den sórt sin cothrom le dáta aon uair a dhéanfar athruithe ar liosta na n-údarás inniúil nó ar mhéid na rochtana ar fhaisnéis a dheonaítear. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin, lena n-áirítear aon athrú uirthi, a chur ar fáil do na Ballstáit eile.

    6.   Faoin 10 Iúil 2032, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus ar na nósanna imeachta chun idirnascadh slán éifeachtúil na bpointí rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

    CAIBIDIL III

    FIUNNA

    Airteagal 19

    An FIU a bhunú

    1.   Bunóidh gach Ballstát FIU chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac ar bhealach éifeachtach.

    2.   Is é an FIU an t-aonad náisiúnta lárnach aonair a bheidh freagrach as tuairiscí arna dtíolacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624, tuairiscí arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 74, agus Airteagal 80(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, agus aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear faisnéis arna tarchur ag údaráis chustaim de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 a fháil agus a anailísiú, chomh maith le faisnéis arna cur isteach ag údaráis mhaoirseachta nó ag údaráis eile.

    3.   Is ar an FIU a bheidh an fhreagracht torthaí a chuid anailísí agus aon fhaisnéis bhreise a scaipeadh ar údaráis inniúla ábhartha i gcás ina bhfuil forais ann lena cheapadh go bhféadfadh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith ar siúl. Beidh sé in ann faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid.

    Is é a bheidh i bhfeidhm anailíse airgeadais an FIU an méid seo a leanas:

    (a)

    anailís oibríochtúil lena ndírítear ar chásanna aonair agus ar spriocanna sonracha nó ar fhaisnéis iomchuí roghnaithe, agus tosaíocht á tabhairt di ar bhonn riosca, agus ar bhonn shaghas agus mhéid na nochtaí agus ar an úsáid a mheastar a bhainfear as an bhfaisnéis tar éis a scaipthe;

    (b)

    anailís straitéiseach lena dtugtar aghaidh ar threochtaí agus ar phatrúin an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus a n-éabhlóid.

    4.   Beidh gach FIU neamhspleách ó thaobh oibríochta, agus beidh sé uathrialach, rud a chiallaíonn go mbeidh an t-údarás agus an cumas ag gach FIU chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi shaoirse, lena n-áirítear an cumas cinntí uathrialacha a ghlacadh chun faisnéis shonrach a anailísiú, a iarraidh agus, i gcomhréir le mír 3, a scaipeadh. Beidh sé saor ó aon tionchar nó cur isteach míchuí polaitiúil, rialtais nó tionscail.

    I gcás ina bhfuil FIU lonnaithe i struchtúr údaráis eile atá ann cheana, beidh croífheidhmeanna an FIU neamhspleách agus scartha go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile an údaráis óstaigh.

    5.   Cuirfidh na Ballstáit acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla leordhóthanacha ar fáil dá FIUnna chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Beidh na FIUnna in ann na hacmhainní a fháil is gá chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích agus beidh siad in ann na hacmhainní sin a chur chun úsáide.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh foireann a FIUnna faoi cheangal ag ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 67, agus go gcoinneoidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear ardchaighdeáin cosanta sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu i ndáil le láimhseáil eiticiúil tacar mórshonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta ar bun ag FIUnna chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha ar bun ag na FIUnna lena rialaítear slándáil agus rúndacht na faisnéise.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bealaí slána agus cosanta ar bun ag na FIUnna chun faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú trí mheán leictreonach le húdaráis inniúla agus le heintitis faoi oibleagáid.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a FIUnna in ann socruithe a dhéanamh le húdaráis inniúla intíre eile de bhun Airteagal 46 maidir le malartú faisnéise.

    10.   Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na bearta atá le cur ar bun chun uathriail agus neamhspleáchas oibríochtúil an FIU a chaomhnú, lena n-áirítear bearta chun a chosc go ndéanfaidh coinbhleachtaí leasa difear dá uathriail oibríochtúil agus dá neamhspleáchas oibríochtúil; agus

    (b)

    cineál, gnéithe agus cuspóirí na hanailíse oibríochtúla agus straitéisí;

    (c)

    uirlisí agus modhanna chun faisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí a bhfuil rochtain ag FIUnna uirthi, a úsáid agus a chros-seiceáil; agus

    (d)

    cleachtais agus nósanna imeachta chun fionraí a fheidhmiú nó chun toiliú le hidirbheart a choinneáil siar a fheidhmiú agus cuntas nó gaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí nó faireachán a dhéanamh air de bhun Airteagail 24 agus 25.

    Airteagal 20

    Oifigeach um Chearta Bunúsacha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh FIUnna Oifigeach um Chearta Bunúsacha. Féadfaidh ball d’fhoireann reatha an FIU a bheith ina Oifigeach um Chearta Bunúsacha.

    2.   Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    Comhairle a chur ar fhoireann an FIU maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an FIU i gcás ina measann an tOifigeach um Chearta Bunúsacha gur gá sin, nó i gcás ina n-iarrfaidh an fhoireann amhlaidh gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;

    (b)

    comhlíonadh na gceart bunúsach ag FIU a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamhar an méid sin;

    (c)

    tuairimí neamhcheangailteacha a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí an FIU a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis na cearta bunúsacha;

    (d)

    ceann an FIU a chur ar an eolas faoi sháruithe ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh tarlú le linn ghníomhaíochtaí an FIU.

    3.   Áiritheoidh an FIU nach bhfaighidh an tOifigeach um Chosaint Sonraí aon treoir maidir le feidhmiú chúraimí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha.

    Airteagal 21

    Rochtain ar fhaisnéis

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag FIUnna, beag beann ar a stádas eagraíochtúil, ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad ag FIUnna:

    (a)

    rochtain láithreach dhíreach ar an bhfaisnéis airgeadais seo a leanas:

    (i)

    faisnéis atá sna sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 16;

    (ii)

    faisnéis ó eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis maidir le haistrithe cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2023/1113 agus aistrithe cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Rialachán sin;

    (iii)

    faisnéis faoi mhorgáistí agus iasachtaí;

    (iv)

    faisnéis atá sna bunachair sonraí náisiúnta um airgeadra agus um malartú airgeadra;

    (v)

    faisnéis faoi urrúis;

    (b)

    rochtain láithreach dhíreach ar an bhfaisnéis riaracháin seo a leanas:

    (i)

    sonraí fioscacha, lena n-áirítear sonraí atá á gcoimeád ag údaráis cánach agus ioncaim chomh maith le sonraí a fhaightear de bhun Airteagal 8(3a) de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (40);

    (ii)

    faisnéis maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí nó seirbhísí, nó lamháltas;

    (iii)

    faisnéis ó CICCB dá dtagraítear in Airteagal 16 agus an fhaisnéis ó chláir náisiúnta réadmhaoine nó ó chórais aisghabhála sonraí leictreonacha agus ó chláir talún agus chadastracha;

    (iv)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta saoránachta agus daonra le haghaidh daoine nádúrtha;

    (v)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta pasanna agus víosaí;

    (vi)

    faisnéis atá i mbunachair sonraí taistil trasteorann;

    (vii)

    faisnéis atá sna bunachair sonraí tráchtála, lena n-áirítear cláir ghnó agus cláir cuideachtaí agus bunachair sonraí de na daoine atá faoi riteacht pholaitiúil;

    (viii)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta mótarfheithiclí, aerárthaí agus árthaí uisce;

    (ix)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta slándála sóisialaí;

    (x)

    sonraí custaim, lena n-áirítear aistrithe fisiceacha trasteorann airgid thirim;

    (xi)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta armán agus arm;

    (xii)

    faisnéis atá i gcláir náisiúnta um úinéireacht thairbhiúil;

    (xiii)

    sonraí atá ar fáil trí bhíthin idirnascadh na gclár lárnach i gcomhréir le hAirteagal 10(19).

    (xiv)

    faisnéis atá i gcláir d'eagraíochtaí neamhbhrabúsacha;

    (xv)

    faisnéis atá á coimeád ag maoirseoirí agus rialtóirí airgeadais náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 61 agus le hAirteagal 67(2);

    (xvi)

    bunachair sonraí ina stóráiltear na sonraí maidir le trádáil astaíochtaí CO2 arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (41).

    (xvii)

    faisnéis maidir le ráitis airgeadais bhliantúla ó chuideachtaí;

    (xviii)

    cláir náisiúnta imirce agus inimirce;

    (xix)

    faisnéis atá á coimeád ag cúirteanna tráchtála;

    (xx)

    faisnéis atá á coimeád i mbunachair sonraí dócmhainneachta agus ag cleachtóirí dócmhainneachta;

    (xxi)

    faisnéis maidir le cistí agus sócmhainní eile a reodh nó a blocáladh de bhun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

    (c)

    rochtain dhíreach nó indíreach ar an bhfaisnéis forfheidhmithe dlí seo a leanas:

    (i)

    aon chineál faisnéise nó sonraí atá á coimeád cheana ag na húdaráis inniúla i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó i gcomhthéacs ionchúiseamh maidir le cionta coiriúla;

    (ii)

    aon chineál faisnéise nó sonraí atá á choimeád ag na húdaráis phoiblí nó ag eintitis phríobháideacha i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó i gcomhthéacs ionchúiseamh maidir le cionta coiriúla agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta.

    An fhaisnéis sin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, áireofar uirthi taifid choiriúla, faisnéis maidir le himscrúduithe, faisnéis maidir le reo nó urghabháil sócmhainní nó maidir le bearta imscrúdaitheacha nó sealadacha eile agus faisnéis i dtaca le ciontuithe agus coigistithe.

    Féadfaidh na Ballstáit srian ar rochtain ar an bhfaisnéis forfheidhmithe dlí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a cheadú ar bhonn cás ar chás, i gcás inar dócha go ndéanfaidh soláthar na faisnéise sin imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol.

    2.   Measfar rochtain ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1 a bheith díreach agus láithreach i gcás ina bhfuil an fhaisnéis i mbunachar sonraí TF, i gclár nó i gcóras aisghabhála sonraí ónar féidir leis an FIU an fhaisnéis a aisghabháil gan aon chéimeanna idirmheánacha, nó i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go ndéanfaidh na heintitis nó na húdaráis a bhfuil an fhaisnéis acu í a sholáthar go gasta chuig FIUnna; agus

    (b)

    nach féidir le haon eintiteas, údarás ná tríú páirtí cur isteach ar na sonraí arna n-iarraidh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair is féidir sin, go dtabharfar rochtain dhíreach don FIU ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c). I gcásanna ina dtugtar rochtain indíreach ar fhaisnéis don FIU, déanfaidh an t-eintiteas nó an t-údarás a shealbhaíonn an fhaisnéis iarrtha í a sholáthar go tráthúil.

    4.   I gcomhthéacs a fheidhmeanna, beidh gach FIU in ann faisnéis a iarraidh ar aon eintiteas faoi oibleagáid, agus an fhaisnéis sin a fháil agus a úsáid, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh de bhun Airteagal 19(3) den Treoir seo, fiú mura ndéantar aon tuairisc a chomhdú roimh ré de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó Airteagal 70(1), de Rialachán (AE) 2024/1624. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh de bhun na míre seo a chomhlíonadh nuair is iarrataí iad a bhaineann le faisnéis a fuarthas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 70(2) den Rialachán sin.

    Airteagal 22

    Freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann freagairt go tráthúil ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis a bhfuil bonn cirt leo mar gheall ar ábhair imní a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (44)(c) agus (d) de Rialachán (AE) 2024/1624 ina mBallstát faoi seach i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin á coimeád ag an FIU cheana féin agus ina bhfuil gá léi ar bhonn cás ar chás. Is faoin FIU i gcónaí a bheidh an cinneadh faisnéis a scaipeadh.

    I gcás ina mbeidh forais oibiachtúla ann glacadh leis go mbeadh tionchar diúltach ag soláthar na faisnéise sin ar imscrúduithe nó anailísí leanúnacha, nó, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás ina mbeadh nochtadh na faisnéise díréireach ar bhealach soiléir le leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nó go mbeadh sé neamhábhartha maidir leis na críocha dár iarradh é, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an FIU an iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh.

    I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an FIU na cúiseanna i scríbhinn don údarás iarrthach.

    2.   Soláthróidh údaráis inniúla aiseolas don FIU maidir leis an úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 19(3) agus maidir lena úsáidí a bhí sí, agus maidir le toradh na ngníomhaíochtaí agus na n-imscrúduithe arna ndéanamh ar bhonn na faisnéise sin. Soláthrófar an t-aiseolas sin a luaithe is féidir agus in aon chás, i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh an FIU in ann a fheidhm anailíse oibríochtúla a fheabhsú.

    Airteagal 23

    Faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh FIUnna do mhaoirseoirí, go spontáineach nó arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha maoirseachta de bhun Chaibidil IV, lena n-áirítear ar a laghad faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cáilíocht agus cainníocht na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid;

    (b)

    cáilíocht agus tráthúlacht na bhfreagairtí arna soláthar ag eintitis faoi oibleagáid d’iarrataí FIU de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (c)

    torthaí ábhartha ó anailísí straitéiseacha arna ndéanamh de bhun Airteagal 19(3), pointe (b) den Treoir seo, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha maidir le treochtaí agus modhanna sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear rioscaí geografacha, rioscaí trasteorann agus rioscaí atá ag teacht chun cinn.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh FIUnna fógra do mhaoirseoirí aon uair a léiríonn faisnéis atá ina seilbh go bhféadfadh sáruithe a bheith á ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.

    3.   Ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis chun críocha mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon fhaisnéis maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha sonracha san fhaisnéis arna soláthar ag FIUnna de bhun an Airteagail seo ná cásanna lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir anailís nó imscrúdú leanúnach nó as a bhféadfaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithint.

    Airteagal 24

    Toiliú a chur ar fionraí nó a choinneáil siar

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, i gcás ina mbíonn amhras ann go bhfuil baint ag idirbheart le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, chun toiliú a chur ar fionraí nó a choinneáil siar i ndáil leis an idirbheart sin.

    I gcás ina mbunófar an gá le toiliú i ndáil le hidirbheart a chur ar fionraí nó a choinneáil siar bunaithe ar amhras arna thuairisciú de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go bhforchuirfear fionraí nó coinneáil siar an toilithe ar an eintiteas faoi oibleagáid laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin. I gcás ina mbeidh an gá le hidirbheart a chur ar fionraí bunaithe ar obair anailíseach FIU, gan beann ar cibé acu ar chomhdaigh nó nár chomhdaigh an t-eintiteas faoi oibleagáid tuairisc roimh ré, déanfaidh an FIU an fhionraí a fhorchur a luaithe is féidir.

    Forchuirfidh an FIU fionraí nó coinneáil siar an toilithe i ndáil leis an idirbheart chun na cistí a chaomhnú, chun a anailísí a dhéanamh, lena n-áirítear anailís ar an idirbheart, chun a mheasúnú an bhfuil an t-amhras deimhnithe agus, más amhlaidh atá, chun torthaí na n-anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla ábhartha chun gur féidir bearta iomchuí a ghlacadh.

    Leagfaidh na Ballstáit síos an tréimhse fionraí nó an tréimhse chun toiliú a choinneáil siar is infheidhme maidir le hobair anailíseach na FIUnna, ar tréimhse í nach mbeidh níos faide ná 10 lá oibre. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a leagan síos i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina gcomhlíonann FIUnna an fheidhm maidir le sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil, a reo nó a choigistiú. I gcás ina leagtar síos tréimhse fionraí nó tréimhse chun toiliú a choinneáil siar níos faide, áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh FIUnna a bhfeidhm faoi réir coimircí náisiúnta iomchuí, amhail an fhéidearthacht don duine ar cuireadh a idirbheart nó a hidirbheart ar fionraí agóid a dhéanamh i gcoinne na fionraí sin os comhair cúirte.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na FIUnna deireadh a chur leis an bhfionraí nó an choinneáil siar toilithe tráth ar bith i gcás ina gcinnfidh siad nach bhfuil gá leis an bhfionraí nó an choinneáil siar toilithe sin a thuilleadh chun na cuspóirí a leagtar amach sa tríú fomhír a chomhlíonadh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna an toiliú dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fionraí nó a choinneáil siar arna iarraidh sin do FIU ó Bhallstát eile.

    2.   I gcás ina mbíonn amhras ann go bhfuil baint ag cuntas bainc nó cuntas íocaíochta, cuntas cripteashócmhainní nó gaolmhaireacht gnó le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don FIU gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, chun úsáid an chuntais sin a chur ar fionraí nó chun an ghaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí ar mhaithe leis na cistí a chaomhnú, chun a anailísí a dhéanamh, chun a mheasúnú an bhfuil an t-amhras deimhnithe agus, má tá, chun torthaí na n-anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla ábhartha chun gur féidir bearta iomchuí a ghlacadh.

    Leagfaidh na Ballstáit síos an tréimhse fionraí is infheidhme i ndáil le hobair anailíseach an FIU, ar tréimhse í nach mbeidh níos faide ná 5 lá oibre. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a leagan síos i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina gcomhlíonann FIUnna an fheidhm maidir le sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil, a reo nó a choigistiú. I gcás ina leagtar síos tréimhse fionraí níos faide, áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh FIUnna a bhfeidhm faoi réir coimircí náisiúnta iomchuí, amhail an fhéidearthacht don duine a bhfuil a chuntas bainc nó chuntas íocaíochta, a chuntas cripteashócmhainní nó a ghaolmhaireacht gnó á chur ar fionraí agóid a dhéanamh i gcoinne na fionraí sin os comhair cúirte.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna deireadh a chur leis an bhfionraí tráth ar bith i gcás ina gcinnfidh siad nach bhfuil gá leis an bhfionraí a thuilleadh chun na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír chomhlíonadh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna úsáid an chuntais nó an ghaolmhaireacht gnó dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fionraí arna iarraidh sin do FIU ó Bhallstát eile.

    3.   Ní bheidh an FIU ná a stiúrthóirí ná a fhostaithe faoi dhliteanas de chineál ar bith mar gheall ar fhorchur fionraí nó ar choinneáil siar an toilithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Airteagal 25

    Treoracha chun faireachán a dhéanamh ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna treoir a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid faireachán a dhéanamh ar feadh tréimhse a bheidh le sonrú ag an FIU, ar na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh trí chuntas bainc nó cuntas íocaíochta nó cripteashócmhainní amháin nó níos mó nó trí ghaolmhaireacht gnó eile arna mbainistiú ag an eintiteas faoi oibleagáid do dhaoine a bhfuil riosca suntasach sciúrtha airgid, a chionta preideacáide, nó maoinithe na sceimhlitheoireachta ag baint leo. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go dtabharfar de chumhacht do na FIUnna treoir a thabhairt don eintiteas faoi oibleagáid torthaí an fhaireacháin a thuairisciú.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na FIUnna na bearta faireacháin sin dá dtagraítear san Airteagal seo a fhorchur arna iarraidh sin do FIU ó Bhallstát eile.

    Airteagal 26

    Foláirimh a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann foláireamh a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid faoi fhaisnéis atá ábhartha do dhícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1624. Áireofar an méid seo a leanas ar an bhfaisnéis sin:

    (a)

    cineálacha idirbheart nó gníomhaíochtaí lena mbaineann riosca suntasach sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe na sceimhlitheoireachta;

    (b)

    daoine sonracha a bhfuil riosca suntasach sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe na sceimhlitheoireachta ag baint leo;

    (c)

    limistéir gheografacha shonracha a bhfuil riosca suntasach sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe na sceimhlitheoireachta ag baint leo.

    2.   Beidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse a leagtar síos sa dlí náisiúnta, ar tréimhse í nach rachaidh thar 6 mhí.

    3.   Soláthróidh FIUnna faisnéis straitéiseach d’eintitis faoi oibleagáid maidir le tíopeolaíochtaí, tásca riosca agus treochtaí i sciúradh airgid agus i maoiniú na sceimhlitheoireachta ar bhonn bliantúil.

    Airteagal 27

    Tuarascáil bhliantúil an FIU

    Áiritheoidh gach Ballstát go bhfoilseoidh a FIU tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí. Beidh staidreamh sa tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    obair leantach a rinne FIU ar thuairiscí maidir le hidirbhearta amhrasacha agus maidir le gníomhaíocht amhrasach a fuair sé;

    (b)

    tuairiscí maidir le hidirbhearta amhrasacha arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid;

    (c)

    nochtaí arna ndéanamh ag maoirseoirí agus cláir lárnacha;

    (d)

    scaipeadh a rinneadh chuig údaráis inniúla agus obair leantach a rinneadh i ndáil leis an scaipeadh sin;

    (e)

    iarrataí arna gcur isteach chuig FIUnna eile agus arna bhfáil uathu;

    (f)

    iarrataí arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil agus arna bhfáil uathu dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (44)(c) de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (g)

    acmhainní daonna arna leithdháileadh;

    (h)

    sonraí maidir le haistrithe fisiceacha trasteorann airgid thirim arna dtarchur ag údaráis chustaim de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672.

    Beidh faisnéis sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír freisin faoi na treochtaí agus na tíopeolaíochtaí a sainaithníodh sna comhaid a scaipeadh ar údaráis inniúla eile. Ní bheifear in ann aon duine nádúrtha ná dlítheanach a shainaithint ón bhfaisnéis a thugtar sa tuarascáil.

    Airteagal 28

    Aiseolas ó FIU

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh FIUnna aiseolas d’eintitis faoi oibleagáid i ndáil le tuairisciú ar amhras de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624. Leis an aiseolas sin, cumhdófar ar a laghad, cáilíocht na faisnéise arna soláthar, tráthúlacht an tuairiscithe, cur síos ar an amhras agus an doiciméadacht a soláthraíodh agus an cur síos á chur isteach.

    Ní thuigfear le haiseolas de bhun an Airteagail seo go gcuimsítear ann gach tuairisc arna cur isteach ag eintitis faoi oibleagáid.

    Soláthróidh an FIU aiseolas uair sa bhliain ar a laghad, cibé acu a sholáthraítear é don eintiteas aonair faoi oibleagáid nó do ghrúpaí nó catagóirí d’eintitis faoi oibleagáid, agus líon foriomlán na n-idirbheart amhrasach a thuairiscigh na heintitis faoi oibleagáid á chur san áireamh.

    Cuirfear an t-aiseolas ar fáil freisin do mhaoirseoirí ionas go mbeidh siad in ann maoirseacht riosca-bhunaithe a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 40.

    Tuairisceoidh FIUnna ar bhonn bliantúil do AMLA maidir le haiseolas arna sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid de bhun an Airteagail seo, agus soláthróidh siad staidreamh maidir le líon na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha arna gcur isteach ag catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid.

    Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA moltaí le haghaidh FIUnna maidir le dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige i ndáil le haiseolas a sholáthar, lena n-áirítear maidir le cineál agus minicíocht an aiseolais.

    An oibleagáid aiseolas a sholáthar, ní chuirfidh sí i mbaol aon obair anailíseach atá á déanamh ag an FIU ná aon imscrúdú nó aon ghníomh riaracháin tar éis don FIU é a scaipeadh, agus ní dhéanfaidh sí difear d’infheidhmeacht na gceanglas cosanta sonraí agus na gceanglas rúndachta.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na FIUnna aiseolas ar a laghad ar bhonn bliantúil do na húdaráis chustaim maidir le héifeachtacht na faisnéise arna tarchur de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 agus maidir le bearta leantacha i leith na faisnéise sin.

    Airteagal 29

    Comhar idir FIUnna

    Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh FIUnna i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir, beag beann ar a stádas eagraíochtúil.

    Airteagal 30

    Bealaí cumarsáide faoi chosaint

    1.   Bunófar córas chun faisnéis a mhalartú idir FIUnna na mBallstát (‘FIU.net’). Áiritheofar le FIU.net go ndéanfar faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú ar bhealach slán agus beidh an córas in ann taifead i scríbhinn de na gníomhaíochtaí próiseála uile a chur ar fáil faoi dhálaí inar féidir barántúlacht a fhionnadh. Féadfar FIU.net a úsáid freisin le haghaidh cumarsáid le contrapháirtithe FIUnna i dtríú tíortha agus le húdaráis agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Is é AMLA a dhéanfaidh bainistiú ar FIU.net.

    Úsáidfear FIU.net le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir FIUnna agus AMLA chun críocha anailíseacha comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go malartóidh FIUnna faisnéis le chéile de bhun Airteagal 31 agus 32 a trí FIU.net. I gcás cliseadh teicniúil FIU.net, déanfar an fhaisnéis a tharchur trí aon mhodh iomchuí eile lena n-áiritheofar ardleibhéal slándála sonraí agus cosanta sonraí.

    Déanfar malartuithe faisnéise idir FIUnna agus a gcontrapháirtithe i dtríú tíortha nach bhfuil nasctha le FIU.net trí bhealaí cumarsáide faoi chosaint.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Treoir seo iad, go rachaidh FIUnna i gcomhar le chéile an méid is mó is féidir i gcur i bhfeidhm teicneolaíochtaí úrscothacha i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go rachaidh FIUnna i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir i gcur i bhfeidhm réiteach arna bhforbairt agus arna mbainistiú ag AMLA i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (i), Airteagal 45(1), pointe (d), agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí FIU.net chun crosmheaitseáil a dhéanamh, ar bhonn amais/gan amas, ar na sonraí a chuireann siad ar fáil ar FIU.net, leis na sonraí a chuireann FIUnna eile agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ar fáil ar an gcóras sin a mhéid a thagann an chrosmheaitseáil sin faoi réim shainorduithe na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais.

    5.   Féadfaidh AMLA rochtain FIU nó contrapháirtí i dtríú tír nó comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais ar FIU.net a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil forais aige chun a chreidiúint go gcuirfeadh an rochtain sin cur chun feidhme na Caibidle seo agus slándáil agus rúndacht na faisnéise atá i seilbh FIUnna agus a mhalartaítear trí FIU.net i mbaol, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ábhair imní ann i ndáil le neamhspleáchas agus uathriail FIU.

    Airteagal 31

    Malartú faisnéise idir FIUnna

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go malartóidh FIUnna, go spontáineach, nó arna iarraidh sin, aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do phróiseáil nó d’anailísiú faisnéise a dhéanann an FIU agus a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, agus leis an duine nádúrtha nó dlítheanach atá páirteach, gan beann ar chineál na gcionta preideacáide a d'fhéadfadh a bheith i gceist, agus fiú mura sainaithnítear cineál na gcionta preideacáide a d'fhéadfadh a bheith i gceist tráth a dhéantar an malartú.

    Beidh in iarraidh na fíorais ábhartha, an fhaisnéis chúlra, cúiseanna na hiarrata, na naisc le tír FIU faighte na hiarrata agus an chaoi a n-úsáidfear an fhaisnéis atáthar ag iarraidh.

    Nuair a fhaigheann FIU tuairisc de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624 a bhaineann le Ballstát eile, cuirfidh sé an tuairisc, nó an fhaisnéis ábhartha go léir a fuarthas uaithi, ar aghaidh go pras chuig FIU an Bhallstáit eile sin.

    2.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar an fhormáid atá le húsáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú.

    Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    3.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin na critéir ábharthachta agus roghnúcháin agus cinneadh á dhéanamh an mbaineann tuairisc a chuirtear isteach de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624 le Ballstát eile dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1624.

    4.   Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA treoirlínte a bheidh dírithe ar FIUnna maidir leis na nósanna imeachta atá le cur ar bun agus tuairisc á cur ar aghaidh agus á fáil acu de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624 a bhaineann le Ballstát eile, agus an obair leantach atá le déanamh i ndáil leis an tuairisc sin.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an FIU a n-iarrtar an fhaisnéis air, go gcuirfear de cheangal ar an FIU sin réimse iomlán na gcumhachtaí atá ar fáil dó agus a d’úsáidfeadh sé de ghnáth ar bhonn intíre a úsáid chun faisnéis a fháil agus chun anailís a dhéanamh uirthi nuair a fhreagraíonn sé iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ó FIU eile.

    Nuair a fhéachann FIU le faisnéis bhreise a fháil ó eintiteas faoi oibleagáid atá bunaithe i mBallstát eile agus a oibríonn ar chríoch a Bhallstáit, seolfar an iarraidh chuig FIU an Bhallstáit a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid bunaithe ar a chríoch. Gheobhaidh an FIU sin faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 agus déanfaidh sé na freagraí a tharchur go pras.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n- iarrfar ar FIU faisnéis a sholáthar de bhun mhír 1, go bhfreagróidh sé an iarraidh a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil má tá an fhaisnéis atáthar ag iarraidh i seilbh an FIU sin nó má tá an fhaisnéis atáthar ag iarraidh i mbunachar sonraí nó atá á coimeád i gclár atá inrochtana go díreach ag FIU faighte na hiarrata. I gcásanna eisceachtúla, le húdar iomchuí, féadfar uastréimhse 10 lá oibre a chur leis an sprioc-am sin. I gcás nach mbeidh FIU faighte na hiarrata in ann an fhaisnéis a iarrtar a fháil, cuirfidh sé an méid sin in iúl don FIU iarrthach.

    7.   I gcásanna eisceachtúla práinneacha a bhfuil bonn cirt leo agus, de mhaolú ar mhír 6, i gcás ina n-iarrfar ar FIU, de bhun mhír 1, faisnéis a sholáthar atá á coimeád i mbunachar sonraí nó i gclárlann ar a bhfuil rochtain dhíreach ag FIU faighte na hiarrata nó atá ina sheilbh cheana féin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh FIU faighte na hiarrata an fhaisnéis sin a sholáthar tráth nach déanaí ná 1 lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil.

    Mura bhfuil FIU faighte na hiarrata in ann freagra a thabhairt laistigh de 1 lá oibre amháin nó mura féidir leis rochtain dhíreach a fháil ar an bhfaisnéis, soláthróidh sé údar leis an méid sin. I gcás ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar FIU faighte na hiarrata an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de 1 lá oibre, féadfaidh sé soláthar na faisnéise a chur siar. Sa chás sin, cuirfidh FIU faighte na hiarrata in iúl láithreach don FIU iarrthach go bhfuil soláthair na faisnéise á chur siar. Féadfaidh FIU faighte na hiarrata an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis a shíneadh go dtí 3 lá oibre ar a mhéad.

    8.   I dtaca le faisnéis a mhalartú, ní fhéadfaidh FIU diúltú é sin a dhéanamh ach amháin i ndálaí eisceachtúla ina bhféadfadh an malartú a bheith ag teacht salach ar phrionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta. Déanfar na heisceachtaí sin a shonrú ar bhealach lena ndéantar mí-úsáid shaormhalartú na faisnéise chun críocha anailíse a chosc, agus teorainneacha míchuí ar an saormhalartú sin a chosc.

    Faoin 10 Iúil 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfaidh na Ballstáit na fógraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtagann athruithe ar na himthosca eisceachtúla arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta.

    Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na bhfógraí dá dtagraítear sa dara fomhír.

    9.   Faoin 10 Iúil 2029, cuirfidh an Coimisiún tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh bonn cirt a bheith leis na himthosca eisceachtúla ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 8.

    Airteagal 32

    Anailísí comhpháirteacha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a FIUnna in ann anailísí comhpháirteacha a dhéanamh ar idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha.

    2.   Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, le cúnamh ó AMLA i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, déanfaidh na FIUnna ábhartha foireann anailíse comhpháirtí a bhunú chun críche sonraí agus ar feadh tréimhse theoranta, tréimhse a bhféadfar síneadh a chur léi de chomhthoil, chun anailísí oibríochtúla a dhéanamh ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí amhrasacha a mbeidh baint ag ceann amháin nó níos mó de na FIUnna atá ag cur na foirne ar bun leo.

    3.   Féadfar foireann anailíse comhpháirtí a bhunú sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    teastaíonn anailísí deacra dúshlánacha a bhfuil naisc acu le Ballstáit eile le haghaidh anailísí oibríochtúla FIU;

    (b)

    tá roinnt FIUnna ag déanamh anailísí oibríochtúla ina dtugann imthosca an cháis údar le gníomhaíocht, chomhbheartaithe sna Ballstáit lena mbaineann.

    Féadfaidh aon cheann de na FIUnna lena mbaineann nó AMLA a iarraidh go mbunófaí foireann anailíse comhpháirtí de bhun Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ball foirne dá FIU a leithdháiltear ar an bhfoireann anailíse comhpháirtí in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus laistigh de theorainneacha inniúlacht an bhaill foirne, an fhaisnéis atá ar fáil dá FIU a sholáthar don fhoireann chun críoch na hanailíse atá le déanamh ag an bhfoireann.

    5.   I gcás ina mbíonn cúnamh ag teastáil ón bhfoireann anailíse comhpháirtí ó FIU seachas na FIUnna sin atá ina gcuid den fhoireann, féadfaidh sé iarraidh ar an FIU eile sin:

    (a)

    bheith páirteach san fhoireann anailíse comhpháirtí;

    (b)

    eolas agus faisnéis airgeadais a chur faoi bhráid na foirne anailíse comhpháirtí.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, páirt a ghlacadh sna hanailísí comhpháirteacha chun críocha na n-anailísí comhpháirteacha agus i gcás ina dtagann an rannpháirtíocht sin faoi réim shainorduithe na dtríú páirtithe sin faoi seach.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na FIUnna atá rannpháirteach sna hanailísí comhpháirteacha na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le rannpháirtíocht tríú páirtithe agus go gcuirfidh siad bearta ar bun lena ráthaítear rúndacht agus slándáil na faisnéise arna malartú. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch ar chucu a bunaíodh an anailís chomhpháirteach sin.

    Airteagal 33

    An úsáid a bhaineann FIUnna as faisnéis arna malartú eatarthu

    Úsáidfear faisnéis agus doiciméid arna bhfáil de bhun Airteagail 29, 31 agus 32 chun cúraimí an FIU a chur i gcrích mar a leagtar síos sa Treoir seo. Agus faisnéis agus doiciméid á malartú de bhun Airteagail 29 agus 31, féadfaidh an FIU a tharchuireann an fhaisnéis srianta agus coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na faisnéise sin, ach amháin i gcás inarb éard atá sa tarchur tuairisc arna cur isteach ag eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó faisnéis a eascraíonn as sin, a bhaineann le Ballstát eile ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus nach n-áirítear aon nasc inti chuig Ballstát an FIU a tharchuireann an fhaisnéis. An FIU a fhaigheann an fhaisnéis nó na doiciméid sin, déanfaidh sé na srianta agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh na FIUnna teagmhálaí nó pointe teagmhála amháin ar a laghad le bheith freagrach as iarrataí ar fhaisnéis a fháil ó FIUnna i mBallstáit eile.

    Airteagal 34

    Toiliú maidir le faisnéis arna malartú idir FIUnna a scaipeadh tuilleadh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis arna malartú de bhun Airteagail 29, 31 agus 32 ach amháin chun na críche dár iarradh í nó dár soláthraíodh í agus go mbeidh aon scaipeadh a dhéanfaidh an FIU a fhaigheann an fhaisnéis ar an bhfaisnéis sin ar aon údarás, gníomhaireacht nó roinn eile, nó aon úsáid eile a bhaintear as an bhfaisnéis sin chun críocha seachas iad sin a formheasadh ar dtús, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón FIU a bhfuil an fhaisnéis á soláthar aige.

    Ní bheidh feidhm ag ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo i gcás inarb éard atá san fhaisnéis arna soláthar ag FIU, tuairisc arna cur isteach ag eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 a bhaineann le Ballstát eile ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus nach bhfuil aon nasc aici le Ballstát an FIU a sholáthraíonn an fhaisnéis.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, go dtoileoidh FIU faighte na hiarrata go pras go scaipfí an fhaisnéis ar údaráis inniúla agus a mhéid is mó is féidir, gan beann ar chineál na gcionta preideacáide, agus gan beann ar an gcion preideacáide a bheith sainaitheanta nó gan a bheith sainaitheanta. Ní dhiúltóidh FIU faighte na hiarrata toiliú leis an scaipeadh sin ach amháin más rud é go mbeadh sé sin lasmuigh de raon feidhme chur i bhfeidhm a fhorálacha AML/CFT nó go bhféadfadh lagú ar imscrúdú teacht dá thoradh, nó go mbeadh sé ar neamhréir ar shlí eile le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Déanfar aon diúltú ar thoiliú a dheonú a mhíniú go hiomchuí. Na cásanna inar féidir le FIUnna diúltú toiliú a dheonú, sonrófar iad ar shlí a gcuireann cosc ar mhí-úsáid a bhaint as scaipeadh faisnéise ar údaráis inniúla, agus ar shrianta míchuí ar an scaipeadh sin.

    3.   Faoin 10 Iúil 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na himthosca eisceachtúla a fhágann nach mbeadh scaipeadh na faisnéise i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh na Ballstáit na fógraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtagann athruithe ar na himthosca eisceachtúla arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta.

    Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na bhfógraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    4.   Faoin 10 Iúil 2029, cuirfidh an Coimisiún tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh bonn cirt a bheith leis na himthosca eisceachtúla ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 3.

    Airteagal 35

    Éifeacht fhorálacha an dlí choiriúil

    Ní chuirfidh difríochtaí idir na sainmhínithe ar choireanna preideacáide, sna dlíthe náisiúnta, aon bhac ar chumas FIUnna cúnamh a thabhairt do FIU eile ná ní chuirfidh siad teorainn le malartú, scaipeadh ná úsáid faisnéise de bhun Airteagail 31, 32, 33 agus 34.

    Airteagal 36

    Rúndacht tuairiscithe

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí ar bun ag FIUnna chun cosaint a thabhairt do chéannacht na n-eintiteas faoi oibleagáid agus a bhfostaithe, nó daoine i bpost coibhéiseach, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, a thuairiscíonn cásanna amhrais de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624.

    2.   Agus iad ag freagairt d’iarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla de bhun Airteagal 22 nó nuair a bhíonn torthaí a n-anailísí á scaipeadh acu de bhun Airteagal 19, áiritheoidh na Ballstáit nach nochtfaidh FIUnna foinse na tuairisce dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní dochar an mhír seo don dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta is infheidhme.

    CAIBIDIL IV

    MAOIRSEACHT AR FHRITHSCIÚRADH AIRGID

    ROINN 1

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 37

    Cumhachtaí agus acmhainní maoirseoirí náisiúnta

    1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach eintiteas faoi oibleagáid atá bunaithe ar a chríoch, cé is moite de na himthosca a chumhdaítear in Airteagal 38, faoi réir maoirseacht leordhóthanach agus éifeachtach. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát maoirseoir amháin nó níos mó chun faireachán éifeachtach a dhéanamh, agus chun na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.

    Más rud é, ar chúiseanna leasa ghinearálta sháraithigh, go bhfuil ceanglais údarúcháin shonracha tugtha isteach ag na Ballstáit d’eintitis faoi oibleagáid chun oibriú ar a gcríoch faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaíochtaí na n-eintiteas sin faoi oibleagáid faoi na húdaruithe sonracha sin faoi réir mhaoirseacht a maoirseoirí náisiúnta, gan beann ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar na gníomhaíochtaí trí bhonneagar ina gcríoch nó go cianda. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go dtabharfar fógra faoi mhaoirseacht faoin bhfomhír seo do mhaoirseoirí an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a ghníomhaíonn AMLA mar mhaoirseoir.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla leordhóthanacha ag maoirseoirí chun a gcúraimí a liostaítear i mír 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal ionracais ag foireann na n-údarás sin agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu, agus go gcoimeádfaidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear caighdeáin maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí agus caighdeáin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa.

    3.   I gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1624, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaidh comhlachtaí féinrialála na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go mbeidh ag na comhlachtaí féinrialála sin na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla acu chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal ionracais ag foireann na gcomhlachtaí sin agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu, agus go gcoimeádfaidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear caighdeáin maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí agus caighdeáin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa.

    4.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát maoirseacht ar chatagóir eintiteas faoi oibleagáid de chúram ar níos mó ná maoirseoir amháin, áiritheoidh sé go ndéanfaidh na maoirseoirí sin maoirseacht ar eintitis faoi oibleagáid ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil ar fud na hearnála. Chuige sin, ceapfaidh an Ballstát sin príomh-mhaoirseoir nó bunóidh sé sásra comhordúcháin i measc na maoirseoirí sin.

    I gcás ina gcuirfidh Ballstát maoirseacht ar na heintitis uile faoi oibleagáid de chúram ar níos mó ná maoirseoir amháin, bunóidh sé sásra comhordúcháin i measc na maoirseoirí sin chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar eintitis faoi oibleagáid de réir na gcaighdeán is airde. Áireofar leis an sásra comhordúcháin sin na maoirseoirí uile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhaoirseacht de chúram ar chomhlacht féinrialála, agus sa chás sin beidh an t-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 rannpháirteach sa sásra comhordúcháin;

    (b)

    cuirtear maoirseacht ar chatagóir eintiteas faoi oibleagáid de chúram ar roinnt maoirseoirí, agus sa chás sin glacfaidh an príomh-mhaoirseoir páirt sa sásra comhordúcháin; i gcás nár ceapadh aon phríomh-mhaoirseoir, ainmneoidh maoirseoirí ionadaí as a measc.

    5.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí náisiúnta na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    faisnéis ábhartha a scaipeadh ar eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 39;

    (b)

    cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna sin ina bhfuil na rioscaí sonracha is dual d'earnáil soiléir intuigthe agus nach bhfuil gá le measúnuithe riosca doiciméadaithe aonair de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1624.

    (c)

    leordhóthanacht agus cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na n-eintiteas faoi oibleagáid de bhun Chaibidil II de Rialachán (AE) 2024/1624 agus leordhóthanacht agus cur chun feidhme na n-acmhainní daonna a leithdháiltear ar fheidhmiú na gcúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán sin a fhíorú agus, i gcás maoirseoirí gnóthas comhinfheistíochta, cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna sin ina bhféadfaidh an gnóthas comhinfheistíochta tuairisciú gníomhaíochtaí amhrasacha a sheachfhoinsiú de bhun Airteagal 18(7), de Rialachán (AE) 2024/1624 chuig soláthraí seirbhíse;

    (d)

    measúnú agus faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta chomh maith leis na rioscaí go ndéanfaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a sheachaint agus nach gcuirfí iad chun feidhme a bhfuil na heintitis faoi oibleagáid neamhchosanta orthu;

    (e)

    faireachán a dhéanamh go bhfuil a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;

    (f)

    na himscrúduithe riachtanacha ar fad, idir imscrúduithe lasmuigh den láthair, cigireachtaí ar an láthair agus seiceálacha téamacha, agus aon seiceálacha, measúnuithe agus anailísí eile is gá a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíonann eintitis faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2024/1624, agus aon bhearta riaracháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 56;

    (g)

    bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon sáruithe ar na ceanglais is infheidhme arna ndéanamh ag na heintitis faoi oibleagáid a shainaithnítear sa phróiseas um measúnuithe maoirseachta agus obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha ag na maoirseoirí chun a gcúraimí dá bhforáiltear i mír 5 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht chun:

    (a)

    iallach a chur ar eintitis faoi oibleagáid aon fhaisnéis a thabhairt ar aird atá ábhartha chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2024/1624 nó Rialachán (AE) 2023/1113 agus seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear ó sholáthraithe seirbhíse a ndearna an t-eintiteas faoi oibleagáid cuid dá chúraimí a sheachfhoinsiú chucu chun ceanglais na Rialachán sin a chomhlíonadh;

    (b)

    bearta riaracháin comhréireacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun an cás a leigheas i gcás sáruithe, lena n-áirítear trí smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí ag maoirseoirí airgeadais agus ag maoirseoirí atá i gceannas ar sholáthraithe seirbhísí cearrbhachais sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 6, lena n-áirítear an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar áitreabh gnó an eintitis faoi oibleagáid gan fógra roimh ré, i gcás ina n-éilítear sin le feidhmiú agus éifeachtúlacht na cigireachta mar is ceart, agus go bhfuil na modhanna uile is gá acu chun an cigireacht sin a dhéanamh.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na maoirseoirí in ann an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

    (a)

    leabhair agus taifid an eintitis faoi oibleagáid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

    (b)

    rochtain a fháil ar aon bhogearraí, bunachair sonraí, uirlisí TF nó meán leictreonach eile chun faisnéis a thaifeadadh atá in úsáid ag an eintiteas faoi oibleagáid;

    (c)

    faisnéis i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine atá freagrach as beartais, nósanna imeachta, agus rialuithe inmheánacha AML/CFT nó óna n-ionadaithe nó a mbaill foirne, chomh maith le haon ionadaí nó foireann de chuid eintiteas a ndearna an t-eintiteas faoi oibleagáid cúraimí a sheachfhoinsiú chuige de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/1624, agus agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn dul faoi agallamh chun faisnéis a bhaineann le hábhar imscrúdaithe a bhailiú.

    Airteagal 38

    Maoirseacht ar chineálacha bonneagair de chuid idirghabhálaithe áirithe a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar

    1.   I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí na n-eintiteas faoi oibleagáid seo a leanas ina gcríoch faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí nó dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair, lena n-áirítear nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin faoi údarú a fuarthas faoi Threoir 2013/36/AE, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin faoi réir mhaoirseacht a maoirseoirí náisiúnta:

    (a)

    eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42);

    (b)

    soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366 agus

    (c)

    soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh maoirseoirí an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí faireachán éifeachtach agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfaidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe maoirseacht ar na gníomhairí, na dáileoirí nó na cineálacha eile bonneagair dá dtagraítear sa mhír sin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    comhlíontar na critéir a leagtar amach sa chaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear in Airteagal 41(2); agus

    (b)

    tugann maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil na gníomhairí, na dáileoirí nó na cineálacha eile bonneagair lonnaithe fógra do mhaoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe, i bhfianaise a theoranta atá bonneagar an eintitis ina chríoch, go bhfuil maoirseacht ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 le déanamh ag maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, soláthróidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe agus maoirseoir an Bhallstáit ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí nó dáileoirí nó trí chineálacha eile bonneagair aon fhaisnéis dá chéile is gá chun a mheas an gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), lena n-áirítear maidir le haon athrú ar imthosca an eintitis faoi oibleagáid a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar shásamh na gcritéar sin.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra a fháil faoi mhír 2, pointe (b), go ndéanfaidh sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na ngníomhairí, na ndáileoirí nó na gcineálacha eile bonneagair trína n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar a maoirseacht.

    5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo nuair a ghníomhaíonn AMLA mar mhaoirseoir.

    Airteagal 39

    Faisnéis a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí faisnéis faoi sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ar fáil do na heintitis faoi oibleagáid atá faoina maoirseacht.

    2.   Ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, áireofar an méid seo a leanas:

    (a)

    an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 agus aon mholadh ábhartha ón gCoimisiún ar bhonn an Airteagail sin;

    (b)

    measúnuithe riosca náisiúnta nó earnála arna ndéanamh suas de bhun Airteagal 8;

    (c)

    treoirlínte, moltaí agus tuairimí ábhartha arna n-eisiúint ag AMLA i gcomhréir le hAirteagail 54 agus 55 de Rialachán (AE) 2024/1620;

    (d)

    faisnéis faoi thríú tíortha a shainaithnítear de bhun Chaibidil III, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (e)

    aon treoraíocht nó tuairisc arna cur ar fáil ag AMLA, maoirseoirí eile agus, i gcás inarb ábhartha, ag an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, an FIU nó aon údarás inniúil nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus socraitheoirí caighdeán, maidir le modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe na sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith bainteach le hearnáil, agus tásca a d’fhéadfadh cabhrú chun idirbhearta nó gníomhaíochtaí a shainaithint a bhfuil riosca ann go mbeadh baint acu leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta san earnáil sin, agus treoraíocht maidir le hoibleagáidí eintiteas faoi oibleagáid i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí gníomhaíochtaí for-rochtana, de réir mar is iomchuí, chun na heintitis faoi oibleagáid atá faoina maoirseacht a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí faisnéis faoi dhaoine nó eintitis a ainmnítear i ndáil le smachtbhannaí airgeadais smachtbhannaí airgeadais N A spriocdhírithe ar fáil láithreach do na heintitis faoi oibleagáid atá faoina maoirseacht.

    Airteagal 40

    Maoirseacht riosca-bhunaithe

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na maoirseoirí cur chuige riosca-bhunaithe i bhfeidhm maidir le maoirseacht. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)

    beidh tuiscint shoiléir acu ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina mBallstát;

    (b)

    déanfaidh siad measúnú ar an bhfaisnéis ábhartha uile maidir le rioscaí sonracha intíre agus idirnáisiúnta a bhaineann le custaiméirí, táirgí agus seirbhísí na n-eintiteas faoi oibleagáid;

    (c)

    déanfaidh siad minicíocht agus déine na maoirseachta ar an láthair, na maoirseachta lasmuigh den láthair agus na maoirseachta téamaí a bhunú ar phróifíl riosca na n-eintiteas faoi oibleagáid, agus ar an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta sa Bhallstát sin.

    Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh maoirseoirí cláir mhaoirseachta bhliantúla a tharraingt suas, ina gcuirfear san áireamh an t-uainiú agus na hacmhainní is gá chun freagairt go pras i gcás ina mbeadh tásca oibiachtúla suntasacha ann go ndearnadh sáruithe ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 á sárú.

    2.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin leagfar amach na tagarmharcanna agus modheolaíocht chun próifíl riosca bhunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid a mheasúnú agus a aicmiú agus minicíocht an athbhreithnithe atá le déanamh ar an bpróifíl riosca sin. Cuirfear san áireamh leis an minicíocht sin aon mhórtheagmhais nó aon mhórfhorbairtí i mbainistiú agus in oibríochtaí an eintitis faoi oibleagáid, chomh maith le cineál agus méid an ghnó.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    3.   Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA treoirlínte chuig na maoirseoirí maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    saintréithe cur chuige rioscabhunaithe maidir le maoirseacht;

    (b)

    na bearta atá le cur ar bun laistigh de mhaoirseoirí chun maoirseacht leordhóthanach agus éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear chun oiliúint a chur ar a bhfoireann;

    (c)

    na bearta atá le déanamh agus maoirseacht á déanamh ar bhonn riosca-íogair.

    I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír torthaí na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagail 30 agus 35 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na maoirseoirí san áireamh méid na lánrogha a cheadaítear don eintiteas faoi oibleagáid, agus déanfaidh siad athbhreithniú iomchuí ar na measúnuithe riosca is bun leis an lánrogha sin, agus leordhóthanacht a bheartas, a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí ar fáil agus go gcuirfear achoimre ar an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Ní bheidh faisnéis rúnda san achoimre sin agus áireofar an méid seo a leanas inti:

    (a)

    catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi mhaoirseacht agus líon na n-eintiteas faoi oibleagáid in aghaidh na catagóire;

    (b)

    cur síos ar na cumhachtaí a chuirtear ar iontaoibh na maoirseoirí agus ar na cúraimí a shanntar dóibh agus, i gcás inarb ábhartha, ar na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 37(4) ina mbeidh siad rannpháirteach agus, i gcás an phríomh-mhaoirseora, achoimre ar na gníomhaíochtaí comhordúcháin a rinneadh;

    (c)

    forléargas ar na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh.

    Airteagal 41

    Pointí teagmhála lárnacha

    1.   Chun críocha Airteagal 37(1) agus Airteagal 38(1), féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn bunaíochtaí ina gcríoch seachas fochuideachta nó brainse, nó a oibríonn ina gcríoch trí ghníomhairí nó dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair, faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ina gcríoch. Áiritheoidh an pointe teagmhála lárnach sin, thar ceann an eintitis faoi oibleagáid, go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus éascóidh sé an mhaoirseacht arna déanamh ag maoirseoirí, lena n-áirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí arna iarraidh sin dóibh.

    2.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, leagfar amach na critéir lena gcinnfear na himthosca inarb iomchuí pointe teagmhála lárnach a cheapadh de bhun mhír 1, mar aon leis na feidhmeanna ba cheart a bheith ag na pointí teagmhála lárnacha.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    Airteagal 42

    Faisnéis a nochtadh do FIUnna

    1.   Más rud é, i gcúrsa na seiceálacha arna ndéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid, nó ar bhealach ar bith eile, go n-aimsíonn na maoirseoirí fíorais a bhféadfadh baint a bheith acu le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh siad é sin in iúl don FIU go pras.

    2.   Na maoirseoirí a bhfuil de chumhacht acu maoirseacht a dhéanamh ar stocmhargaí, margaí airgeadraí agus margaí díorthach airgeadais, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh siad an FIU ar an eolas má aimsíonn siad faisnéis a bhféadfadh baint a bheith aici le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo a chur in ionad aon oibleagáide atá ar údaráis mhaoirseachta aon ghníomhaíocht choiriúil a aimsíonn siad nó a dtagann siad ar an eolas fúithi i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí maoirseachta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha.

    Airteagal 43

    Faisnéis a sholáthar do FIUnna

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad in iúl don FIU:

    (a)

    liosta na mbunaíochtaí a oibríonn sa Bhallstát faoi seach agus liosta an bhonneagair atá faoina maoirseacht de bhun Airteagal 38(1), agus aon athruithe ar na liostaí sin;

    (b)

    aon torthaí ábhartha a léiríonn laigí tromchúiseacha i gcórais tuairiscithe na n-eintiteas faoi oibleagáid;

    (c)

    torthaí na measúnuithe riosca arna ndéanamh de bhun Airteagal 40, i bhfoirm chomhiomlánaithe.

    Airteagal 44

    Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcomhar maoirseachta

    Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na maoirseoirí i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir, beag beann ar a gcineál nó a stádas. Féadfar a áireamh ar an gcomhar sin, fiosrúchán a dhéanamh, laistigh de chumhachtaí maoirseoir faighte na hiarrata, thar ceann maoirseoir iarrthach, agus malartú na faisnéise ina dhiaidh sin a fhaightear trí na fiosrúcháin sin, nó seoladh na bhfiosrúchán sin arna ndéanamh ag an maoirseoir iarrthach a éascú.

    Airteagal 45

    Faisnéis a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí trasteorann

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas a luaithe is féidir, agus i gcás ar bith laistigh de 3 mhí ó fhógra a fháil de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 faoi na gníomhaíochtaí a bheartaíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a dhéanamh sa Bhallstát óstach.

    Aon athrú ina dhiaidh sin arna fhógairt do mhaoirseoirí an Bhallstáit baile de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/1624 déanfar fógra a thabhairt do mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh freisin faoi a luaithe is féidir agus i ngach cás laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra sin a fháil.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí an Bhallstáit baile faisnéis a chomhroinnt le maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh iarbhír ag an eintiteas faoi oibleagáid i gcríoch an Bhallstáit óstaigh a fhaigheann siad i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach ag na heintitis faoi oibleagáid mar fhreagairt ar cheistneoirí maoirseachta, agus aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Ballstát óstach.

    Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhalartú uair sa bhliain ar a laghad. I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis sin i bhfoirm chomhiomlánaithe, áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh maoirseoirí an Bhallstáit baile go pras aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise ó mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh.

    De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas díreach tar éis dóibh fógra a fháil ó eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 go bhfuil tús curtha le gníomhaíochtaí sa Bhallstát óstach.

    Airteagal 46

    Forálacha a bhaineann le comhar i gcomhthéacs na maoirseachta grúpa

    1.   I gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais ar cuid de ghrúpa iad, áiritheoidh na Ballstáit, chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 37(1), go n-oibreoidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit baile agus maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit óstaigh i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir, gan beann ar a gcineál nó ar a stádas faoi seach. Oibreoidh siad i gcomhar freisin le AMLA nuair a fheidhmíonn sé feidhmeanna maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/....

    2.   Seachas nuair a fheidhmíonn AMLA mar mhaoirseoir, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit baile maoirseacht ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe uile-ghrúpa dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2024/1624. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit óstaigh maoirseacht ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624 agus Rialachán (AE) 2023/1113 ag na bunaíochtaí atá lonnaithe ar chríoch a mBallstáit.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, agus seachas i gcásanna ina mbunaítear coláistí maoirseachta AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 49, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na maoirseoirí airgeadais dá chéile aon fhaisnéis a theastaíonn uathu chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú, bíodh sin ar iarraidh nó ar a dtionscnamh féin. Go háirithe, malartóidh na maoirseoirí airgeadais aon fhaisnéis a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar an neamhchosaint bhunúsach nó neamhchosaint iarmharach ar riosca atá ag institiúid creidmheasa nó institiúide airgeadais i mBallstát eile, lena n-áirítear:

    (a)

    struchtúr dlíthiúil, rialachais agus eagraíochtúil an ghrúpa a shainaithint, lena gcumhdaítear na fochuideachtaí agus na brainsí uile;

    (b)

    faisnéis ábhartha maidir leis na húinéirí tairbhiúla agus leis an mbainistíocht shinsearach, lena n-áirítear torthaí seiceálacha cuí oiriúnacha, cibé acu a dhéantar iad faoin Treoir seo nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais;

    (c)

    beartais, nósanna imeachta agus rialuithe atá ar bun laistigh den ghrúpa;

    (d)

    faisnéis maidir le dícheall cuí do chustaiméirí, lena n-áirítear comhaid custaiméirí agus taifid ar idirbhearta;

    (e)

    forbairtí díobhálacha i ndáil leis an máthairghnóthas, a fhochuideachtaí nó a bhrainsí a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do chodanna eile den ghrúpa;

    (f)

    smachtbhannaí airgid a bheartaíonn maoirseoirí airgeadais a fhorchur agus bearta riaracháin a bheartaíonn maoirseoirí airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo.

    Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go mbeidh na maoirseoirí airgeadais in ann fiosrúcháin a dhéanamh, de réir a gcumhachtaí, thar ceann maoirseoir iarrthach, agus an fhaisnéis a fhaightear ó na fiosrúcháin sin a chomhroinnt, nó déanamh na bhfiosrúchán sin ag an maoirseoir iarrthach a éascú.

    4.   Faoin .10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dualgais na maoirseoirí baile agus na maoirseoirí óstacha faoi seach agus módúlachtaí an chomhair atá eatarthu.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    5.   Féadfaidh maoirseoirí airgeadais aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuid AMLA:

    (a)

    i gcás nár chuir maoirseoir airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 in iúl;

    (b)

    i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar nó nach ndearnadh rud air laistigh d’achar ama réasúnach.

    (c)

    i gcás ina mbeidh easaontas ann ar bhonn cúiseanna oibiachtúla maidir le sáruithe a sainaithníodh agus maidir leis na smachtbhannaí airgid atá le forchur nó na bearta riaracháin atá le cur i bhfeidhm ar an eintiteas nó ar an ngrúpa chun na sáruithe sin a leigheas.

    Féadfaidh AMLA, gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1620. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh AMLA a thuairim ar fáil maidir le hábhar na hiarrata laistigh de 1 mhí amháin.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm an Airteagal seo freisin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    grúpaí eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais;

    (b)

    eintitis faoi oibleagáid a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar gan aon bhonneagar i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe, i gcás ina ndéanann maoirseoirí an Bhallstáit eile sin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí sa Bhallstát eile sin de bhun Airteagal 37(1), an dara fomhír.

    I gcás ina dtagann na cásanna dá dtagraítear i mír 5 chun cinn i ndáil le maoirseoirí seach-airgeadais, féadfaidh AMLA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcásanna ina bhfuil eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais mar chuid de struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteann maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí, go n-oibreoidh maoirseoirí seach-airgeadais i gcomhar le chéile agus go malartóidh siad faisnéis.

    Airteagal 47

    Comhar maoirseachta maidir le heintitis faoi oibleagáid a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann

    1.   I gcás ina ndéanann eintitis faoi oibleagáid nach cuid de ghrúpa iad gníomhaíochtaí trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 54(1) agus ina gcomhroinntear maoirseacht idir maoirseoirí an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh de bhun Airteagail 37(1) agus 38(1), áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na maoirseoirí sin i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir agus go gcuideoidh siad le chéile i bhfeidhmiú na maoirseachta de bhun Airteagail 37(1) agus 38(1).

    Chun críocha na chéad fhomhíre, agus seachas i gcásanna ina mbunaítear coláistí maoirseachta AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 49, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas i ndáil le maoirseoirí:

    (a)

    go ndéanfaidh siad aon fhaisnéis atá de dhíth orthu chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú a chur ar fáil dá chéile, arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (d), i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin riachtanach chun na cúraimí maoirseachta a chomhlíonadh;

    (b)

    go ndéanfaidh siad a chéile a chur ar an eolas faoi aon fhorbairt dhíobhálach i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid, a bhunaíochtaí nó a chineálacha bonneagair, a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme ag an eintiteas, agus smachtbhannaí airgid a bheartaíonn siad a fhorchur nó bearta riaracháin a bheartaíonn siad a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo;

    (c)

    go mbeidh siad in ann fiosrúcháin a dhéanamh, laistigh dá gcumhachtaí, thar ceann maoirseoir iarrthach, agus an fhaisnéis a fhaightear trí na fiosrúcháin sin a chomhroinnt, nó seoladh na bhfiosrúchán sin arna ndéanamh ag an maoirseoir iarrthach a éascú.

    Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe in aon Bhallstát amháin agus a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile gan aon bhonneagar, i gcás ina ndéanann maoirseoirí an Bhallstáit eile sin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí sa Bhallstát eile sin de bhun Airteagal 37(1), an dara fomhír.

    2.   I gcás ina gcuirtear maoirseacht ar an eintiteas faoi oibleagáid agus ar aon cheann dá chineálacha bonneagair i mBallstáit eile de chúram ar mhaoirseoirí an Bhallstáit baile de bhun Airteagal 38(2), áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go tráthrialta faoi na bearta atá ar bun laistigh den eintiteas faoi oibleagáid, agus faoi chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme ag an eintiteas sin, lena n-áirítear na ceanglais atá ar bun sa Bhallstát óstach. I gcás ina sainaithneofar sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go pras faoi na sáruithe sin agus faoi aon smachtbhannaí airgid a bheartaíonn sé a fhorchur agus faoi bhearta riaracháin a bheartaíonn sé a chur i bhfeidhm chun iad a leigheas.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh cúnamh ar fáil do mhaoirseoirí an Bhallstáit baile chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh ag an eintiteas faoi oibleagáid. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon amhras tromchúiseach atá orthu maidir leis na ceanglais is infheidhme gan a bheith á gcomhlíonadh ag an eintiteas faoi oibleagáid, agus go roinnfidh siad aon fhaisnéis atá ina seilbh acu i ndáil leis sin le maoirseoirí an Bhallstáit baile.

    Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe in aon Bhallstát amháin agus a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile gan aon bhonneagar ann, seachas i gcásanna ina ndéanann maoirseoirí an Bhallstáit eile sin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí sa Bhallstát eile sin de bhun Airteagal 37(1), an dara fomhír.

    3.   Beidh maoirseoirí in ann aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig AMLA:

    (a)

    i gcás nár chuir maoirseoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b) nó i mír 2, an chéad fhomhír agus an dara fomhír in iúl;

    (b)

    i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar nó nach ndearnadh gníomh ina leith laistigh de thréimhse réasúnach ama;

    (c)

    i gcás ina mbeidh easaontas ar bhonn cúiseanna oibiachtúla maidir le sáruithe a sainaithníodh agus maidir leis na smachtbhannaí airgid atá le forchur nó na bearta riaracháin atá le cur i bhfeidhm ar an eintiteas chun na sáruithe sin a leigheas.

    Gníomhóidh AMLA i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 33 agus 38 de Rialachán (AE) 2024/1620. Cuirfidh AMLA a thuairim ar fáil maidir le hábhar na hiarrata laistigh de 1 mhí amháin.

    Airteagal 48

    Malartú faisnéise i ndáil le cur chun feidhme beartas uileghrúpa i dtríú tíortha

    Déanfaidh maoirseoirí, lena n-áirítear AMLA, a chéile a chur ar an eolas faoi chásanna nach gceadaítear dlí tríú tír cur chun feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1624. I gcásanna den sórt, féadfaidh na maoirseoirí gníomhaíochtaí comhordaithe a ghlacadh chun teacht ar réiteach. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar cé na tríú tíortha nach gceadaíonn cur chun feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1624, cuirfidh na maoirseoirí san áireamh aon srianta dlíthiúla a d’fhéadfadh bac a chur ar chur chun feidhme mar is ceart na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe sin, lena n-áirítear rúndacht ghairmiúil, leibhéal neamh-leordhóthanach cosanta sonraí agus srianta eile a chuireann teorainn leis an malartú faisnéise agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun na críche sin.

    ROINN 2

    Comhar laistigh de choláistí maoirseachta AML/CFT agus le contrapháirtithe i dtríú tíortha

    Airteagal 49

    Coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an maoirseoir airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais nó ar cheannoifig institiúide creidmheasa nó institiúide airgeadais coláistí maoirseachta tiomnaithe AML/CFT ar bun in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil bunaíochtaí curtha ar bun ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais, lena n-áirítear grúpaí díobh sin, in dhá Bhallstát dhifriúla ar a laghad cé is moite den Bhallstát ina bhfuil a ceannoifig lonnaithe;

    (b)

    i gcás ina bhfuil bunaíochtaí curtha ar bun ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais tríú tír i dtrí Bhallstát ar a laghad.

    2.   Is iad seo a leanas buanchomhaltaí an choláiste an maoirseoir airgeadais atá i gceannas ar an máthairghnóthas nó ar an gceannoifig, na maoirseoirí airgeadais atá i gceannas ar bhunaíochtaí i mBallstáit óstacha agus na maoirseoirí airgeadais atá i gceannas ar bhonneagar sna Ballstáit óstacha de bhun Airteagal 38.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo nuair a fheidhmíonn AMLA mar mhaoirseoir.

    4.   Beidh gníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseachta AML/CFT comhréireach le leibhéal na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe na sceimhlitheoireachta ar a bhfuil an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais nó an grúpa neamhchosanta, agus le scála a gníomhaíochtaí trasteorann.

    5.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí airgeadais an méid seo a shainaithint:

    (a)

    na hinstitiúidí creidmheasa nó institiúid airgeadais uile a údaraíodh ina mBallstát agus a bhfuil bunaíochtaí acu i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;

    (b)

    na bunaíochtaí uile arna mbunú ag institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;

    (c)

    bunaíochtaí arna gcur ar bun ar a gcríoch ag institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.

    6.   I gcásanna seachas na cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 38, ina ndéanann institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais gníomhaíochtaí i mBallstáit eile faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, féadfaidh maoirseoir airgeadais an Bhallstáit baile cuireadh a thabhairt do mhaoirseoirí airgeadais na mBallstát sin a bheith rannpháirteach sa choláiste mar bhreathnóirí.

    7.   I gcás ina n-áirítear aon eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais i ngrúpa institiúidí creidmheasa nó institiúid airgeadais, tabharfaidh an maoirseoir airgeadais a chuireann an coláiste ar bun cuireadh do mhaoirseoirí na n-eintiteas sin faoi oibleagáid a bheith rannpháirteach sa choláiste.

    8.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfí coláistí maoirseachta AML/CFT ar bun i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe in dhá thríú tír ar a laghad ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais atá bunaithe san Aontas. Féadfaidh maoirseoirí airgeadais iarraidh ar a gcontrapháirtithe sna tríú tíortha sin an coláiste a chur ar bun. Bunóidh na maoirseoirí airgeadais atá rannpháirteach sa choláiste comhaontú i scríbhinn ina mbeidh mionsonraí ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear coláistí, i measc nithe eile, chun faisnéis a mhalartú, cúnamh frithpháirteach a sholáthar nó an cur chuige maoirseachta i leith an ghrúpa nó na hinstitiúide a chomhordú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta iomchuí comhréireacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 a bhraitear ar leibhéal an ghrúpa nó na hinstitiúide creidmheasa nó na hinstitiúide airgeadais nó sna bunaíochtaí arna gcur ar bun ag an ngrúpa nó ag an institiúid i ndlínse maoirseora atá rannpháirteach sa choláiste.

    10.   Féadfaidh AMLA freastal ar chruinnithe choláistí maoirseachta AML/CFT agus éascóidh sé a gcuid oibre i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2024/1620. I gcás ina gcinnfidh AMLA páirt a ghlacadh i gcruinnithe choláiste maoirseachta AML/CFT, beidh stádas breathnóra aige.

    11.   Féadfaidh maoirseoirí airgeadais cead a thabhairt dá gcontrapháirtithe i dtríú tíortha bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcoláistí maoirseachta AML/CFT sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) nó i gcás ina n-oibríonn grúpaí nó institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais de chuid an Aontais brainsí agus fochuideachtaí sna tríú tíortha sin, ar choinníoll:

    (a)

    go gcuireann na contrapháirtithe tríú tír iarraidh isteach ar rannpháirtíocht agus go gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste lena rannpháirtíocht, nó go gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste cuireadh a thabhairt do na contrapháirtithe tríú tír sin;

    (b)

    go bhfuil na rialacha cosanta sonraí de chuid an Aontais a bhaineann le haistrithe sonraí á gcomhlíonadh;

    (c)

    go síníonn na contrapháirtithe tríú tír an comhaontú i scríbhinn dá dtagraítear i mír 8, an tríú habairt, agus go gcomhroinneann siad laistigh den choláiste an fhaisnéis ábhartha atá acu chun maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais nó ar an ngrúpa;

    (d)

    go bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a ráthú atá coibhéiseach ar a laghad leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus nach n-úsáidtear í ach amháin chun cúraimí maoirseachta na maoirseoirí airgeadais rannpháirteacha nó na gcontrapháirtithe i dtríú tíortha a chomhlíonadh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí airgeadais a chuireann na coláistí ar bun measúnú an bhfuil coinníollacha na chéad fhomhíre á gcomhlíonadh agus cuirfidh siad faoi bhráid bhuanchomhaltaí an choláiste é. Déanfar an measúnú sin sula gceadófar don chontrapháirtí tríú tír dul isteach sa choláiste agus féadfar é a dhéanamh arís de réir mar is gá ina dhiaidh sin. Féadfaidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit baile tacaíocht a lorg ó AMLA chun an measúnú sin a dhéanamh.

    12.   I gcás ina measfaidh buanchomhaltaí an choláiste gur gá sin, féadfar cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí breise, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta. Féadfaidh maoirseoirí stuamachta a áireamh ar bhreathnóirí, lena n-áirítear BCE ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (43), chomh maith leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus na FIUnna.

    13.   I gcás ina n-easaontaíonn comhaltaí coláiste maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh siad an t-ábhar a tharchur chuig AMLA agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    14.   Faoin 10 Iúil 2026 [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

    (a)

    na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais, ar bhonn riosca-íogair, lena n-áirítear téarmaí an chomhair idir buanchomhaltaí agus le breathnóirí, agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí sin;

    (b)

    an teimpléad don chomhaontú i scríbhinn atá le síniú ag maoirseoirí airgeadais de bhun mhír 8;

    (c)

    aon bheart breise atá le cur chun feidhme ag na coláistí nuair a áirítear i ngrúpaí eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais;

    (d)

    coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí airgeadais i dtríú tíortha.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    Airteagal 50

    Coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais in ann coláistí maoirseachta tiomnaithe AML/CFT a chur ar bun in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe ag eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais, nó grúpa de sin, in dhá Bhallstát dhifriúla ar a laghad cé is moite den Bhallstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;

    (b)

    i gcás ina bhfuil bunaíochtaí curtha ar bun ag eintiteas tríú tír atá faoi réir ceanglais AML/CFT, seachas institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais i dtrí Bhallstát ar a laghad.

    Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteann maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí a bhfuil feidhm ag ceanglais uile-ghrúpa maidir leo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1624.

    Is iad a bheidh i mbuanchomhaltaí an choláiste an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar an máthairghnóthas nó ar an gceannoifig agusna maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar bhunaíochtaí i mBallstáit óstacha nó atá i gceannas ar an maoirseacht ar an eintiteas sin faoi oibleagáid i mBallstáit eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 37(1), an dara fomhír.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcuirfidh an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid coláiste ar bun, gur féidir leis na maoirseoirí seach-airgeadais dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b), tuairim a chur isteach á rá, ag féachaint do na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid nó an grúpa neamhchosanta orthu agus do scála a ghníomhaíochtaí trasteorann, go gcuirfear coláiste ar bun. Cuirfidh 2 mhaoirseoir seach-airgeadais ar a laghad an tuairim sin isteach agus díreofar í chuig:

    (a)

    an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid;

    (b)

    AMLA;

    (c)

    gach maoirseoir seach-airgeadais eile.

    I gcás inar comhlacht féinrialála é an maoirseoir seach-airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an gcomhlacht féinrialála sin de bhun Airteagal 52 an tuairim sin faoi bhráid an údaráis poiblí freisin.

    3.   I gcás, tar éis tuairim a chur isteach de bhun mhír 2, ina measfaidh an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid fós nach gá coláiste a bhunú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na maoirseoirí seach-airgeadais eile in ann an coláiste a chur ar bun, ar choinníoll go bhfuil sé comhdhéanta de bheirt chomhaltaí ar a laghad. Sna cásanna sin, cinnfidh na maoirseoirí seach-airgeadais eatarthu féin cé hé nó hí an maoirseoir atá i gceannas ar an gcoláiste. Cuirfear an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an choláiste agus beidh sé in ann dul isteach sa choláiste tráth ar bith.

    4.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí seach-airgeadais iad seo a leanas a shainaithint:

    (a)

    gach eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais a bhfuil a cheannoifig ina mBallstát agus a bhfuil bunaíochtaí acu i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;

    (b)

    na bunaíochtaí uile arna mbunú ag na heintitis sin faoi oibleagáid i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha;

    (c)

    bunaíochtaí arna mbunú ina gcríoch ag eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais ar de chuid Ballstát eile nó tríú tíortha iad.

    5.   I gcásanna ina ndéanfaidh eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais gníomhaíochtaí i mBallstáit eile faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, féadfaidh maoirseoir seach-airgeadais an Bhallstáit baile cuireadh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais na mBallstát sin a bheith rannpháirteach sa choláiste mar bhreathnóirí.

    6.   I gcás ina n-áirítear aon institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais i ngrúpa san earnáil seach-airgeadais, ach nach gcomhlíonann a láithreacht sa ghrúpa an tairseach chun coláiste a bhunú de bhun Airteagal 49, iarrfaidh an maoirseoir a chuireann an coláiste ar bun ar mhaoirseoirí airgeadais na n-institiúidí creidmheasa nó na n-institiúidí airgeadais sin a bheith rannpháirteach sa choláiste.

    7.   Féadfaidh na Ballstáit cur ar bun coláistí maoirseachta AML/CFT a cheadú i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe in dhá thríú tír ar a laghad ag eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais atá bunaithe san Aontas. Féadfaidh maoirseoirí seach-airgeadais iarraidh ar a gcontrapháirtithe sna tríú tíortha sin an coláiste sin a chur ar bun. Bunóidh na maoirseoirí seach-airgeadais atá rannpháirteach sa choláiste comhaontú i scríbhinn ina mbeidh mionsonraí ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise.

    I gcás ina gcuirtear an coláiste ar bun i ndáil le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó grúpaí díobh, áireofar sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo freisin nósanna imeachta chun a áirithiú nach gcomhroinnfear aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2024/1624, mura mbeidh feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 21(2).

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear coláistí, i measc nithe eile, chun faisnéis a mhalartú, cúnamh frithpháirteach a sholáthar nó an cur chuige maoirseachta i leith an ghrúpa nó an eintitis faoi oibleagáid a chomhordú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta iomchuí comhréireacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 a bhraitear ar leibhéal an ghrúpa nó an eintitis faoi oibleagáid nó sna bunaíochtaí arna mbunú ag an ngrúpa nó ag an eintiteas faoi oibleagáid i ndlínse maoirseora atá rannpháirteach sa choláiste.

    9.   Féadfaidh AMLA freastal ar chruinnithe choláistí maoirseachta AML/CFT agus éascóidh sé a gcuid oibre i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1620. I gcás ina gcinnfidh AMLA páirt a ghlacadh i gcruinnithe choláiste maoirseachta AML/CFT, beidh stádas breathnóra aige.

    10.   Féadfaidh maoirseoirí seach-airgeadais a cheadú dá gcontrapháirtithe i dtríú tíortha a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcoláistí maoirseachta AML/CFT sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) nó i gcás ina n-oibríonn eintitis faoi oibleagáid de chuid an Aontais san earnáil seach-airgeadais, nó grúpaí díobh, brainsí agus fochuideachtaí sna tríú tíortha sin, ar choinníoll:

    (a)

    go gcuireann na contrapháirtithe tríú tír iarraidh isteach ar rannpháirtíocht agus go gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste lena rannpháirtíocht, nó go gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste cuireadh a thabhairt do na contrapháirtithe tríú tír sin;

    (b)

    go bhfuil na rialacha cosanta sonraí de chuid an Aontais a bhaineann le haistrithe sonraí á gcomhlíonadh;

    (c)

    go síníonn na contrapháirtithe tríú tír an comhaontú i scríbhinn dá dtagraítear i mír 7, agus go gcomhroinneann siad laistigh den choláiste an fhaisnéis ábhartha atá acu chun maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas faoi oibleagáid nó ar an ngrúpa;

    (d)

    go bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a ráthú atá coibhéiseach ar a laghad leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus nach n-úsáidtear í ach amháin chun cúraimí maoirseachta na maoirseoirí seach-airgeadais rannpháirteacha nó na gcontrapháirtithe i dtríú tíortha a chomhlíonadh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid nó, sna cásanna a chumhdaítear le mír 3, ar an gcoláiste, measúnú an bhfuil coinníollacha na chéad fhomhíre den mhír seo á gcomhlíonadh agus cuirfidh siad faoi bhráid bhuanchomhaltaí an choláiste é. Déanfar an measúnú sin sula gceadaítear don chontrapháirtí tríú tír a bheith ina chomhalta den choláiste agus féadfar é a dhéanamh arís de réir mar is gá ina dhiaidh sin. Féadfaidh na maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar an measúnú tacaíocht a lorg ó AMLA chun an measúnú sin a dhéanamh.

    11.   I gcás ina measfaidh buanchomhaltaí an choláiste gur gá sin, féadfar cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí breise, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta. Féadfaidh FIUnna a bheith san áireamh i mbreathnóirí.

    12.   I gcás ina n-easaontaíonn comhaltaí coláiste maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh siad an t-ábhar a tharchur chuig AMLA agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2024/1620. Déanfaidh AMLA a thuairim a chur ar fáil maidir leis an ábhar easaontais laistigh de 2 mhí.

    13.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Sonrófar an méid seo a leanas sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

    (a)

    na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais, lena n-áirítear téarmaí an chomhair idir buanchomhaltaí agus le breathnóirí, agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí sin;

    (b)

    an teimpléad don chomhaontú i scríbhinn atá le síniú ag maoirseoirí seach-airgeadais de bhun mhír 7;

    (c)

    coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí seach-airgeadais i dtríú tíortha;

    (d)

    aon bheart breise atá le cur chun feidhme ag na coláistí nuair a áirítear institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais i ngrúpaí.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    14.   Faoin 10 Iúil 2029 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh AMLA tuairim maidir le feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais. Áireofar an méid seo a leanas sa tuairim sin:

    (a)

    forléargas ar na coláistí arna mbunú ag maoirseoirí seach-airgeadais;

    (b)

    measúnú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na coláistí sin agus ar an leibhéal comhair atá bainte amach, lena n-áirítear deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú na gcoláistí.

    Airteagal 51

    Comhar le maoirseoirí i dtríú tíortha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh maoirseoirí in ann comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích lena bhforálfar do chomhar agus d’fhaisnéis rúnda a mhalartú lena gcontrapháirtithe i dtríú tíortha. Le comhaontuithe comhair den sórt sin, comhlíonfar na rialacha cosanta sonraí is infheidhme agus déanfar iad a thabhairt i gcrích ar bhonn na cómhalartachta agus faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis sin dá dtagraítear in Airteagal 67(1). Bainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a mhalartófar i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair sin chun críche cúraimí maoirseachta na n-údarás sin a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin.

    I gcás ina dtionscnaítear an fhaisnéis arna malartú i mBallstát eile, ní dhéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an mhaoirseora a chomhroinn í agus, i gcás inarb iomchuí, chun na gcríoch ar thug an maoirseoir sin a thoiliú ina leith agus chun na gcríoch sin amháin.

    2.   Chun críocha mhír 1, soláthróidh AMLA cibé cúnamh is gá chun measúnú a dhéanamh ar choibhéis na gceanglas rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí tríú tír.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh maoirseoirí fógra faoi aon chomhaontú a shíneofar de bhun an Airteagail seo do AMLA laistigh de 1 mhí amháin ón tráth a shíneofar é.

    4.   Faoin 10 Iúil 2029, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar an teimpléad atá le húsáid chun na comhaontuithe comhair dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiúin an chumhacht na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    ROINN 3

    Forálacha sonracha a bhaineann le comhlachtaí féinrialála

    Airteagal 52

    Formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála

    1.   I gcás ina gcinneann na Ballstáit, de bhun Airteagal 37(3) den Treoir seo, a cheadú do na comhlachtaí féinrialála maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh siad go mbeidh na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na comhlachtaí féinrialála sin chuige sin faoi réir formhaoirseacht arna déanamh ag údarás poiblí.

    2.   Beidh an t-údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála freagrach as córas maoirseachta leordhóthanach agus éifeachtach a áirithiú le haghaidh na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    maidir le haon chomhlacht féinrialála a fheidhmíonn na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 37(1) nó atá ag féachaint lena bhfeidhmiú, a fhíorú go gcomhlíonann sé ceanglais mhír 3 den Airteagal sin;

    (b)

    treoraíocht a eisiúint a mhéid a bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 37(1);

    (c)

    a áirithiú go bhfeidhmeoidh na comhlachtaí féinrialála a bhfeidhmeanna faoi Roinn 1 den Chaibidil seo ar bhealach leordhóthanach éifeachtach;

    (d)

    athbhreithniú a dhéanamh ar na díolúintí a dheonaigh comhlachtaí féinrialála ón oibleagáid measúnú riosca aonair doiciméadaithe a tharraingt suas de bhun Airteagal 37(5), pointe (b).

    (e)

    na comhlachtaí féinrialála a chur ar an eolas go tráthrialta faoi aon ghníomhaíocht atá beartaithe ag AMLA nó faoi aon chúram a dhéanann sé atá ábhartha maidir lena bhfeidhm mhaoirseachta a fheidhmiú, agus go háirithe faoi phleanáil na n-athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí leordhóthanacha don údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála chun a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh faoi mhír 2. Ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag an údarás poiblí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    iallach a chur go gcuirfear ar fáil aon fhaisnéis a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus le seiceálacha a dhéanamh, seachas aon fhaisnéis a bhailíonn eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624 le linn staid dhlíthiúil a gcliaint a fhionnadh, faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 21(2) den Rialachán sin, nó chun an cúram a chomhlíonadh maidir leis an gcliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir leis na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint; cibé acu a bailíodh an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí, lena linn nó dá n-éis;

    (b)

    treoracha a eisiúint do chomhlacht féinrialála chun leigheas a fháil ar theipeanna a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi Airteagal 37(1) nó teipeanna ceanglais mhír 6 den Airteagal sin a chomhlíonadh, nó chun teipeanna den sórt sin a chosc.

    Agus treoracha á n-eisiúint aige do chomhlacht féinrialála i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír, breithneoidh an t-údarás poiblí, aon treoraíocht ábhartha a chur sé ar fáil nó a chuir AMLA ar fáil.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála a fheidhmeanna a chomhlíonadh saor ó thionchar míchuí.

    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh foireann an údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála faoi cheangal ag ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 67, agus go gcoinneoidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear ardchaighdeáin ghairmiúla rúndachta agus cosanta sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais acu. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha, athchomhairleacha i gcás ina mainníonn comhlachtaí féinrialála aon iarraidh nó treoir nó aon bheart eile arna dhéanamh ag an údarás de bhun mhír 2 nó 3 a chomhlíonadh.

    6.   Maidir leis an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás sin na húdaráis atá inniúil ar ghníomhaíochtaí coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go díreach nó trí FIU, ar an eolas go tráthúil i ndáil le haon sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla a bhraitheann sé agus a gcúraimí á gcomhlíonadh aige.

    7.   An t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a)

    líon agus cineál na sáruithe arna mbrath ag gach comhlacht féinrialála agus na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ar eintitis faoi oibleagáid nó na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm orthu;

    (b)

    líon na n-idirbheart amhrasach arna dtuairisciú ag na heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir maoirseachta arna déanamh ag gach comhlacht féinrialála chuig FIU, cibé acu a cuireadh iad sin isteach go díreach de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó a chuir gach comhlacht féinrialála ar aghaidh chuig FIU iad de bhun Airteagal 70(1) den Rialachán sin;

    (c)

    líon na smachtbhannaí airgeadais agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur nó líon na mbeart arna gcur i bhfeidhm, agus cur síos orthu, faoi Roinn 4 den Chaibidil seo ag gach comhlacht féinrialála chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2024/1624 dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir seo;

    (d)

    líon na mbeart, agus cur síos orthu, arna ndéanamh ag an údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála faoin Airteagal seo agus líon na dtreoracha arna n-eisiúint do chomhlachtaí féinrialála.

    Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus AMLA é.

    ROINN 4

    Smachtbhannaí airgid agus bearta riaracháin

    Airteagal 53

    Forálacha ginearálta

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar eintitis faoi oibleagáid a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 i gcomhréir leis an Roinn seo.

    2.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí airgid agus bearta riaracháin agus áiritheoidh siad go bhféadfaidh maoirseoirí na smachtbhannaí airgid agus na bearta riaracháin sin a fhorchur i ndáil le sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó Rialachán (AE) 2023/1113 agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú. Beidh aon smachtbhanna a fhorchuirfear nó aon bheart a chuirfear i bhfeidhm de bhun na Roinne seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit maidir le smachtbhannaí riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an maoirseoir an smachtbhannaí airgid a thionscnamh agus go ndéanfaidh an t-údarás breithiúnach é a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu leis na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ag na maoirseoirí. Ar aon chaoi, na smachtbhannaí airgid a fhorchuirtear, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad de bhun na míre seo in iúl don Choimisiún faoin .10 Iúil 2027 agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

    4.   I gcás ina sárófar Rialachán (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh feidhm ag oibleagáidí maidir le daoine dlítheanacha, gur féidir smachtbhannaí airgid a fhorchur agus bearta riaracháin a chur i bhfeidhm ní hamháin ar an duine dlítheanach, ach ar an mbainistíocht shinsearach agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

    I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla, áiritheoidh na Ballstáit freisin go gcuirfidh siad na húdaráis atá inniúil chun gníomhaíochtaí coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh ar an eolas ar bhealach tráthúil.

    5.   I gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta, déanfar smachtbhannaí airgid a fhorchur agus cuirfear bearta riaracháin i bhfeidhm ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    go díreach ag na maoirseoirí;

    (b)

    i gcomhar idir na maoirseoirí agus na húdaráis eile;

    (c)

    faoi fhreagracht na maoirseoirí trí tharmligean chuig údaráis eile;

    (d)

    trí iarratas ó na maoirseoirí chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

    Faoin 10 Deireadh Fómhair 2027, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chuig an gCoimisiún agus chuig AMLA a mhéid a bhaineann leis na socruithe a bhaineann le smachtbhannaí airgid a fhorchur nó bearta riaracháin a chur i bhfeidhm de bhun na míre seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi cibé acu is gá nó nach gá dul i muinín nós imeachta sonrach i gcás smachtbhannaí nó bearta áirithe.

    6.   Nuair a bheidh cineál agus leibhéal na smachtbhannaí airgid nó na mbeart riaracháin á gcinneadh ag na maoirseoirí, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí san áireamh na himthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an méid seo a leanas:

    (a)

    tromchúis agus fad an tsáraithe;

    (b)

    líon na gcásanna ina ndearnadh an sárú arís;

    (c)

    méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

    (d)

    láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, lena n-áirítear i bhfianaise a láimhdeachais iomláin nó a ioncaim bhliantúil;

    (e)

    an sochar a dhíorthaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach ón sárú, a mhéid is féidir é a chinneadh;

    (f)

    na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

    (g)

    leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a chinntear a bheith freagrach leis an údarás inniúil;

    (h)

    sáruithe roimhe sin a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i ndáil leis na sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó ar Rialachán (AE) 2023/1113 arna ndéanamh thar a gceann nó chun a dtairbhe ag aon duine, ag gníomhú ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach sin, bunaithe ar aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine dlítheanach;

    (b)

    údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

    (c)

    údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás ina bhfágann easpa maoirseachta nó rialaithe ag an duine dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo gur féidir le duine faoina n-údarás sáruithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó ar Rialachán (AE) 2023/1113 thar ceann nó chun tairbhe an duine dhlítheanaigh.

    9.   Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu chun smachtbhannaí airgid a fhorchur agus bearta riaracháin a chur i bhfeidhm, rachaidh maoirseoirí go dlúth i gcomhar le chéile agus, i gcás inarb ábhartha, comhordóidh siad a ngníomhaíochtaí le húdaráis eile de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbainfidh na smachtbhannaí airgid nó na bearta riaracháin sin amach na torthaí is inmhianaithe agus comhordóidh siad a ngníomhaíocht agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

    10.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, leagfar amach an méid seo a leanas:

    (a)

    tásca chun leibhéal tromchúise na sáruithe a aicmiú;

    (b)

    na critéir atá le cur san áireamh agus leibhéal na smachtbhannaí airgid á shocrú nó nuair a bheidh bearta riaracháin á gcur i bhfeidhm de bhun na Roinne seo;

    (c)

    modheolaíocht chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i bhfeidhm de bhun Airteagal 57, lena n-áirítear minicíocht na n-íocaíochtaí sin.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

    11.   Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na bonnmhéideanna chun smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcoibhneas le láimhdeachas, arna miondealú de réir chineál an tsáraithe agus chatagóir na n-eintiteas faoi oibleagáid.

    Airteagal 54

    Bearta maoirseachta i leith bunaíochtaí eintiteas faoi oibleagáid agus gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar

    1.   I gcás bunaíochtaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid nach gcáilíonn mar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais nó i gcás cineálacha bonneagair de chuid eintiteas faoi oibleagáid a ndéanann maoirseoir an Bhallstáit óstaigh maoirseacht orthu de bhun Airteagal 38(1), beidh feidhm ag míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

    2.   I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh sáruithe ar cheanglais is infheidhme, iarrfaidh siad ar na heintitis faoi oibleagáid a oibríonn trí na bunaíochtaí nó na cineálacha bonneagair dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh agus cuirfidh siad maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas faoi na sáruithe a sainaithníodh laistigh de na heintitis sin faoi oibleagáid agus faoin iarraidh ar chomhlíonadh.

    3.   I gcás ina mainneoidh na heintitis faoi oibleagáid an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas dá réir sin.

    Gníomhóidh maoirseoirí an Bhallstáit baile go pras agus déanfaidh siad gach beart iomchuí chun a áirithiú go leigheasfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann na sáruithe arna mbrath ina bhunaíochtaí nó ina chineálacha bonneagair sa Bhallstát óstach. Cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun na míre seo.

    4.   De mhaolú ar mhír 3, i gcásanna ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha á ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid a oibríonn trí bhunaíochtaí nó trí chineálacha eile bonneagair ina gcríoch dá dtagraítear i mír 1, lena n-éilítear leigheasanna láithreacha, ceadófar do mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh, bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin, chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Beidh na bearta sin sealadach agus foirceannfar iad ach aghaidh a bheith tugtha ar na sáruithe a sainaithníodh, lena n-áirítear le cúnamh ó mhaoirseoirí Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid nó i gcomhar leo.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoir Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid ar an eolas láithreach ar shainaithint na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha agus ar aon bheart a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, mura ndéanfar bearta i gcomhar le maoirseoirí an Bhallstáit baile.

    5.   I gcás ina n-easaontaíonn maoirseoirí an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh siad an t-ábhar a chur faoi bhráid AMLA agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 38 de Rialachán (AE) 2024/1620. Cuirfidh AMLA a thuairim ar fáil maidir le hábhar an easaontais laistigh de 1 mhí amháin.

    Airteagal 55

    Smachtbhannaí airgid

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhforchuirfear smachtbhannaí airgid ar eintitis faoi oibleagáid i gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a dhéantar iad, ar na ceanglais a leagtar síos sna forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2024/1624:

    (a)

    Caibidil II (Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na n-eintiteas faoi oibleagáid);

    (b)

    Caibidil III (Dícheall cuí do chustaiméirí);

    (c)

    Caibidil V (Oibleagáidí tuairiscithe);

    (d)

    Airteagal 77 (Taifead a choimeád).

    Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás nár chomhlíon eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm orthu de bhun Airteagal 56 den Treoir seo nó i gcás sáruithe nach bhfuil tromchúiseach, leantach nó córasach.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, gurb é a bheidh sna smachtbhannaí uasta airgid is féidir a fhorchur luach dhá oiread ar a laghad mhéid an tsochair a fuarthas ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, nó EUR 1 000 000 ar a laghad, cibé acu is airde.

    I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, is é an luach dá dtagraítear sa chéad fhomhír an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás gur institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais an t-eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na smachtbhannaí airgid seo a leanas a fhorchur freisin:

    (a)

    i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid ar luach EUR 10 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024, nó 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais an t-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis an gcóras cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;

    (b)

    i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí airgid uasta ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024.

    4.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla smachtbhannaí airgid a fhorchur ar mó iad ná na méideanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus méid an smachtbhanna airgid á chinneadh, go gcuirfear cumas an eintitis faoi oibleagáid an smachtbhanna a íoc san áireamh agus, i gcás ina bhféadfadh an smachtbhanna airgid difear a dhéanamh do chomhlíonadh na rialála stuamachta, go rachaidh maoirseoirí i gcomhairle leis na húdaráis atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh go bhfuil gníomhartha dlí ábhartha an Aontais á gcomhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid.

    Airteagal 56

    Bearta riaracháin

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh maoirseoirí in ann bearta riaracháin a chur i bhfeidhm ar eintiteas faoi oibleagáid i gcás ina sainaithníonn siad:

    (a)

    sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó Rialachán (AE) 2023/1113, in éineacht le smachtbhannaí airgid i gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha, nó astu féin;

    (b)

    laigí i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid ar dócha go mbeidh sáruithe ar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) mar thoradh orthu agus go bhféadfaí na sáruithe sin a chosc nó an riosca a bhaineann leo a laghdú le bearta riaracháin;

    (c)

    go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha ag an eintiteas faoi oibleagáid nach bhfuil i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na maoirseoirí in ann an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

    (a)

    moltaí a dhéanamh;

    (b)

    ordú a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid comhlíonadh a dhéanamh, lena n-áirítear bearta ceartaitheacha sonracha a chur chun feidhme;

    (c)

    ráiteas poiblí a eisiúint ina sainaithnítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;

    (d)

    ordú a eisiúint ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;

    (e)

    gnó, oibríochtaí nó líonra institiúidí a chuimsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a shrianadh nó a theorannú, nó a cheangal go ndéanfar gníomhaíochtaí a dhífheistiú;

    (f)

    i gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid faoi réir údaraithe, an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;

    (g)

    a cheangal go n-athrófar an struchtúr rialachais.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh maoirseoirí in ann, trí bhíthin na mbeart riaracháin dá dtagraítear i mír 2, an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

    (a)

    a cheangal go soláthrófar aon sonraí nó faisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun na Caibidle seo gan moill mhíchuí, a cheangal go gcuirfear aon doiciméad isteach, nó ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;

    (b)

    a cheangal go n-atreiseofar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha;

    (c)

    a cheangal ar an eintiteas faoi oibleagáid beartas sonrach nó ceanglais shonracha a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí cliant nó cliaint aonair, idirbhearta, gníomhaíochtaí nó bealaí seachadta ardriosca;

    (d)

    a cheangal go gcuirfear chun feidhme bearta chun go dtiocfaidh laghdú ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta is dual do ghníomhaíochtaí agus táirgí an eintitis faoi oibleagáid.

    (e)

    toirmeasc sealadach a chur ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta in eintiteas faoi oibleagáid, nó ar aon duine nádúrtha eile a mheastar a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in eintitis faoi oibleagáid.

    4.   Na bearta riaracháin dá dtagraítear i mír 2, beidh sprioc-amanna ceangailteacha maidir lena gcur chun feidhme ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí obair leantach agus measúnú ar chur chun feidhme an eintitis faoi oibleagáid maidir leis na gníomhaíochtaí arna n-iarrraidh.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do mhaoirseoirí cineálacha beart riaracháin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 2.

    Airteagal 57

    Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dteipfidh ar eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ag an maoirseoir de bhun Airteagal 56(2), pointí (b), (d), (e) agus (g) a chomhlíonadh laistigh de na sprioc-amanna is infheidhme a leagtar síos, go mbeidh maoirseoirí in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur orthu na bearta riaracháin sin a chomhlíonadh.

    2.   Beidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla éifeachtach comhréireach. Forchuirfear na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla go dtí go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid nó an duine lena mbaineann na bearta riaracháin ábhartha.

    3.   D’ainneoin mhír 2, i gcás daoine dlítheanacha, ní bheidh méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla níos mó ná 3 % dá meánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, ní bheidh an méid sin níos mó ná 2 % dá meánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin.

    4.   Ní fhorchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ach amháin ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí tar éis chinneadh an mhaoirseora. I gcás an beart riaracháin gan a bheith comhlíonta ag an eintiteas faoi oibleagáid agus an tréimhse sin dulta in éag, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le maoirseoirí íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná sé mhí.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cinneadh a dhéanamh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil ón dáta a gcuirfear an beart riaracháin i bhfeidhm.

    Beidh feidhm ag an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ón dáta a ndéanfar an cinneadh sin.

    Airteagal 58

    Smachtbhannaí airgid, bearta riaracháin agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhoilsiú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh maoirseoirí ar a suíomh gréasáin, i bhformáid inrochtana, cinntí lena bhforchuirtear smachtbhannaí airgid, lena gcuirtear i bhfeidhm bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointí (c) go (g) de bhun Airteagal 56(1), pointe (a), nó lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh an maoirseoir na cinntí dá dtagraítear i mír 1 díreach tar éis do na daoine atá freagrach as an sárú a chur ar an eolas faoi na cinntí sin.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbaineann an foilsiú le bearta riaracháin a bhfuil achomharc á dhéanamh ina gcoinne agus nach bhfuil sé d’aidhm acu sáruithe tromchúiseacha, leantacha, córasacha a leigheas, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’fhoilsiú na mbeart riaracháin sin a chur siar go dtí go rachaidh an sprioc-am chun achomharc a thaisceadh in éag.

    I gcás ina dtagraíonn an foilsiú do chinntí a bhfuil achomharc á dhéanamh ina gcoinne, déanfaidh na maoirseoirí an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin faoi thoradh an achomhairc sin a fhoilsiú, láithreach, ar a suíomh gréasáin. Foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin chun smachtbhanna airgid a fhorchur, beart riaracháin a chur i bhfeidhm nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur.

    3.   Áireofar san fhoilsiú sin, ar a laghad, faisnéis faoi chineál agus nádúr an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus, i gcás smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, a méideanna. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an fhomhír seo a chur i bhfeidhm maidir le cinntí lena gcuirtear i bhfeidhm bearta riaracháin atá de chineál imscrúdaitheach, nó a dhéantar de bhun Airteagal 56(2), pointí (a) agus (c).

    I gcás ina measfaidh na maoirseoirí, tar éis measúnú cás ar chás, go mbeadh sé míréireach céannacht nó sonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhoilsiú, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol leis an bhfoilsiú, déanfaidh na maoirseoirí an méid seo a leanas:

    (a)

    moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh go dtí an tráth a scoireann na cúiseanna gan é a fhoilsiú de bheith ann;

    (b)

    an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid ar mhodh atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear leis an bhfoilsiú anaithnid sin go ndéanfar na sonraí pearsanta lena mbaineann a chosaint ar bhealach éifeachtach; sa chás sin, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar ar feadh tréimhse réasúnta má mheastar go scoirfidh na cúiseanna le foilsiú anaithnid de bheith ann laistigh den tréimhse sin;

    (c)

    gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun ceann amháin díobh seo a leanas a áirithiú:

    (i)

    nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

    (ii)

    go mbeadh foilsiú an chinnidh maidir le smachtbhannaí airgid agus bearta riaracháin comhréireach i gcás sáruithe a mheastar a bheith gan mórán tábhachta.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit i ndáil le haon fhoilsiú a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, go bhfanfaidh sé ar shuíomh gréasáin na maoirseoirí ar feadh tréimhse 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Aon sonraí pearsanta atá san fhoilsiú áfach, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin na maoirseoirí iad ach amháin ar feadh na tréimhse atá is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme agus i gcás ar bith ní choinneofar iad ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana.

    Airteagal 59

    Malartú faisnéise maidir le smachtbhannaí airgeadais agus bearta riaracháin

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid maoirseoirí agus, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna, AMLA a chur ar an eolas faoi na smachtbhannaí airgid uile arna bhforchur agus na bearta riaracháin uile arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Roinn seo, lena n-áirítear faoi aon achomharc i ndáil leis agus toradh an achomhairc sin. Déanfar an fhaisnéis sin a chomhroinnt le maoirseoirí eile freisin nuair a bhaineann an smachtbhanna airgid nó an beart riaracháin le heintiteas atá ag oibriú in dhá Bhallstát nó níos mó.

    2.   Beidh naisc ar shuíomh gréasáin AMLA chuig na smachtbhannaí airgid arna bhforchur agus na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 58 agus arna bhfoilsiú ag gach maoirseoir, agus sonrófar an tréimhse a bhfoilsíonn gach Ballstát smachtbhannaí airgid agus bearta riaracháin lena linn.

    ROINN 5

    Sáruithe a thuairisciú

    Airteagal 60

    Sáruithe a thuairisciú agus cosaint lucht a dtuairiscithe

    1.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar Rialacháin (AE) 2024/1624, agus (AE) 2023/1113 agus ar an Treoir seo a thuairisciú, agus maidir le cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na sáruithe sin agus na ndaoine lena mbaineann na tuairiscí sin.

    2.   Is iad na húdaráis mhaoirseachta na húdaráis atá inniúil chun bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú agus chun obair leantach a dhéanamh ar thuairiscí a mhéid a bhaineann le ceanglais is infheidhme maidir le heintitis faoi oibleagáid, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937.

    3.   Na húdaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála dá dtagraítear in Airteagal 52 ina n-údaráis atá inniúil chun bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú agus chun obair leantach a dhéanamh ar thuairiscí ó chomhlachtaí féinrialála agus óna bhfoireann a mhéid a bhaineann le ceanglais is infheidhme maidir le comhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú feidhmeanna maoirseachta.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na húdaráis mhaoirseachta san earnáil seach-airgeadais, ar bhonn bliantúil, an méid seo a leanas chuig AMLA:

    (a)

    líon na dtuairiscí a fuarthas de bhun mhír 1 agus faisnéis faoi sciar na dtuairiscí a ndearnadh obair leantach orthu nó a bhfuil obair leantach á déanamh orthu, lena n-áirítear an ndearnadh iad a dhúnadh nó an bhfuil siad fós oscailte, agus faoi sciar na dtuairiscí a díbheadh;

    (b)

    na cineálacha neamhrialtachtaí a tuairiscíodh;

    (c)

    i gcás ina ndearnadh obair leantach ar thuairiscí, cur síos ar na gníomhaíochtaí a rinne an maoirseoir agus, i gcás tuairiscí atá fós oscailte, na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an maoirseoir a dhéanamh;

    (d)

    i gcás inar díbheadh tuairiscí, na cúiseanna a bhí leis sin.

    Ní bheidh aon fhaisnéis sna tuairiscí bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi chéannacht ná gairm na ndaoine a rinne an tuairisciú, ná aon fhaisnéis eile as a bhféadfaí iad a shainaithint.

    CAIBIDIL V

    COMHAR

    ROINN 1

    Comhar AML/CFT

    Airteagal 61

    Forálacha ginearálta

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí éifeachtacha ag lucht déanta beartas, FIUnna, maoirseoirí, lena n-áirítear AMLA, agus údaráis inniúla eile, chomh maith le húdaráis chánach, chun a chur ar a gcumas dóibh dul i gcomhar le chéile agus comhordú ar bhonn intíre a dhéanamh maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus chun cosc a chur ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe gan a bheith á gcur chun feidhme nó a bheith á seachaint, lena n-airítear d’fhonn a n-oibleagáidí faoi Airteagal 8 a chomhlíonadh.

    2.   Maidir le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna fáil ag údaráis inniúla de bhun Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Roinn 1 de Chaibidil II den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis inniúla in ann an fhaisnéis sin a sholáthar do na húdaráis inniúla chontrapháirteacha de chuid Ballstát eile nó tríú tíortha ar bhealach tráthúil agus saor in aisce.

    3.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc ná coinníollacha a bheadh sriantach ar bhealach míchuí ar mhalartú faisnéise nó cúnaimh idir údaráis inniúla agus a gcontrapháirtithe chun críocha na Treorach seo. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndiúltóidh údaráis inniúla iarraidh ar chúnamh ar na forais seo a leanas:

    (a)

    go meastar cúrsaí cánach a bheith ag baint leis an iarraidh freisin;

    (b)

    go gceanglaítear leis an dlí náisiúnta ar eintitis faoi oibleagáid rúndacht a choimeád, ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha atá á lorg faoi chosaint pribhléid dhlíthiúil nó i gcás ina bhfuil feidhm ag rúndacht ghairmiúil dhlíthiúil, dá bhforáiltear in Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (c)

    go bhfuil fiosrúchán, imscrúdú, imeacht nó anailís de chuid FIU ar bun i mBallstát faighte na hiarrata, ach amháin i gcás ina gcuirfeadh an cúnamh bac ar an bhfiosrúchán, ar an imscrúdú, ar an imeacht nó ar an anailísiú sin de chuid FIU;

    (d)

    go bhfuil cineál nó stádas an údaráis inniúil chontrapháirtigh iarrthaigh éagsúil le cineál nó stádas údarás inniúil faighte na hiarrata.

    Airteagal 62

    An liosta d’údaráis inniúla a chur in iúl

    1.   Chun comhar éifeachtach, agus go háirithe malartú faisnéise, a éascú agus a chur chun cinn, cuirfidh na Ballstáit an méid a leanas in iúl don Choimisiún agus do AMLA:

    (a)

    an liosta de na maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid maidir le comhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624, agus, i gcás inarb ábhartha, ainm an údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus feidhmeanna formhaoirseachta á gcomhlíonadh acu faoin Treoir seo, agus a mionsonraí teagmhála;

    (b)

    mionsonraí teagmhála FIU acu;

    (c)

    an liosta d’údaráis náisiúnta inniúla eile.

    2.   Chun críocha mhír 1, cuirfear na mionsonraí teagmhála seo a leanas ar fáil:

    (a)

    pointe teagmhála nó, ina éagmais sin, ainm agus ról teagmhálaí;

    (b)

    ríomhphost agus uimhir theileafóin an phointe teagmhála nó, ina éagmais sin, seoladh ríomhphoist gairmiúil agus uimhir theileafóin an teagmhálaí.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún agus do AMLA de bhun mhír 1 a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a bheidh athrú ann.

    4.   Foilseoidh AMLA clár de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 ar a shuíomh gréasáin agus éascóidh sé an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 idir údaráis inniúla. Laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, beidh na húdaráis atá sa chlár ina bpointe teagmhála ag na húdaráis inniúla chontrapháirteacha. Beidh FIUnna agus údaráis mhaoirseachta ina bpointe teagmhála freisin ag AMLA.

    Airteagal 63

    Comhar le AMLA

    Oibreoidh FIU agus na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar le AMLA agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile is gá dó chun gur féidir leis a dhualgais a dhéanamh faoin Treoir seo agus faoi Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2024/1620.

    ROINN 2

    Comhar le húdaráis eile agus malartú faisnéise rúnda

    Airteagal 64

    Comhar i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais

    1.   Maidir le maoirseoirí airgeadais, FIUnna, agus údaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus go soláthróidh siad faisnéis dá chéile a bheidh ábhartha chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh. Ní chuirfidh an comhar agus an malartú faisnéise sin isteach ar aon fhiosrúchán, anailísiú de chuid FIU, imscrúdú nó imeachtaí atá ar siúl i gcomhréir le dlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil an maoirseoir airgeadais nó an t-údarás airgeadais lonnaithe ar cuireadh inniúlachtaí de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais faoi ghníomhartha dlí eile, agus ní dhéanfaidh siad difear do cheanglais rúndachta gairmiúla dá bhforáiltear in Airteagal 67(1).

    2.   I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí airgeadais laigí i gcóras rialaithe inmheánaigh AML/CFT agus sa chaoi a bhfuil cheanglais Rialachán (AE) 2024/1624 á gcur i bhfeidhm ag institiúid creidmheasa, ar laigí iad lena ndéantar méadú ábharach ar na rioscaí a bhfuil nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an maoirseoir airgeadais fógra láithreach don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus don údarás nó don chomhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.

    I gcás ina bhféadfadh méadú teacht ar riosca, beidh na maoirseoirí airgeadais in ann dul i gcomhar agus faisnéis a chomhroinnt leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an institiúid i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus measúnú coiteann a tharraingt suas, a bheidh le cur in iúl do ÚBE ag an maoirseoir a sheol an fógra ar dtús. Déanfar AMLA a choinneáil ar an eolas faoi aon fhógra den sórt sin.

    3.   I gcás ina bhfeiceann maoirseoirí airgeadais gur dhiúltaigh institiúid creidmheasa gaolmhaireacht gnó a bhunú nó gur chinn sí gaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh ach nach dtugtar údar leis an diúltú sin leis an dícheall cuí do chustaiméirí arna dhoiciméadú de bhun Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh siad an t-údarás atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa sin Treoracha 2014/92/AE nó (AE) 2015/2366 ar an eolas.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh maoirseoirí airgeadais i gcomhar le húdaráis réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/59/AE nó le húdaráis ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE.

    Cuirfidh maoirseoirí airgeadais na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an eolas i gcás ina sainaithníonn siad, le linn dóibh a ngníomhaíochtaí maoirseachta a fheidhmiú, ar fhorais AML/CFT, aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    dóchúlacht mhéadaithe nach mbeidh taiscí ar fáil;

    (b)

    riosca go measfar go bhfuil ag cliseadh ar institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais nó gur dócha go gclisfidh uirthi i gcomhréir le hAirteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE.

    Arna iarraidh sin do na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás inar mó an dóchúlacht nach mbeidh taiscí ar fáil nó inarb ann do riosca go measfar go bhfuil ag cliseadh ar institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais nó gur dócha go gclisfidh uirthi i gcomhréir le hAirteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE, cuirfidh maoirseoirí airgeadais na húdaráis sin ar an eolas faoi aon idirbheart, cuntas nó gaolmhaireacht gnó atá á bhainistiú ag an institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais sin ar chuir an FIU ar fionraí é de bhun Airteagal 24.

    5.   Tuairisceoidh maoirseoirí airgeadais ar bhonn bliantúil do AMLA maidir lena gcomhar le húdaráis eile de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht FIUnna sa chomhar sin.

    6.   Faoin 10 Iúil 2029, déanfaidh AMLA, i gcomhairle le ÚBE, treoirlínte a eisiúint maidir le comhar idir maoirseoirí airgeadais agus na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, lena n-áirítear maidir le leibhéal rannpháirtíochta na FIUnna sa chomhar sin.

    Airteagal 65

    Comhar i ndáil le hiniúchóirí

    1.   Maidir le maoirseoirí atá i gceannas ar iniúchóirí agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, a nAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus na húdaráis phoiblí atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus go ndéanfaidh siad faisnéis a chur ar fáil dá chéile atá ábhartha chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.

    Is chun feidhmiú a bhfeidhmeanna laistigh de raon feidhme na Treorach seo nó na ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, agus chuige sin amháin, a úsáidfidh na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis rúnda a mhalartófar de bhun an Airteagail seo.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 dul i gcomhar nuair a bheadh an comhar sin, lena n-áirítear malartú faisnéise, ag cur isteach ar fhiosrúchán, anailís de chuid FIU, imscrúdú nó imeachtaí leanúnacha i gcomhréir le dlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil na húdaráis lonnaithe.

    Airteagal 66

    Comhar leis na húdaráis atá i gceannas ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme

    1.   Maidir le maoirseoirí, a gcuid FIUnna agus na húdaráis atá i gceannas ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus go gcuirfidh siad faisnéis ar fáil dá chéile atá ábhartha chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.

    Is chun feidhmiú a bhfeidhmeanna laistigh de raon feidhme na Treorach seo nó gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, agus chuige sin amháin, a úsáidfidh na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis rúnda a mhalartaítear de bhun an Airteagail seo.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 dul i gcomhar nuair a bheadh an comhar sin, lena n-áirítear malartú faisnéise, ag cur isteach ar fhiosrúchán, imscrúdú nó imeachtaí leanúnacha i gcomhréir le dlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil na húdaráis lonnaithe.

    Airteagal 67

    Ceanglais i ndáil le rúndacht ghairmiúil

    1.   Maidir le gach duine a bhíonn ag obair nó a bhí ag obair do mhaoirseoirí agus do na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52, chomh maith le hiniúchóirí nó saineolaithe atá ag gníomhú thar ceann na maoirseoirí nó na n-údarás sin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh siad faoi cheangal oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

    Gan dochar do chásanna a chumhdaítear le himscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta agus faisnéis arna soláthar do FIUnna de bhun Airteagail 42 agus 43, maidir leis an bhfaisnéis faoi rún a gheobhaidh na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag feidhmiú a ndualgas faoin Treoir seo dóibh, ní fhéadfar sin a nochtadh ach amháin mar achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar shlí nach féidir aon eintitis faoi oibleagáid ar leith a shainaithint.

    2.   Ní bheidh mír 1 den Airteagal seo ina bac ar fhaisnéis a bheith á malartú idir:

    (a)

    maoirseoirí, cibé acu laistigh de Bhallstát nó i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear AMLA agus é ag gníomhú mar mhaoirseoir nó údaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo;

    (b)

    maoirseoirí chomh maith leis na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo agus FIUnna;

    (c)

    maoirseoirí chomh maith leis na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 den Treoir seo agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (44)(c) agus (d) de Rialachán (AE) 2024/1624;

    (d)

    maoirseoirí airgeadais agus údaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear BCE ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, cibé acu laistigh de Bhallstát nó i mBallstáit éagsúla.

    Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, beidh an malartú faisnéise faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla dá bhforáiltear i mír 1.

    3.   Aon údarás nó comhlacht féinrialála a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun mhír 2, ní bhainfidh sé feidhm as an bhfaisnéis sin ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Treoir seo nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse AML/CFT, na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear smachtbhannaí;

    (b)

    in achomharc i gcoinne cinneadh ón údarás nó ón gcomhlacht féinrialála, lena n-áirítear imeachtaí cúirte;

    (c)

    in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh de bhun forálacha speisialta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais arna nglacadh i réimse na Treorach seo nó i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais.

    Airteagal 68

    Malartú faisnéise i measc maoirseoirí agus le húdaráis eile

    1.   Cé is moite de chásanna a chumhdaítear le hAirteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2024/1624, údaróidh na Ballstáit malartú faisnéise idir:

    (a)

    maoirseoirí agus na húdaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, cibé acu sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla;

    (b)

    maoirseoirí agus na húdaráis atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta faoi seach;

    (c)

    maoirseoirí atá i gceannas ar iniúchóirí agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, agus na húdaráis phoiblí atá inniúil ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, lena n-áirítear údaráis i mBallstáit éagsúla.

    Ní bheidh ceanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 67(1) agus (3) ina mbac ar an malartú faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

    Is i gcomhlíonadh dhualgais na n-údarás lena mbaineann, agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin a úsáidfear faisnéis rúnda a mhalartófar de bhun na míre seo, agus chuige sin amháin. Ar aon slí, an fhaisnéis a fhaightear, beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

    2.   Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt faisnéis áirithe a nochtadh d’údaráis náisiúnta eile atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar na margaí airgeadais, nó a bhfuil freagrachtaí ainmnithe acu i réimse chomhrac nó imscrúdú an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ní bheidh ceanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 67(1) agus (3) ina mbac ar an nochtadh sin.

    Mar sin féin, ní bhainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a mhalartófar de bhun na míre seo ach amháin chun cúraimí dlí na n-údarás lena mbaineann a chomhlíonadh. Beidh daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

    3.   Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt maidir le faisnéis áirithe faoin maoirseacht a dhéantar ar eintitis faoi oibleagáid maidir le comhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624 a nochtadh do choistí fiosrúcháin parlaiminteacha, do chúirteanna iniúchóirí agus d’eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin ina mBallstát, faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil sainordú beacht faoin dlí náisiúnta ag na heintitis chun imscrúdú nó grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseoirí nó údarás atá freagrach as dlíthe maidir leis an maoirseacht sin;

    (b)

    go bhfuil géarghá leis an bhfaisnéis chun an sainordú dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh;

    (c)

    go bhfuil na daoine a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla faoin dlí náisiúnta atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1;

    (d)

    i gcás ina dtionscnaítear an fhaisnéis i mBallstát eile, nach ndéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an mhaoirseora a nocht í agus chun na gcríoch dár thug an maoirseoir sin a thoiliú agus chun na gcríoch sin amháin.

    Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt freisin faisnéis a nochtadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo do choistí sealadacha fiosrúcháin arna mbunú ag Parlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 226 CFAE agus le hAirteagal 2 de Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (47), i gcás inar gá an nochtadh sin chun gníomhaíochtaí na gcoistí sin a fheidhmiú.

    ROINN 3

    Treoirlínte maidir le comhar

    Airteagal 69

    Treoirlínte maidir le comhar AML/CFT

    Faoin 10 Iúil 2029, déanfaidh AMLA, i gcomhar le BCE, na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, Europol, Eurojust agus OIPE, treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas a eisiúint:

    (a)

    an comhar idir údaráis inniúla faoi Roinn 1 den Chaibidil seo, agus leis na húdaráis dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo agus na húdaráis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc;

    (b)

    na nósanna imeachta atá le húsáid ag údaráis atá inniúil ar mhaoirseacht nó formhaoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais chun ábhair imní maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh i gcomhlíonadh a ndualgas faoi na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.

    CAIBIDIL VI

    COSAINT SONRAÍ

    Airteagal 70

    Catagóirí áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil

    1.   A mhéid a bhfuil gá leis chun críocha na Treorach seo, féadfaidh údaráis inniúla próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin faoi réir na gcoimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, chomh maith leis na coimircí breise seo a leanas:

    (a)

    próiseáil na sonraí sin, is baill foirne gach údaráis inniúil, ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun na cúraimí sin a dhéanamh, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh í ar bhonn cás ar chás;

    (b)

    coinneoidh foireann na n-údarás inniúil ardchaighdeáin ghairmiúla rúndachta agus cosanta sonraí, beidh siad ionraic agus beidh na scileanna iomchuí acu, lena n-áirítear i ndáil le tacair mórshonraí a láimhseáil ar bhealach eiticiúil;

    (c)

    beidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla ar bun chun slándáil na sonraí a áirithiú de réir ardchaighdeáin theicneolaíocha.

    2.   Na coimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm acu freisin maidir le próiseáil chun críocha na Treorach seo ar chatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin arna déanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 71

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ón 9 Iúil 2024.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 72

    Nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1113 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 73

    Bainistíocht idirthréimhseach ar FIU.net

    Faoin 10 Iúil 2027, aistreoidh an Coimisiún bainistiú FIU.net chuig AMLA.

    Go dtí go mbeidh an t-aistriú sin curtha i gcrích, soláthróidh an Coimisiún an cúnamh is gá le haghaidh oibriú FIU.net agus le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir FIUnna laistigh den Aontas. Chuige sin, tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe tráthrialta d‘Ardán FIU an Aontais atá comhdhéanta d’ionadaithe ó FIUnna na mBallstát chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú FIU.net.

    Airteagal 74

    Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849

    Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 30(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

    ‘5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis maidir leis an úinéireacht thairbhiúil inrochtana i ngach cás:

    (a)

    údaráis inniúla agus FIUnna, gan aon srian;

    (b)

    eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú dícheall cuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil II;

    (c)

    aon duine nó eagraíocht ar féidir leis leas dlisteanach a thaispeáint.

    Ceadófar do na daoine nó do na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír rochtain a fháil ar a laghad ar ainm, mí agus bliain bhreithe agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.’

    (2)

    In Airteagal 31(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

    ‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhais nó socraithe dhlíthiúil chomhchosúil i gcónaí ag:

    (a)

    údaráis inniúla agus FIUnna, gan aon srian;

    (b)

    eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú díchill chuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil II;

    (c)

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar féidir leis leas dlisteanach a léiriú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

    Is é a bheidh san fhaisnéis a bheidh inrochtana do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ainm, mí agus bliain bhreithe agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil, chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.’.

    Airteagal 75

    Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

    I dTreoir (AE) 2019/1937, an Iarscríbhinn, Cuid II, Roinn A, Pointe 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(iii)

    Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).’.

    Airteagal 76

    Athbhreithniú

    Faoin 10 Iúil 2032, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuairisc ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    Airteagal 77

    Aisghairm

    Aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 le héifeacht ón 10 Iúil 2027.

    Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus do Rialachán (AE) 2024/1624 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn den Treoir seo.

    Airteagal 78

    Trasuí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 74 a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2025, chun Airteagail 11, 12, 13 agus 15 a chomhlíonadh faoin 10 Iúil 2026 agus chun Airteagal 18 a chomhlíonadh faoin 10 Iúil 2029. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 79

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 80

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna déanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 210, 25.5.2022, lch. 15.

    (2)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

    (4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (5)  Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc,, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).

    (6)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch an sciúrtha airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).

    (8)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).

    (9)  Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB á chur i bhfeidhm (IO L 93, 7.4.2009, lch. 33).

    (10)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

    (11)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).

    (12)  Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).

    (14)  Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (16)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

    (17)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

    (18)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (19)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    (21)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

    (22)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

    (23)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (24)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

    (25)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    (26)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

    (27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (28)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (29)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (30)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (31)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Samhain 2022, WM and Sovim SA v Luxembourg Business Registers, Cásanna Uamtha C-37/20 agus C-601/20, ECLI:EU:C:2022:912.

    (32)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

    (33)   IO C 524, 29.12.2021, lch. 10.

    (34)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (35)  Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lch. 6).

    (36)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

    (37)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (38)  Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).

    (39)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    (40)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 064, 11.3.2011, lch. 1).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 920/2010 agus (AE) Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

    (42)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

    (43)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

    (44)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (45)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

    (46)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

    (47)  Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir le forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (IO L 113, 19.5.1995, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tábla comhghaoil

    Treoir (AE) 2015/849

    An Treoir seo

    Rialachán (AE) 2024/1624

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(2)

    Airteagal 1(3)

    Airteagal 2(1), pointe (1)

    Airteagal 1(4)

    Airteagal 2(1), pointe (1)

    Airteagal 1(5)

    Airteagal 2(1), pointe (2)

    Airteagal 1(6)

    Airteagal 2(1), pointí (1) agus (2)

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 3

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 4

    Airteagal 2(3)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 2(5)

    Airteagal 6(3)

    Airteagal 2(6)

    Airteagal 6(4)

    Airteagal 2(7)

    Airteagal 6(5)

    Airteagal 2(8)

    Airteagal 7

    Airteagal 2(9)

    Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(6)

    Airteagal 3, pointe (1)

    Airteagal 2(1), pointe (5)

    Airteagal 3, pointe (2)

    Airteagal 2(1), pointe (6)

    Airteagal 3, pointe (3)

    Airteagal 2(1), pointe (4)

    Airteagal 3, pointe (4)

    Airteagal 2(1), pointe (3)

    Airteagal 3, pointe (5)

    Airteagal 2(1), pointe (47)

    Airteagal 3, pointe (6)

    Airteagal 2, pointe (28)

    Airteagal 3, pointe (6) (a)

    Airteagail 51 go 55

    Airteagal 3, pointe (6) (b)

    Airteagal 58

    Airteagal 3, pointe (6) (c)

    Airteagal 57

    Airteagal 3, pointe (7)

    Airteagal 2(1), pointe (11)

    Airteagal 3, pointe (8)

    Airteagal 2(1), pointe (22)

    Airteagal 3, pointe (9)

    Airteagal 2(1), pointe (34) agus Airteagal 2(2)

    Airteagal 3, pointe (10)

    Airteagal 2(1), pointe (35) agus Airteagal 2(5)

    Airteagal 3, pointe (11)

    Airteagal 2(1), pointe (36)

    Airteagal 3, pointe (12)

    Airteagal 2(1), pointe (40)

    Airteagal 3, pointe (13)

    Airteagal 2(1), pointe (19)

    Airteagal 3, pointe (14)

    Airteagal 2(1), pointe (12)

    Airteagal 3, pointe (15)

    Airteagal 2(1), pointe (41)

    Airteagal 3, pointe (16)

    Airteagal 2(1), pointe (17)

    Airteagal 3, pointe (17)

    Airteagal 2(1), pointe (23)

    Airteagal 3, pointe (18)

    Airteagal 2(1), pointe (17)

    Airteagal 3, pointe (19)

    Airteagal 4

    Airteagal 3

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 10(2) agus (3)

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 8(4)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 8(5)

    Airteagal 9(2) agus (3)

    Airteagal 9

    Airteagal 29

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 79(1)

    Airteagal 10(2)

    Airteagal 79(3)

    Airteagal 11

    Airteagal 19(1), (2) agus (5)

    Airteagal 12

    Airteagal 19(7) agus Airteagal 79(2)

    Airteagal 13(1)

    Airteagal 20(1)

    Airteagal 13(2)

    Airteagal 20(2)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 20(2)

    Airteagal 13(4)

    Airteagal 20(4)

    Airteagal 13(5)

    Airteagal 47

    Airteagal 13(6)

    Airteagal 22(4)

    Airteagal 14(1)

    Airteagal 23(1) agus (4)

    Airteagal 14(2)

    Airteagal 23(2)

    Airteagal 14(3)

    Airteagal 23(3)

    Airteagal 14(4)

    Airteagal 21(1) agus (2)

    Airteagal 14(5)

    Airteagal 26(2) agus (3)

    Airteagal 15

    Airteagal 20(2), an dara fomhír agus Airteagal 33

    Airteagal 16

    Airteagal 33(1) agus (8)

    Airteagal 17

    Airteagal 18(1)

    Airteagal 34(1)

    Airteagal 18(2)

    Airteagal 34(2)

    Airteagal 18(3)

    Airteagal 34(3)

    Airteagal 18(4)

    Airteagal 18a(1)

    Airteagal 29(4)

    Airteagal 18a(2)

    Airteagal 29(5) agus (6) agus Airteagal 35, pointe (a)

    Airteagal 18a(3)

    Airteagal 29(5) agus (6) agus Airteagal 35, pointe (b)

    Airteagal 18a(4)

    Airteagal 18a(5)

    Airteagal 29(6)

    Airteagal 19

    Airteagal 36

    Airteagal 20

    Airteagal 9(2), Airteagal 20(1) agus Airteagal 42(1)

    Airteagal 20, pointe (a)

    Airteagal 9(2), pointe (a)(iii) agus Airteagal 20(1), pointe (g)

    Airteagal 20, pointe (b)

    Airteagal 42(1)

    Airteagal 20a

    Airteagal 43

    Airteagal 21

    Airteagal 44

    Airteagal 22

    Airteagal 45

    Airteagal 23

    Airteagal 46

    Airteagal 24

    Airteagal 39

    Airteagal 25

    Airteagal 48(1)

    Airteagal 26

    Airteagal 48

    Airteagal 27

    Airteagal 49

    Airteagal 28

    Airteagal 48(3)

    Airteagal 29

    Airteagal 30(1)

    Airteagal 63(1), (2), an dara fomhír agus (4) agus Airteagal 68

    Airteagal 30(2)

    Airteagal 63(5)

    Airteagal 30(3)

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 30(4)

    Airteagal 10(7) agus (1)

    Airteagal 24

    Airteagal 30(5), an chéad fhomhír

    Airteagal 11 agus Airteagal 12(2)

    Airteagal 30(5), an dara fomhír

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 30(5), an tríú fomhír

    Airteagal 30(5a)

    Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(12)

    Airteagal 30(6)

    Airteagal 11(1), (2) agus (3)

    Airteagal 30(7)

    Airteagal 61(2)

    Airteagal 30(8)

    Airteagal 22(7)

    Airteagal 30(9)

    Airteagal 15

    Airteagal 30(10)

    Airteagal 10(19) agus (20)

    Airteagal 31(1)

    Airteagal 58, Airteagal 64(1) agus Airteagal 68

    Airteagal 31(2)

    Airteagal 64(3)

    Airteagal 31(3)

    Airteagal 64(5)

    Airteagal 31(3a)

    Airteagal 10(1), (2) agus (3)

    Airteagal 67

    Airteagal 31(4), an chéad fhomhír

    Airteagal 11 agus Airteagal 12(2)

    Airteagal 31(4), an dara fomhír

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 31(4), an tríú fomhír

    Airteagal 31(4), an ceathrú fomhír

    Airteagal 11(2)

    Airteagal 31(4a)

    Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(12)

    Airteagal 31(5)

    Airteagal 10(7) agus (1)

    Airteagal 24

    Airteagal 31(6)

    Airteagal 22(7)

    Airteagal 31(7)

    Airteagal 61(2)

    Airteagal 31(7a)

    Airteagal 15

    Airteagal 31(9)

    Airteagal 10(19) agus (20)

    Airteagal 31(10)

    Airteagal 58(4)

    Airteagal 31a

    Airteagal 17(1)

    Airteagal 32(1)

    Airteagal 19(1)

    Airteagal 32(2)

    Airteagal 62(1)

    Airteagal 32(3)

    Airteagal 19(2), (3), an chéad fhomhír, (4) agus (5)

    Airteagal 32(4)

    Airteagal 21(1) agus Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 32(5)

    Airteagal 22(1), an dara fomhír)

    Airteagal 32(6)

    Airteagal 22(2)

    Airteagal 32(7)

    Airteagal 24(1)

    Airteagal 32(8)

    Airteagal 19(3), an dara fomhír

    Airteagal 32(9)

    Airteagal 21(4)

    Airteagal 32a(1)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 32a(2)

    Airteagal 16(2)

    Airteagal 32a(3)

    Airteagal 16(3)

    Airteagal 32a(4)

    Airteagal 16(5)

    Airteagal 32b

    Airteagal 18

    Airteagal 33(1)

    Airteagal 69(1)

    Airteagal 33(2)

    Airteagal 69(6)

    Airteagal 34(1)

    Airteagal 70(1)

    Airteagal 34(2)

    Airteagal 70(2)

    Airteagal 34(3)

    Airteagal 40(5)

    Airteagal 35

    Airteagal 71

    Airteagal 36

    Airteagal 42

    Airteagal 37

    Airteagal 72

    Airteagal 38

    Airteagal 60

    Airteagal 11(2), an ceathrú fomhír agus (4), Airteagal 14 agus Airteagal 69(7)

    Airteagal 39

    Airteagal 73

    Airteagal 40

    Airteagal 77

    Airteagal 41

    Airteagal 70

    Airteagal 76

    Airteagal 42

    Airteagal 78

    Airteagal 43

    Airteagal 44(1)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 44(2)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 44(3)

    Airteagal 44(4)

    Airteagal 9(3) agus (6)

    Airteagal 45(1)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 45(2)

    Airteagal 8(3), (4) agus (5)

    Airteagal 45(3)

    Airteagal 17(1)

    Airteagal 45(4)

    Airteagal 48

    Airteagal 45(5)

    Airteagal 17(2)

    Airteagal 45(6)

    Airteagal 17(3)

    Airteagal 45(7)

    Airteagal 17(4)

    Airteagal 45(8)

    Airteagal 16(3)

    Airteagal 45(9)

    Airteagal 41(1)

    Airteagal 45(10)

    Airteagal 41(2)

    Airteagal 45(11)

    Airteagal 41(3)

    Airteagal 46(1)

    Airteagail 12 agus 15

    Airteagal 46(2)

    Airteagal 39(2)

    Airteagal 46(3)

    Airteagal 28(1)

    Airteagal 46(4)

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 47(1)

    Airteagal 4(1) agus (2)

    Airteagal 47(2)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 47(3)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 48(1)

    Airteagal 37(1)

    Airteagal 48(1a)

    Airteagal 37(5) agus Airteagal 62(1)

    Airteagal 48(2)

    Airteagal 37(2) agus (6)

    Airteagal 48(3)

    Airteagal 37(7)

    Airteagal 48(4)

    Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, Airteagal 46 agus Airteagal 54(4)

    Airteagal 48(5)

    Airteagal 46(2) agus (3) agus Airteagal 47

    Airteagal 48(6)

    Airteagal 40(1)

    Airteagal 48(7)

    Airteagal 40(2)

    Airteagal 48(8)

    Airteagal 40(4)

    Airteagal 48(9)

    Airteagal 37(3)

    Airteagal 48(10)

    Airteagal 40(3)

    Airteagal 49

    Airteagal 61(1)

    Airteagal 50

    Airteagal 63

    Airteagal 50a

    Airteagal 61(3)

    Airteagal 51

    Airteagal 52

    Airteagal 29

    Airteagal 53

    Airteagal 31

    Airteagal 54

    Airteagal 33

    Airteagal 55

    Airteagal 34

    Airteagal 56

    Airteagal 30(2) agus (3)

    Airteagal 57

    Airteagal 35

    Airteagal 57a(1)

    Airteagal 67(1)

    Airteagal 57a(2)

    Airteagal 67(2)

    Airteagal 57a(3)

    Airteagal 67(3)

    Airteagal 57a(4)

    Airteagal 44, Airteagal 46(1) agus Airteagal 47(1)

    Airteagal 57a(5)

    Airteagal 51

    Airteagal 57b

    Airteagal 68

    Airteagal 58(1)

    Airteagal 53(1)

    Airteagal 58(2)

    Airteagal 53(2) agus (3)

    Airteagal 58(3)

    Airteagal 53(4)

    Airteagal 58(4)

    Airteagal 58(5)

    Airteagal 53(5)

    Airteagal 59(1)

    Airteagal 55(1)

    Airteagal 59(2)

    Airteagal 55(2) agus Airteagal 56(2) agus (3)

    Airteagal 59(3)

    Airteagal 55(3)

    Airteagal 59(4)

    Airteagal 55(4)

    Airteagal 60(1)

    Airteagal 58(1), (2), an chéad fhomhír agus (3)

    Airteagal 60(2)

    Airteagal 58(2), an tríú fomhír

    Airteagal 60(3)

    Airteagal 58(4)

    Airteagal 60(4)

    Airteagal 53(6)

    Airteagal 60(5)

    Airteagal 53(7)

    Airteagal 60(6)

    Airteagal 53(8)

    Airteagal 61

    Airteagal 60

    Airteagal 62(1)

    Airteagal 59(1)

    Airteagal 62(2)

    Airteagal 6(6)

    Airteagal 62(3)

    Airteagal 59(2)

    Airteagal 63

    Airteagal 64

    Airteagal 85

    Airteagal 64a

    Airteagal 72

    Airteagal 86

    Airteagal 65

    Airteagal 66

    Airteagal 67

    Airteagal 68

    Airteagal 69

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn IV


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top